Ordú 14

Seirbheáil lasmuigh den Dlínse faoi Acht 1998, Rialachán Uimh. 1215/2012 nó faoi Choinbhinsiún Lugano : I.R. Uimh. 618 de 2015

1. (1) Na Rialacha Cúirte Cuarda (Dlínse agus Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála), 2015, is teideal do na Rialacha seo agus tiocfaidh siad i ngníomh an 30ú lá de Nollaig, 2015.

(2) Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda.
(3) Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2015 is teideal do na Rialacha Cúirte Cuarda arna leasú leis na Rialacha seo.
(4) D’ainneoin thosach feidhme na Rialacha seo, aon iarratas chun na Cúirte Cuarda:
(a) maidir le breithiúnas arna thabhairt in imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh i mBallstát den Aontas Eorpach (seachas an Stát) roimh an 10 Eanáir, 2015;
(b) maidir le hionstraim bharántúil arna tarraingt suas nó arna clárú go foirmiúil roimh an 10 Eanáir, 2015; nó
(c) maidir le socraíocht chúirte arna ceadú nó arna tabhairt i gcrích roimh an 10 Eanáir, 2015,
a thagann faoi raon Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 an 22 Nollaig 2000 ón gComhairle ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, féadfar é a thionscnamh, a choimeád i bhfeidhm agus a chinneadh amhail is nár tháinig na Rialacha seo i bhfeidhm.
...
3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:
...
(iv) tríd an Ordú atá leagtha amach i Sceideal 1 a chur in ionad Ordú 14;
...............................
Sceideal 2
Ordú 14
Seirbheáil lasmuigh den Dlínse faoi Acht 1998, Rialachán Uimh. 1215/2012 nó faoi Choinbhinsiún Lugano

1. D’ainneoin fhorálacha Ordú 13, is incheadaithe Bille Sibhialta nó fógra ina thaobh a sheirbheáil lasmuigh den dlínse gan cead ón gCúirt má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:
(i) gur éileamh é an t-éileamh a dhéantar leis an mBille Sibhialta a bhfuil cumhacht ag an gCúirt de bhua aon chinn díobh seo a leanas:
(a) Rialachán Uimh. 1215/2012, nó
(b) Coinbhinsiún Lugano arna chur i bhfeidhm le hAcht 1998, nó
(c) Coinbhinsiún 1968 arna chur i bhfeidhm le hAcht 1998,

é a éisteacht agus a chinneadh; agus
(ii) nach bhfuil aon imeachtaí idir na páirtithe i dtaobh na cúise céanna caingne ar feitheamh idir na páirtithe i mBallstát eile den Aontas Eorpach nó, de réir mar a bheidh, i Stát Conarthach eile de chuid an Choinbhinsiúin lena mbaineann; agus
(iii) —

(a) maidir leis an gcosantóir nó an duine eile ar a mbeidh seirbheáil le déanamh, go bhfuil sainchónaí air nó uirthi in Éirinn nó in aon Bhallstát eile den Aontas Eorpach nó, de réir mar a bheidh, i Stát Conarthach eile de chuid an Choinbhinsiúin lena mbaineann, nó
(b) maidir leis na himeachtaí a bheidh á dtionscnamh leis an mBille Sibhialta, gurb imeachtaí iad a bhfuil feidhm ag forálacha (I) d’Airteagal 16 de Choinbhinsiún 1968 nó (II) d’Airteagal 24 de Rialachán Uimh. 1215/2012 nó (III) d’Airteagal 22 de Choinbhinsiún Lugano maidir le dlínse eisiach ina leith, nó
(c) maidir leis an gcosantóir nó leis an bpáirtí eile ar a mbeidh seirbheáil le déanamh, gur páirtí é nó í i gcomhaontú lena dtugtar dlínse a bhfuil feidhm ag forálacha (I) Airteagal 17 de Choinbhinsiún 1968 nó (II) Airteagal 25 de Rialachán Uimh. 1215/2012 nó (III) Airteagal 23 de Choinbhinsiún Lugano, maidir le dlínse a iarchur, ina leith.
2. I gcás nach saoránach d’Éirinn an duine ar a mbeidh seirbheáil le déanamh, beidh fógra faoin doiciméad, seachas an doiciméad féin, le seirbheáil air.
3. Féadfar seirbheáil doiciméid tionscnaimh (nó fógra faoi dhoiciméad tionscnaimh) lena mbaineann an tOrdú seo a dhéanamh:
(a) de réir Ordú 14B, nó
(b) i gcás ina ndéanfar seirbheáil i stát is páirtí sa Choinbhinsiún maidir le Seirbheáil Doiciméad Breithiúnach agus Seachbhreithiúnach Thar Lear in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála arna dhéanamh sa Háig an 15 Samhain 1965, ach nach Ballstát den Aontas Eorpach é ina bhfuil an Rialachán dá dtagraítear in Ordú 14B i bhfeidhm, ar mhodh a cheadaítear de réir an Choinbhinsiúin sin, nó
(c) ar mhodh atá ar comhréir le dlí an stáit ina mbeidh an tseirbheáil le déanamh, nó
(d) ar chosantóir nó ar a ionadaí dlíthiúil, ar mhodh ar chomhaontaigh nó ar thoiligh an cosantóir nó a ionadaí dlíthiúil leis i scríbhinn, nó
(e) i gcás ina mbeidh cosantóir i láthair laistigh den dlínse, go pearsanta ar an gcosantóir sin de réir Ordú 11, riail 6, nó
(f) ar aturnae a mbeidh gealltanas tugtha aige nó aici go nglacfaidh sé le seirbheáil, de réir Ordú 11, riail 10.
4. I gcás ina mbeidh Bille Sibhialta nó fógra ina leith le seirbheáil lasmuigh den Stát faoi riail 1, is é a bheidh sa tréimhse ama a bheidh le cur isteach sa Bhille sin nó san fhógra sin agus ar laistigh de a dhéanfaidh an duine ar a mbeidh seirbheáil le déanamh láithreas a thaifeadadh—
(i) cúig seachtaine i gcás ina mbeidh Bille Sibhialta nó fógra ina leith le seirbheáil i gcríoch Eorpach de chuid Ballstáit eile den Aontas Eorpach nó, de réir mar a bheidh, de chuid Stáit Chonarthaigh eile den Choinbhinsiún lena mbaineann, nó
(ii) sé seachtaine i gcás ina mbeidh Bille Sibhialta nó fógra ina leith le seirbheáil in aon chríoch neamh-Eorpach de chuid Ballstáit eile den Aontas Eorpach nó, de réir mar a bheidh, de chuid Stáit Chonarthaigh eile den Choinbhinsiún lena mbaineann.
Déanfar an tréimhse ama chun láithreas a thaifeadadh a fhoráiltear in Ordú 15, riail 2, a mhodhnú dá réir.
5. (1) I gcás inar mian le duine ar a ndearnadh seirbheáil dlínse na Cúirte maidir le héisteacht agus cinneadh an éilimh faoi fhorálacha Choinbhinsiún 1968, Rialachán Uimh. 1215/2012 nó Choinbhinsiún Lugano a chonspóid, féadfaidh sé láithreas a thaifeadadh i bhFoirm Uimh. 5A d’aon toisc chun an dlínse a chonspóid.
2) Aon duine ar mian leis dlínse a chonspóid, déanfaidh sé, i dteannta láithreas a thaifeadadh chun dlínse a chonspóid, Cosaint a sheachadadh á rá go bhfuil dlínse na Cúirte, faoi fhorálacha Choinbhinsiún 1968, Rialachán Uimh. 1215/2012 nó, de réir mar a bheidh, Choinbhinsiún Lugano, á conspóid aige agus déanfaidh sé nó sí na forais ar dá réir a bheidh dlínse á conspóid a leagan amach sa Chosaint sin. I gcásanna den sórt sin, measfar, chun críocha Airteagal 18 de Choinbhinsiún 1968, Airteagal 26 de Rialachán Uimh. 1215/2012 nó Airteagal 24 de Choinbhinsiún Lugano, go ndearnadh an láithreas a bheidh taifeadta a thaifeadadh agus chuige sin amháin chun dlínse a chonspóid, d’ainneoin aon ní a phléadáiltear sa Chosaint agus a bhainfidh le tuillteanais an éilimh.
(3) I gcás ina mbeidh Cosaint seachadta ar ina leith a bheidh dlínse á conspóid, féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte trí fhoriarratas iar bhfógra a mbeidh mionnscríbhinn mar fhoras leis chun ceist na dlínse a chinneadh mar réamh-shaincheist nó féadfar an t-ábhar a chur síos i gcomhair trialach. Féadfaidh an Breitheamh ceist na dlínse a chinneadh de dhroim mionnscríbhinne, nó féadfaidh sé a ordú saincheist a thriail, fara pléadálacha nó gan pléadálacha, de réir mar is cuí leis, agus féadfaidh sé cibé ordachán a thabhairt is cuí leis i ndáil leis sin.
(4) A luaithe a bheidh deis ann, déanfaidh aon duine ar mian leis dlínse a chonspóid in imeachtaí nach bhfuil aon socrú sna Rialacha seo chun Cosaint a sheachadadh iontu iarratas chuig an gCúirt, tar éis fógra ceithre lá dhéag a thabhairt don pháirtí eile nó do na páirtithe eile, ar ordú lena ndiúltaítear dlínse agus féadfaidh an Breitheamh ceist na dlínse a chinneadh de dhroim mionnscríbhinne, nó féadfaidh sé nó sí a ordú réamh-shaincheist a thriail, le pléadálacha nó gan pléadálacha, nó féadfaidh sé nó sí a ordú ceist na dlínse a chinneadh tráth éisteachta an ábhair shubstaintigh, de réir mar is cuí leis, agus féadfaidh sé nó sí cibé ordacháin a thabhairt is cuí leis i ndáil leis sin.
6. I gcás ina mbeidh Láithreas taifeadta ag duine a mbeidh Bille Sibhialta seirbheáilte air nó uirthi lasmuigh den Stát de bhun riail 1, is é a bheidh sa tréimhse ama ar laistigh di is ceart dó nó di Cosaint a sheachadadh 28 lá ó dháta taifeadta a Láithris, nó i gcás ina mbeidh iarratas déanta ar ordú lena ndiúltaítear dlínse de réir riail 5, is é an t-am 28 lá ó dháta cinnte an iarratais sin, mura rud é go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.
7. Fad a bheidh aon leasuithe ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála atá i gceangal le Cinneadh Uimh. 2005/790/CE an 20 Meán Fómhair 2005 ón gComhairle (IO L 299/61 an 16 Samhain 2005) a síníodh sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2005 agus a ceadaíodh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh Uimh. 2006/325/CE an 27 Aibreán 2006 ón gComhairle (IO L 120/22 an 5 Bealtaine 2006), agus a bhfuil d’éifeacht leo forálacha Rialachán Uimh. 1215/2012 a fheidhmiú i leith Ríocht na Danmhairge, i bhfeidhm de thuras na huaire, d’ainneoin aon fhorála eile de na Rialacha seo atá contrártha dó sin, beidh feidhm ag forálacha na Rialacha seo a bhaineann le Rialachán Uimh. 1215/2012 i ndáil le Ríocht na Danmhairge, a mhéid a cheadaítear, agus faoi réir aon mhodhnuithe is gá leis an gComhaontú sin, agus aon leasuithe den sórt sin, agus ní bheidh feidhm ag na forálacha de na Rialacha seo a bhaineann le Coinbhinsiún 1968.”