Ordú 10

Formhuiniú an éilimh

1. In imeachtaí ar bhillí malairte, nótaí gealltanais nó urrúis eile i leith airgid, leagfar amach sa Bhille Sibhialta a ndátaí sin faoi seach, na suimeanna ar ina leith a tugadh iad faoi seach, agus na suimeanna a éilítear a bheith dlite orthu i leith príomhshuime agus úis, agus ráta an úis sin, na páirtithe iontu faoi seach, agus na dátaí ar tháinig siad faoi seach chun bheith dlite agus iníoctha.

2. I ngach imeacht i leith cíosa agus i leith úsáid agus áitíocht talún, luafar sa Bhille Sibhialta an tsuim a éilítear i leith an chíosa nó i leith na húsáide agus na háitíochta agus an tréimhse ar anuas go dtí í a líomhnaítear í a bheith dlite, ainm an bhaile nó an bhaile fearainn, mar aon leis an áit ann, agus ainm an chontae ina bhfuil an talamh nó na tionóntáin nó cuid de nó díobh, agus, más ar fhoras léasa nó ionstraime eile a thionscnaítear an t-imeacht, dáta an léasa nó na hionstraime sin agus na páirtithe ann nó inti.
3. I ngach imeacht a bhunófar ar aon doiciméad scríofa nach n-áirítear sa dá Riail roimhe seo, luafar sa Bhille Sibhialta dáta an doiciméid agus na páirtithe ann agus, más i leith íocaíocht airgid é, an tsuim a éilítear, nó, más i leith shárú aon chonartha é, an sárú nó na sáruithe a líomhnaítear a rinneadh ar an gconradh sin.
4. I gcás ar mó an tsuim a líomhnaítear a bheith dlite do ghearánaí ná dlínse na Cúirte agus go mbeidh an gearánaí sásta an tsuim atá laistigh den dlínse a ghnóthú, luafaidh sé ar éadan an Bhille Shibhialta go bhfuil sé ag tréigean gach éilimh ar aon suim is mó ná sin, agus air sin féadfaidh an Chúirt déileáil leis an éileamh, agus beidh an fhoraithne a dhéanfar (má dhéantar) ina lánsásamh ar iomlán an éilimh bhunaidh.