Ordú 30

Breithiúnais a athbhreithniú

1. Aon pháirtí a mbeidh breithiúnas d'éagmais láithris nó cosanta tugtha ina choinne, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná deich lá tar éis dó an t-eolas sin a fháil, fógra foriarratais de réir Fhoirm 13 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo a sheirbheáil chun an breithiúnas sin a athrú nó a chur ar ceal, ach ní oibreoidh seirbheáil an fhógra foriarratais mar bhac ar imeachtaí sa chaingean ach amháin le cead ón gCúirt agus ar cibé ordacháin is cuí leis an gCúirt. I gcásanna práinne, féadfar iarratais ar bhac a dhéanamh de réir théarmaí Ordú 1, riail 5, de na Rialacha seo.

2. Leagfar amach go soiléir agus go hachomair i ngach fógra den sórt sin na fáthanna nár thaifead páirtí an iarratais aon láithreas nó nár sheachaid sé aon chosaint, de réir mar a bheidh, cineál na calaoise, na mífhaisnéise, na neamhshúilíochta nó an dearmaid ar a bhfuiltear ag seasamh, mar aon le forais na cosanta ar an gcaingean inar tugadh an breithiúnas sin.

3. Ach amháin i gcás ina n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ní éistfear aon fhoriarratas den sórt sin go dtí go gcomhlíonfaidh páirtí an iarratais ordacháin na Cúirte (más ann), lena n-áirítear aon ordacháin i ndáil le cibé suimeanna a thaisceadh sa Chúirt, i leith an fhéich bhreithiúnais féin, na gcostas a dámhadh ina choinne leis an mbreithiúnas sin, agus cibé suim bhreise, más ann, is cóir leis an mBreitheamh mar urrús i leith chostais an fhoriarratais.

4. Féadfaidh an Breitheamh, ar aon fhoriarratas den sórt sin a éisteacht, an breithiúnas a bheidh i gceist a athrú nó a chur ar ceal, ar cibé téarmaí maidir le costais nó eile, lena n-áirítear suim an bhreithiúnais sin nó aon chuid di a thaisceadh sa Chúirt, agus féadfaidh sé cibé ordacháin agus cibé fadú ama a thabhairt is gá maidir le seoladh na caingne, an imeachta nó an ábhair dá éis sin. Féadfaidh an Breitheamh, freisin, cibé ordú a dhéanamh is cóir leis i dtaobh airgid a bheidh íoctha isteach sa Chúirt ag an gcosantóir.