Order 61A

Dlínse agus Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas agus Breitheanna ón gCúirt Chuarda in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála : I.R. Uimh. 618 de 2015

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim61A-I.R. Uimh. 172 De 2016
Uim61A-I.R. Uimh. 432 De 2016


1. (1) Na Rialacha Cúirte Cuarda (Dlínse agus Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála), 2015, is teideal do na Rialacha seo agus tiocfaidh siad i ngníomh an 30ú lá de Nollaig, 2015.

(2) Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda.

(3) Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2015 is teideal do na Rialacha Cúirte Cuarda arna leasú leis na Rialacha seo.

(4) D’ainneoin thosach feidhme na Rialacha seo, aon iarratas chun na Cúirte Cuarda:

(a) maidir le breithiúnas arna thabhairt in imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh i mBallstát den Aontas Eorpach (seachas an Stát) roimh an 10 Eanáir, 2015;

(b) maidir le hionstraim bharántúil arna tarraingt suas nó arna clárú go foirmiúil roimh an 10 Eanáir, 2015; nó

(c) maidir le socraíocht chúirte arna ceadú nó arna tabhairt i gcrích roimh an 10 Eanáir, 2015,

a thagann faoi raon Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 an 22 Nollaig 2000 ón gComhairle ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, féadfar é a thionscnamh, a choimeád i bhfeidhm agus a chinneadh amhail is nár tháinig na Rialacha seo i bhfeidhm.

...
3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:

...

(vi) tríd an Ordú atá leagtha amach i Sceideal 2 a chur in ionad Ordú 61A.

......................

Sceideal 2

Ordú 61A

Dlínse agus Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas agus Breitheanna ón gCúirt Chuarda in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála


1. Beidh feidhm ag Ordú 61 de na Rialacha seo maidir le doiciméadacht a sholáthar de bhun Airteagal 53 nó Airteagal 60 de Rialachán Uimh. 1215/2012, Airteagal 54 nó Airteagal 58 de Choinbhinsiún Lugano, Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle agus Airteagail 20(1) agus 48(3) den Rialachán Cothabhála, agus déanfar iarratas ar dhoiciméid den sórt sin ar an modh céanna ina ndéantar iarratas faoi Ordú 61, riail 2, ach amháin go ndéanfar sa Mhionnscríbhinn is foras leis an iarratas:

(i) an fhoráil nó na forálacha áirithe de na Rialacháin réamhluaite, nó de Choinbhinsiún Lugano, ar dá réir a ghlac an Chúirt dlínse chuici féin, a lua,

(ii) na mionsonraí eile a éilítear i míreanna (a), (b), (d), (e), (f) agus (g) de riail 2 d’Ordú 61 a sholáthar,

(iii) cibé faisnéis eile a thabhairt nach soláthraítear de réir fhomhír (ii) agus a gceanglaítear í a thabhairt i bhFoirm 40A, 40B, 40C, 40D nó 40E (de réir mar a bheidh), ar faisnéis í atá ar eolas ag an iarratasóir, agus an fhaisnéis sin a thabhairt san ord ina luaitear í san Fhoirm lena mbaineann.

2. (1) Beidh an deimhniú a sholáthraítear de bhun Airteagal 53 nó Airteagal 60 de Rialachán Uimh. 1215/2012 de réir Fhoirm 40E i Sceideal na bhFoirmeacha.

(2) Beidh an deimhniú a sholáthraítear de bhun Airteagal 54 nó Airteagal 58 de Choinbhinsiún Lugano de réir Fhoirm 40A i Sceideal na bhFoirmeacha.

(3) Beidh an deimhniú a sholáthraítear de bhun Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle de réir Fhoirm 40B nó Fhoirm 40C, de réir mar is cuí, i Sceideal na bhFoirmeacha agus beidh sé sínithe ag an gCláraitheoir Contae agus fíordheimhneofar é le séala na Cúirte agus beidh cóip dhílis dheimhnithe den Bhille Sibhialta nó den doiciméad tionscnaimh eile lenar tionscnaíodh na himeachtaí i gceangal leis.

(4) Beidh an sliocht a sholáthraítear de bhun Airteagail 20(1) agus 48(3) den Rialachán Cothabhála de réir Fhoirm 40D i Sceideal na bhFoirmeacha.

3. I gcás breithiúnais a tugadh d’éagmais láithris foilseánfaidh an Mhionnscríbhinn is foras leis an iarratas faoi riail 1, ina theannta sin, cóip dhílis dheimhnithe den mhionnscríbhinn nó den doiciméad, maille le haon fhoilseán a bheidh ag gabháil léi nó leis, á shuíomh gur seirbheáladh fógra faoi imeachtaí a thionscnamh ar an duine a rinne an mhainneachtain agus deimhneoidh an Cláraitheoir Contae, nó duine a bheidh údaraithe chuige sin, gur cóip dhílis den doiciméad ar ar sheas an Chúirt ar bhreithiúnas a thabhairt a bheidh sa doiciméad sin.”