Ordú: 72B

I.R. Uimh. 585 de 2008: An tAcht um Chosaint Tomhaltóirí 2007

1. Sa Riail seo,

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Chosaint Tomhaltóirí 2007 (Uimh. 19 de 2007);

ciallaíonn “Gníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí arna bunú le halt 7 den Acht agus folaíonn sé, i gcás ina bhfeidhmítear aon fheidhm dá dtagraítear in alt 5A(3B) d’Acht an Bhainc Cheannais 1942, nó ina gceadaíonn nó ina n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh, Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann;

maidir le “cód cleachtais”, “cleachtas tráchtála”, “tomhaltóir”, “idirbheart tomhaltóra”, “táirge” agus “trádálaí”, tá le gach ceann acu an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht;

tá le “úinéir cóid” an bhrí a shanntar dó le halt 72 den Acht, agus

tá le “gníomh nó cleachtas toirmiscthe” an bhrí a shanntar dó le halt 67 den Acht.

2. (1) De réir alt 71(8) den Acht, is sa Chontae ina líomhnaítear go bhfuil an gníomh nó an cleachtas toirmiscthe á dhéanamh nó go bhfuiltear ag gabháil dó a dhéanfar iarratais chun na Cúirte faoi alt 71 den Acht.

(2) Is trí Fhógra Foriarratais tionscnaimh ina n-ainmneofar mar fhreagróir an trádálaí nó an duine a lorgaítear faoiseamh ina aghaidh a dhéanfar iarratais faoi alt 71(2) den Acht. Beidh an Fógra Foriarratais tionscnaimh forasaithe ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an iarratasóir (nó, i gcás gurb í an Ghníomhaireacht, nó gur comhlacht poiblí eile atá forordaithe chun críocha alt 71(2) den Acht, an t-iarratasóir, ag oifigeach cuí cuí-údaraithe de chuid na Gníomhaireachta nó an chomhlachta phoiblí) agus maidir leis an mionnscríbhinn sin:

(i) sonrófar inti, más gá, go bhfuil an comhlacht poiblí forordaithe chun críocha alt 71(2) den Acht, agus an ionstraim reachtúil ar dá bua a forordaíodh amhlaidh é;
(ii) beidh inti ainm, seoladh agus tuairisc an trádálaí nó an duine a líomhnaítear gníomh nó cleachtas toirmiscthe a bheith á dhéanamh aige nó é a bheith ag gabháil dó agus a lorgaítear faoiseamh ina aghaidh san iarratas;
(iii) sainaithneofar inti gach gníomh nó cleachtas toirmiscthe a bheidh á líomhain;
(iv) leagfar amach inti cineál agus méid gach gnímh nó cleachtais thoirmiscthe a bheidh á líomhain;
(v) sainaithneofar inti ar dhóigh sách mion an áit nó na háiteanna ina líomhnaítear go bhfuil an trádálaí nó an duine a shainaithneofar ag déanamh gníomh nó cleachtas toirmiscthe nó ag gabháil don chéanna;
(vi) sainaithneofar inti leas an phobail (más ann) a líomhnaíonn an t-iarratasóir go ndéantar difear dó;
(vii) sainaithneofar inti aon téarmaí nó coinníollacha a mbeartaíonn an t-iarratasóir a iarraidh go ndéanfaidh an Chúirt iad a fhorchur faoi alt 71(7) den Acht agus an bonn ar a n-éilítear go bhfuil na téarmaí nó na coinníollacha sin cuí;
(viii) soláthrófar inti fianaise ar an gcostas a ghabhann leis an ordú dá ndéantar an t-iarratas air a chomhlíonadh nó meastachán ar an gcostas sin.

(3) Maidir le gach iarratas faoi alt 71(2) den Acht, beidh sé, de réir alt 71(3) den Acht, iar bhfógra

(a) don trádálaí nó don duine a lorgaítear ordú ina choinne; agus
(b) don Ghníomhaireacht, murab í an Ghníomhaireacht an t-iarratasóir;

agus déanfaidh an t-iarratasóir cóip den Fhógra Foriarratais agus den mhionnscríbhinn forais agus d’aon fhoilseán a ghabhann leo a sheirbheáil ar na páirtithe sin tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh an dáta a mbeidh siad le cur ar ais a bheidh sonraithe san Fhógra Foriarratais tionscnaimh.

(4) Féadfaidh aon duine nó aon pháirtí ar a seirbheálfar cóip den Fhógra Foriarratais agus den mhionnscríbhinn forais de bhun fho-riail (3) mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais agus i gcás ina ndéanfar é sin, déanfaidh an páirtí sin nó an duine sin cóip a sheirbheáil ar an iarratasóir agus ar gach aon duine eile nó gach aon pháirtí eile a sheirbheálfar.

3. (1) De réir alt 71(8) (arna chur chun feidhme le halt 72(6)) den Acht, déanfar iarratais chun na Cúirte faoi alt 72 den Acht sa Chontae ina líomhnaítear go bhfuil an gníomh nó an cleachtas toirmiscthe lena mbaineann á chur chun cinn ag an úinéir cóid nó ina bhfuil cónaí ar an úinéir cóid nó ina seolann sé nó sí aon ghairm nó gnó.

(2) Is trí Fhógra Foriarratais tionscnaimh a bheidh forasaithe ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag oifigeach cuí cuí-údaraithe don Ghníomhaireacht a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht iarratais faoi alt 72(2) den Acht agus maidir leis an mionnscríbhinn sin:

(i) beidh inti ainm, seoladh agus tuairisc an úinéara cóid a lorgaítear faoiseamh ina aghaidh nó ina haghaidh san iarratas;
(ii) sainaithneofar inti gach gníomh nó cleachtas toirmiscthe a líomhnaítear a bheith á chur chun cinn ag an úinéir cóid;
(iii) leagfar amach inti cineál agus méid an ghnímh nó an chleachtais thoirmiscthe a líomhnaítear a bheith á chur chun cinn leis an gcód cleachtais lena mbaineann nó ag a úinéir cóid;
(iv) sainaithneofar inti ar dhóigh sách mion an áit nó na háiteanna, agus an dóigh, ina líomhnaítear go bhfuil an gníomh nó an cleachtas toirmiscthe á chur chun cinn;
(v) sainaithneofar inti leas an phobail (más ann) a líomhnaíonn an t-iarratasóir go ndéantar difear dó;
(vi) soláthrófar inti fianaise ar an gcostas a ghabhann leis an ordú a ndéantar iarratas air a chomhlíonadh nó meastachán ar an gcostas sin.

(3) Maidir le hiarratais faoi alt 72(2) den Acht, beidh siad, de réir alt 72(3) den Acht, iar bhfógra chuig an úinéir cóid agus déanfaidh an t-iarratasóir cóip den Fhógra Foriarratais, den mhionnscríbhinn forais agus aon fhoilseáin don chéanna a sheirbheáil ar an úinéir cóid tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh sonraithe san Fhógra Foriarratais tionscnaimh.

(4) Féadfaidh an t-úinéir cóid mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais agus i gcás ina ndéanfar é sin, déanfaidh an t-úinéir cóid cóip a sheirbheáil ar an nGníomhaireacht.

4. (1) Ach amháin i gcás ina n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is trí mhionnscríbhinn a thabharfar aon fhianaise in imeachtaí lena mbaineann riail 2 nó riail 3.

(2) Ar an dáta a mbeidh Fógra Foriarratais tionscnaimh le cur ar ais faoi riail 2 nó riail 3 (nó ar aon atráth ón dáta sin), déanfaidh an Chúirt ordacháin a thabhairt agus orduithe a dhéanamh maidir le seoladh na n-imeachtaí mar is dealraitheach a bheith caoithiúil le haghaidh chinneadh na n-imeachtaí ar dhóigh atá cóir agus dlúsúil agus ar shlí ar dhóigh di costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú, ar a n-áireofar, más cuí:

(a) ordacháin maidir le fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar aon duine eile, lena n-áirítear an modh seirbheála agus an tréimhse a cheadófar don tseirbheáil sin (agus féadfaidh an Chúirt, chun na críche sin, éisteacht an fhógra foriarratais, nó éisteacht eile ar an iarratas sin, a chur ar atráth go dtí dáta a shonrófar);
(b) ordacháin maidir le aon pháirtí nó páirtithe do chomhdú nó do sheachadadh aon mhionnscríbhinní breise;
(c) ordachán go ndéanfar an t-iarratas a chinneadh ar mhodh lánéisteachta, i gcás inar dealraitheach don Chúirt gur dócha go mbainfidh díospóid shubstaintiúil fíorais le hábhar an iarratais nó gur gá nó gurb inmhianaithe ar shlí eile é ar mhaithe leis an gceartas (agus féadfaidh an Chúirt chun na críche sin orduithe a dhéanamh agus ordacháin a thabhairt i ndáil le malartú pléadálacha nó pointí éilimh nó cosanta idir na páirtithe).

5. (1) Déanfar aon chaingean ar thaobh tomhaltóra le haghaidh damáistí faoi alt 74 den Acht a thionscnamh trí Ghnáth-Bhille Sibhialta a eisiúint agus a sheirbheáil, agus teideal air maidir le halt 74 den Acht agus ar shlí eile i bhFoirm 2A de Sceideal na bhFoirmeacha fara cibé modhnuithe is cuí.

(2) Maidir le haon toiliú faoi alt 74(4) den Acht, beidh sé i bhfoirm 1A de Sceideal na bhFoirmeacha ach, in ionad a aithris go bhfuil sé de bhun alt 22(1)(b) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, aithriseoidh sé go bhfuil sé á thabhairt de bhun alt 74(4) den Acht, agus taiscfear é leis an gCláraitheoir Contae roimh an éisteacht nó tráth ar bith lena linn.

6. (1) Maidir le hiarratas ón nGníomhaireacht chun na Cúirte ar ordú faoi alt 81(1) den Acht déanfar é chun an bhreithimh trialach díreach ar an gciontú a dhéanamh nó a luaithe is féidir dá éis. Féadfaidh an breitheamh trialach an t-iarratas a chur ar atráth agus féadfaidh sé a ordú go ndéanfar aon mhionnscríbhinn a chomhdú nó féadfaidh sé, i gcás inar gá nó inarb inmhianaithe é ar mhaithe leis an gceartas, a ordú go ndéanfar an t-iarratas a chinneadh ar fhianaise béil (agus féadfaidh an Chúirt chun na críche sin orduithe a dhéanamh agus ordacháin a thabhairt i ndáil le malartú pléadálacha nó pointí éilimh nó cosanta idir an Ghníomhaireacht agus an duine a chiontófar).

(2) Déanfar breithiúnas a thaifeadadh i gcás lena mbaineann alt 81(6) tríd an tomhaltóir éagóirithe do chomhdú cóip dheimhnithe den ordú cúitimh san Oifig don Chontae lena mbaineann mar aon le mionnscríbhinn arna mionnú ag an tomhaltóir éagóirithe nó thar a cheann lena bhfíorófar an ciontú agus á fhíorú nár comhlíonadh an t-ordú cúitimh.

7. (1) Is sa Chontae ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfostóir is freagróir nó ina seolann sé aon ghairm, trádáil nó gnó a dhéanfar iarratais faoi alt 9 den Acht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 arna chur chun feidhme agus arna mhodhnú le halt 87 agus Sceideal 6 den Acht.

(2) Is ar mhodh Fógra Foriarratais tionscnaimh a dhéanfar an t-iarratas agus luafar san Fhógra sin cibé acu a tionscnaíodh nó nár tionscnaíodh achomharc i gcoinne an chinnidh ón mBinse Achomhairc Fostaíochta. Mura tionscnaíodh aon achomharc den sórt sin, cuirfear in iúl san Fhógra go bhfuil an tréimhse chun achomharc a dhéanamh caite, nó, má tionscnaíodh achomharc, cuirfear in iúl san Fhógra an dáta ar ar tugadh an Fógra Achomhairc agus fianaise gur tréigeadh é. Beidh an t-iarratas sin de réir Fhoirm 36J de Sceideal na bhFoirmeacha. Cuirfear dáta ar an bhFógra Foriarratais Tionscnaimh agus beidh air ainm, seoladh agus tuairisc an ghearánaí agus beidh sé sínithe ag a Aturnae, más ann, nó mura bhfuil Aturnae aige, ag an ngearánaí féin.

(3) Déanfar an litir bhunaidh nó an fógra bunaidh ón mBinse a chomhdú leis an bhFógra Foriarratais Tionscnaimh, ar litir í nó ar fógra é ina gcuirfear in iúl a chinneadh nó cóip dheimhnithe den chéanna.

(4) Déanfar an Fógra Foriarratais Tionscnaimh a sheirbheáil ar an bhfreagróir tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag roimh an dáta don suí dá mbeidh an t-iarratas inchurtha ar ais de réir na bhforálacha maidir le Billí Sibhialta a sheirbheáil.

(5) Déanfar fógra faoi gach iarratas a thabhairt don Bhinse trí chóip den Fhógra Foriarratais Tionscnaimh a sheachadadh ar Oifig Rúnaí an Bhinse, nó tríd an gcéanna a sheoladh leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an Oifig sin.

(6) Ar an iarratas iar bhfógra a fháil ó aon pháirtí féadfaidh an Breitheamh a ordú d’aon pháirtí eile sonraí iomlána agus níos fearr a sheachadadh i dtaobh aon nithe a bheidh luaite san iarratas, nó cóipeanna a sheachadadh d’aon doiciméid dá dtagraítear ann.

(7) Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, nó ach amháin mar a fhoráiltear ar shlí eile leis an Acht, is ar fhianaise béil a éistfear gach iarratas faoin Acht.

(8) Féadfaidh an Chúirt cibé ordú is cuí a dhéanamh maidir le costais, lena n-áirítear ordú ag tomhas na gcostas.