Ordú 54

Acht na dTithe, 1966

1. Déanfar Achomharc chun na Cúirte Cuarda faoi Alt 72 d'Acht na dTithe, 1966 (Uimh. 21 de 1966), a thionscnamh trí Bhille Sibhialta a eisiúint, ar Bille Sibhialta Tithíochta é, de réir Fhoirm 2J de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, agus beidh feidhm ina leith ag na rialacha ginearálta dá bhforáiltear sna Rialacha seo.

2. Is é an t-achomharcóir a bheidh ina ghearánaí agus is é an tÚdarás Áitiúil a bheidh ina chosantóir.

3. Féadfaidh an Breitheamh an t-áitreabh lena mbainfidh na himeachtaí a iniúchadh in aon chás inarb inmhianaithe leis an t-iniúchadh sin.

4. Déanfar iarratas chun na Cúirte ar Ordú ag foirceannadh léasa faoi Alt 73 d'Acht na dTithe, 1966 (Uimh. 21 de 1966), a thionscnamh trí Bhille Sibhialta Tithíochta a eisiúint san fhoirm sin a dúradh, agus beidh feidhm ina leith ag na rialacha ginearálta dá bhforáiltear sna Rialacha seo.

5. Is é an t-iarratasóir a bheidh ina ghearánaí agus is é an páirtí eile sa léas a bheidh ina chosantóir.

6. Más rud é gur léasaí áitribh ar bith an gearánaí, uamfaidh sé mar ghearánaí aon duine a mbeidh an t-áitreabh foligthe nó morgáistithe aige chuige agus a thoileoidh i scríbhinn lena uamadh amhlaidh, agus uamfaidh sé mar chosantóir aon duine a mbeidh an t-áitreabh foligthe nó morgáistithe aige chuige agus nach dtoileoidh amhlaidh.

7. Is cibé costais a ordóidh an Breitheamh ag an éisteacht a bheidh i gcostais aon chaingne lena mbainfidh an tOrdú seo agus féadfaidh an Breitheamh a ordú an céanna a fhómhas i cibé slí is cuí leis.