Ordú 33

Triail

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim33-I.R. Uimh. 189 De 2008: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Triail) 2008
Uim33-I.R. Uimh. 94 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Triail) (Uimh. 2) 2009

1. Nuair a bheifear tar éis Cosaint a thaifeadadh go cuí, féadfaidh an gearánaí, ar í a bheith seirbheáilte, fógra trialach, nó fógra chun dáta a shocrú le haghaidh trialach, a sheirbheáil, mar a ordóidh an Cláraitheoir Contae, de réir Fhoirmeacha 15A agus 15B de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo.

2. Ní bhainfidh an Riail seo le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Seirbheálfar fógra trialach deich lá ar a laghad ar an gcosantóir agus ar gach páirtí eile is gá, ach amháin go mbeidh de chead ag na páirtithe comhaontú go mbeidh feidhm ag tréimhse fógra níos giorra, agus is do na chéad Suíonna eile tar éis dul in éag don tréimhse ama a bheidh luaite san fhógra sin a sheirbheálfar é, agus comhdófar é san Oifig tráth nach déanaí ná seacht lá roimh oscailt na Suíonna sin. Oibreoidh an fógra trialach sin agus a chomhdú chun an chaingean nó an t-ábhar (lenan-áirítear frithéileamh, más ann) a chur síos lena héisteacht nó lena éisteacht ag na chéad Suíonna eile sin ina dhiaidh sin.

3. Ní bhainfidh an Riail seo ach le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Is gá agus is leor fógra trialach deich lá, mar a ordóidh an Cláraitheoir Contae, de réir Fhoirmeacha 15A agus 15B de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, agus seirbheálfar é ar an gcosantóir agus ar gach páirtí eile is gá, agus comhdófar é san Oifig, ach amháin go mbeidh de chead ag na páirtithe comhaontú go mbeidh feidhm agtréimhse fógra níos giorra. Oibreoidh an fógra trialach sin agus a chomhdú chun an chaingean nó an t-ábhar (lena n-áirítear frithéileamh, más ann) a chur síos lena héisteacht nó lena éisteacht ar an dáta trialach a bheidh leagtha amach san fhógra trialach nó ar lá ar bith tar éis dul in éag don dáta a bheidh luaite san fhógra sin ar a bhféadfaidh an triail teacht ar aghaidh de réir a hoird sa liosta nó ar cibé dáta a shocróidh an Chúirt nó an Cláraitheoir Contae tar éis Fógra a sheirbheáil.

4. Más rud é go mbeidh mainnithe ag an ngearánaí fógra trialach a sheirbheáil laistigh de dheich lá tar éis an Chosaint a sheachadadh féadfaidh an cosantóir é a sheirbheáil agus féadfaidh sé é a chomhdú de réir na Rialacha seo.

5. Más rud é, in aon chaingean seachas caingean phrobháide, nach seirbheálfaidh an gearánaí fógra trialach laistigh de dheich lá tar éis an Chosaint a sheachadadh, féadfaidh an cosantóir, in ionad fógra trialach a sheirbheáil de réir na Rialach roimhe seo, a iarraidh ar an gCúirt an chaingean a dhíbhe d'uireasa í a thabhairt ar aghaidh, agus ar an iarratas sin a éisteacht féadfaidh an Breitheamh a ordú an chaingean a dhíbhe dá réir sin, agus féadfaidh sé cibé ordú eile is cóir leis a dhéanamh, agus ar cibé téarmaí is cóir leis.

6. Más dóigh leis an mBreitheamh é a bheith inmhianaithe, féadfaidh sé a ordú dhá chaingean nó níos mó a thriail le chéile, agus sin ar cibé téarmaí maidir le costais is dóigh leis a bheith cóir.

7. Féadfar dul ar aghaidh ar leithligh le frithéileamh, agus, má théitear ar aghaidh leis amhlaidh, déileálfar leis mar chaingean is cuma cé acu a dhéantar an t-imeacht bunaidh ina ndearnadh an frithéileamh a tharraingt siar, a bhacadh, a scor nó a dhíbhe.

8. In aon imeacht, féadfaidh an Breitheamh a ordú d'fhinné nach páirtí an Chúirt a fhágáil go dtí go mbeidh a fhianaise ag teastáil, nó tar éis dá fhianaise a bheith tugtha, nó fanacht sa Chúirt tar éis dá fhianaise a bheith tugtha go dtí go ndéanfar an triail a fhoirceannadh nó a chur ar atráth.

9. Féadfar breithiúnas a thabhairt i bhfabhar gearánaí amháin nó níos mó, agus i gcoinne nó i bhfabhar cosantóra amháin nó níos mó.

10. Féadfaidh an Breitheamh, más fóirsteanach leis é ar mhaithe leis an gceartas, triail a chur siar nó a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse ama, agus ar cibé téarmaí, más ann, is cuí leis.

11. Más rud é, nuair a ghlaofar cás sa Chúirt, go láithreoidh an gearánaí, agus nach láithreoidh an cosantóir, féadfaidh an gearánaí a éileamh a chruthú sa mhéid gur airsean a luífidh an dualgas cruthúnais.

12. Más rud é, nuair a ghlaofar cás sa Chúirt, go láithreoidh an cosantóir, agus nach láithreoidh an gearánaí, beidh an cosantóir i dteideal, más rud é nach mbeidh aon fhrithéileamh aige, breithiúnas a fháil ag díbhe na caingne, ach, má tá frithéileamh aige, ansin féadfaidh sé an frithéileamh sin a chruthú sa mhéid gur airsean a luífidh an dualgas cruthúnais.

13. Féadfaidh an Breitheamh, ar aon bhreithiúnas a fhógairt nó ar aon ordú a dhéanamh (nó tráth ar bith ina dhiaidh sin ar fhógra a thabhairt don pháirtí freasúrach), an tráth nó na tráthanna a n-íocfar, agus na tráthchodanna ina n-íocfar, an fiach nó na damáistí mar aon le costais an bhreithiúnais, nó an tsuim a luaitear san ordú mar aon leis na costais, a ordú, ar choinníoll, má dhéantar an t-ordú sin i leith tráthchodanna ar aon bhreithiúnas a fhógairt nó ar aon ordú a dhéanamh, nach n-eiseofar aon ordú forghníomhaithe i gcoinne an chosantóra go dtí go mbeifear tar éis mainneachtain tráthchuid éigin a íoc de réir an ordaithe sin. Féadfaidh an Breitheamh, freisin, forghníomhú de bhun aon fhoraithne nó ordaithe a bhacadh go ceann cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí is cóir leis. Beidh na foraitheanta, na díbhí, na horduithe tráthchoda nó na baic sin de réir Fhoirmeacha 16, 17, 18 agus 19 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo.