Ordú 67

Ginearálta

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim67-I.R. Uimh. 526 De 2005
Uim67-I.R. Uimh. 251 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ilghnéitheach) 2009
Uim67-I.R. Uimh. 22 De 2019
Uim67-I.R. Uimh. 221 De 2019


1. Aon ghníomh is gá de réir na Rialacha seo do pháirtí a dhéanamh, féadfaidh sé é a dhéanamh go pearsanta nó féadfaidh a Aturnae é a dhéanamh.

2. Déanfar gach doiciméad agus foirm a bheidh le comhdú san Oifig, nó le seirbheáil maidir le himeachtaí sa Chúirt, ach amháin cuntais, léarscáileanna agus pleananna, a scríobh, a chló nó a chlóscríobh ar pháipéar de thoise A4. Déanfar gearrtheideal an imeachta a fhormhuiniú go cuí, ar leathanach a fhágfar bán chuige sin, ar gach doiciméad a bheartófar a chomhdú.

3. Ordóidh an Chúirt, i gcás inar gá sin, cad iad na nuachtáin ina gcuirfear aon fhógráin a mbeidh gá leo ó am go ham in aon chaingean nó ábhar.

4. Measfar gur cuid de na Rialacha seo na Sceidil a ghabhann leis na Rialacha, agus féadfar na foirmeacha go léir atá iontu, nó foirmeacha oiriúnacha a mbeidh an éifeacht chéanna leo, a úsáid i gcás feidhm a bheith leo, agus beidh siad maith dóthanach. Más rud é go gceanglaítear leis na Rialacha seo ar aon pháirtí fógra de réir foirme a luaitear in aon Sceideal a ghabhann leis na Rialacha seo a thabhairt, is leor an fógra a bheith go substaintiúil de réir na foirme sin.

5. I gcás nach soláthraítear aon fhoirmeacha, déanfaidh páirtithe na doiciméid a chumadh faoi threoir na bhfoirmeacha atá sna Sceidil.

6. Féadfaidh an Chúirt, ar cibé téarmaí (más ann) a mheasfaidh sí a bheith réasúnach, fadú nó giorrú a dhéanamh ar aon cheann de na tréimhsí ama a shocraítear leis na Rialacha seo chun aon bheart nó gníomh a dhéanamh in aon imeacht, agus féadfaidh sí freisin, ar cibé téarmaí maidir le costais nó eile is cuí léi, a dhearbhú gur leor aon bheart nó gníomh a bheidh déanta, bíodh nach mbeidh sé déanta laistigh den tréimhse ama nó ar an modh a fhorordaítear leis na Rialacha seo.

7. Is iar bhfógra chun na Cúirte a dhéanfar aon iarratas chun imeachtaí a chur ar ceal mar gheall ar neamhrialtacht, ach ní cheadófar aon iarratas chun aon imeachtaí a chur ar ceal mar gheall ar neamhrialtacht mura ndéanfar é laistigh de thréimhse ama réasúnach, ná má tá aon bheart úr déanta ag páirtí an iarratais tar éis fios a fháil faoin neamhrialtacht, agus beidh na hagóidí a mbeifear ar intinn seasamh orthu in aon fhógra i leith aon fhoriarratais den sórt sin.

8. I gcás ina mbeidh an dlínse a aistríodh chun na Cúirte faoi Alt 51 d'Acht na gCúirteanna Breithiúnais, 1924 (agus a suíodh ina dhiaidh sin le halt 4 d'Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961), ag brath ar reacht, déantar leis seo gach Reacht den sórt sin a oiriúnú nó a mhodhnú ionas go ndéanfar gach tagairt ann don Chúirt Billí Sibhialta, don Chúirt Chontae, nó don Chúirt Seisiún Ceathrún a fhorléiriú mar thagairt don Chúirt i gcás inar gá sin, agus déanfar na tagairtí go léir do Reacordairí, do Bhreithiúna Cúirte Contae, do Chathaoirligh Sheisiún Ceathrún, nó do Bhreithiúna eile, agus d'Oifigigh d'aon Chúirt díobh sin, a fhorléiriú i gcás inar gá sin mar thagairtí do Bhreitheamh na Cúirte agus, i gcásanna Oifigeach, don Chláraitheoir Contae nó don Oifigeach cuí don Chúirt, agus déanfar na tagairtí go léir d'imeachtaí in aon cheann de na Cúirteanna sin a fhorléiriú, i gcás inar gá sin, mar thagairtí d'imeachtaí sa Chúirt.

9. I gcás ina gceanglaítear leis na Rialacha seo aon doiciméad a thaisceadh san Oifig, féadfar an doiciméad sin a chur leis an bpost réamhíoctha ionas go sroichfidh sé an Oifig roimh dheireadh na tréimhse ama atá ceaptha don taisceadh sin mar a dúradh.

10. Aon pháirtí a bheidh ag déanamh agra nó cosanta trí Aturnae beidh de chead aige a Aturnae a athrú, nó a Aturnae a scaoileadh uaidh, agus an t-agra nó an chosaint a dhéanamh go pearsanta, agus aon pháirtí a bheidh ag déanamh agra nó cosanta go pearsanta beidh de chead aige Aturnae a cheapadh gan ordú chuige sin. Déanfar fógra i dtaobh an athraithe, an scaoilte nó an cheaptha sin a chomhdú san Oifig, agus a sheirbheáil ar an bpáirtí freasúrach, nó ar a Aturnae (más ann), agus ar an Aturnae a bheidh scaoilte.

11. San iarratas ar athéisteacht in aon cheann de na himeachtaí dá dtagraítear in Alt 42 den County Officers and Courts (Ireland) Act, 1877, leagfar amach go hiomlán na forais ar a mbeidh an athéisteacht á hiarraidh, agus déanfar fógra ina leith a chomhdú san Oifig agus a sheirbheáil ar an bpáirtí freasúrach, nó ar an gcomharba ar a leas, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh lá oscailte na Suíonna ag a mbeidh ant-iarratas le déanamh, nó, i gCuaird Bhaile Átha Cliath, sé lá ar a laghad roimh an lá a mbeidh an t-iarratas le déanamh.

12. I gcás an tréimhse ama chun aon ghníomh a dhéanamh nó aon imeachtaí a thionscnamh do dhul in éag ar an Satharn nó ar an Domhnach nó ar lá eile a mbeidh an Oifig dúnta, agus dá bhíthin sin nach féidir an gníomh sin a dhéanamh nó an t-imeacht sin a thionscnamh an lá sin, measfar an gníomh sin a bheith déanta go cuí nó an t-imeacht sin a bheith tionscanta go cuí, chomh fada is a bhaineann leis an tréimhse ama chun an céanna a dhéanamh nó a thionscnamh, má dhéantar nó má thionscnaítear é an chéad lá eile a mbeidh an Oifig ar oscailt.

13. Aon taifead in aon leabhar cúiseanna nó in aon leabhair eile, nó aon taifead a cheanglaítear a dhéanamh leis na Rialacha seo, measfar é a bheith déanta de réir na Rialacha sin má dhéantar é in aon ríomhaire nó in aon chineál taifeadta eile a bheidh formheasta ó am go ham ag Uachtarán na Cúirte Cuarda.

14. Féadfar aon chomhad nó taifead cúirte a choimeád i cibé foirm a fhormheasfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda ó am go ham.

15. Ní chuirfidh neamhchomhlíonadh aon Rialach de na Rialacha seo, nó aon chleachtais a bheidh de thuras na huaire i bhfeidhm sa Chúirt, na himeachtaí ar neamhní mura n-ordóidh an Chúirt é, ach féadfar na himeachtaí sin a chur ar ceal go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is cuí leis an gCúirt, mar chinn atá neamhrialta, nó féadfar iad a leasú nó déileáil leo i slí eile ar cibé modh nó ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt.

16. I gcás nach mbeidh aon Riail foráilte leis na Rialacha seo chun cleachtas nó nós imeachta a rialú, féadfar cleachtas agus nós imeachta na hArd-Chúirte a leanúint.