Ordú 13

Seirbheáil lasmuigh den dlínse

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim13-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007

  1. Féadfaidh an Chúirt nó an Cláraitheoir Contae a cheadú Bille Sibhialta, nó fógra ina thaobh, a sheirbheáil lasmuigh den dlínse:—

 

  1. aon uair arb é is ábhar iomlán don chaingean talamh atá laistigh den dlínse (le cíosanna nó brabúis nó gan iad), nó buanú fianaise a bhaineann le talamh laistigh den dlínse; nó
  2. aon uair a iarrfar aon ghníomh, gníomhas, uacht, conradh, oibleagáid, nó dliteanas a dhéanann difear do thalamh nó d'oidhreachtáin atá laistigh den dlínse a fhorléiriú, a cheartú, a chur ar ceal, nó a chur i bhfeidhm sa chaingean; nó
  3. aon uair a lorgófar aon fhaoiseamh i gcoinne aon duine a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí air laistigh den dlínse; nó
  4. aon uair arb é a bheidh sa chaingean caingean chun eastát aon duine éagtha a raibh sainchónaí air, tráth a bháis, laistigh den dlínse a riaradh, nó chun forghníomhú a dhéanamh (maidir le maoin atá laistigh den dlínse) ar iontaobhais aon ionstraime scríofa, ar iontaobhaí ina leith an duine a bheidh le seirbheáil, agus ar chóir iad a fhorghníomhú de réir dhlí na hÉireann; nó
  5. aon uair arb é a bheidh sa chaingean caingean a tionscnaíodh chun conradh a chur i bhfeidhm, a chealú, a dhíscaoileadh nó a neamhniú, nó chun difear a dhéanamh dó ar shlí eile, nó chun damáistí nó faoiseamh eile a ghnóthú i ngeall ar chonradh a shárú nó i leith an tsáraithe sin, ar conradh é—

 

  1. a rinneadh laistigh den dlínse, nó
  2. a rinne gníomhaire, nó a rinneadh trí ghníomhaire, a bhíonn ag trádáil nó a bhfuil cónaí air laistigh den dlínse, thar ceann príomhaí a bhíonn ag trádáil nó a bhfuil cónaí air lasmuigh den dlínse, nó
  3. atá, de réir a théarmaí, nó arb intuigthe go bhfuil sé, le bheith faoi rialú Dhlí na hÉireann; nó

 

  1. aon uair arb é a bheidh sa chaingean caingean a tionscnaíodh i leith sáraithe a rinneadh laistigh den dlínse ar chonradh, cibé áit a ndearnadh an conradh sin, bíodh go ndearnadh, sular sáraíodh an conradh sin nó nuair a bhí sé á shárú, an conradh a shárú lasmuigh den dlínse ionas go raibh sé dodhéanta an chuid den chonradh a chomhlíonadh ba chóir a chomhlíonadh laistigh den dlínse; nó
  2. aon uair a bheidh an chaingean bunaithe ar thort a rinneadh laistigh den dlínse; nó
  3. aon uair a lorgófar aon urghaire i dtaobh aon ní a bheidh le déanamh laistigh den dlínse, nó a iarrfar aon núis laistigh den dlínse a chosc nó a dhíchur, cibé acu a lorgófar nó nach lorgófar damáistí ina leith freisin; nó
  4. aon uair a bheidh aon duine lasmuigh den dlínse ina pháirtí riachtanach nó cuí i gcaingean a tionscnaíodh go cuí i gcoinne duine éigin eile a seirbheáladh go cuí laistigh den dlínse; nó
  5. the proceeding relates to a child or to a relevant person referred to in section 2 of the Assisted Decision-Making (Capacity) Act 2015 (whether or not an order under that Act has been made in respect of the relevant person concerned) who is habitually resident in, or a citizen of, Ireland; or
    (Order 13 rule 1 paragraph (j), substituted by SI 201 of 2023, translation not yet available.)
  6. aon uair arb é a bheidh san imeacht imeacht idirphléadála a bhaineann le maoin laistigh den dlínse; nó
  7. aon uair arb é a bheidh san imeacht imeacht chun eadránaí nó moltóir a cheapadh, nó chun dámhachtain in eadráin a bhí, nó a bheidh, ar bun laistigh den dlínse a loghadh, a chur ar ceal nó a chur i bhfeidhm; nó
  8. aon uair arb é a bheidh san imeacht imeacht ag morgáistí nó ag morgáisteoir i ndáil le morgáiste ar mhaoin phearsanta atá laistigh den dlínse agus go lorgófar ann faoiseamh den chineál nó den sórt seo a leanas, is é sin le rá, díol, seachadadh seilbhe ag an morgáisteoir, fuascailt, atíolacadh, nó seachadadh seilbhe ag an morgáistí, ach nach lorgófar ann (mura gceadaítear é, agus ach amháin sa mhéid go gceadaítear é, faoi fho-mhírcheann (e) den Riail seo) aon bhreithiúnas pearsanta ná aon ordú chun aon airgead atá dlite faoin morgáiste a íoc; nó
  9. aon uair a bhainfidh an t-imeacht le dlí an phósta nó leis an dlí teaghlaigh, go bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an iarratasóir san imeacht laistigh den dlínse agus go gceadaítear dlínse sna himthosca sin nó ar shlí eile le Reacht;
  10. aon uair arb iad a bheidh sna himeachtaí imeachtaí de bhun théarmaí an Achta Comharbais, 1965, agus go raibh ag an éagach, tráth a bháis, áit chónaithe sheasta laistigh den dlínse.

    In aon cheann de na fomhíreanna thuas ciallaíonn an abairt “maoin phearsanta atá laistigh den dlínse” maoin a bheadh, ar úinéir uirthi d'fháil bháis ina dhíthiomnóir, ina hábhar do dheonú Litreacha Riaracháin dá eastát ón bPríomh-Chlárlann Phrobháide; ciallaíonn an focal “morgáiste” morgáiste, muirear nó lian de thuairisc ar bith; ciallaíonn an focal “morgáistí” duine atá i dteideal morgáiste nó a bhfuil leas aige i morgáiste de thuras na huaire; agus ciallaíonn an focal “morgáisteoir” duine atá i dteideal maoine faoi réir morgáiste, nó a bhfuil leas aige sa chéanna, de thuras na huaire.
  1. Gach iarratas ar chead chun Bille Sibhialta nó fógra ina thaobh a sheirbheáil ar chosantóir lasmuigh d'Éirinn, beidh mionnscríbhinn mar thaca leis ina luafar go gcreideann an teisteoir go bhfuil cúis mhaith chaingne ag an ngearánaí, agus ina léireofar an áit nó an tír ina bhfuil, nó inar dócha do bhfaighfear, an cosantóir sin nó an duine sin a bheidh le seirbheáil, agus cé acu is saoránach d'Éirinn an cosantóir sin nó an duine sin a bhfuiltear ag iarraidh é a sheirbheáil nó nach ea, agus na forais ar a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh; agus ní thabharfar aon chead den sórt sin mura gcuirfear ina luí go leormhaith ar an gCúirt nó ar an gCláraitheoir Contae gur cás cuí é chun seirbheáil a dhéanamh lasmuigh d'Éirinn faoi na Rialacha seo.
     
  2. D'ainneoin aon ní atá san Ordú seo, féadfaidh na páirtithe in aon chonradh a chomhaontú:—

(a) go mbeidh dlínse ag an gCúirt chun glacadh le haon imeacht i leith an chonartha sin; agus freisin, nó ar a mhalairt,
(b) go bhféadfar aon doiciméad in aon imeacht den sórt sin a sheirbheáil in áit ar bith laistigh nó lasmuigh den dlínse ar aon pháirtí, nó ar aon duine thar ceann aon pháirtí, nó in aon slí a shonraítear nó a chuirtear in iúl sa chonradh sin. Measfar gur seirbheáil leormhaith é aon doiciméad den sórt sin a sheirbheáil san áit (más ann) nó ar an bpáirtí, nó ar an duine (más ann) nó sa tslí (más ann) a shonraítear nó a chuirtear in iúl sa chonradh cibé áit a bhfuil cónaí ar na páirtithe, agus mura bhfuil aon áit nó modh nó duine sonraithe ná curtha in iúl amhlaidh, féadfar a ordú an doiciméad sin a sheirbheáil lasmuigh den dlínse.

  1. I gcaingne Probháide féadfaidh sé go gceadófar, le cead na Cúirte nó an Chláraitheora Contae, Bille Sibhialta, nó fógra ina thaobh, a sheirbheáil lasmuigh den dlínse.
     
  2. Déanfar iarratais faoin Ordú seo sula n-eiseofar an doiciméad agus, nuair nach mbeidh aon imeacht ar feitheamh, is é a bheidh mar theideal ar an mionnscríbhinn chun an céanna a fhorasú ná amhail idir na páirtithe san imeacht atá beartaithe agus “Maidir leis na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924-1995”.
     
  3. Aon ordú lena dtabharfar cead chun seirbheáil a dhéanamh, nó chun fógra a thabhairt, lasmuigh den dlínse, ceapfaidh sé tréimhse ama, i ndiaidh na seirbheála nó an fhógra sin, ina bhféadfaidh an duine a bheidh le seirbheáil láithreas a thaifeadadh, agus braithfidh an tréimhse ama sin ar an áit nó ar an tír ina mbeidh an doiciméad le seirbheáil, nó an fógra le tabhairt.
     
  4. I gcás nach saoránach d'Éirinn an duine a bheidh le seirbheáil, is fógra i dtaobh an doiciméid, agus ní hé an doiciméad féin, a sheirbheálfar air.
     
  5. Faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo, is sa tslí a gceanglaítear leis na Rialacha seo chun doiciméid a sheirbheáil a thabharfar fógra in ionad seirbheála.
     
  6. Aon uair a dhéanfar Ordú lena dtabharfar cead chun doiciméad nó fógra ina thaobh a sheirbheáil ar dhuine lasmuigh den dlínse, seirbheálfar cóip den ordú sin i dteannta an doiciméid nó an fhógra.
     
  7. Beidh feidhm ag an ordú seo maidir le gach imeacht, cibé slí inar tionscnaíodh é, agus maidir le haon ordú nó fógra san imeacht. I gcás nach saoránach d'Éirinn an duine a bheidh le seirbheáil, is cóip den doiciméad tionscnaimh (seachas Bille Sibhialta) nó den ordú nó den fhógra a sheirbheálfar in ionad an doiciméid bhunaidh, agus ina theannta sin cuirfear in iúl i scríbhinn gur tionscnaíodh imeacht i bhfoirm na cóipe, nó go ndearnadh ordú i dtéarmaí na cóipe.
     
  8. Ní dhéanfaidh aon ní atá san Ordú seo dochar ná difear ar dhóigh ar bith d'aon chleachtas nó cumhacht de chuid na Cúirte faoina bhféadfaidh an Chúirt, nuair a iarrtar go ndéileálfaí le tailte, cistí, ábhair i gcaingean, cearta nó maoin laistigh den dlínse, nó go ndéanfaí difear dóibh nó di, a chur faoi deara, gan a airbheartú go bhfuil dlínse á feidhmiú aici ar dhuine ar bith lasmuigh den dlínse, go gcuirfear cineál na n-imeachtaí, mar aon lena mbeith ar bun, in iúl don duine sin, ionas go mbeidh deis ag an duine sin éileamh a dhéanamh, cur i gcoinne na n-imeachtaí nó idiragra a dhéanamh ar shlí eile.
     
  9. Aon duine ar a seirbheálfar Bille Sibhialta, nó fógra ina thaobh, féadfaidh sé iarratas iar bhfógra a dhéanamh chun na Cúirte chun ant-ordú á údarú seirbheáil a dhéanamh a urscaoileadh.