Ordú 9

Éilimh a uamadh

1. Ach amháin mar a fhoráiltear sa chéad Riail ina dhiaidh seo, féadfar dhá éileamh nó níos mó a dhéanamh i ndoiciméad tionscnaimh amháin, mar mhalairt ar a chéile nó i slí eile, chomh fada is nach bhfuil na héilimh ar neamhréir lena chéile ná bunaithe ar líomhaintí fíorais atá ar neamhréir lena chéile, ach, más léir don Bhreitheamh nach féidir éilimh a uamadh in aon chaingean nó ábhar a thriail le chéile go caoithiúil, féadfaidh sé trialacha ar leithligh a ordú nó féadfaidh sé aon éileamh a eisiamh, agus féadfaidh sé a ordú go leasófar an taifead dá réir sin, agus féadfaidh sé cibé ordú is cóir a dhéanamh maidir le costais.

2. Ní fhéadfar aon éileamh a uamadh le héileamh chun talamh a aisghabháil ach amháin i leith foghailbhrabús nó riaráistí cíosa, nó cíosa dhúbailte, i ndáil leis an talamh, nó le haon chuid de, agus i leith damáistí mar gheall ar shárú a dhéanamh ar aon chonradh faoina bhfuil an talamh, nó aon chuid de, ar teachtadh, nó mar gheall ar aon éagóir nó díobháil don talamh sin nó d'aon chuid de. Ní mheasfar gur éileamh ar aisghabháil talún de réir bhrí na Rialach seo caingean le haghaidh fuascailte, ná foriarratas go dtabharfaidh cosantóir suas seilbh ar mhaoin mhorgáistithe ann.