Ordú 73

Imeachtaí faoin Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 : I.R. Uimh. 317 de 2013


I. Réamhráiteach agus Ginearálta
1. (1) San Ordú seo:—

ciallaíonn “Acht” an tAcht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012;

ciallaíon “idirghabhálaí ceadaithe” duine arna údarú nó arna húdarú ag an tSeirbhís Dócmhainneachta faoi alt 47 den Acht chun feidhmeanna idirghabhálaí cheadaithe faoi Chaibidil 1 de Chuid 3 den Acht a chomhlíonadh;

mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tá le “creidiúnaí” an bhrí chéanna atá leis in alt 2(1) den Acht;

mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tá le “féichiúnaí” an bhrí chéanna atá leis in alt 2(1) den Acht;

tá le gach ceann de na habairtí seo a leanas, “Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais”, “ordú um thacaíocht teaghlaigh”, “meán leictreonach”, “fiach ineisiata”, “fiach eisiata”, “comhshocraíocht dócmhainneachta”, “Aire”, “Comhshocráýocht Dócmhainneachta Pearsanta”, “cleachtóir dócmhainneachta pearsanta”, “príomháit chónaithe phríobháideach”, “deimhniú cosantach”, “gaol”, “socrú pinsin iomchuí”, “creidiúnaí urraithe”, “fiach urraithe”, “fiach sonraithe”, “céile”, “creidiúnaí neamhurraithe” agus “fiach neamhurraithe”, an bhrí chéanna atá leo in alt 2(1) den Acht;

ciallaíonn “úsáideoir leictreonach” duine, nó duine laistigh d’aicme daoine, atá údaraithe, nó de réir mar a bheidh, faoi cheangal, de thuras na huaire, doiciméid a sheachadadh, a chomhdú nó a thaisceadh go leictreonach de réir riail 4(1);

ciallaíonn “an tSeirbhís Dócmhainneachta” Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann arna bunú faoi alt 8 den Acht;

ciallaíonn “oifigeach cuí”, i gcás oifig chúirte iomchuí a shonraítear i riail 2 nach oifig chúirte chomhcheangailte, an Cláraitheoir Contae atá ag gabháil leis an oifig sin, agus in aon chás eile, bainisteoir na hoifige cúirte comhcheangailte don oifig sin;

ciallaíonn “oifig chúirte iomchuí” an oifig a shonraítear i riail 2;

ciallaíonn “creidiúnaí sonraithe” creidiúnaí sonraithe dá dtagraítear in alt 25 den Acht;

ciallaíonn “féichiúnaí sonraithe” féichiúnaí sonraithe dá dtagraítear in alt 25 den Acht;

forléireofar “fiach cáilitheach sonraithe” de réir alt 32(b) den Acht;

tá le “tréimhse mhaoirseachta” an bhrí chéanna atá leis in alt 25 den Acht.

(2) I gcás go n-eascróidh aon easaontas idir foráil d’aon riail den Ordú seo agus aon fhoráil eile de na Rialacha seo, beidh forlámhas ag an riail den Ordú seo i leith aon imeachtaí faoin Acht.

2. Leagtar amach sa tábla seo a leanas an oifig i ngach Cuaird ar a seachadfar, de réir alt 5(3) den Acht, fógra i dtaobh iarratas chuig an gCúirt faoin Acht agus de réir an Ordaithe seo:

An Chuaird An Oifig

Baile Átha Cliath  Oifig na Cúirte Cuarda (Sibhialta), Baile Átha Cliath
Corcaigh Oifig na Cúirte Cuarda, Corcaigh
Cuaird an Tuaiscirt An Oifig Chúirte Chomhcheangailte, Muineachán
An Chuaird Lártíre An Oifig Chúirte Chomhcheangailte, An Tulach Mhór
Cuaird an Oirthir Oifig na Cúirte Cuarda, Baile Átha Troim
Cuaird an Oirdheiscirt An Oifig Chúirte Chomhcheangailte, Cill Chainnigh
Cuaird an Iardheiscirt  An Oifig Chúirte Chomhcheangailte, Inis
Cuaird an Iarthair An Oifig Chúirte Chomhcheangailte, Caisleán an Bharraigh


3. (1) Is de réir Ordú 64C a dhéanfar aon achomharc chuig an gCúirt faoi alt 169 den Acht.

(2) Is de réir Ordú 64B a dhéanfar na hiarratais seo a leanas chuig an gCúirt—

(a) aon iarratas ó chigire chuig an gCúirt—


(i) faoi alt 181(6) den Acht,

(ii) faoi mhír 5 de Chuid 1 de Sceideal 2 den Acht, agus

(iii) faoi mhír 5 de Chuid 2 de Sceideal 2 den Acht,


(b) aon iarratas ón tSeirbhís Dócmhainneachta chuig an gCúirt faoi alt 175(2) den Acht.

(3) Ní bheidh feidhm ag Riail 4 maidir le himeachtaí faoin Acht a luaitear i bhfo-rialacha (1) agus (2).
II. Doiciméid in imeachtaí faoin Acht a chomhdú, a eisiúint agus a sheachadadh go leictreonach
4. (1) D’ainneoin aon fhoráil eile de na Rialacha seo, faoi réir chomhlíonadh aon cheann nó níos mó de na coinníollacha a shonraítear i bhfo-riail (2) nó iomlán nó cuid d’aon cheann nó níos mó de na coinníollacha sin a chuirfidh an t-oifigeach cuí in iúl dó nó di, ag an úsáideoir leictreonach lena mbaineann

(a) féadfaidh an t-oifigeach cuí—


(i) a údarú don tSeirbhís Dócmhainneachta nó a cheangal uirthi, agus

(ii) a údarú d’aon chleachtóir dócmhainneachta pearsanta, idirghabhálaí ceadaithe, féichiúnaí, creidiúnaí nó páirtí eile in imeachtaí faoin Acht (nó aon aturnae a bheidh ag gníomhú d’aon pháirtí den sórt sin),


aon doiciméad is féidir a sheachadadh, a chomhdú nó a thaisceadh agus aon iarratas a fhéadfar a dhéanamh chuig an gCúirt in aon imeachtaí, nó in aon aicme imeachtaí, faoin Acht nó faoin Ordú seo, nó ag aon staid nó céim sna himeachtaí sin, a sheachadadh ar an oifig chúirte iomchuí a luaitear i riail 2 nó a chomhdú nó a thaisceadh léi trí mheán leictreonach,

(b) aon doiciméad tionscnaimh, breithiúnas nó foraithne nó ordú nó cinneadh eile ón gCúirt (lena n-áirítear aon bhreithiúnas, foraithne nó ordú nó cinneadh eile a taifeadadh san oifig chúirte lena mbaineann nó arna eisiúint uaithi) sna himeachtaí sin, nó san aicme imeachtaí sin, a fhéadfaidh an Chúirt nó an oifig chúirte iomchuí lena mbaineann a eisiúint nó a fhéadfar a eisiúint thar a ceann faoin Acht nó faoin Ordú seo, féadfar é nó í a eisiúint chuig úsáideoir leictreonach trína tharchur nó trína tarchur trí mheán leictreonach, agus

(c) aon doiciméad nó faisnéis eile a fhéadfaidh an Chúirt nó an oifig chúirte iomchuí, sna himeachtaí sin, nó san aicme imeachtaí sin, a tharchur faoin Acht nó faoin Ordú seo chuig an úsáideoir leictreonach lena mbaineann, féadfar é nó í a tharchur chuig úsáideoir leictreonach trí mheán leictreonach.

(2) Is iad na coinníollacha a luaitear i bhfo-riail (1) go mbeidh an t-oifigeach cuí sásta, maidir leis an úsáideoir leictreonach beartaithe (“an t-úsáideoir” san fho-riail seo):

(a) go bhfuil na crua-earraí agus aon trealamh, aon mheáin stórála sonraí agus aon phrótacal cumarsáide a mbeidh an t-úsáideoir le feidhm a bhaint astu le linn doiciméid nó faisnéis a sheachadadh, a chomhdú, a thaisceadh nó a fháil trí mheán leictreonach, i gcomhréir leis an trealamh comhfreagrach agus na meáin chomhfhreagracha agus na prótacail chomhfhreagracha a bheidh in úsáid nó a mbainfear feidhm astu sna hoifigí cúirte a luaitear i riail 2 nó ina leith, agus oiriúnach ar shlí eile lena n-úsáid i gcomhar leo;

(b) go n-úsáidfidh an t-úsáideoir cibé nósanna ainmniúcháin, seoltaí ríomhphoist, pasfhocail, sínithe leictreonacha, séalaí leictreonacha, sínithe digiteacha, prótacail, cóid nó tagairtí sainaitheantais uathúla nó meáin eile chun fíordheimhniú a dhéanamh ar dhoiciméid arna seachadadh, arna gcomhdú nó arna dtaisceadh trí mheán leictreonach agus a theastóidh ón oifigeach cuí chun slándáil agus fíordheimhneacht na ndoiciméad sin a áirithiú (agus féadfaidh an t-oifigeach cuí, chun na críche sin, a cheangal go dtabharfar dó ainmneacha, sínithe samplacha agus sonraí eile maidir leis na pearsana aonair a bheidh údaraithe chun gníomhú thar ceann an úsáideora);

(c) go n-úsáidfidh an t-úsáideoir cibé balla dóiteáin, uirlis fhrithvíorais nó feistí nó feidhmchláir eile, más ann, a theastóidh ón oifigeach cuí chun damáiste d’aon chóras faisnéise a úsáidtear san oifig chúirte iomchuí a sheachaint;

(d) go ndéanfaidh an t-úsáideoir cibé bearta agus go n-úsáidfidh sé nó sí cibé cleachtas nó prótacal a shonróidh an t-oifigeach cuí chun a chinntiú nach dtiocfaidh aon ábhar díobhálach, dochrach nó tarcaisneach isteach in aon chóras faisnéise a úsáidtear san oifig chúirte iomchuí;

(e) go ndéanfaidh an t-úsáideoir doiciméid atá le seachadadh, le comhdú, le taisceadh nó le fáil trí mheán leictreonach a fhormáidiú agus a eagrú agus más gá, iad a shainaithint, a chur i gcód, a innéacsú nó a thabhairt ar aird i bhfoirm chlóite ar aon mhodh a cheanglaítear leis na Rialacha seo nó a cheanglóidh an t-oifigeach cuí.

(3) Chun críocha fho-riail (2), féadfaidh an t-oifigeach cuí aon chomhaontú nó prótacal a dhéanamh le duine amháin nó níos mó (lena n-áirítear úsáideoir leictreonach amháin nó níos mó), nó féadfaidh sé nó sí aon cheanglais nach foláir iad a chomhlíonadh chun é a shásamh go bhfuil aon choinníoll a leagtar amach i bhfo-riail (2) comhlíonta, nó treoirlínte maidir le aon choinníollacha den sórt sin a chomhlíonadh, a fhoilsiú.

(4) Gan dochar d’fho-riail (2), de réir alt 140(2)(b) den Acht—

(a) aon doiciméad arna tharchur ag an tSeirbhís Dócmhainneachta, agus

(b) aon deimhniú dá dtagraítear i riail 19(3) nó riail 28(3) arna tharchur ag cleachtóir dócmhainneachta pearsanta ar úsáideoir leictreonach é nó í,

trí mheán leictreonach chuig córas faisnéise a úsáidtear san oifig chúirte iomchuí, déanfar é a fhíordheimhniú, agus déanfar sainaitheantas an duine ar ina ainm nó ar ina hainm a eisítear é a fhíorú—

(a) trína tharchur ó chóras faisnéise nó seoladh ríomhphoist de chuid na Seirbhíse Dócmhainneachta nó an chleachtóra dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann, arna ghlacadh ag an oifigeach cuí chun críche na fo-rialach seo, nó

(b) trína tharchur chuig an gcóras faisnéise a úsáidtear san oifig chúirte iomchuí ag baint úsáid as pasfhocal arna eisiúint ag an oifigeach cuí chun críche na fo-rialach seo,

gan é a bheith riachtanach síniú an duine ar ina ainm nó ar ina hainm a eisítear é a bheith corpraithe sa doiciméad.

(5) I gcás go gcinnfidh an t-oifigeach cuí nach bhfuil coinníoll (nó cuid d’aon choinníoll) a shonraítear i bhfo-riail (2) á chomhlíonadh nó á comhlíonadh ag úsáideoir leictreonach ar cheangal sé ar an úsáideoir sin é a chomhlíonadh, féadfaidh sé údarú nó ceanglas dá dtagraítear i bhfo-riail (1) i leith an úsáideora sin a chúlghairm nó a mhodhnú.

(6) Dé anfaidh ú sá ideoir leictreonach doicimé id a sheachadadh, a chomhdú nó a thaisceadh trí mheá n leictreonach ar cibé ceann nó níos mó de na modhanna seo a leanas a chuirfear ar fá il san oifig chú irte iomchuí nó don oifig sin:

(a) chun an céanna a tharchur i bhfoirm doiciméid leictreonaigh nó sonraí leictreonaigh struchtúrtha eile (ina bhféadfar aon cheangaltán leictreonach i bhformáid doiciméid iniompartha (pdf) nó i bhformáid eile a shonróidh an t-oifigeach cuí a áireamh) chuig córas faisnéise a úsáidtear san oifig chúirte iomchuí arna chur ar fáil chun na críche sin, agus ar mhodh agus i cibé foirm a shonróidh an t-oifigeach cuí, nó

(b) chun an cé anna a tharchur (lena n-á irítear aon cheangaltá n leictreonach) chuig cibé seoladh ríomhphoist don oifig chú irte iomchuí a shonraítear sa tá bla a ghabhann le riail 2 a shonró idh an t-oifigeach cuí (ar choinníoll nach ndé anfaidh aon ní san fho-riail seo é ifeacht aon doicimé id a tharchuirfear chuig aon seoladh ríomhphoist eile ach a gheofar iarbhír san oifig chú irte iomchuí lena mbaineann a neamhbhailiú ).

(7) Féadfar doiciméid nó faisnéis a bheidh le seachadadh ag an gCúirt ar úsáideoir leictreonach:

(a) a tharchur i bhfoirm doiciméid leictreonaigh nó sonraí leictreonaigh struchtúrtha eile chuig córas faisnéise an úsáideora, ar mhodh agus i cibé foirm a shonróidh an t-oifigeach cuí, nó

(b) a chur ar fáil don úsáideoir leictreonach ar chóras faisnéise a úsáidtear san oifig chúirte iomchuí a bhfuil rochtain slán ag an úsáideoir leictreonach air, nó

(c) a tharchur chuig seoladh ríomhphoist an úsáideora sin dá dtagraítear i mír (b) d’fho-riail (2) (ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-riail seo éifeacht aon doiciméid a tharchuirfear chuig aon seoladh ríomhphoist eile ach a gheobhaidh an t-úsáideoir sin iarbhír a neamhbhailiú).

(8) Aon doiciméad tionscnaimh in imeachtaí faoin Acht arna chur isteach lena eisiúint trí mheán leictreonach de réir an Ordaithe seo, déanfar é a eisiúint nuair a bheidh uimhir thaifid sannta dó. Aon fhógra foriarratais in imeachtaí faoin Acht arna chur isteach lena eisiúint trí mheán leictreonach de réir an Ordaithe seo, déanfar é a eisiúint nuair a bheidh dáta freagartha sannta dó.

(9) Déanfar na doiciméid a cheanglaítear a chomhdú i dteannta aon doiciméid tionscnaimh a luaitear i bhfo-riail (8) a tharchur trí mheán leictreonach mar shraith comhad, i bhformáid doiciméid iniompartha (pdf) nó i bhformáid eile a shonróidh an t-oifigeach cuí.

(10) I gcás go gcuirfear dearbhú reachtúil nó mionnscríbhinn isteach lena chomhdú nó lena comhdú trí mheán leictreonach de réir an Ordaithe seo, déanfar, mura gceadóidh an t-oifigeach atá i bhfeighil na hoifige cúirte iomchuí a mhalairt, an dearbhú reachtúil nó an mhionnscríbhinn agus gach foilseán a bheidh ag gabháil leis nó léi, san ord cuí, a tharchur i bhformáid doiciméid iniompartha (pdf) nó i bhformáid eile a shonróidh an t-oifigeach cuí.

(11) I gcás go n-eiseofar doiciméad tionscnaimh nó fógra foriarratais de réir na bhforálacha roimhe seo den riail seo,

(a) déileálfar, de réir alt 140(3) den Acht, le cló nó cóip den doiciméad tionscnaimh nó den fhógra foriarratais, nuair a eiseofar é nó í, mar an leagan bunaidh den doiciméad sin, agus

(b) féadfaidh an t-oifigeach cuí nó an oifig chúirte iomchuí aon leagan clóite den doiciméad sin a dheimhniú mar chóip dheimhnithe den leagan bunaidh.

(12) I gcás go ndéanfar dearbhú reachtúil nó mionnscríbhinn a chomhdú trína sheachadadh nó trína seachadadh trí mheán leictreonach de réir na bhforálacha roimhe seo den riail seo, coimeádfar an dearbhú reachtúil nó an mhionnscríbhinn ar a bhfuil síniú lámhscríbhinne bunaidh an teisteora go ceann tréimhse seacht mbliana ón dáta a mhionnóidh an duine a chomhdaigh an céanna trí mheán leictreonach é nó í, faoi réir aon ordú nó ordachán de chuid na Cúirte.

(13) Aon ordú, fógra nó deimhniú cosantach arna dhéanamh nó arna eisiúint ag an gCúirt in imeachtaí faoin Acht, fíordheimhneofar é trí uimhir thaifid na n-imeachtaí lena mbaineann a chorprú ann.

(14) I gcás:

(a) nach úsáideoir leictreonach páirtí in imeachtaí faoin Acht ar mian leis nó léi doiciméad lena mbaineann an tOrdú seo a sheachadadh, a chomhdú nó a thaisceadh, nó

(b) gur mian le páirtí in imeachtaí faoin Acht doiciméad lena mbaineann an tOrdú seo a sheachadadh, a chomhdú nó a thaisceadh mar chuid de staid nó de chéim sna himeachtaí nach úsáideoir leictreonach an pairtí sin ina leith, nó

(c) ar aon chúis, nach mbeidh foráil déanta maidir le haon socrú chun doiciméid nó faisnéis a tharchur idir an oifig chúirte iomchuí agus úsáideoir leictreonach trí mheán leictreonach nó nach mbeidh an socrú sin ar fáil nó in éifeacht de thuras na huaire,

féadfar doiciméid lena mbaineann an tOrdú seo a sheachadadh, a chomhdú nó a thaisceadh trí chló den doiciméad lena mbaineann (a mbeidh, i gcás doiciméad a cheanglaítear a bheith sínithe, síniú lámhscríbhinne bunaidh air) mar aon le cóip den chéanna de réir fhorálacha na Rialacha seo agus trí aon mheán a cheadaítear leo, seachas an tOrdú seo, a sheachadadh ar an oifig chúirte iomchuí nó a chomhdú nó a thaisceadh léi.
III. Cásbhainistiú iarratas faoi Chuid 3 den Acht
5. (1) Ar:

(a) an dáta chun fógra foriarratais arna eisiúint faoi rialacha 7 go 13 go huile, 16 go 18 go huile, 21 nó 22, 25 go 27 go huile, 30 nó 31 a chur ar ais, nó

(b) an dáta a ndearnadh aon Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais agus aon agóidí ina coinne a chur isteach lena breithniú nó lena mbreithniú den chéad uair ag an gCúirt de réir riail 19, nó

(c) an dáta a ndearnadh aon Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta agus aon agóidí ina coinne a chur isteach lena breithniú nó lena mbreithniú den chéad uair ag an gCúirt de réir riail 28,

nó ar aon atráthú den dáta sin, féadfaidh an Chúirt, mura n-éistfidh sí an t-iarratas, na hagóidí nó an iarraidh ar chead lena mbaineann (dá ngairtear an “ní” sa riail seo) agus cinneadh a dhéanamh ina leith, ar an dáta sin, agus i gcás go measfaidh sí gur gá déanamh amhlaidh, cibé ordacháin a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh chun an ní a sheoladh tuilleadh is dealraitheach a bheith caoithiúil chun an ní a chinneadh ar mhodh a bheidh ceart, dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí a íoslaghdú, ar a n-áireofar, más cuí:

(i) ordacháin maidir le fógra i dtaobh an ní a sheirbheáil ar aon duine eile, lena n-áirítear modh na seirbheála agus an t-am a cheadaítear chun an tseirbheáil sin a dhéanamh (agus féadfaidh an Chúirt, chun na críche sin, an éisteacht no éisteacht bhreise ar an ní a chur ar atráth go dtí dáta a shonrófar);

(ii) ordacháin maidir le comhdú agus seachadadh aon mhionnscríbhinní breise ag aon pháirtí no páirtithe;

(iii) orduithe lena socrófar teorainneacha ama;

(iv) ordacháin maidir le doiciméid a thabhairt ar aird do pháirtithe eile nó maidir le doiciméid nó fianaise bhreise a thabhairt don Chúirt;

(v) ordacháin maidir le meabhráin a mhalartú idir na páirtithe nó i measc na bpáirtithe chun go gcomhaontóidh na páirtithe nó chun go socróidh an Chúirt aon saincheisteanna fíorais nó dlí a bheidh le cinneadh sna himeachtaí, nó orduithe lena socrófar saincheisteanna den sórt sin;

(vi) ordachán go ndéanfar an ní a chinneadh ar fhianaise ó bhéal, i gcás go ndealraíonn sé don Chúirt gur dóigh go mbainfidh díospóid shubstaintiúil maidir le fíorais leis an ní nó go bhfuil sé riachtanach nó inmhianaithe thairis sin ar mhaithe leis an gceartas (agus féadfaidh an Chúirt, chun na críche sin, orduithe a dhéanamh nó ordacháin a thabhairt i ndáil le malartú pléadálacha nó pointí éilimh nó cosanta idir na páirtithe);

(vii) ordacháin maidir leis na páirtithe do thabhairt aighneachtaí scríofa don Chúirt agus an céanna a sheachadadh;

(viii) ordacháin maidir le fógra i dtaobh an ní a éisteacht a fhoilsiú agus maidir le fógra a thabhairt roimh an éisteacht sin d’aon duine seachas páirtí sna himeachtaí ar mian leis nó léi éisteacht a fháil nuair a éistfear an ní.

(2) Ar an dáta a luaitear i bhfo-riail (1) (nó ar aon atráthú den dáta sin) féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, aon iarratas ar fhaoiseamh de chineál idirbhreitheach a éisteacht.
IV. Fógraí Faoisimh Fiachais
6. (1) Féadfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta breith a lorg ón gCúirt faoi alt 31(2) den Acht trí na nithe seo a leanas a thabhairt don oifig chúirte iomchuí:

(i) an t-iarratas ar Fhógra Faoisimh Fiachais faoi alt 29 den Acht thar ceann an fhéichiúnaí lena mbaineann;

(ii) an deimhniú ón tSeirbhís Dócmhainneachta (i bhFoirm 52A i Sceideal na bhFoirmeacha) sa chiall go bhfuil an t-iarratas iomchuí faoi alt 29 den Acht in ord, agus

(iii) an doiciméadacht tacaíochta leis an iarratas faoi alt 29 den Acht (seachas na doiciméid dá dtagraítear in alt 29(2)(e) agus (f) den Acht).

(2) Maidir leis an iarratas dá dtagraítear i mír (i) d’fho-riail (1), is é a bheidh ann, san fhoirm arna forordú ag an tSeirbhís Dócmhainneachta faoin Acht, an doiciméad tionscnaimh do na himeachtaí i dtaca leis an bhFógra Faoisimh Fiachais maidir leis an bhféichiúnaí lena mbaineann. Gach iarratas eile faoin Acht i dtaca leis an bhFógra Faoisimh Fiachais maidir leis an bhféichiúnaí lena mbaineann, déanfar iad a thabhairt sna himeachtaí arna dtionscnamh leis an iarratas sin agus na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna (ii) agus (iii) d’fho-riail (1) a chur isteach.

(3) Ar an dáta a céadsocraíodh chun an t-iarratas a bhreithniú le haghaidh breith a luaitear i bhfo-riail (1), ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta, an t-idirghabhálaí ceadaithe lena mbaineann agus an féichiúnaí lena mbaineann faoi cheangal freastal agus féadfaidh an Chúirt, tar éis di an t-iarratas a bhreithniú:

(a) más deimhin léi gur comhlíonadh na critéir a shonraítear in alt 26(2) den Acht, Fógra Faoisimh Fiachais a eisiúint, i bhFoirm 52B i Sceideal na bhFoirmeacha, de réir alt 31(2)(a) den Acht;

(b) mura deimhin léi gur comhlíonadh na critéir a shonraítear in alt 26(2) den Acht, diúltú an t-iarratas ar Fhógra Faoisimh Fiachais a eisiúint, de réir alt 31(2)(b) den Acht;

(c) an t-iarratas a chur ar atráth agus a ordú do chláraitheoir na Cúirte a iarraidh ar an tSeirbhís Dócmhainneachta aon ní sa doiciméadacht arna cur ar fáil a shoiléiriú nó aon doiciméadacht a fheictear don Chúirt a bheith ar iarraidh a chur ar fáil, nó

(d) i gcás go dteastaíonn breis faisnéise nó fianaise uaithi chun teacht ar bhreith faoi alt 31(2) den Acht, a ordú go dtionólfar éisteacht, is éisteacht a bheidh iar bhfógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don idirghabhálaí ceadaithe lena mbaineann de réir alt 31(3) den Acht.

(4) I gcás go n-ordóidh an Chúirt go mbeidh éisteacht ann de réir alt 31(3) den Acht, ordóidh an Chúirt do chláraitheoir na Cúirte an t-am agus an t-ionad a bheidh socraithe don éisteacht a áireamh san fhógra don tSeirbhís Dócmhainneachta arna eisiúint faoi alt 31(5) den Acht, agus féadfaidh sí a ordú don chláraitheoir na nithe seo a leanas a áireamh san fhógra:

(a) tásc ar chineál na faisnéise nó na fianaise a theastóidh ón gCúirt chun teacht ar bhreith faoi alt 31(2) den Acht, agus na daoine is dóigh a bheidh in ann an fhaisnéis nó an fhianaise a chur ar fáil, agus

(b) fógra i dtaobh an dtabharfar aon fhianaise a theastóidh ón gCúirt trí mhionnscríbhinn.

(5) I gcás gur lorg an tSeirbhís Dócmhainneachta breith ón gCúirt faoi alt 31(2) den Acht de réir fho-riail (1) agus gur mian leis an idirghabhálaí ceadaithe an t-iarratas a tharraingt siar de réir alt 29(5) den Acht, tabharfaidh an t-idirghabhálaí ceadaithe fógra i scríbhinn i dtaobh na tarraingthe siar don tSeirbhís Dócmhainneachta, agus déanfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta, a luaithe is indéanta tar éis an fógra sin a fháil, fógra a thabhairt don Chúirt i dtaobh an t-iarratas a bheith tarraingthe siar.

7. Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ón tSeirbhís Dócmhainneachta faoi alt 34(2) den Acht chun an tréimhse mhaoirseachta a fhadú, is trí fhoriarratas ex parte ón tSeirbhís Dócmhainneachta sna himeachtaí a dhéanfar é, ina sainaithneofar na cúiseanna (arna leagan amach san fho-alt sin) leis an bhfadú a lorgaítear agus lena gcuirfear ag gabháil (trí mheán leictreonach i gcás go n-údaraítear nó go gceanglaítear sin) cóipeanna den doiciméad ar a mbeifear ag brath. Ní gá aon mhionnscríbhinn a bheith mar thacaíocht leis an bhforiarratas, ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt a cheangal go seachadfar mionnscríbhinn in aon chás ina measfaidh sí gur ceart agus gur riachtanach déanamh amhlaidh.

8. (1) Maidir le hiarratas faoi alt 35(3) den Acht ar chead, le linn na tréimhse maoirseachta lena mbaineann, ar imeachtaí eile, forghníomhú nó próiseas dlíthiúil eile maidir le fiachas cáilitheach sonraithe a thionscnamh nó a leanúint ar aghaidh i gcoinne an fhéichiúnaí shonraithe nó a chuid nó a cuid maoine—

(a) i gcás imeachtaí a lorgaítear a thionscnamh nó a leanúint ar aghaidh seachas os comhair breitheamh den Chúirt don Chuaird dá dtagraítear in alt 5(2) den Acht, déanfar é a thionscnamh trí fhógra foriarratais tionscnaimh,

(b) i gcás imeachtaí a lorgaítear a thionscnamh os comhair breitheamh den Chúirt don Chuaird dá dtagraítear in alt 5(2) den Acht, déanfar é a thionscnamh trí fhógra foriarratais tionscnaimh, agus

(c) i gcás imeachtaí a lorgaítear a leanúint ar aghaidh os comhair an bhreithimh dá dtagraítear ag mír (b), déanfar é a thionscnamh trí fhógra foriarratais,

ón duine a bheidh ag lorg an fhaoisimh sin chuig an gCúirt de réir alt 5(3) den Acht agus riail 2, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an duine sin nó thar ceann an duine sin ina leagtar amach na cúiseanna lena lorgaítear an cead sin.

(2) Déanfar an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais (agus cóip d’aon mhionnscríbhinn forais) a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí lena mbaineann, ar an idirghabhálaí ceadaithe lena mbaineann, ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil, trath nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais a éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(3) Ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta agus an t-idirghabhálaí ceadaithe lena mbaineann faoi cheangal freastal ar an dáta a céadsocraíodh chun an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais a éisteacht, agus ní bheidh siad faoi cheangal freastal ar aon dáta a ndéanfar an foriarratas sin a atráthú chuige, seachas trí ordachán ón gCúirt.

9. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ón tSeirbhís Dócmhainneachta faoi alt 39(1) den Acht chun Fógra Faoisimh Fiachais a leasú, is trí fhoriarratas iar bhfógra sna himeachtaí a thionscnófar é, ina sainaithneofar an leasú a lorgaítear agus an athbhrí, an earráid nó an t-easnamh a lorgaítear aghaidh a thabhairt uirthi nó air agus a mbeidh cóipeanna d’aon doiciméid a mbeifear ag brath orthu ag gabháil leis (trí mheán leictreonach i gcás go n-údaraítear nó go gceang laítear é).

(2) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip d’aon mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí sonraithe agus ar gach creidiúnaí sonraithe lena mbaineann tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht.

10. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ón tSeirbhís Dócmhainneachta faoi alt 41 den Acht ar ordacháin i ndáil le ní a éireoidh i dtaca le Fógra Faoisimh Fiachais, is trí fhógra foriarratais ón tSeirbhís Dócmhainneachta sna himeachtaí a dhéanfar é, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag duine a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an tSeirbhís Dócmhainneachta.

(2) Sonrófar san fhógra foriarratais na hordacháin áirithe agus na faoisimh eile, más ann, a lorgaítear faoi alt 41(3) den Acht.

(3) Maidir leis an mionnscríbhinn:

(a) áireofar inti, más iomchuí maidir leis na hordacháin agus na faoisimh a lorgaítear, fianaise maidir le haon neamhchomhlíonadh líomhnaithe oibleagáide faoi alt 36 den Acht ag an bhféichiúnaí sonraithe lena mbaineann, agus

(b) leagfar amach inti na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear gur chóir aon ordacháin áirithe a lorgaítear a thabhairt agus leagfar amach an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(4) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí sonraithe lena mbaineann de réir alt 41(2) den Acht tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht.

(5) Beidh an féichiúnaí sonraithe lena mbaineann saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

11. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó fhéichiúnaí sonraithe nó ó chreidiúnaí sonraithe faoi alt 42 den Acht, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a dhéanfar é, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an duine sin nó thar ceann an duine sin.

(2) Sonrófar na faoisimh áirithe a lorgaítear faoi alt 42 den Acht san fhógra foriarratais.

(3) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na sonraí maidir le haon ghníomh, neamhghníomh nó breith ón tSeirbhís Dócmhainneachta is ábhar don iarratas, na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go n-údaraítear nó go dtugtar teideal don iarratasóir an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(4) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar gach duine de na daoine a luaitear in alt 42(2) den Acht tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht.

(5) Gach duine ar a seirbheálfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais, beidh sé nó sí saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh agus ar gach duine eile ar ar seirbheáladh fógra i dtaobh an iarratais tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

12. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chreidiúnaí sonraithe faoi alt 43 den Acht, is trí fhógra foriarratais ón gcreidiúnaí sonraithe sna himeachtaí a dhéanfar é, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an gcreidiúnaí sonraithe nó thar ceann an duine sin.

(2) Sonrófar san fhógra foriarratais na forais leis an agóid a luaitear in alt 43(3) den Acht agus na faoisimh áirithe a lorgaítear faoi alt 43(5) den Acht.

(3) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear na forais leis an agóid lena mbaineann agus lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don iarratasóir an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(4) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar an gcreidiúnaí sonraithe lena mbaineann tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht.

(5) Gach duine ar a seirbheálfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais, beidh sé nó sí saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh agus ar gach duine eile ar ar seirbheáladh fógra i dtaobh an iarratais tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

13. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ón tSeirbhís Dócmhainneachta faoi alt 44 den Acht chun go ndéanfar Fógra Faoisimh Fiachais a fhoirceannadh, is trí fhógra foriarratais ón tSeirbhís Dócmhainneachta sna himeachtaí a dhéanfar é, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag duine a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an tSeirbhís Dócmhainneachta.

(2) Sonrófar san fhógra foriarratais na forais a luaitear in alt 44(3) den Acht ar a ndéantar an t-iarratas agus na faoisimh áirithe a lorgaítear faoi alt 44(4) den Acht.

(3) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear na forais a luaitear in alt 44(3) den Acht lena mbaineann agus lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don tSeirbhís Dócmhainneachta an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(4) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí sonraithe lena mbaineann agus gach creidiúnaí sonraithe lena mbaineann tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(5) Beidh an féichiúnaí sonraithe lena mbaineann saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar gach duine eile ar ar seirbheáladh fógra i dtaobh an iarratais tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

(6) Gach creidiúnaí sonraithe ar a seirbheálfar fógra i dtaobh an iarratais, beidh sé nó sí saor chun mionnscríbhinn a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais lena thacaíocht leis an iarratas nó, de réir mar a bheidh, lena chur ina choinne, agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar gach duine eile ar ar seirbheáladh fógra i dtaobh an iarratais tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.


V. Comhshocraíochtaí Socraíochta Fiachais
14. (1) Faoi réir fho-riail (2), is trí fhógra foriarratais chuig an tSeirbhís Dócmhainneachta arna fhorasú ar mhionnscríbhinn an fhéichiúnaí a dhéanfar iarratas chuig an gCúirt ó fhéichiúnaí ar ordú faoi alt 57(2) den Acht.

(2) Féadfaidh an Chúirt a ordú go dtabharfaidh an féichiúnaí fógra i dtaobh an iarratais do cibé duine nó daoine a ordóidh sí.

15. (1) Féadfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta breith a lorg ón gCúirt faoi alt 61(2) den Acht trí na nithe seo a leanas a chuir isteach san oifig chúirte iomchuí:

(i) an t-iarratas ar dheimhniú cosantach faoi alt 59 den Acht thar ceann féichiúnaí;

(ii) deimhniú de chuid na Seirbhíse Dócmhainneachta (i bhFoirm 52A i Sceideal na bhFoirmeacha) sa chiall go bhfuil an t-iarratas faoi alt 59 den Acht in ord, agus

(iii) an doiciméadacht tacaíochta leis an iarratas faoi alt 59 den Acht (seachas na doiciméid dá dtagraítear in alt 59(2)(f) agus (g) den Acht).

(2) Maidir leis an iarratas dá dtagraítear i mír (i) d’fho-riail (1), is é a bheidh ann, san fhoirm arna forordú ag an tSeirbhís Dócmhainneachta faoin Acht, an doiciméad tionscnaimh sna himeachtaí i dtaca leis an gComhshocraíocht Socraíochta Fiachais maidir leis an bhféichiúnaí lena mbaineann. Gach iarratas eile faoin Acht i dtaca leis an gComhshocraíocht Socraíochta Fiachais maidir leis an bhféichiúnaí lena mbaineann, déanfar iad a thionscnamh sna himeachtaí arna dtionscnamh leis an iarratas sin agus na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna (ii) agus (iii) d’fho-riail (1) a chur isteach.

(3) Ar an dáta a céadsocraíodh chun an t-iarratas a bhreithniú,ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta, an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann agus an féichiúnaí lena mbaineann faoi cheangal freastal agus féadfaidh an Chúirt, tar éis di an t-iarratas a bhreithniú:

(a) más deimhin léi gur comhlíonadh na critéir incháilitheachta a shonraítear in alt 57 den Acht, agus na ceanglais iomchuí eile a bhaineann le hiarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint, deimhniú cosantach a eisiúint, i bhFoirm 52C i Sceideal na bhFoirmeacha, de réir alt 61(2)(a) den Acht;

(b) mura deimhin léi gur comhlíonadh na critéir a shonraítear in alt 57 den Acht, agus na ceanglais iomchuí eile a bhaineann le hiarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint, diúltú an t-iarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint, de réir alt 61(2)(b) den Acht;

(c) an t-iarratas a chur ar atráth agus a ordú do chláraitheoir na Cúirte a iarraidh ar an tSeirbhís Dócmhainneachta aon ní sa doiciméadacht arna cur ar fáil a shoiléiriú nó aon doiciméadacht a fheictear don Chúirt a bheith ar iarraidh a chur ar fáil, nó

(d) i gcás go dteastaíonn breis faisnéise nó fianaise uaithi chun teacht ar bhreith faoi alt 61(2) den Acht, a ordú go dtionólfar éisteacht, is éisteacht a bheidh iar bhfógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann de réir alt 61(3) den Acht.

(4) I gcás go n-ordóidh an Chúirt go mbeidh éisteacht ann de réir alt 61(3) den Acht, ordóidh an Chúirt do chláraitheoir na Cúirte an t-am agus an t-ionad a bheidh socraithe don éisteacht a áireamh san fhógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann arna eisiúint faoi alt 61(10) den Acht, agus féadfaidh sí a ordú don chláraitheoir na nithe seo a leanas a áireamh san fhógra:

(a) tásc ar chineál na faisnéise nó na fianaise a theastóidh ón gCúirt chun teacht ar bhreith faoi alt 61(2) den Acht, agus na daoine is dóigh a bheidh in ann an fhaisnéis nó an fhianaise sin a chur ar fáil, agus

(b) fógra i dtaobh an dtabharfar aon fhianaise a theastóidh ón gCúirt trí mhionnscríbhinn.

(5) I gcás gur lorg an tSeirbhís Dócmhainneachta breith ón gCúirt faoi alt 61(2) den Acht de réir fho-riail (1) agus gur mian leis an gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta an t-iarratas a tharraingt siar de réir alt 59(3) den Acht, tabharfaidh an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta fógra i scríbhinn i dtaobh na tarraingthe siar don tSeirbhís Dócmhainneachta, agus déanfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta, a luaithe is indéanta tar éis an fógra sin a fháil, fógra a thabhairt don Chúirt i dtaobh an t-iarratas a bheith tarraingthe siar.

16. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chleachtóir dócmhainneachta pearsanta faoi alt 61(6) nó 61(7) den Acht chun tréimhse an deimhnithe chosantaigh a fhadú, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a dhéanfar é, ina leagfar amach nac úiseanna leis an bhfadú a lorgaítear. Ní gá aon mhionnscríbhinn a bheith mar thacaíocht leis an bhforiarratas, ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt a cheangal go seachadfar mionnscríbhinn in aon chás ina measfaidh sí gur ceart agus gur riachtanach déanamh amhlaidh.

(2) Déanfar an fógra foriarratais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta.

(3) Ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta faoi cheangal freastal ar an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht, agus ní bheidh sí faoi cheangal freastal ar aon dáta a ndéanfar an foriarratas sin a atráthú chuige, seachas trí ordachán ón gCúirt.

17. (1) D’ainneoin riail 2, maidir le hiarratas chuig an gCúirt faoi alt 62(3) den Acht ar chead, fad a leanfaidh deimhniú cosantach de bheith i bhfeidhm, chun imeachtaí eile, forghníomhú nó próiseas dlíthiúil eile a thionscnamh nó a leanúint ar aghaidh maidir le fiachas sonraithe i gcoinne an fhéichiúnaí nó a chuid nó a cuid maoine:

(a) i gcás iarratas ar imeachtaí a thosú, tabharfar é sa Chontae ina gceanglaítear imeachtaí maidir leis an bhfiachas sonraithe a thabhairt trí fhógra foriarratais tionscnaimh, nó

(b) i gcás iarratas ar imeachtaí a leanúint ar aghaidh nó ar fhorghníomhú nó ar phróiseas dlíthiúil eile, tabharfar é sa Chontae inar tionscnaíodh na himeachtaí a lorgaítear a leanúint ar aghaidh (nó a lorgaítear forghníomhú nó próiseas dlíthiúil eile dá ndroim), agus déanfar é trí fhógra foriarratais sna himeachtaí ina lorgaítear é a leanúint ar aghaidh nó ina lorgaítear cead chun forghníomhú a dhéanamh nó le haghaidh próisis dhlíthiúil eile,

ón duine a bheidh ag lorg an fhaoisimh sin, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an duine sin nó thar ceann an duine sin ina leagtar amach na cúiseanna lena lorgaítear an cead sin.

(2) Déanfar an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais (agus cóip den mhionnscríbhinn forais) a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí lena mbaineann, ar an gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann, ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil, trath nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais a éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(3) Ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta agus an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann faoi cheangal freastal ar an dáta a céadsocraíodh chun an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais a éisteacht, agus ní bheidh siad faoi cheangal freastal ar aon dáta a ndéanfar an foriarratas sin a atráthú chuige, seachas trí ordachán ón gCúirt.

18. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt faoi alt 63 den Acht ó chreidiúnaí arb eagóir leis nó léi deimhniú cosantach a eisiúint, déanfar é trí fhógra foriarratais sna himeachtaí, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an gcreidiúnaí nó thar ceann an chreidiúnaí.

(2) Sonrófar san fhógra foriarratais an dáta a tugadh fógra i dtaobh an deimhniú cosantach a eisiúint don chreidiúnaí lena mbaineann agus na forais leis an iarratas.

(3) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear na forais lena mbaineann lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don iarratasóir an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(4) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta, ar an gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil de réir alt 63(2) den Acht tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht.

(5) Beidh gach duine ar a seirbheálfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh agus ar gach duine eile ar ar seirbheáladh fógra i dtaobh an iarratais tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

19. (1) Is i bhFoirm 52D i Sceideal na bhFoirmeacha a dhéanfar fógra agóide i gcoinne Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais arna taisceadh ag creidiúnaí de réir alt 75(3) den Acht agus:

(a) beidh uimhir thaifid na n-imeachtaí ar áireamh ann;

(b) luafar ann cathain a chuir an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta (más eol) an fógra faoi alt 75(2) den Acht chuig an gcreidiúnaí agus cathain a fuair an creidiúnaí an fógra sin;

(c) sonrófar ann go gonta na forais, a leagtar amach in alt 87 den Acht, ar a ndéantar agóid i gcoinne theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Socraíochta Fiachais, agus

(d) daingneofar ann méid an fhiachais atá dlite don chreidiúnaí lena mbaineann.

(2) Is i bhFoirm 52E i Sceideal na bhFoirmeacha a bheidh fógra chuig an gCúirt ón tSeirbhís Dócmhainneachta de réir alt 76(1) den Acht i dtaobh Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais a bheidh ceadaithe ag cruinniú creidiúnaithe agus beidh i dteannta leis an bhfógra:

(a) cóip dhílis den deimhniú dá bhforáiltear faoi alt 75(1)(a) den Acht mar aon le toradh na vótála a rinneadh ag cruinniú nag creidiúnaithe, i bhFoirm 52F i Sceideal na bhFoirmeacha,

(b) cóip dhílis den Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais cheadaithe,

(c) cóip dhílis den ráiteas dá bhforáiltear faoi alt 75(1)(c) den Acht, i bhFoirm 52G i Sceideal na bhFoirmeacha.

(3) Tar éis an fógra sin a fháil, tabharfaidh an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta deimhniú de chuid an chleachtóra dócmhainneachta pearsanta lena ndeimhnítear an dáta nó na dátaí ar ar cuireadh gach fógra chuig creidiúnaithe faoi alt 75(2) den Acht don tSeirbhís Dócmhainneachta agus déanfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta é a thaisceadh sa Chúirt go pras.

(4) Ar fhógra dá dtagraítear i bhfo-riail (2) a fháil, déanfaidh an t-oifigeach cuí an Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais agus aon agóidí ina coinne a chur isteach lena breithniú nó lena mbreithniú den chéad uair ag an gCúirt ar dháta nach déanaí ná 14 lá tar éis an dáta ar chuir an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta an fógra dá dtagraítear in alt 75(2) den Acht, nó an dáta a bhfuair an Chúirt cóip den Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais lena mbaineann, cibé acu is dealraitheach is déanaí, agus tabharfaidh sé nó sí fógra don tSeirbhís Dócmhainneachta, don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta agus d’aon chreidiúnaí a thaisc agóid i gcoinne theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Socraíochta Fiachais.

(5) Na forálacha de na Rialacha seo a bhfuil feidhm acu maidir le fógra agus breithniú i dtaobh Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais, beidh feidhm acu, mutatis mutandis, maidir le fógra agus breithniú i dtaobh Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais a athrú agus aon agóidí ina leith, mar aon le cibé modhnuithe ar na Rialacha sin (lena n-áirítear modhnuithe ar na Foirmeacha iomchuí) is gá de réir alt 82(8) den Acht.

20. (1) Ar an dáta a bheidh socraithe de réir riail 19(4) (nó aon atráthú den dáta sin) tabharfaidh an Chúirt (mura ndéanfaidh sí aon agóidí a éisteacht agus a chinneadh ar an dáta sin) ordacháin agus déanfaidh sí orduithe chun aon agóidí a chinneadh de réir riail 5.

(2) I gcás nach ndéanfaidh creidiúnaí agóid a thaisceadh leis an gCúirt laistigh den tréimhse a fhorordaítear le halt 75(2) den Acht, nó go ndeanfar agóid a thaisceadh leis an gCúirt agus go gcinnfear an ní ar an dáta a bheidh socraithe de réir riail 19(4) ar an mbonn nár chóir an agóid a cheadú, maidir leis an gCúirt:

(a) más deimhin léi gur comhlíonadh na ceanglais a shonraítear in alt 78(2)(a) den Acht, ceadóidh sí teacht in éifeacht na Comhshocraíochta Socraíochta Fiachais;

(b) mura deimhin léi gur comhlíonadh na ceanglais a shonraítear in alt 78(2)(a) den Acht, diúltóidh sí don iarratas ar theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Socraíochta Fiachais a cheadú de réir alt 78(2)(b) den Acht,

(c) féadfaidh sí breithniú tuilleadh na Comhshocraíochta Socraíochta Fiachais a atráthú chuig dáta a shocróidh an Chúirt agus a ordú do chláraitheoir na Cúirte a iarraidh ar an tSeirbhís Dócmhainneachta Pearsanta cibé faisnéis bhreise a shonróidh an Chúirt de réir alt 78(3)(a) den Acht a chur ar fáil, nó

(d) i gcás go dteastaíonn breis faisnéise nó fianaise uaithi de réir alt 78(3)(b) den Acht chun teacht ar bhreith faoi alt 78(2) den Acht, ordóidh sí go dtionólfar éisteacht, is éisteacht a bheidh iar bhfógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann de réir alt 78(3) den Acht.

(3) I gcás go n-ordóidh an Chúirt éisteacht de réir alt 78(3)(b) den Acht, ordóidh an Chúirt do chláraitheoir na Cúirte an t-am agus an t-ionad a bheidh socraithe don éisteacht a áireamh san fhógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta arna eisiúint faoi alt 78(6) den Acht, agus féadfaidh sí a ordú don chláraitheoir na nithe seo a leanas a áireamh san fhógra:

(a) tásc ar chineál na faisnéise nó na fianaise a theastóidh ón gCúirt chun teacht ar bhreith faoi alt 78(2) den Acht, agus na daoine is dóigh a bheidh in ann an fhaisnéis nó an fhianaise a chur ar fáil, agus

(b) fógra i dtaobh an dtabharfar aon fhianaise a theastóidh ón gCúirt trí mhionnscríbhinn.

21. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chreidiúnaí nó ó chleachtóir dócmhainneachta pearsanta faoi alt 83 den Acht chun go ndéanfar Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais a fhoirceannadh, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a dhéanfar é, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar a cheann nó thar a ceann.

(2) Sonrófar san fhógra foriarratais na forais a luaitear in alt 83(1) den Acht ar a ndéantar an t-iarratas agus na faoisimh áirithe a lorgaítear faoi alt 83(3) den Acht.

(3) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear na forais a luaitear in alt 83(1) den Acht lena mbaineann lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don pháirtí tionscnaimh an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(4) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí lena mbaineann agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(5) Beidh an féichiúnaí lena mbaineann saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

(6) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 83 den Acht lena bhfoirceannfar Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais, féadfar iarratas ar ordú faoi alt 85(1)(b) den Acht a dhéanamh gan foriarratas chun na críche sin, ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh go ndéanfar an céanna a éisteacht ar mhionnscríbhinn; i gcás go measfar gur theip ar Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais de bhua alt 84(1) den Acht, is trí fhógra foriarratais arna fhorasú ar mhionnscríbhinn a dhéanfar iarratas ar ordú faoi alt 85(1)(b) den Acht. Déanfar an fógra foriarratais agus an mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil.

22. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chreidiúnaí nó ó chleachtóir dócmhainneachta pearsanta ar fhaoiseamh faoi alt 88, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a dhéanfar é, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí tionscnaimh.

(2) Sonrófar san fhógra foriarratais na faoisimh áirithe a lorgaítear faoi alt 88(3) den Acht.

(3) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear go ndearna an féichiúnaí ranníocaí iomarcacha le comhshocraíocht pinsin iomchuí agus lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don pháirtí tionscnaimh an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(4) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí sonraithe lena mbaineann tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht.

(5) Beidh an féichiúnaí lena mbaineann saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.


VI. Comhshocraíochtaí Dócmhainneachta Pearsanta
23. (1) Faoi réir fho-riail (2), is trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an tSeirbhís Dócmhainneachta arna fhorasú ar mhionnscríbhinn ón bhféichiúnaí a dhéanfar iarratas chuig an gCúirt ar ordú faoi alt 91(3) den Acht.

(2) Féadfaidh an Chúirt a ordú go dtabharfaidh an féichiúnaí fógra i dtaobh an iarratais do cibé duine nó daoine a ordóidh sí.

24. (1) Féadfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta breith a lorg ón gCúirt faoi alt 95(2) den Acht trí na nithe seo a leanas a chuir isteach san oifig chúirte iomchuí:

(i) an t-iarratas ar dheimhniú cosantach faoi alt 93 den Acht thar ceann féichiúnaí;

(ii) deimhniú de chuid na Seirbhíse Dócmhainneachta (i bhFoirm 52A i Sceideal na bhFoirmeacha) sa chiall go bhfuil an t-iarratas faoi alt 59 den Acht in ord, agus

(iii) an doiciméadacht tacaíochta don iarratas faoi alt 93 den Acht (seachas na doiciméid dá dtagraítear in alt 93(2)(f) agus (g) den Acht).

(2) Maidir leis an iarratas dá dtagraítear i mír (i) d’fho-riail (1), is é a bheidh ann, san fhoirm arna forordú ag an tSeirbhís Dócmhainneachta faoin Acht, an doiciméad tionscnaimh sna himeachtaí i dtaca leis an gComhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta maidir leis an bhféichiúnaí lena mbaineann. Gach iarratas eile faoin Acht i dtaca leis an gComhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta maidir leis an bhféichiúnaí lena mbaineann, déanfar iad a thionscnamh sna himeachtaí arna dtionscnamh leis an iarratas sin agus na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna (ii) agus (iii) d’fho-riail (1) a chur isteach.

(3) Ar an dáta a céadsocraíodh chun an t-iarratas a bhreithniú, ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta, an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann agus an féichiúnaí lena mbaineann faoi cheangal freastal agus féadfaidh an Chúirt, tar éis di an t-iarratas a bhreithniú:

(a) más deimhin léi gur comhlíonadh na critéir incháilitheachta a shonraítear in alt 91 den Acht, agus na ceanglais iomchuí eile a bhaineann le hiarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint, deimhniú cosantach a eisiúint, i bhFoirm 52H i Sceideal na bhFoirmeacha, de réir alt 95(2)(a) den Acht;

(b) mura deimhin léi gur comhlíonadh na critéir incháilitheachta a shonraítear in alt 91 den Acht, agus na ceanglais iomchuí eile a bhaineann le hiarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint, diultú an t-iarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint, de réir alt 95(2)(b) den Acht;

(c) an t-iarratas a chur ar atráth agus a ordú do chláraitheoir na Cúirte a iarraidh ar an tSeirbhís Dócmhainneachta aon ní sa doiméadacht arna cur ar fáil a shoiléiriú nó aon doiciméadacht a fheictear don Chúirt a bheith ar iarraidh a chur ar fáil, nó

(d) i gcás go dteastaíonn faisnéis nó fianaise bhreise uaithi chun teacht ar chinneadh faoi alt 95(2) den Acht, a ordú go dtionólfar éisteacht, is éisteacht a bheidh iar bhfógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann de réir alt 95(3) den Acht.

(4) I gcás go n-ordóidh an Chúirt go mbeidh éisteacht ann de réir alt 95(3) den Acht, ordóidh an Chúirt do chláraitheoir na Cúirte an t-am agus an t-ionad a bheidh socraithe don éisteacht a áireamh san fhógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta arna eisiúint faoi alt 95(10) den Acht, agus féadfaidh sí a ordú don chláraitheoir na nithe seo a leanas a áireamh san fhógra:

(a) tásc ar chineál na faisnéise nó na fianaise a theastóidh ón gCúirt chun teacht ar chinneadh faoi alt 95(2) den Acht, agus na daoine is dóigh a bheidh in ann an fhaisnéis nó an fhianaise a chur ar fáil, agus

(b) fógra i dtaobh an dtabharfar aon fhianaise a theastóidh ón gCúirt trí mhionnscríbhinn.

(5) I gcás gur lorg an tSeirbhís Dócmhainneachta cinneadh ón gCúirt faoi alt 95(2) den Acht de réir fho-riail (1) agus gur mian leis an gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta an t-iarratas a tharraingt siar de réir alt 93(3) den Acht, tabharfaidh an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta fógra i scríbhinn i dtaobh na tarraingthe siar don tSeirbhís Dócmhainneachta, agus déanfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta, a luaithe is indéanta tar éis an fógra sin a fháil, fógra a thabhairt don Chúirt i dtaobh an t-iarratas a bheith tarraingthe siar.

25. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chleachtóir dócmhainneachta pearsanta faoi alt 95(6) nó 95(7) den Acht chun tréimhse an deimhnithe chosantaigh a fhadú, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a dhéanfar é, ina leagfar amach na cúiseanna leis an bhfadú a lorgaítear. Ní gá aon mhionnscríbhinn a bheith mar thacaíocht leis an bhforiarratas, ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt a cheangal go seachadfar mionnscríbhinn in aon chás ina measfaidh sí gur ceart agus gur riachtanach déanamh amhlaidh.

(2) Déanfar an fógra foriarratais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta.

(3) Ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta faoi cheangal freastal ar an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht, agus ní bheidh sí faoi cheangal freastal ar aon dáta a ndéanfar an foriarratas sin a atráthú chuige, seachas trí ordachán ón gCúirt.

26. (1) D’ainneoin riail 2, maidir le hiarratas chuig an gCúirt faoi alt 62(3) den Acht ar chead, fad a leanfaidh deimhniú cosantach de bheith i bhfeidhm, chun imeachtaí eile, forghníomhú nó próiseas dlíthiúil eile a thionscnamh nó a leanúint ar aghaidh maidir le fiachas sonraithe i gcoinne an fhéichiúnaí nó a chuid nó a cuid maoine:

(a) i gcás iarratas ar imeachtaí a thionscnamh, tabharfar é sa Chontae ina gceanglaítear imeachtaí maidir leis an bhfiachas sonraithe a thabhairt trí fhógra foriarratais tionscnaimh, nó

(b) i gcás iarratas ar imeachtaí a leanúint ar aghaidh nó ar fhorghníomhú nó ar phróiseas dlíthiúil eile, tabharfar é sa Chontae inar tionscnaíodh na himeachtaí a lorgaítear a leanúint ar aghaidh (nó a lorgaítear forghníomhú nó próiseas dlíthiúil eile dá ndroim), agus déanfar é trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a lorgaítear a leanúint ar aghaidh nó ina lorgaítear cead chun forghníomhú a dhéanamh nó le haghaidh próisis dhlíthiúil eile,

ón duine a bheidh ag lorg an fhaoisimh sin, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an duine sin nó thar ceann an duine sin ina leagtar amach na cúiseanna lena lorgaítear an cead sin.

(2) Déanfar an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais (agus cóip d’aon mhionnscríbhinn forais) a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí lena mbaineann, ar an gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann, ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil, tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais a éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(3) Ní bheidh an tSeirbhís Dócmhainneachta agus an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann faoi cheangal freastal ar an dáta a céadsocraíodh chun an fógra foriarratais tionscnaimh nó an fógra foriarratais a éisteacht, agus ní bheidh siad faoi cheangal freastal ar aon dáta a ndéanfar an foriarratas sin a atráthú chuige, seachas trí ordachán ón gCúirt.

27. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt faoi alt 97 den Acht ó chreidiúnaí arb eagóir leis nó léi deimhniú cosantach a eisiúint, déanfar é trí fhógra foriarratais an chreidiúnaí sna himeachtaí, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an gcreidiúnaí nó thar ceann an chreidiúnaí.

(2) Sonrófar san fhógra foriarratais an dáta a tugadh fógra i dtaobh an deimhniú cosantach a eisiúint don chreidiúnaí lena mbaineann agus na forais leis an iarratas.

(3) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear na forais lena mbaineann lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don iarratasóir an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(4) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar an gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann, de réir alt 97(2) den Acht tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht.

(5) Beidh gach duine ar a seirbheálfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

28. (1) Is i bhFoirm 52D i Sceideal na bhFoirmeacha a dhéanfar fógra agóide i gcoinne Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta arna taisceadh ag creidiúnaí de réir alt 112(3) den Acht agus:

(a) beidh uimhir thaifid na n-imeachtaí ar áireamh ann;

(b) luafar ann cathain a chuir an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta (más eol) an fógra faoi alt 112(2) den Acht chuig an gcreidiúnaí agus cathain a fuair an creidiúnaí an fógra sin;

(c) sonrófar ann go gonta na forais, a leagtar amach in alt 120 den Acht, ar a ndéantar agóid i gcoinne theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta, agus

(d) daingneofar ann méid an fhiachais atá dlite don chreidiúnaí lena mbaineann.

(2) Is i bhFoirm 52E i Sceideal na bhFoirmeacha a bheidh fógra chuig an gCúirt ón tSeirbhís Dócmhainneachta de réir alt 113(1) den Acht i dtaobh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta a bheidh ceadaithe ag cruinniú creidiúnaithe agus beidh i dteannta leis an bhfógra:

(a) cóip dhílis den deimhniú dá bhforáiltear faoi alt 112(1)(a) den Acht mar aon le toradh na vótála a rinneadh ag cruinniú na gcreidiúnaithe, i bhFoirm 52F i Sceideal na bhFoirmeacha,

(b) cóip dhílis den Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta cheadaithe mar aon le huimhir thaifid na n-imeachtaí formhuinithe uirthi,

(c) cóip dhílis den ráiteas dá bhforáiltear faoi alt 112(1)(c) den Acht, i bhFoirm 52G i Sceideal na bhFoirmeacha.

(3) Tar éis an fógra sin a fháil, tabharfaidh an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta deimhniú de chuid an chleachtóra dócmhainneachta pearsanta lena ndeimhnítear an dáta nó na dátaí ar ar cuireadh gach fógra do chreidiúnaithe faoi alt 112(2) den Acht don tSeirbhís Dócmhainneachta agus déanfaidh an tSeirbhís Dócmhainneachta é a thaisceadh sa Chúirt go pras.

(4) Ar fhógra a fháil de réir fho-riail (2), déanfaidh an t-oifigeach cuí an Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta agus aon agóidí ina coinne a chuir isteach lena breithniú den chéad uair ag an gCúirt ar dháta nach déanaí ná 14 lá tar éis an dáta ar chuir an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta an fógra dá dtagraítear in alt 112(2) den Acht, nó an dáta a bhfuair an Chúirt cóip den Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta lena mbaineann, cibé acu is dealraitheach is déanaí, agus tabharfaidh sé nó sí fógra don tSeirbhís Dócmhainneachta, don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta agus d’aon chreidiúnaí a thaisc agóid i gcoinne theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta.

(5) Na forálacha de na Rialacha seo a bhfuil feidhm acu maidir le fógra agus breithniú i dtaobh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta, beidh feidhm acu, mutatis mutandis, maidir le fógra agus breithniú i dtaobh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta a athrú agus aon agoidí ina coinne, mar aon le cibé modhnuithe ar na Rialacha sin (lena n-áirítear modhnuithe ar na Foirmeacha iomchuí) is gá de réir alt 119(8) den Acht.

29. (1) Ar an dáta a bheidh socraithe de réir riail 28(4) (nó aon atráthú den dáta sin) tabharfaidh an Chúirt (mura ndéanfaidh sí aon agóidí a éisteacht agus a chinneadh ar an dáta sin) ordacháin agus déanfaidh sí orduithe chun aon agóidí a chinneadh de réir riail 5.

(2) I gcás nach ndéanfaidh creidiúnaí agóid a thaisceadh leis an gCúirt laistigh den tréimhse a fhorordaítear le halt 112(3) den Acht, nó go ndéanfar agóid a thaisceadh leis an gCúirt agus go gcinnfear an ní ar an dáta a bheidh socraithe de réir riail 28(4) ar an mbonn nár chóir an agóid a cheadú, maidir leis an gCúirt:

(a) más deimhin léi gur comhlíonadh na ceanglais a shonraítear in alt 115(2)(a) den Acht, ceadóidh sí theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta;

(b) mura deimhin léi gur comhlíonadh na ceanglais a shonraítear in alt 115(2)(a) den Acht, diúltóidh sí don iarratas ar theacht in éifeacht na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta a cheadú de réir alt 115(2)(b) den Acht,

(c) féadfaidh sí breithniú tuilleadh na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta a atráthú chuig dáta a shocróidh an Chúirt agus a ordú do chláraitheoir na Cúirte a iarraidh ar an tSeirbhís Dócmhainneachta Pearsanta cibé faisnéis bhreise a shonróidh an Chúirt de réir alt 115(3)(a) den Acht a chur ar fáil, nó

(d) i gcás go dteastaíonn tuilleadh faisnéise nó fianaise uaithi de réir alt 115(3)(b) den Acht chun teacht ar bhreith faoi alt 115(2) den Acht, ordóidh sí go dtionólfar éisteacht, is éisteacht a bheidh iar bhfógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta lena mbaineann de réir alt 115(3) den Acht.

(3) I gcás go n-ordóidh an Chúirt éisteacht de réir alt 115(3)(b) den Acht, ordóidh an Chúirt do chláraitheoir na Cúirte an t-am agus an t-ionad a bheidh socraithe don éisteacht a áireamh san fhógra don tSeirbhís Dócmhainneachta agus don chleachtóir dócmhainneachta pearsanta arna eisiúint faoi alt 115(6) den Acht, agus féadfaidh sí a ordú don chláraitheoir na nithe seo a leanas a áireamh san fhógra:

(a) tásc ar chineál na faisnéise nó na fianaise a theastóidh ón gCúirt chun teacht ar chinneadh faoi alt 115(2) den Acht, agus na daoine is dóigh a bheidh in ann an fhaisnéis nó an fhianaise a chur ar fáil, agus

(b) fógra i dtaobh an dtabharfar aon fhianaise a theastóidh ón gCúirt trí mhionnscríbhinn.

30. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chreidiúnaí nó ó chleachtóir dócmhainneachta pearsanta ar fhaoiseamh faoi alt 121 den Acht, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a dhéanfar é, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí tionscnaimh.

(2) Sonrófar san fhógra foriarratais na faoisimh áirithe a lorgaítear faoi alt 121(3) den Acht.

(3) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear go ndearna an féichiúnaí ranníocaí iomarcacha le socrú pinsin iomchuí lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don pháirtí tionscnaimh an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(4) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí lena mbaineann agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(5) Beidh an féichiúnaí lena mbaineann saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh agus ar gach duine eile ar ar seirbheáladh fógra i dtaobh an iarratais roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

31. (1) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt ó chreidiúnaí nó ó chleachtóir dócmhainneachta pearsanta faoi alt 122 den Acht ar Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta a fhoirceannadh, is trí fhógra foriarratais sna himeachtaí a dhéanfar é, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí tionscnaimh.

(2) Sonrófar san fhógra foriarratais na forais a luaitear in alt 122(1) den Acht ar a ndéantar an t-iarratas agus na faoisimh áirithe a lorgaítear faoi alt 122(3) den Acht.

(3) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn na fíorais nó na himthosca lena líomhnaítear go mbunaítear na forais a luaitear in alt 122(1) den Acht lena mbaineann agus lena n-údaraítear nó lena dtugtar teideal don pháirtí tionscnaimh an faoiseamh a lorgaítear a fháil agus leagfar amach inti an bonn atá ag an teisteoir lena chreidiúint na fíorais nó na himthosca sin a bheith ann.

(4) Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí lena mbaineann agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(5) Beidh an féichiúnaí lena mbaineann saor chun mionnscríbhinn fhreagartha a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach go beacht na forais atá le haon chur i gcoinne an iarratais agus ina bhfíorófar aon fhíorais ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais, agus déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) a sheirbheáil ar an bpáirtí tionscnaimh tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta a céadsocraíodh chun an foriarratas a éisteacht roimh an dáta ar a mbeidh an fógra foriarratais le cur ar ais.

(6) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 122 den Acht lena bhfoirceannfar Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta, féadfar iarratas ar ordú faoi alt 124(1)(b) den Acht a dhéanamh gan foriarratas chun na críche sin, ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh go ndéanfar an céanna a éisteacht ar mhionnscríbhinn; i gcás go measfar gur theip ar Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta de bhua alt 123(1) den Acht, is trí fhógra foriarratais arna fhorasú ar mhionnscríbhinn a dhéanfar iarratas ar ordú faoi alt 124(1)(b) den Acht. Déanfar an fógra foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an tSeirbhís Dócmhainneachta agus ar aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt gur chóir é nó í a sheirbheáil.


VII. Earráidí a Cheartú
32. (1) Féadfaidh an Chúirt, i gcás gur deimhin léi nach bhfulaingeodh aon duine dochar dá réir, dá rogha féin agus gan éisteacht chun na críche sin:

(a) aon ordú, fógra, deimhniú nó doiciméad eile arna eisiúint don Chúirt agus thar a ceann trí dhearmad, a chur ar ceal, nó

(b) gan teideal aon pháirtí nó duine chun iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt faoi Ordú 65, riail 3, a theorannú, aon dearmad cléireachais in aon ordú, fógra, deimhniú nó doiciméad eile arna eisiúint don Chúirt agus thar a ceann, nó aon earráid a tharlóidh sa chéanna mar gheall ar aon bhotún nó easnamh, a cheartú.

(2) I gcás go bhféadfar difear a dhéanamh d’aon pháirtí dá réir, féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara an ní a liostú iar bhfógra don duine sin agus tar éis an duine sin a éisteacht, féadfaidh sí:

(a) aon ordú, fógra, deimhniú nó doiciméad eile arna eisiúint don Chúirt agus thar a ceann trí dhearmad, a chur ar ceal, nó

(b) gan teideal aon phairti nó duine chun iarratas a dheanarnh chuig an gCuirt faoi Ordu 65, riail 3, a theorannu, aon dearrnad cleireachais in aon ordu, fógra, deirnhniu nó doicirnead eile arna eisiuint don Chuirt agus thar a ceann, nó aon earráid a tharlóidh sa cheanna mar gheall ar a on bhotún nó easnarnh, a cheartú.