Ordú 36

Forghníomhú

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim36-I.R. Uimh. 542 De 2004: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Uimh. 1) (An Tacht Um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003), 2004


1. Cuirfear aon bhreithiúnas nó ordú chun airgead a íoc i bhfeidhm, ar iarraidh ón bpáirtí a mbeidh an breithiúnas nó an t-ordú sin á thabhairt ar aghaidh aige, le hordú forghníomhaithe a eiseofar faoi Shéala na Cúirte i bhFoirm 20 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo.

2. Féadfar aon bhreithiúnas nó ordú chun talamh a aisghabháil nó chun seilbh talún a sheachadadh, cibé acu a tugadh an breithiúnas sin nó a rinneadh an t-ordú sin i gcaingean eisiachtana nó in aon chaingean nó ábhar eile, a chur i bhfeidhm le hordú i leith seilbhe a eiseofar faoi Shéala na Cúirte i bhFoirm 23 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo.

3. Más rud é, in aon imeacht seachas eisiachtain, go ndéanfar ordú chun talamh a aisghabháil nó chun seilbh talún a sheachadadh ar aon duine, ní eiseoidh an Cláraitheoir Contae ordú forghníomhaithe i leith seilbhe gan fianaise (trí mhionnscríbhinn nó dearbhú) gur seirbheáladh an t-ordú agus nár géilleadh dó.

4. Féadfar breithiúnas á cheangal ar aon duine aon ghníomh a dhéanamh, seachas airgead a íoc, nó á cheangal air staonadh ó aon ní a dhéanamh, a chur i bhfeidhm le hordú forghníomhaithe i bhfoirm astú nó cimiú.

5. Le cead ón mBreitheamh, féadfar aon bhreithiúnas nó ordú igcoinne corparáide a mbeifear go toiliúil gan géilleadh dó a chur i bhfeidhm le hordú forghníomhaithe i bhfoirm astú nó cimiú i gcoinne stiúrthóirí na corparáide nó i gcoinne oifigeach eile de chuid na corparáide, nó i gcoinne aon duine díobh.

6. Más rud é gur chun aon mhaoin seachas airgead nó talamh a aisghabháil a thabharfar breithiúnas nó a dhéanfar ordú, féadfaidh anBreitheamh a ordú, ar fhoriarratas ón ngearánaí nó ó dhuine eile a bheidh i dteideal an breithiúnas nó an t-ordú sin a thabhairt ar aghaidh, go ndéanfar, d'éagmais seachadadh, ordú forghníomhaithe a eisiúint chun an mhaoin a sheachadadh gan an rogha a thabhairt don chosantóir an mhaoin a choinneáil ar an luach arna mheasúnú, más ann, a íoc, agus go ndéanfar, mura féidir teacht ar an maoin, agus mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt, tochsal ar earraí, airnéisí agus tailte uile an chosantóra go dtí go mbeidh an mhaoin seachadta, nó, de rogha an ghearánaí, go ndéanfaidh an Sirriam nó an Teachtaire Cúirte a chur faoi deara luach measúnaithe na maoine, más ann dó, a thobhach ar earraí an chosantóra. Beidh na horduithe forghníomhaithe sin de réir Fhoirmeacha 21 agus 22 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo.

7. Má éiríonn aon deacracht i gcúrsa nó i dtaobh fhorghníomhú nó chur i bhfeidhm aon bhreithiúnais nó ordaithe seachas breithiúnas nó ordú chun airgead a ghnóthú nó a íoc, féadfaidh aon pháirtí leasmhar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, agus féadfaidh an Breitheamh cibé ordú is cóir leis a dhéanamh air sin á ordú d'aon pháirtí freastal agus dul faoi cheistiú nó eile de réir mar is cóir leis.

8. Más rud é gur i gcoinne gnólachta a thabharfar breithiúnas nó a dhéanfar ordú, féadfar forghníomhú a eisiúint:

(a) i gcoinne aon mhaoine de chuid na comhpháirtíochta laistigh den dlínse;

(b) i gcoinne aon duine a láithrigh ina ainm féin faoi Riail 4 d'Ordú 8 agus a mhainnigh cosaint a sheachadadh, nó a d'admhaigh ar na pléadálacha gur comhpháirtí é, nó ar breithníodh é a bheith ina chomhpháirtí.

Má éilíonn an duine a fuair breithiúnas nó ordú go bhfuil sé i dteideal forghníomhú a eisiúint i gcoinne aon duine eile mar gur comhalta den ghnólacht é, féadfaidh sé cead chun é sin a dhéanamh a iarraidh ar an gCúirt, ar fhógra a thabhairt don duine eile sin; agus féadfaidh an Breitheamh an cead sin a thabhairt mura mbeidh an dliteanas faoi dhíospóid, nó, más rud é go mbeidh an dliteanas sin faoi dhíospóid, féadfaidh sé a ordú dliteanas an duine sin a thriail agus a chinneadh in aon slí ina bhféadtar aon saincheist nó ceist i gcaingean ar bith a thriail agus a chinneadh. Ach amháin amhail i gcoinne aon mhaoine de chuid na comhpháirtíochta, ní fhágfaidh breithiúnas i gcoinne gnólachta aon chomhalta den ghnólacht sin, is comhalta a bhí lasmuigh den dlínse nuair a eisíodh an Bille Sibhialta agus nár thaifead láithreas, faoi dhliteanas, ná ní dhéanfaidh sé difear dó in aon slí eile, mura rud é go ndearnadh páirtí sa chaingean de faoi Ordú 6, nó gur seirbheáladh é laistigh den dlínse tar éis an Bille Sibhialta a eisiúint.

9. Beidh lánfheidhm agus lánéifeacht le gach foraithne ón gCúirt, agus le gach breithiúnas d'éagmais láithris nó cosanta, go ceann thréimhse dhá bhliain déag ó dháta an chéanna, agus féadfar ordú forghníomhaithe a bheidh bunaithe ar aon fhoraithne nó breithiúnas den sórt sin a eisiúint san Oifig laistigh den tréimhse sin, ach ní fhéadfar sin a dhéanamh tar éis sé bliana a bheith caite ó dháta na foraithne nó an bhreithiúnais sin, gan cead ón gCúirt. Déanfar iarratas ar an gcead sin le foriarratas iar bhfógra chun an pháirtí a n-iarrfar é a chur faoi dhliteanas.

10. Más rud é, tráth ar bith le linn na tréimhse dhá bhliain déag sin, go mbeidh aon athrú, trí bhás, sannadh nó eile, tagtha ar na páirtithe a bheidh i dteideal nó faoi dhliteanas forghníomhú, féadfaidh an páirtí a bheidh á éileamh teideal a bheith aige amhlaidh cead chun forghníomhú a eisiúint a iarraidh ar an gCúirt iar bhfógra, agus féadfar an fhoraithne bhunaidh nó an breithiúnas bunaidh a leasú ionas go dtabharfar éifeacht d'aon ordú a dhéanfaidh an Chúirt ar an iarratas.

11. Féadfar gach ordú ón gCúirt in aon chúis a chur i bhfeidhm mar a chuirfí breithiúnas leis an éifeacht chéanna i bhfeidhm.

12. Más rud é go mbeidh ordú forghníomhaithe gan sásamh ní fhanfaidh sé i bhfeidhm ach go ceann bliana amháin ó dháta a eisiúna agus gan an dáta sin féin a áireamh.

13. Féadfar, ar iarratas ón bpáirtí a bheidh ina theideal, ordú forghníomhaithe a athnuachan san Oifig, tráth ar bith le linn ré feidhme na foraithne nó an bhreithiúnais ar ina leith a eisíodh a chéaduair é, go ceann tréimhse nach faide ná bliain amháin ó dháta na hathnuachana sin, ar choinníoll go mbeidh lánfheidhm agus lánéifeacht leis an bhforaithne sin nó leis an mbreithiúnas sin go ceann na tréimhse dá n-athnuafar an t-ordú forghníomhaithe sin amhlaidh. Formhuineofar ar aon ordú den sórt sin go ndearnadh é a athnuachan agus athshéalófar an t-ordú. Beidh éifeacht le hordú forghníomhaithe a athnuafar amhlaidh, agus beidh sé i dteideal tosaíocht a fháil, de réir an ama a bheidhmarcáilte air mar dháta a bhuneisiúna.

14. Aon duine a bheidh ag iarraidh go ndéanfaí ordú forghníomhaithe a athnuachan déanfaidh sé, agus comhdóidh sé, mionnscríbhinn á dheimhneasc go bhfuil sé i dteideal na hathnuachana sin agus ina leagfar amach na creidmheasanna uile, más ann, a mbeidh an duine a bheidh faoi dhliteanas an fhorghníomhaithe sin ina dteideal agus ina leagfar amach, más rud é gur breithiúnas, foraithne nó ordú chun airgead a íoc a bheidh sa bhreithiúnas, san fhoraithne nó san ordú a mbeifear ag iarraidh a chur i bhfeidhm, an tsuim a bheidh dlite dá bhun sin in alt na huaire.

15. Más rud é gur díothaíodh nó gur cailleadh ordú forghníomhaithe féadfaidh an páirtí a bheidh i dteideal forghníomhú a iarraidh ar an gCúirt nó ar an gCláraitheoir Contae an t-ordú sin a atheisiúint, agus air sin féadfaidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae an atheisiúint sin a ordú.

16. Más rud é go mbeidh aon athrú, trí bhás, sannadh nó eile, tagtha ar na páirtithe a bheidh i dteideal nó faoi dhliteanas forghníomhú, agus go líomhnóidh páirtí é féin a bheith i dteideal de dhroim an athraithe amháin chéanna nó ar chúis eile na breithiúnais nó na horduithe i níos mó ná caingean nó ábhar amháin a chur i bhfeidhm, nó breithiúnas nó ordú a chur i bhfeidhm i gcoinne níos mó ná duine amháin, féadfaidh sé iarratas amháin a dhéanamh ar chead chun an phróis is gá a eisiúint i ngach ceann nó in aon cheann de na caingne nó na hábhair sin, nó i gcoinne gach duine nó aon duine de na daoine sin, agus ina sonrófar i sceideal a ghabhfaidh leis an iarratas sin na caingne nó na hábhair uile a mbeidh an t-iarratas sin á dhéanamh ina leith, agus ní fhéadfar ach aon ordú amháin a dhéanamh ar an iarratas sin i leith na gcaingne nó nan-ábhar sin uile nó aon chinn díobh, nó i leith na ndaoine sin uile nó aon duine díobh, agus, nuair a bheidh fógra faoi aon ordú den sórt sin á sheirbheáil ar aon duine dá ndéanfaidh sé difear is leor gan ach an chuid sin den ordú a dhéanfaidh difear don duine sin a leagan amach agus ní gá an chuid eile den ordú sin a leagan amach.

17. Formhuineofar ar gach ordú forghníomhaithe ainm agus áit ghnó an Aturnae a bheidh iarbhír ag déanamh agra i leith an chéanna, agus, mura mbeidh aon Aturnae fostaithe chun agra a dhéanamh i leith an ordaithe, ansin formhuineofar meabhrán air á rá go ndearna an páirtí an t-agra i leith an chéanna i bpearsa, agus luafar ann áit chónaithe agus seoladh poist an pháirtí sin.

18. Ní eiseofar aon ordú forghníomhaithe go dtí go mbeidh an páirtí ar mian leis go n-eiseofar é, nó a Aturnae, tar éis foréileamh ina leith a thaisceadh ina dtabharfar teideal na n-imeachtaí, dáta an bhreithiúnais, agus an ordaithe (más ann) lenar tugadh cead forghníomhú a eisiúint, agus ainmneacha agus tuairisc na bpáirtithe ar ina gcoinne, nó an ghnólachta ar i gcoinne a chuid earraí, a bheidh an t-ordú forghníomhaithe le heisiúint.

19. Beidh i ngach ordú forghníomhaithe chun airgead a ghnóthú ordachán don Sirriam chun an t-airgead a thobhach a bheidh dlite agus iníoctha agus a n-iarrtar é a ghnóthú faoi bhreithiúnas nó ordú na Cúirte, agus luafar an tsuim ann i slí le go mbeidh idirdhealú idir aon suim a luaitear a íocadh agus an tsuim a bheidh dlite i gcónaí, agus luafar ann na costais a dámhadh, mar aon le costais eisiúna an ordaithe forghníomhaithe, agus freisin chun ús a thobhach ar an airgead a bheidh dlite agus iníoctha, má iarrtar sin a ghnóthú, de réir cibé ráta a chinnfear ó am go ham ón am a taifeadadh nó a rinneadh breithiúnas nó ordú na Cúirte, mura n-ordóidh breithiúnas nó ordú na Cúirte a mhalairt.

20. Féadfar orduithe forghníomhaithe i leith earraí a eisiúint i gcomhthráth i níos mó ná aon Chontae amháin, ar choinníoll nachndéanfar costais níos mó ná ordaithe amháin de bhun an bhreithiúnais chéanna a cheadú i gcoinne an fhéichiúnaí forghníomhaithe, ach amháin le hordú ón mBreitheamh.

21. Más rud é gur seirbheáladh fógra foriarratais chun féichiúnaí a chimiú, nó go ndearnadh ordú cimithe i gcoinne féichiúnaí, agus go mbeidh sé gan cur i gcrích, ní eiseofar ordú forghníomhaithe i leith earraí an fhéichiúnaí san imeacht céanna ach amháin le cead ón mBreitheamh, agus ar cibé téarmaí a fhorchuirfidh sé.

22. Féadfar tráth ar bith, ar na táillí forordaithe is iníoctha leis an Sirriam a íoc, ordú forghníomhaithe a tharraingt siar nó a fhionraí le fógra don Sirriam ón bpáirtí nó ón duine a rinne an t-agra ina leith.

23. Aon uair a thoibheofar aon airgead nó a íocfar é le Teachtaire Cúirte, faoi aon ordú forghníomhaithe nó faoi aon phróis eile, tabharfaidh an Teachtaire Cúirte admháil ar an gcéanna de réir na foirme a fhorordaítear i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo i bhFoirm 24.

24. Féadfaidh an gearánaí nó an páirtí eile a mbeidh forghníomhú á iarraidh aige orduithe forghníomhaithe leithleacha a fháil i leith anfhaoisimh a tugadh faoi aon fhoraithne nó ordú agus i leith na gcostas a bhain leis sin.

25. I ngach breithiúnas a thabharfar nó ordú a dhéanfar in aon chúis nó ábhar á cheangal ar aon duine gníomh a dhéanamh a ordaítear leis an mbreithiúnas nó leis an ordú sin, luafar an tréimhse ama, nó antréimhse ama tar éis an breithiúnas nó an t-ordú a sheirbheáil, ina mbeidh an gníomh le déanamh, agus ar an gcóip den bhreithiúnas nó den ordú a sheirbheálfar ar an duine a gceanglófar air géilleadh don chéanna formhuineofar meabhrán sna focail nó leis an éifeacht seo a leanas, eadhon:—

“Má fhaillíonn tusa, an A.B. atá ainmnithe anseo istigh, géilleadh don bhreithiúnas (nó don ordú) seo faoin am atá ceaptha anseo, dlífear próis fhorghníomhaithe lena n-áirítear príosúnacht a chur ort chun a chur d'iallach ort géilleadh don bhreithiúnas (nó don ordú) sin.”

26. Mura gcomhlíonfar ordú, urghaire nó breithiúnas sainordaitheach chun aon chonradh a shainchomhlíonadh, féadfaidh an Breitheamh, i dteannta nó in ionad imeachtaí i leith díspeagadh i gcoinne an pháirtí easumhail, a ordú go bhféadfaidh an páirtí a fuair an breithiúnas nó an t-ordú, nó duine éigin eile a cheapfaidh an Chúirt, an gníomh a cheanglaítear a dhéanamh a dhéanamh a mhéid is féidir, ar chostas an pháirtí easumhail, agus ar an ngníomh a bheith déanta, féadfar na costais a tabhaíodh a fhionnadh i cibé slí a ordóidh an Breitheamh, agus féadfar forghníomhú a eisiúint i leith na suime a fhionnfar amhlaidh, agus i leith cibé suime, más ann, a dhámhfaidh an Breitheamh i leith costas.

27. Clófar ar gach ordú forghníomhaithe, ag a bhun nó ar a chúl, cóip dhílis de sceideal na dtáillí is iníoctha leis an Sirriam i leith forghníomhú, de réir aon ordaithe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le horduithe forghníomhaithe na Cúirte.