Ordú 28

Breithiúnas achomair

1. Más rud é gurb é a bheidh in éileamh an ghearánaí i mBille Sibhialta:—

(a) éileamh ar fhiach nó éileamh leachtaithe in airgead, nó

(b) éileamh chun airnéis nó earraí sonracha a sheachadadh i gcaingean i leith míchoinneála, nó

(c) éileamh chun iontaobhas a chur i bhfeidhm, a chomhlíonadh nó a chur i gcrích, nó

(d) éileamh ar eisiachtain, i dteannta nó d'éagmais éilimh ar chíos nó ar fhoghailbhrabúis,

agus go mbeidh Láithreas taifeadta nó Cosaint seachadta ag cosantóir, féadfaidh an gearánaí breithiúnas achomair i gcoinne an chosantóra sin a iarraidh ar an gCúirt de réir fhorálacha an Ordaithe seo.

2. Beidh feidhm ag an Ordú seo maidir le gach caingean eisiachtana cibé acu a bhí nó nach raibh riamh comhbhainteachas tiarna talún agus tionónta ag na páirtithe lena chéile, agus cibé acu a thionscnófar nó nach dtionscnófar an Bille Sibhialta go sonrach ar an teideal.

3. Is le Foriarratas iar bhfógra de réir Fhoirm 11 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo a dhéanfar iarratas ar bhreithiúnas achomair faoin Ordú seo agus beidh sé le seirbheáil ar an gcosantóir ceithre lá glan ar a laghad sula n-éistfear é. Beidh mar thaca leis an iarratas sin mionnscríbhinn arna déanamh ag an ngearánaí, nó ag duine éigin eile thar a cheann ar féidir leis mionn a thabhairt go deimhneach i dtaobh na bhfíoras lena bhfíorófar éileamh an ghearánaí, agus ina luafar go gcreideann an teisteoir nach bhfuil cosaint bona fide ag an gcosantóir ar éileamh an ghearánaí, agus gur chun moill a dhéanamh agus chuige sin amháin a taifeadadh an Láithreas agus a seachadadh an Chosaint (más ann). Déanfar an mhionnscríbhinn sin, a bheidh de réir Fhoirm 12 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, a sheirbheáil ar an gcosantóir i dteannta an Fhoriarratais.

4. Le linn an t-iarratas sin a bheith á éisteacht ní bheidh de cheart ag páirtí ar bith aon fhianaise a thabhairt ar aird ar shlí seachas le mionnscríbhinn, agus ní bheidh de mhionnscríbhinn ag an ngearánaí ach an ceann a shonraítear i Riail 3 den Ordú seo; ar choinníoll i gcónaí go bhféadfaidh an Breitheamh a cheangal ar pháirtí ar bith, nó a cheadú dó, tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird. Féadfar an fhianaise bhreise sin a thabhairt ó bhéal nó le mionnscríbhinn de réir mar a cheanglóidh nó a cheadóidh an Breitheamh.

5. Ar an iarratas sin a éisteacht féadfar a ordú breithiúnas a thaifeadadh i bhfabhar an ghearánaí mura ndéanfaidh an cosantóir:—

(a) an Breitheamh a shásamh go bhfuil cosaint mhaith prima facie aige ar éileamh an ghearánaí, nó

(b) cibé suim a íoc isteach sa Chúirt, ag feitheamh le toradh na caingne, a mheasfar is leor chun teideal a thabhairt dó cosaint a dhéanamh.

6. Ach amháin i gcaingne chun talamh a aisghabháil i ngeall ar neamhíoc cíosa, más léir nach mbaineann an chosaint a bheidh á cur suas ag an gcosantóir ach le cuid d'éileamh an ghearánaí, nó go ngéilltear d'aon chuid dá éileamh, tabharfar breithiúnas i bhfabhar an ghearánaí i leith cibé coda dá éileamh nach mbaineann an chosaint léi nó a ngéilltear di, faoi réir cibé téarmaí, más ann, i dtaobh forghníomhú a bhac, costais a íoc, nó eile, a ordóidh an Breitheamh; agus féadfar cead a thabhairt don chosantóir cosaint a dhéanamh maidir leis an gcuid eile d'éileamh an ghearánaí.

7. Más rud é nach n-ordóidh an Breitheamh breithiúnas a thaifeadadh i bhfabhar an ghearánaí féadfaidh sé:—

(a) an t-iarratas a dhíbhe, nó

(b) a cheadú don chosantóir cosaint a dhéanamh gan choinníoll, nó faoi réir cibé téarmaí i dtaobh urrús a thabhairt, nó i dtaobh am agus mhodh na trialach, nó eile, is cuí leis, nó

(c) le toiliú na bpáirtithe go léir, éisteacht an iarratais a áireamh mar thriail na caingne, agus é sin a chur de láimh go hachomair.

8. Más léir don Bhreitheamh gur chóir cead a thabhairt d'aon chosantóir an chaingean a chosaint, agus nár chóir cead a thabhairt d'aon chosantóir eile cosaint a dhéanamh, féadfar cead a thabhairt don chosantóir céadluaite cosaint a dhéanamh, agus féadfaidh an Breitheamh a ordú breithiúnas a thaifeadadh i bhfabhar an ghearánaí i gcoinne an dara cosantóir a luaitear, agus féadfaidh an gearánaí forghníomhú a eisiúint ar an mbreithiúnas sin gan dochar dá cheart chun dul ar aghaidh leis an gcaingean i gcoinne an chosantóra chéadluaite.

9. Ar iarratas ar bhreithiúnas achomair a éisteacht féadfaidh an Breitheamh cibé ordú is cóir leis a dhéanamh i dtaobh costas.

10. Beidh i ngach Mionnscríbhinn a úsáidfear chun Iarratas ar Bhreithiúnas Achomair faoi Ordú 28 a fhorasú deimhnisc á rá an mbeidh cáin bhreisluacha iníoctha ag an éilitheoir ar a chostais dhlíthiúla agus, más iníoctha, an mbeidh an tsuim is iníoctha amhlaidh inghnóthaithe aige ó na Coimisinéirí Ioncaim.