Ordú 5C

An tAcht um Chlúmhilleadh 2009 : I.R. Uimh. 486 de 2009

1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Clúmhilleadh) 2009 is teideal dóibh, i ngníomh an 1ú lá d’Eanáir 2010.

2. Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2009.

 

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:

 

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 5B:

 

“Ordú 5C

An tAcht um Chlúmhilleadh 2009

 

 

Mínithe

1. San Ordú seo:

 

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Chlúmhilleadh 2009 agus measfar, maidir le haon tagairt san Ordú seo d’alt, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, gur tagairt í d’alt den Acht;

 

tá le “caingean chlúmhillte” an bhrí chéanna atá leis in alt 2.

 

Ráiteas maidir le tairiscint chun sásamh a dhéanamh

 

2. I gcaingean chlúmhillte, déanfaidh an gearánaí ráiteas a áireamh i bhformhuiniú an éilimh ina Bhille Sibhialta nár glacadh le haon tairiscint chun sásamh a dhéanamh faoi alt 22 den Acht um Chlúmhilleadh 2009 ó dhuine a d’fhoilsigh an ráiteas nó gur glacadh le tairiscint den sórt sin chun sásamh a dhéanamh agus, sa chás sin, beidh san áireamh san fhormhuiniú mionsonraí an ordaithe arna dhéanamh faoi mhír (d) d’alt 23(1) lenar ceadaíodh an t-imeacht a thionscnamh.

 

Mionnscríbhinn fíoraithe faoi alt 8

 

3. (1) Aon phléadáil a gceanglaítear, faoi alt 8, í a fhíorú le mionnscríbhinn, is i bhFoirm 6A(iii) de Sceideal na bhFoirmeacha a bheidh sí, fara cibé modhnuithe is gá. Féadfar an mhionnscríbhinn, mura mbeidh sí ar leithligh ón bpléadáil lena mbaineann, a fhormhuiniú ar an bpléadáil sin.

 

(2) Déanfar cóip den mhionnscríbhinn fhíoraithe a sheachadadh ar an bpáirtí ar a mbeidh an phléadáil le seachadadh. I gcás go mbeidh an mhionnscríbhinn formhuinithe ar an bpléadáil, déanfar an chóip den mhionnscríbhinn a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear leis na Rialacha seo chun an phléadáil sin a sheachadadh. Mura ndéanfar amhlaidh, déanfar an mhionnscríbhinn a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear le halt 8(5) chun an mhionnscríbhinn a chomhdú sa chúirt.

 

(3) Déanfar mionnscríbhinn fhíoraithe a thaisceadh sa chúirt, de réir mar a cheanglaítear le halt 8(5), tríd an gcéanna a chomhdú san Oifig.

 

(4) I gcás ina seachadtar an chóip den mhionnscríbhinn tar éis don phléadáil a bheith seachadta, tosóidh an tréimhse a fhorordaítear leis na Rialacha seo chun aon phléadáil fhreagartha a sheachadadh ón dáta ar a seachadfar an chóip sin.

 

Iarratais faoi ailt 11, 14, 33 agus 34, agus faoi alt 11(2)(c) de Reacht na dTréimhsí 1957

 

4. (1) Is trí fhoriarratas tionscnaimh ex parte a fhéadfar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar chead faoi alt 11(2), a mbeidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí sin mar fhoras leis. Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas den sórt sin a éisteacht, cibé ordacháin, más ann, a thabhairt maidir le fógra a thabhairt faoin iarratas nó eile, de réir mar is cóir agus caoithiúil léi.

 

(2) Is trí fhoriarratas chun na Cúirte iar bhfógra chuig an bpáirtí freasúrach nó chuig na páirtithe freasúracha, a mbeidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar a cheann mar fhoras leis, a dhéanfar na hiarratais seo a leanas i gcaingean chlúmhillte:

 

(i) iarratas ar rialú faoi alt 14;

(ii) iarratas ar ordú idirbhreitheach faoi alt 33;

 

(iii) iarratas ar fhaoiseamh achomair faoi alt 34(1), agus

 

(iv) iarratas chun an chaingean chlúmhillte a dhíbhe faoi alt 34(2).

 

(3) I gcás nár tionscnaíodh caingean chlúmhillte os comhair na Cúirte maidir leis an ráiteas a bheidh i gceist, déanfar iarratas chun na Cúirte ar ordachán faoi alt 11(2)(c) de Reacht na dTréimhsí 1957 trí fhógra foriarratais tionscnaimh ina n-ainmneofar an gearánaí beartaithe mar iarratasóir agus an cosantóir beartaithe mar fhreagróir. Beidh mionnscríbhin arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar a cheann mar fhoras leis an iarratas.

Iarratais faoi alt 23 i gcás go nglacfar le tairiscint chun sásamh a dhéanamh Iarratais faoi alt 23 i gcás go nglacfar le tairiscint chun sásamh a dhéanamh

 

5. (1) I gcás go dtionscnófar caingean chlúmhillte os comhair na Cúirte maidir leis an ráiteas a bheidh i gceist agus go nglacfar le tairiscint chun sásamh a dhéanamh faoi alt 22, déanfar iarratas:

 

(i) faoi mhír (a) d’alt 23(1) ar ordú á ordú don pháirtí a rinne an tairiscint na bearta lena mbaineann a dhéanamh, nó

(ii) faoi mhír (b) d’alt 23(1) ar chead ón gCúirt chun ceartúchán a dhéanamh agus apalacht a ghabháil trí ráiteas os comhair na Cúirte i cibé téarmaí a cheadóidh an Chúirt agus chun gealltanas a thabhairt maidir le modh a bhfoilsithe

 

 

trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí freasúrach, agus beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar a cheann mar fhoras leis.

(2) I gcás go dtionscnófar caingean chlúmhillte os comhair na Cúirte maidir leis an ráiteas a bheidh i gceist agus go nglacfar le tairiscint chun sásamh a dhéanamh faoi alt 22, agus nach gcomhaontóidh na páirtithe i dtaobh na ndamáistí nó na gcostas ba chóir don duine a rinne an tairiscint a íoc, déanfaidh an gearánaí iarratas trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an gcosantóir ar ordacháin ón gCúirt (lena bhféadfar a áireamh, gan teorainn, ordacháin i dtaobh na dtéarmaí ar a bhféadfar aon phléadálacha a leasú) maidir le stiúradh iarratais ar chinneadh faoi mhír (c) d’alt 23(1).

 

6. I gcás go nglacfar le tairiscint chun sásamh a dhéanamh faoi alt 22, maidir le hiarratas chun na Cúirte faoi mhír (d) d’alt 23(1) chun caingean chlúmhillte a thionscnamh i gcoinne duine eile maidir leis an ráiteas lena mbaineann an tairiscint chun sásamh a dhéanamh, nó chun dul ar aghaidh leis an gcéanna:

 

 

(i) i gcás ina mbeidh caingean chlúmhillte tionscanta os comhair na Cúirte maidir leis an ráiteas a bheidh i gceist i gcoinne an duine eile sin, déanfar é trí fhoriarratas sa chaingean chlúmhillte sin iar bhfógra chuig an gcosantóir, agus beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar a cheann mar fhoras leis;

(ii) i gcás nach mbeidh caingean chlúmhillte tionscanta os comhair na Cúirte maidir leis an ráiteas a bheidh i gceist i gcoinne an duine eile sin, déanfar é trí fhógra foriarratais tionscnaimh faoin teideal maidir le mír (d) d’alt 23(1) agus déanfar ann an duine dá ndearnadh an tairiscint a ainmniú mar iarratasóir agus an duine eile dá dtagraítear i mír (d) d’alt 23(1) a ainmniú mar fhreagróir, agus beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar a cheann mar fhoras leis an bhforiarratas sin.

 

 

7. Maidir le mionnscríbhinn forais dá dtagraítear i rialacha 5 agus 6:

 

 

(i) sainaithneofar inti, le leordhóthain cruinnis, an ráiteas lena mbaineann an tairiscint chun sásamh a dhéanamh nó déanfar cóip nó scríbhinn den chéanna a fhoilseánadh inti;

(ii) déanfar cóip den tairiscint chun sásamh a dhéanamh a fhoilseánadh inti; agus

 

(iii) tabharfar mionsonraí inti i dtaobh aon chomhaontaithe a dhearbhaítear a bheith déanta agus a eascraíonn as tairiscint chun sásamh a dhéanamh a ghlacadh.

 

 

8. I dteannta aon ordaithe eile a fhéadfar a dhéanamh ar fhógra foriarratais tionscnaimh a éisteacht faoi fho-riail (3) de riail 4 nó mír (ii) de riail 6, féadfaidh an Chúirt, ag éisteacht den sórt sin:

 

 

(a) cibé orduithe a dhéanamh nó cibé ordacháin a thabhairt is dóigh léi is cuí maidir le mionnscríbhinní breise a sheachadadh agus chun an t-iarratas a chinneadh;

 

(b) a ordú go ndéanfar an t-iarratas (nó aon chuid den iarratas a bheidh gan chinneadh) a chinneadh trí éisteacht iomlánach, i gcás inar dealraitheach don Chúirt gur dócha go mbainfidh díospóid shubstaintiúil fíorais le hábhar an iarratais nó gur gá nó gurbh inmhianaithe ar shlí eile é ar mhaithe leis an gceartas (agus féadfaidh an Chúirt chun na críche sin orduithe a dhéanamh agus ordacháin a thabhairt i ndáil le malartú pléadálacha nó pointí éilimh nó cosanta idir na páirtithe).

 

 

Fógra maidir le fianaise ar apalacht faoi alt 24

 

9. I gcás go mbeartaíonn cosantóir i gcaingean chlúmhillte fianaise lena mbaineann alt 24(1) a thabhairt, féadfaidh sé fógra a thabhairt don ghearánaí go bhfuil ar intinn aige déanamh amhlaidh de réir alt 24(2) den Acht trí ráiteas á ra go bhfuil ar intinn aige déanamh amhlaidh a áireamh ina chosaint.

 

Iarratais ar orduithe dearbhaithe faoi alt 28

 

10. (1) Maidir le foriarratas dá dtagraítear in alt 28(5), is fógra foriarratais tionscnaimh a bheidh ann faoin teideal maidir le halt 28 agus déanfar ann an duine a éilíonn gurb é nó í is ábhar do ráiteas a líomhnaíonn sé nó sí a bheith ina chlúmhilleadh a ainmniú mar iarratasóir agus an duine ar ina choinne nó ina coinne atá faoiseamh á lorg a ainmniú mar fhreagróir.

 

(2) Maidir le mionnscríbhinn forais dá dtagraítear in alt 28(5):

 

(a) leagfar amach inti na himthosca ina n-éilítear go ndearnadh an ráiteas a líomhnaítear a bheith clúmhillteach, lena n-áirítear an tráth agus an modh foilsithe;

 

(b) leagfar amach inti na forais ar a n-éilítear go bhfuil an ráiteas ina chlúmhilleadh ar an iarratasóir;

 

(c) beidh deimhneasc inti nach bhfuil aon chosaint ag an bhfreagróir ar an iarratas;

 

(d) beidh deimhneasc inti gur iarr an t-iarratasóir ar an bhfreagróir apalacht a ghabháil, nó ceartúchán nó tarraingt siar a dhéanamh (de réir mar a bheidh) agus a fhoilsiú i ndáil leis an ráiteas a líomhnaítear a bheith clúmhillteach agus sonrófar inti an tráth agus an tslí inar iarr an t-iarratasóir ar an bhfreagróir an apalacht sin a ghabháil, nó an ceartúchán nó an tarraingt siar sin a dhéanamh agus a fhoilsiú i ndáil leis an ráiteas a líomhnaítear a bheith clúmhillteach (agus, más i scríbhinn, déanfar cóip den iarraidh sin agus cruthúnas ar sheachadadh an chéanna a fhoilseánadh), agus

 

(e) tabharfar ar aird inti fianaise ar an bhfreagra (más ann) ón bhfreagróir ar an iarraidh (agus, más i scríbhinn, déanfar cóip den iarraidh sin a fhoilseánadh).

 

Sonraí a thabhairt maidir le fianaise de mhaolú

 

11. Más rud é, i gcaingean chlúmhillte, nach ndéanfaidh an cosantóir, lena chosaint, fírinne an ráitis a bhfuil gearán déanta faoi de réir alt 16 a dhearbhú, ní bheidh an cosantóir i dteideal fianaise bhunúsach a thabhairt ag an triail, d’fhonn damáistí a mhaolú, i dtaobh na dtosca faoinar foilsíodh an ráiteas clúmhillteach, nó i dtaobh charachtar an ghearánaí, gan cead ón mBreitheamh, mura mbeidh mionsonraí curtha ar fáil aige don ghearánaí seacht lá ar a laghad roimh an triail maidir leis na hábhair a bhfuil beartaithe aige fianaise a thabhairt ina leith.”;

 

...