Ordú 31

Admhálacha

1. Féadfaidh páirtí ar bith a fhógairt ar aon pháirtí eile aon doiciméad a admháil, lasmuigh de gach eisceacht chóir; agus i gcás ina ndiúltófar nó ina mainneofar é a admháil, tar éis an fhógra sin, is é an páirtí a mhainneoidh nó a dhiúltóidh amhlaidh a íocfaidh costais chruthaithe aon doiciméid den sórt sin, cibé toradh a bheidh ar an gcúis nó ar an ábhar, mura ndeimhneoidh an Breitheamh ag an triail nó ag an éisteacht go raibh sé réasúnach diúltú an doiciméad a admháil; agus ní lamhálfar aon chostais maidir le cruthú doiciméid ar bith mura dtabharfar an fógra sin, ach amháin i gcás ina ndeimhneoidh an Breitheamh gur shábháil chaiteachais é gan an fógra a thabhairt.

2. Féadfaidh páirtí ar bith, le fógra i scríbhinn, tráth ar bith nach déanaí ná deich lá roimh an lá dá mbeidh fógra trialach tugtha, a fhógairt ar aon pháirtí eile aon fhíoras sonrach nó fíorais shonracha a bheidh luaite san fhógra sin a admháil chun críocha na cúise, an ábhair nó na saincheiste agus chun na gcríoch sin amháin. Agus i gcás ina ndiúltófar nó ina mainneofar an fíoras nó na fíorais sin a admháil laistigh de sheacht lá tar éis an fógra sin a sheirbheáil, nó laistigh de cibé tréimhse ama bhreise a cheadóidh an Breitheamh, is é an páirtí a mhainneoidh nó a dhiúltóidh amhlaidh a íocfaidh costais chruthaithe an fhíorais nó na bhfíoras sin, cibé toradh a bheidh ar an gcúis, ar an ábhar nó ar an tsaincheist, mura rud é go ndeimhneoidh an Breitheamh ag an triail nó ag an éisteacht go raibh sé réasúnach diúltú don admháil sin, nó go ndéanfaidh an Breitheamh tráth ar bith a mhalairt a ordú nó a threorú. Ar choinníoll, má dhéantar aon admháil de bhun an fhógra sin, go measfar gur chun críocha na cúise nó an ábhair nó na saincheiste áirithe a rinneadh í, agus chun na gcríoch sin amháin, agus nach mar admháil lena húsáid i gcoinne an pháirtí ar aon ócáid eile ná i bhfabhar aon duine seachas an páirtí a thug an fógra. Ar choinníoll, freisin, go bhféadfaidh an Breitheamh, tráth ar bith, a cheadú do pháirtí ar bith aon admháil arna déanamh amhlaidh a leasú nó a tharraingt siar ar cibé téarmaí is cóir; agus ar choinníoll thairis sin, i gcás na gcostas agus na gcaiteachas uile ar dóigh leis an mBreitheamh gurb é neamhsheirbheáil an fhógra sin mar a dúradh ag aon pháirtí ba chúis leo, gurb é an páirtí nár sheirbheáil an fógra sin a íocfaidh iad, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt, cibé cén toradh a bheidh ar an gcúis, ar an ábhar nó ar an tsain-cheist.

3. Mura le linn na héisteachta a dhéanfar iad, is i scríbhinn a bheidh aon admhálacha agus síneoidh an páirtí a bheidh á ndéanamh, nó a Aturnae, iad.