Ordú 65

Leasuithe

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim65-I.R. Uimh. 64 De 2018


1. Féadfaidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae, de réir mar is cuí, ar cibé téarmaí is cóir leis, a cheadú do pháirtí ar bith, ag aon chéim de na himeachtaí, a phléadáil nó doiciméad eile a leasú nó a athrú, nó féadfaidh sé aon leasú a bheidh déanta cheana a dhícheadú, nó féadfaidh sé aon locht nó earráid in aon imeacht a leasú, agus déanfar na leasuithe sin go léir is gá chun a chinneadh cad iad na fíorcheisteanna atá faoi chonspóid idir na páirtithe.

2. Féadfar aon phléadáil nó doiciméad eile a leasú trí athruithe i scríbhinn a dhéanamh ar an gcóip a bheidh seirbheáilte, agus ar an gcóip a bheidh comhdaithe, agus trí ábhar breise ar pháipéar a chuirfearisteach idir na leathanaigh más gá. Aon uair a dhéanfar aon leasú, formhuineofar an doiciméad leasaithe mar a leanas, eadhon: “Arna leasú an ... lá de ... de bhun Ordaithe dar dáta an ... lá de ... ” agus cuirfear líne dhearg faoi gach leasú den sórt sin.

3. Féadfaidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae, de réir mar is cuí, dearmaid chléireachais i mbreithiúnais nó in orduithe, nó earráidí iontu de dheasca aon bhotúin nó easnaimh a bheidh tar éis tarlú de thaisme, a cheartú tráth ar bith le foriarratas iar bhfógra chun an pháirtí a mbeifear ag iarraidh go ndéanfaidh an ceartú sin difear dó.