Ordú 56

Pleanáil : I.R. Uimh. 312 de 2007

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim56-I.R. Uimh. 132 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Seirbheáil) 2009


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007, is teideal dóibh, i ngníomh an 20ú lá d’Iúil 2007.

2. Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

.....

19. Leasaítear Ordú 56 de na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an Ordú seo a leanas a chur in ionad an Ordaithe sin—


“ORDÚ 56

PLEANÁIL


Riail 1 — Achomharc faoi Alt 14(4) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000

1. (1) Sa Riail seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Uimh. 30 de 2000);

tá le “an tÚdarás Pleanála” an bhrí a shanntar dó le hAlt 2(1) den Acht.

(2) (a) Is trí Fhógra Foriarratais a eisiúint, a bheidh de réir Fhoirm 35A de Sceideal na bhFoirmeacha, nó de réir cibé modhnaithe is cuí, a thionscnófar achomharc chun na Cúirte Cuarda faoi Alt 14(4) den Acht, agus gairfear caingean de.

(b) Is é an t-achomharcóir an gearánaí agus is é an tÚdarás Pleanála an cosantóir.

(3) Is sa Chontae ina bhfuil an áit ar ina leith a bheidh an t-iarratas á dhéanamh, nó ina bhfuil Oifigí an Údaráis Phleanála iomchuí, a dhéanfar iarratais faoin Riail seo.

(4) I ngach caingean déanfar an Fógra Foriarratais a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta ar an bhfógra sin a mbeidh sé le cur ar ais, de réir na bhforálacha maidir le seirbheáil Billí Sibhialta agus doiciméad eile atá in Ordú 11.

(5) Ní bhainfidh an fho-riail seo le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Luafar i ngach Fógra Foriarratais dáta tosaithe na Suíonna ag a mbeartaítear an chaingean a liostú lena héisteacht, agus déanfaidh an gearánaí é a eisiúint agus a chomhdú san Oifig tráth nach déanaí ná 21 lá roimh thosach na Suíonna sin.

(6) Ní bhainfidh an fho-riail seo ach le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Luafar i ngach Fógra Foriarratais an dáta a mbeartaítear an chaingean a liostú lena héisteacht, agus déanfaidh an gearánaí é a eisiúint agus a chomhdú san Oifig tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta sin.

(7) Cuirfear an dáta ar gach Fógra Foriarratais, agus beidh air ainm, seoladh agus tuairisc an ghearánaí, agus déanfaidh a Aturnae, más ann, é a shíniú nó, mura mbeidh aon Aturnae aige, síneoidh sé féin é.

(8) Ar Fhógra Foriarratais a chomhdú de réir na Rialach seo, taifeadfaidh an Cláraitheoir Contae é lena éisteacht.

(9) Más mian le cosantóir éileamh an ghearánaí a dhíospóid go hiomlán nó go páirteach, déanfaidh sé, laistigh de dheich lá tar éis an Fógra Foriarratais a sheirbheáil air, Cosaint a sheirbheáil ar an ngearánaí agus ar aon pháirtithe eile, a bheidh de réir Fhoirm 6A de Sceideal na bhFoirmeacha, nó de réir cibé modhnaithe is cuí ar an bhfoirm sin, agus seachadfar an Chosaint sin ar an ngearánaí laistigh de sheacht lá tar éis dháta a seirbheála go deireanach.

(10) Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, is ar fhianaise béil a éistfear gach caingean faoin Riail seo.

(11) I ngach caingean lena mbaineann an Riail seo féadfaidh an Breitheamh gach ordú is cóir agus is réasúnach a dhéanamh maidir le costais.

Riail 2 — Achomharc faoi Alt 97(14) den Acht

2. (1) Sa Riail seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Uimh. 30 de 2000);

tá le “deimhniú” an bhrí chéanna atá leis in Alt 97 den Acht, agus

tá le “an tÚdarás Pleanála” an bhrí a shanntar dó le hAlt 2(1) den Acht.

(2) Is i bhfoirm Bille Shibhialta, ar Bille Sibhialta Pleanála é, de réir Fhoirm 2L de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, fara cibé modhnuithe is cuí sna himthosca uirthi, a dhéanfar gach iarratas i bhfoirm Achomhairc i gcoinne diúltú Údaráis Pleanála deimhniú faoi Alt 97 den Acht a dheonú. I dteannta gach Iarratais den sórt sin comhdófar cóip den dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag an iarratasóir faoi fho-alt (5) d’Alt 97 agus cóip den fhógra i scríbhinn arna thabhairt ag an Údarás Pleanála faoi fho-alt (13) d’Alt 97 maidir leis na cúiseanna ar ar dhiúltaigh sé deimhniú. D’éagmais an chomhdaithe sin féadfaidh an freagróir an céanna a chomhdú, agus air sin, nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, féadfaidh an Breitheamh cibé Ordú is ceart leis a dhéanamh.

(3) Is sa Chontae ina bhfuil an áit ar ina leith a bheidh an t-iarratas á dhéanamh, nó ina bhfuil Oifigí an Údaráis Phleanála iomchuí, a dhéanfar iarratais faoin Riail seo.

(4) Ainmneofar an tÚdarás Pleanála iomchuí mar chosantóir i leith gach Bille Shibhialta Pleanála.

(5) Is de réir fhorálacha Ordú 11 a sheirbheálfar gach Bille Sibhialta Pleanála. Is tríd an mBille Sibhialta Pleanála a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig oifig an Údaráis Pleanála, agus é dírithe chuig an mBainisteoir Contae nó chuig an mBainisteoir Cathrach, de réir mar is cuí, a dhéanfar Bille Sibhialta Pleanála a sheirbheáil ar Údarás Pleanála.

(6) Cuirfear an dáta ar gach Bille Sibhialta Pleanála agus beidh air ainm, seoladh agus tuairisc an ghearánaí, agus déanfaidh Aturnae an ghearánaí, más ann, é a shíniú nó, mura mbeidh aon Aturnae aige, síneoidh sé féin é.

(7) Más mian le haon chosantóir éileamh an ghearánaí a dhíospóid go hiomlán nó go páirteach, déanfaidh sé, laistigh de dheich lá tar éis an Bille Sibhialta a sheirbheáil air, Láithreas a thaifeadadh, agus laistigh de dheich lá eile ina dhiaidh sin déanfaidh sé Cosaint, a bheidh de réir Fhoirm 6A de Sceideal na bhFoirmeacha nó chomh gar di sin agus is féidir sna himthosca, a sheirbheáil ar an ngearánaí, agus ar aon pháirtí eile.

(8) Ar iarratas iar bhfógra ó aon pháirtí, féadfaidh an Breitheamh a ordú d’aon pháirtí eile sonraí breise agus níos fearr a sheachadadh faoi aon ábhair a luaitear sa Bhille Sibhialta Pleanála nó sa Chosaint, nó cóipeanna a sheachadadh d’aon doiciméad dá dtagraítear sa chéanna, nó cóipeanna a sheachadadh d’aon doiciméad iomchuí eile. Is de rogha an Bhreithimh a bheidh na costais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le haon iarratas den sórt sin. I gcás nach gcomhlíonfar aon Ordú den sórt sin féadfaidh an Breitheamh déileáil leis an ábhar de réir mar is ceart leis.

(9) I ngach cás ina ndéanfaidh an Chúirt Ordú á ordú deimhniú a eisiúint, cuirfidh an Cláraitheoir Contae faoi deara cóip den Ordú ón gCúirt a sheirbheáil ar an Údarás Pleanála iomchuí agus measfar seirbheáil na cóipe sin den Ordú a bheith ina cumarsáid dhóthanach leis an Údarás Pleanála, ina hordú dóthanach chun an deimhniú a eisiúint agus ina tarchur dóthanach den ordú sin.

(10) I ngach caingean lena mbaineann an Riail seo féadfaidh an Breitheamh gach ordú is cóir agus is réasúnach a dhéanamh maidir le costais.

Riail 3 — Urghairí i ndáil le forbairt neamhúdaraithe faoi Alt 160 den Acht

3. (1) Sa Riail seo:

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Uimh. 30 de 2000), agus

tá le “an tÚdarás Pleanála” an bhrí a shanntar dó le hAlt 2(1) den Acht.

(2) Is sa Chontae ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir, nó ar aon duine de na cosantóirí, nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha, nó ina bhfuil an talamh nó an fhorbairt a mbeifear ag iarraidh baint léi, nó aon chuid di, a dhéanfar iarratas faoin Riail seo.


(3) (a) Is le foriarratas iar bhfógra chuig an duine a mbeifear ag iarraidh faoisimh ina choinne a dhéanfar iarratas ar Ordú faoi Alt 160 den Acht, faoi réir fhorálacha fho-riail 3(b), de réir Fhoirm 35B de Sceideal na bhFoirmeacha.

(b) Gairfear “Ordú faoi fho-riail (3)(b)” d’Ordú faoi Alt 160 den Acht i gcoinne duine nach fios don ghearánaí cé hé, agus gairfear “an cosantóir” den duine ar ina choinne a dheonaítear nó a lorgaítear é.

(c) Déanfaidh gearánaí in iarratas ar Ordú faoi fho-riail (3)(b)an cosantóir a thuairisciú faoi threoir:

(i) grianghraif, nó

(ii) aon mhodha eile trínar féidir an freagróir a aithint cruinn go leor chun a chumasú seirbheáil a dhéanamh; agus déanfar foirm an fhógra foriarratais a mhodhnú dá réir sin.

(d) Déanfaidh gearánaí in iarratas ar Ordú faoi fho-riail (3)(b), i dteannta cheanglais fho-rialacha (4) agus (7), na deimhnisc seo a leanas a áireamh sa mhionnscríbhinn a bheidh mar fhoras leis an iarratas nó déanfaidh sé mionnscríbhinn ar leithligh a chomhdú ina mbeidh na deimhnisc seo a leanas:

(i) á fhíorú nach raibh sé ábalta a fháil amach, laistigh den tréimhse ama a bhí ar fáil go réasúnach dó, cé hé an cosantóir;

(ii) ag leagan amach an beart a rinneadh chun a fháil amach cé hé an cosantóir, agus

(iii) ag fíorú na modhanna ar ar tuairiscíodh an cosantóir san iarratas tionscnaimh agus gurb í an tuairisc an tuairisc is fearr is féidir leis an ngearánaí a sholáthar.

(e) Tá fo-riail (3)(c) gan dochar do chumhacht na Cúirte chun ordú a dhéanamh le haghaidh seirbheála ionadaí.


(4) Is maidir leis an Acht ar iarratas ón duine a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige an teideal a bheidh ar an bhFógra Foriarratais; luafar ann an faoiseamh a bheidh á lorg; tuairisceofar ann an talamh nó an fhorbairt a mbeifear ag iarraidh baint léi; luafar ann ainm agus áit chónaithe nó seoladh seirbheála an duine a bheidh ag lorg faoisimh; luafar an dáta a mbeidh sé beartaithe faoiseamh a iarraidh ar an gCúirt; agus comhdófar é in Oifig na Cúirte don Chontae ina mbeidh an t-iarratas á dhéanamh de réir fho-riail (1) (dá ngairfear “an Oifig chuí” anseo ina dhiaidh seo).

(5) Faoi réir fhorálacha fho-riail (3) agus gan dochar do chumhacht na Cúirte chun ordú a dhéanamh le haghaidh seirbheála ionadaí, tabharfar fógra faoin bhforiarratas don duine a mbeifear ag iarraidh an fhaoisimh ina choinne (an cosantóir); ach más léir don Chúirt maidir le haon duine nár tugadh fógra dó gur cheart an fógra sin a bheith aige, nó a bheith tugtha dó, féadfaidh an Chúirt an éisteacht a chur ar atráth, chun go bhféadfar an fógra sin a thabhairt, ar cibé téarmaí (más ann) a mheasfaidh an Chúirt is cuí a fhorchur, nó féadfaidh sí an t-iarratas a dhíbhe.

(6) Ní foláir deich lá ar a laghad a bheith ann idir seirbheáil an fhógra agus an lá a ainmneofar ann chun an foriarratas a éisteacht.


(7) (a) Faoi réir cheart na Cúirte chun cibé orduithe a thabhairt chuige sin is cuí nó is caoithiúil léi, is le mionnscríbhinn a thabharfar fianaise le linn an foriarratas a éisteacht faoin Riail seo.

(b) Déanfar aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid mar thaca leis an bhforiarratas a chomhdú san Oifig chuí agus déanfar cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin a sheirbheáil in éineacht leis an bhfógra.


Déanfaidh an cosantóir aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid i gcoinne an iarratais a chomhdú san Oifig chuí laistigh de sheacht lá tar éis mionnscríbhinn an iarratasóra a sheirbheáil air, agus ní foláir don fhreagróir, laistigh den tréimhse sin, cóip d’aon mhionnscríbhinn a bheartóidh sé a úsáid a sheirbheáil ar an ngearánaí.

(8) Go dtí go gcinnfear iarratas faoi Alt 160 den Acht, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón ngearánaí nó ón gcosantóir, le hordú idirbhreitheach (nó, más deimhin léi go bhféadfadh sé go dtiocfadh mísc dholeasaithe nó thromaí de mhoill, le hordú eatramhach ar iarratas ex parte), aon ordú a dhéanamh i bhfoirm urghaire; agus chun aon mhaoin nó aon ní a choinneáil, a chaomhnú nó a iniúchadh; agus chun gach críche nó aon chríche de na críocha réamhráite féadfaidh sí a údarú d’aon duine dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh; agus chun gach críche nó aon chríche de na críocha réamhráite féadfaidh sí a údarú go ndéanfar aon sampla a thógáil nó aon tuairimí a thabhairt nó aon turgnamh a thriail, a mheasfaidh sí a bheith cuí, riachtanach nó fóirsteanach.

(9) I ngach caingean lena mbaineann an Riail seo féadfaidh an Breitheamh gach ordú is cóir agus is réasúnach a dhéanamh maidir le costais.

Riail 4 — Iarratais faoi Alt 90

4. (1) Sa Riail seo:

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Uimh. 30 de 2000);

ciallaíonn “fógra” fógra dá dtagraítear in Alt 88 den Acht, agus

tá le “an tÚdarás Pleanála” an bhrí a shanntar dó le hAlt 2(1) den Acht.

(2) Is i bhfoirm Foriarratais iar bhFógra, ina leagfar amach na forais ar a mbeidh an gearánaí ag seasamh le haghaidh na bhfaoiseamh a bheidh á lorg, a dhéanfar gach iarratas faoi Alt 90 den Acht ar ordú á chur d’iallach ar dhuine fógra a chomhlíonadh.

(3) Is sa Chontae ina bhfuil an áit ar i ndáil léi a bhaineann an t-iarratas a thionscnófar iarratais.

(4) Seirbheálfar gach iarratas tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh leagtha amach san Fhoriarratas, de réir na bhforálacha maidir le seirbheáil Billí Sibhialta agus doiciméad eile atá in Ordú 11.

(5) Ní bhainfidh an fho-riail seo le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Luafar i ngach Fógra Foriarratais dáta tosaithe na Suíonna ag a mbeartaítear an chaingean a liostú lena héisteacht, agus déanfaidh an gearánaí é a eisiúint agus a chomhdú san Oifig tráth nach déanaí ná 21 lá roimh thosach na Suíonna sin.

(6) Ní bhainfidh an fho-riail seo ach le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Luafar i ngach Fógra Foriarratais an dáta a mbeartaítear an chaingean a liostú lena héisteacht, agus déanfaidh an gearánaí é a eisiúint agus a chomhdú san Oifig tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta sin.

(7) I dteannta an iarratais comhdófar cóipeanna dílse den fhógra agus cóipeanna den fhógra arna leasú nó arna mhodhnú, más ann.

(8) Cuirfear an dáta ar gach iarratas agus beidh air ainm, seoladh agus tuairisc an ghearánaí, agus déanfaidh Aturnae an ghearánaí, más ann, é a shíniú nó, mura mbeidh aon Aturnae aige, síneoidh sé féin é.

(9) Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, nó ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt chuige leis na hAchtanna, is trí fhianaise béil a éistfear gach iarratas faoin Riail seo.

(10) Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí a dhéanamh maidir le costais, lena n-áirítear Ordú ag tomhas na gcostas.”