Ordú 64B

An Nós Imeachta in Iarratais Reachtúla : I.R. Uimh. 470 de 2009


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Iarratais agus Achomhairc Reachtúla) 2009 is teideal dóibh, i ngníomh an 25ú lá de Nollaig 2009.

2. Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2009.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:

.....

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 64A:
“Ordú 64B

An Nós Imeachta in Iarratais Reachtúla


1. (1) San Ordú seo—

tá le “achtachán” an bhrí chéanna atá leis san Acht Léiriúcháin 2005;

ciallaíonn “údarás iomchuí” aon ghníomhaireacht, bord, údarás, coimisiún, comhairle, ombudsman, binse, nó comhlacht eile (gan cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí a áireamh) a bunaíodh le haon achtachán nó faoi aon achtachán agus a bheidh údaraithe faoi aon achtachán cumhachtaí a fheidhmiú chun cinneadh a dhéanamh, breith a thabhairt, socrú nó aon mholadh a dhéanamh maidir le haon díospóid, gearán nó saincheist agus folaíonn sé, i gcás go gceadaíonn nó go n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh, aon choiste, oifigeach nó comhalta foirne don chomhlacht sin a bheidh údaraithe faoi aon achtachán nó ag an gcomhlacht sin na cumhachtaí sin a fheidhmiú.

ciallaíonn “iarratas iomchuí” aon cheann de na hiarratais seo a leanas— 

(a) iarratas chun na Cúirte faoi aon achtachán ó aon duine a bheidh údaraithe leis an achtachán sin iarratas a dhéanamh amhlaidh ar ordú á ordú d’aon duine, á cheangal ar aon duine nó á chur d’iachall ar aon duine aon bheart nó aon rud a dhéanamh nó cosc nó srian a chur le haon duine aon bheart nó aon rud a dhéanamh, nó á ordú d’aon duine scor nó staonadh d’aon bheart nó aon rud a dhéanamh (dá ngairtear “iarratas ar threoir” ina dhiaidh seo san Ordú seo),

(b) iarratas chun na Cúirte ó dhuine a bheidh údaraithe le haon achtachán iarratas a dhéanamh amhlaidh ar ordú ón gCúirt á ordú d’aon duine, á cheangal ar aon duine nó á chur d’iachall ar aon duine breith, cinneadh, moladh, iarraidh nó socraíocht de chuid aon údaráis iomchuí a chomhlíonadh, déanamh dá réir, a chur i gcrích nó a chur i ngníomh nó an céanna a fhorfheidhmiú (dá ngairtear “iarratas forfheidhmiúcháin” ina dhiaidh seo san Ordú seo) ach, d’fhonn amhras a sheachaint, ní fholaíonn sé aon iarratas go n-eiseofaí aon ordú ón Oifig chun aon bhreith, cinneadh, moladh, iarraidh nó socraíocht den sórt sin a fhorghníomhú a bhforáiltear le hachtachán go bhféadfar í nó é a fhorfheidhmiú nó a fhorghníomhú mar bhreithiúnas ón gCúirt nó ar an gcuma chéanna leis, nó

(c) aon iarratas eile chun na Cúirte a cheanglaítear, a údaraítear nó a cheadaítear le haon achtachán é a thionscnamh nó a dhéanamh i modh achomair.

(2) I gcás ina bhforáiltear nó ina gceadaítear le haon achtachán iarratas iomchuí a dhéanamh chun na Cúirte nó chun breithimh den Chúirt agus nach ndéantar foráil maidir leis an nós imeachta infheidhme leis an achtachán lena mbaineann ná le hOrdú eile de na Rialacha seo, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha amach sna rialacha seo a leanas den Ordú seo, faoi réir aon cheanglais den achtachán iomchuí.

(3) I gcás ina bhforáiltear le haon achtachán iarratas (seachas iarratas iomchuí) a dhéanamh chun na Cúirte agus go gcinnfidh an Chúirt go bhfuil sé cóir agus caoithiúil an t-iarratas sin a chinneadh amhlaidh, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha amach sna rialacha seo a leanas den Ordú seo maidir leis an iarratas sin, faoi réir aon cheanglais den achtachán iomchuí.

(4) Mura bhforáiltear a mhalairt san achtachán, is sa Chontae ina mbeidh gnáthchónaí ar an duine nó ar dhuine de na daoine ar ina choinne nó ina coinne atá aon ordú nó faoiseamh eile á lorg san iarratas nó ina mbeidh aon ghairm, gnó nó slí bheatha á seoladh nó á sheoladh aige nó aici a dhéanfar iarratas dá dtagraítear i bhfo-riail (2) nó (3).

2. (1) Faoi réir fho-riail (3), is trí fhoriarratas tionscnaimh iar bhfógra (dá ngairtear “an foriarratas iar bhfógra” anseo ina dhiaidh seo san Ordú seo) a dhéanfar an t-iarratas i bhFoirm Uimh. 50 de Sceideal na bhFoirmeacha, agus ní le Bille Sibhialta.

(2) Is maidir leis an bhforáil den achtachán ar dá bun a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh an teideal a bheidh ar an bhforiarratas iar bhfógra. I gcás go mbeidh aon ordú, treoir nó faoiseamh eile á lorg amhail i gcoinne aon duine nó daoine, beidh amhail idir an t-iarratasóir agus cibé duine nó daoine mar fhreagróirí mar theideal ar an bhforiarratas iar bhfógra freisin, agus tabharfar ainm agus seoladh gach freagróir. Sonrófar san fhoriarratas iar bhfógra an faoiseamh áirithe a lorgaítear i gcoinne gach freagróir agus an fhoráil nó na forálacha áirithe den achtachán iomchuí lena n-údaraítear gach faoiseamh den sórt sin a dheonú.

(3) I gcás go n-údaraítear le hachtachán an t-iarratas a dhéanamh ex parte, nó i gcás nach mbeidh aon ordú, treoir nó faoiseamh eile á lorg amhail i gcoinne aon duine nó daoine, is trí fhoriarratas tionscnaimh (dá ngairtear “an foriarratas” ina dhiaidh seo san Ordú seo) i bhFoirm Uimh. 50A i Sceideal na bhFoirmeacha a dhéanfar an t-iarratas agus is maidir leis an bhforáil den achtachán ar dá bun a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh an teideal a bheidh ar an iarratas agus beidh ar iarratas ón iarratasóir mar theideal air freisin.

3. (1) Is é a bheidh mar fhoras leis an bhforiarratas iar bhfógra (nó, de réir mar a bheidh, an foriarratas) mionnscríbhinn arna mionnú ag an iarratasóir nó thar ceann an iarratasóra, agus maidir leis an mionnscríbhinn, faoi réir fho-riail (3):

(a) beidh tuairisc inti ar an iarratasóir, lena n-áirítear sonraí leordhóthanacha chun seasamh an iarrratasóra chun an t-iarratas a dhéanamh faoin fhoráil iomchuí den achtachán a mhíniú agus, i gcás nach é an teisteoir an t-iarratasóir, údarás an teisteora an mhionnscríbhinn a dhéanamh thar ceann an iarratasóra;

(b) má bhíonn an t-iarratasóir ag gníomhú in aon cháil ionadúil, nó má bhíonn faoiseamh á lorg i gcoinne aon fhreagróra i gcáil ionadúil, luafar inti cáil an iarratasóra nó, de réir mar a bheidh, an fhreagróra;

(c) leagfar amach inti na fíorais nó na himthosca a líomhnaítear a cheadaíonn nó a thugann teideal don iarratasóir, nó a thugann ceart don iarratasóir, an t-iarratas a dhéanamh agus a thacaíonn le deonú an fhaoisimh a lorgaítear; agus

(d) leagfar amach inti an bonn atá le creidimh an teisteora maidir leis na fíorais nó na himthosca dá dtagraítear sa mhír roimhe seo a bheith ann. 

(2) Foilseánfar sa mhionnscríbhinn cóipeanna den chomhfhreagras agus de na doiciméid go léir idir an t-iarratasóir agus gach freagróir (más ann) nó arna n-eisiúint ag aon duine acu ar shlí eile, is iomchuí maidir leis an ábhar nó na hábhair a mbeidh faoiseamh á lorg ina leith. Faoi réir aon treorach a thabharfaidh an Chúirt, déanfar na cóipeanna sin a chorprú i bhfoilseán amháin agus déanfar iad a innéacsú agus a uimhriú go seicheamhach in ord croineolaíoch.

(3) D’ainneoin fho-rialacha (1) agus (2), i gcás gur iarratas forfheidhmiúcháin an t-iarratas, agus go bhforáiltear san achtachán iomchuí nach n-éistfidh an Chúirt an freagróir, nó páirtí a dhéanfaidh mainneachtain, is leordhóthanach don mhionnscríbhinn is foras:

(a) déanamh na breithe, an chinnidh, an mholta nó na socraíochta de chuid an údaráis iomchuí a mbeifear ag iarraidh a chur i bhfeidhm a leagan amach, agus

(b) cóip den bhreith, cinneadh, moladh nó socraíocht de chuid an údaráis iomchuí (más i scríbhinn) a fhoilseánadh, agus

(c) deimhnisc a bheith inti á rá an tráth agus an tslí a ndearnadh an bhreith, cinneadh, moladh nó socraíocht sin a chur in iúl do gach freagróir nó a sheachadadh ar gach freagróir.

4. (1) Faoi réir aon fhorála dá mhalairt san achtachán iomchuí, i gcás gur trí fhoriarratas iar bhfógra a dhéanfar an t-iarratas, tabharfar fógra nach lú ná 14 lá i dtaobh an iarratais.

(2) Déanfar an foriarratas iar bhfógra agus cóipeanna den mhionnscríbhinn is foras dó agus aon fhoilseáin a ghabhann léi a sheirbheáil ar gach freagróir.

5. (1) Déanfaidh freagróir ar mian leis éisteacht a fháil ar an iarratas Láithreas a thaifeadadh de réir Ordú 15, riail 7A, agus cóip dá Láithreas a sheachadadh ar an iarratasóir.

(2) Ach amháin mar a bhforáiltear le hachtachán nach n-éistfidh an Chúirt páirtí, féadfaidh aon fhreagróir a bheartaíonn cur i gcoinne an iarratais mionnscríbhinn fhreagartha ina leagfar amach go cruinn na forais atá leis an gcur i gcoinne sin agus lena ndéanfar aon fhíorais ar a bhfuiltear ag brath chun cur i gcoinne an iarratais a fhíorú a chomhdú san Oifig agus seirbheálfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin a ghabhann léi) ar an iarratasóir agus ar gach freagróir eile roimh an dáta chun an foriarratas iar bhfógra a thabhairt ar ais.

(3) Beidh an t-iarratasóir saor chun mionnscríbhinn eile a chomhdú mar fhreagra ar aon ábhar arna fhíorú i mionnscríbhinn ó fhreagróir, agus sa chás sin déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin a sheirbheáil ar gach freagróir laistigh de sheacht lá tar éis mhionnscríbhinn an fhreagróra a bheith seirbheáilte air.

(4) In aon chás ina ndéanfar tagairt i mionnscríbhinn do dhoiciméad arna fhoilseánadh roimhe sin i mionnscríbhinn ó aon pháirtí, ní dhéanfar an doiciméad lena mbaineann a fhoilseánadh a thuilleadh, ach déanfar é a shainaithint tríd an tagairt don fhoilseán arna húsáid i ndáil leis an doiciméad sin sa mhionnscríbhinn roimhe sin.

6. Déanfaidh an t-iarratasóir, sula n-éistfear an foriarratas iar bhfógra, mionnscríbhinn a chomhdú ina dtabharfar ainmneacha agus seoltaí na ndaoine go léir ar ar seirbheáladh an foriarratas iar bhfógra, an mhionnscríbhinn forais agus na foilseáin (más ann), agus áiteanna agus dátaí na seirbheála. Mura ndéanfar aon duine ar chóir seirbheáil a bheith déanta air a sheirbheáil, luafar an fíoras sin agus an chúis a bhí leis sa mhionnscríbhinn.

7. Ach amháin mar a n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is ar mhionnscríbhinn a thabharfar aon fhianaise in imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo.

8. (1) Ar an dáta chun an foriarratas iar bhfógra a thabhairt ar ais (nó aon atráthú den dáta sin) déanfaidh an Chúirt (mura n-éistfidh sí an t-iarratas ar an dáta sin) treoracha a thabhairt agus orduithe a dhéanamh maidir le seoladh na n-imeachtaí a dhealraíonn di a bheith caoithiúil chun na himeachtaí a chinneadh ar mhodh a bheidh cóir agus dlúsúil agus ar dócha dó costais na n-imeachtaí sin a laghdú agus i gcás inar cuí sin, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith iontu:

(a) treoracha maidir le fógra i dtaobh an iarratais a sheirbheáil ar aon duine eile, lena n-áirítear an modh seirbheála agus an t-am a cheadaítear chun an tseirbheáil sin a dhéanamh (agus féadfaidh an Chúirt, chun na críche sin, éisteacht an fhoriarratais iar bhfógra nó aon éisteacht eile ar an iarratas sin a chur ar atráth go dtí dáta sonraithe);

(b) treoracha maidir le comhdú agus seachadadh aon mhionnscríbhinní eile ag aon pháirtí nó páirtithe;

(c) orduithe ag socrú teorainneacha ama;

(d) treoracha maidir le follasú;

(e) treoracha maidir le malartú meamram idir na páirtithe nó ina measc chun go gcomhaontóidh na páirtithe, nó chun go socróidh an Chúirt, aon saincheisteanna maidir le fíorais nó dlí a bheidh le cinneadh sna himeachtaí ar an iarratas, nó orduithe ag socrú na saincheisteanna sin;

(f) treoir go ndéanfar an t-iarratas a chinneadh ar fhianaise ó bhéal, má dhealraíonn sé don Chúirt gur dócha go mbainfidh ábhar an iarratais le díospóid shubstaintiúil maidir le fíorais nó más gá nó inmhianaithe é ar shlí eile ar mhaithe leis an gceartas (agus féadfaidh an Chúirt, chun na críche sin, orduithe a dhéanamh agus treoracha a thabhairt i ndáil le pléadálacha nó pointí éilimh nó cosanta a mhalartú idir na páirtithe);

(g) treoracha maidir leis na páirtithe aighneachtaí scríofa a thabhairt don Chúirt agus iad a sheachadadh;

(h) treoracha maidir le fógra a fhoilsiú i dtaobh éisteacht an iarratais agus fógra i dtaobh na héisteachta sin a thabhairt roimh ré d’aon duine seachas páirtí sna himeachtaí ar mian leis éisteacht a fháil ar éisteacht an iarratais.

(2) Ar an dáta chun an foriarratas iar bhfógra a thabhairt ar ais (nó aon atráthú den dáta sin) féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, aon iarratas ar fhaoiseamh de chineál idirbhreitheach a éisteacht cibé acu is de chineál urghaire nó eile é.

.....
4. Ní dhéanfaidh aon ní sna Rialacha seo difear do bhailíocht aon bhirt nó aon ruda eile a dhéanfar in aon imeachtaí ar aon iarratas iomchuí de réir bhrí Ordú 64B riail 1 nó in aon imeachtaí ar aon achomharc dá dtagraítear in Ordú 64C riail 1(2), a thionscnófar roimh dháta thosach feidhme na Rialacha seo. Ach amháin sa chás go n-ordóidh an chúirt sna himeachtaí sin a mhalairt, leanfar le himeachtaí den sort sin agus tabharfar chun críche iad amhail is nach ndearnadh na Rialacha seo.

5. Déanfar Foirm Uimh. 5B a leanas a chur isteach i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda díreach i ndiaidh Foirm Uimh. 5A. Déanfar Foirmeacha Uimh. 50, 50A agus 50B a leanas a chur isteach i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda díreach i ndiaidh Foirm Uimh. 49.