Ordú 4

Seala na cúirte

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

 

Uim4-I.R. Uimh. 409 De 2006: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Séala Na Cúirte) 2006

Uim4-I.R. Uimh. 583 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Oifigí Cúirte Comhcheangailte) 2009

Uim4-I.R. Uimh. 19 De 2019

 

 

1. Beidh ag an gCúirt, lena úsáid i ngach Contae, Séala cabhraíochta nó, in imthosca ina mbeidh ilsuímh ag an Oifig, Séalaí cabhraíochta, le hinscríbhinn chuí, mar a ordóidh an tAire, a shonróidh ainm na Cuarda a mbeidh sé le húsáid ina leith. Cuirfear an Séala sin faoi choimeád an Chláraitheora Contae agus coinneoidh seisean ina choimeád é. Ní gá go síneodh an Breitheamh aon Fhoraithne, Ordú, Barántas nó doiciméad eile, ach fíordheimhneofar gach doiciméad den sórt sin le Séala na Cúirte arna mhúnlú air agus le síniú an Chláraitheora Contae.

2. Más rud é, de bharr athshocrú na gCuarda, nach mbeidh Séala cabhraíochta ar fáil le haghaidh limistéir áirithe Cúirte Cuarda, ansin, go dtí go mbeidh Séala cabhraíochta ar fáil, déanfar gach doiciméad a gceanglaítear le Riail 1 den Ordú seo é a fhíordheimhniú le Séala na Cúirte a fhíordheimhniú le sínithe Bhreitheamh na Cúirte Cuarda agus an Chláraitheora Contae don limistéar sin araon.