Ordú 64C

An Nós Imeachta in Iarratais Reachtúla : I.R. Uimh. 470 de 2009

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim64C-I.R. Uimh. 222 De 2019
 

1. (1) San Ordú seo, tá le “achtachán” an bhrí chéanna atá leis san Acht Léiriúcháin 2005.

(2) I gcás ina bhforáiltear le haon achtachán achomharc a dhéanamh chun na Cúirte nó chun breithimh den Chúirt i gcoinne breithe arna tabhairt nó cinneadh arna dhéanamh nó treoir arna tabhairt ag duine nó comhlacht (seachas an Chúirt Dúiche), a bheidh údaraithe le haon achtachán breith den sórt sin a thabhairt nó cinneadh nó treoir den sórt sin a dhéanamh (dá ngairtear “an t-údarás iomchuí” san Ordú seo), agus nach ndéantar foráil maidir leis an nós imeachta infheidhme leis an achtachán lena mbaineann ná le hOrdú eile, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha amach san Ordú seo, faoi réir aon cheanglais den achtachán iomchuí.

(3) Mura bhforáiltear a mhalairt san achtachán, is sa Chontae ina mbeidh gnáthchónaí ar an achomharcóir nó ar cheann de na hachomharcóirí nó ina mbeidh aon ghairm, gnó nó slí bheatha á seoladh nó á sheoladh aige nó aici a dhéanfar an t-achomharc a thionscnamh.

(4) Chun amhras a sheachaint, ní bheidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha amach san Ordú seo maidir le haon athéisteacht ag breitheamh den Chúirt d’achomharc arna chinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc arna gceapadh faoi alt 850 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

2. (1) Tionscnófar an t-achomharc trí fhoriarratas tionscnaimh iar bhfógra (dá ngairtear “an fógra achomhairc” anseo ina dhiaidh seo san Ordú seo) i bhFoirm 50B i Sceideal na bhFoirmeacha. Is maidir leis an bhforáil den achtachán ar dá bun a mbeidh an t-achomharc á dhéanamh an teideal a bheidh ar an bhfógra achomhairc. Déanfar an duine a bheidh ag déanamh an achomhairc a ainmniú san fhógra mar achomharcóir agus déanfar aon duine a bhforáiltear leis an achtachán iomchuí a bheith ina fhreagróir don achomharc a ainmniú mar fhreagróir.

(2) Beidh ainm agus seoladh an achomharcóra agus gach freagróir san fhógra achomhairc. Sonrófar san fhógra achomhairc an faoiseamh a bheidh á lorg, agus an fhoráil nó na forálacha áirithe den achtachán iomchuí lena n-údaraítear faoiseamh den sort sin a dheonú.

(3) I gcás ina bhforáiltear leis an achtachán iomchuí go bhféadfaidh an Chúirt faoiseamh a dheonú a leanann as nó i dteannta an t-achomharc a chinneadh, luafar go cruinn san fhógra achomhairc an faoiseamh iarmhartach nó breise a bheidh á lorg.

(4) Faoi réir aon fhorála dá mhalairt san achtachán iomchuí, déanfar an fógra achomhairc a eisiúint—

(a) tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don údarás iomchuí fógra i dtaobh bhreith an údaráis iomchuí a thabhairt don achomharcóir beartaithe, nó

(b) laistigh de cibé tréimhse is faide a cheadóidh an Chúirt, ar iarratas arna dhéanamh chuici ag an achomharcóir beartaithe, i gcás gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil cúis mhaith dhóthanach ann chun an tréimhse sin a fhadú agus nach dtarlódh éagóir ar aon duine eile lena mbaineann san ábhar de thoradh fhadú na tréimhse.

(5) Faoi réir aon fhorála dá mhalairt san achtachán iomchuí, maidir le hiarratas chun na Cúirte dá dtagraítear i mír (b) d’fho-riail (4)—

(a) mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is trí fhoriarratas iar bhfógra chun aon duine dá bhforáiltear leis an achtachán iomchuí go mbeidh sé ina fhreagróir san achomharc agus chun aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt go dtabharfar fógra i dtaobh an iarratais sin dó, a dhéanfar é, agus

(b) féadfar é a dhéanamh tar éis an tréimhse 21 lá dá dtagraítear i mír (a) den fho-riail sin.

3. (1) Beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an achomharcóir nó thar ceann an achomharcóra mar fhoras leis an bhfógra achomhairc agus:

(a) beidh tuairisc inti ar an achomharcóir lena n-áirítear sonraí a bheidh leordhóthanach chun seasamh an achomharcóra chun achomharc a dhéanamh faoin fhoráil iomchuí den achtachán a mhíniú, agus, i gcás nach é an teisteoir an t-achomharcóir, údarás an teisteora chun an mhionnscríbhinn a dhéanamh thar ceann an achomharcóra;

(b) más in aon cháil ionadúil a bheidh an t-achomharcóir ag gníomhú, nó má lorgaítear faoiseamh i gcoinne aon fhreagróra i gcáil ionadúil, luafar inti cáil an achomharcóra nó, de réir mar a bheidh, an fhreagróra;

(c) luafar inti údarás an údaráis iomchuí chun an bhreith a thabhairt nó an cinneadh nó an treoir a dhéanamh ar ina coinne nó ina choinne a dhéantar an t-achomharc;

(d) luafar inti leas aon fhreagróra agus aon duine eile dá dtabharfar fógra i dtaobh an achomhairc sa bhreith, sa chinneadh nó sa treoir ar ina coinne nó ina choinne a dhéantar an t-achomharc;

(e) déanfar na nithe seo a leanas a fhoilseánadh inti:


(i) cóip d’aon iarratas arna dhéanamh chuig an údarás iomchuí;

(ii) an fhianaise agus aon ábhar eile a thabharfar ar aird don údarás iomchuí, agus cóipeanna den chomhfhreagras agus na doiciméid iomchuí go léir a ghabhann idir an t-achomharcóir agus an t-údarás iomchuí;

(iii) aon taifead oifigiúil agus, más iomchuí, aon taifead eile ar na himeachtaí os comhair an údaráis iomchuí;

(iv) cóip den bhreith arna tabhairt nó den chinneadh nó den treoir arna dhéanamh nó arna déanamh (de réir mar a bheidh) ag an údarás iomchuí;


(f) leagfar amach inti na fíorais nó na himthosca is iomchuí maidir leis an mbreith a thabhairt nó an cinneadh nó an treoir a dhéanamh ar ina coinne nó ina choinne a dhéantar an t-achomharc (lena n-áirítear aon ghníomh nó neamhghníomh ar thaobh an phríomhfhreagróra a ndearnadh gearán ina leith) a líomhnaítear a bheith mar thaca leis an achomharc a dheonú maidir leis an mbreith, cinneadh nó treoir nó maidir le haon fhaoiseamh iarmhartach nó breise a bheidh á lorg, agus

(g) leagfar amach inti an bonn atá le credimh an teisteora maidir leis na fíorais nó na himthosca dá dtagraítear sa mhír roimhe seo a bheith ann.

(2) Faoi réir aon treorach a thabharfaidh an Chúirt, déanfar cóipeanna den doiciméadacht a foilseánadh sa mhionnscríbhinn is foras a chur in aon fhoilseán amháin agus sa chás sin déanfar iad a innéacsú agus a uimhriú go seicheamhach in ord chroineolaíoch.

4. (1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an achtachán iomchuí, tabharfar fógra nach giorra ná 14 lá i dtaobh an achomhairc.

(2) Déanfar an fógra achomhairc agus cóipeanna den mhionnscríbhinn is foras dó agus aon fhoilseáin ina leith a sheirbheáil ar gach freagróir.

(3) Déanfar cóipeanna den fhógra achomhairc, den mhionnscríbhinn is foras dó agus d’aon fhoilseáin a ghabhann léi a sheachadadh ar an údarás iomchuí (i gcás nach bhforáiltear leis an achtachán iomchuí go mbeidh an t-údarás iomchuí ina fhreagróir san achomharc).

5. (1) Aon fhreagróir ar mian leis cur i gcoinne an achomhairc, déanfaidh sé mionnscríbhinn a chomhdú san Oifig ina leagfar amach go cruinn na forais leis an gcur i gcoinne agus ina ndéanfar aon fhíorais a fhíorú ar a mbeifear ag brath chun cur i gcoinne an achomhairc, agus sa chás sin déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin (agus aon fhoilseáin) a sheirbheáil ar an achomharcóir agus ar gach freagróir roimh an dáta ar a mbeidh an fógra achomhairc le tabhairt ar ais.

(2) Beidh an t-achomharcóir saor chun mionnscríbhinn eile a chomhdú mar fhreagra ar aon ábhar arna fhíorú i mionnscríbhinn ó fhreagróir agus sa chás sin déanfar cóip den mhionnscríbhinn sin a sheirbheáil ar gach freagróir laistigh de sheacht lá tar éis mionnscríbhinn an fhreagróra a bheith seirbheáilte air.

(3) In aon chás ina ndéanfar tagairt i mionnscríbhinn do dhoiciméad arna fhoilseánadh roimhe sin i mionnscríbhinn ó aon pháirtí, ní dhéanfar an doiciméad lena mbaineann a fhoilseánadh a thuilleadh, ach déanfar é a shainaithint le tagairt don fhoilseán arna húsáid i ndáil leis an doiciméad sin sa mhionnscríbhinn roimhe sin.

6. Déanfaidh an t-achomharcóir mionnscríbhinn ina dtabharfar ainm agus seoladh gach duine ar ar seirbheáladh an fógra achomhairc, mar aon leis na háiteanna agus na dátaí ar seirbheáladh orthu iad, agus cóipeanna den mhionnscríbhinn is foras dó agus foilseáin (más ann) a chomhdú sula n-éistfear an t-achomharc. Más rud é nár seirbheáladh aon duine ba chóir a sheirbheáil faoin Ordú seo luafar an fíoras sin agus an chúis atá leis sa mhionnscríbhinn.

7. (1) Ar an dáta chun aon fhógra achomhairc de bhun an Ordaithe seo a chur ar ais, (nó aon atráthú den éisteacht sin) déanfaidh an Chúirt treoracha a thabhairt agus orduithe a dhéanamh maidir le seoladh na n-imeachtaí a dhealraíonn di a bheith caoithiúil chun na himeachtaí a chinneadh ar mhodh a bheidh cóir agus dlúsúil agus ar dócha dó costais na n-imeachtaí a laghdú agus féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith iontu:

(a) treoracha maidir le fógra i dtaobh an achomhairc a sheirbheáil ar aon duine eile, lena n-áirítear an modh seirbheála agus an t-am a cheadaítear chun an tseirbheáil sin a dhéanamh (agus chun na críche sin féadfaidh sí éisteacht an fhoriarratais iar bhfógra nó aon éisteacht eile ar an iarratas sin a chur ar atráth go dtí dáta sonraithe);

(b) treoracha maidir le comhdú agus seachadadh aon mhionnscríbhinní eile ag aon pháirtí nó páirtithe;

(c) treoracha maidir leis na páirtithe aighneachtaí scríofa a thabhairt don Chúirt agus a sheachadadh, ar aon saincheist a eascraíonn maidir le raon cuí an achomhairc nó maidir leis an ábhar ba chóir a bheith os comhair na Cúirte ar éisteacht an achomhairc, agus treoracha maidir le haon saincheist den sórt sin a éisteacht agus a chinneadh;

(d) orduithe ag socrú teorainneacha ama;

(e) treoir go ndéanfar an t-achomharc a chinneadh ar fhianaise ó bhéal, má dhealraíonn sé don Chúirt gur dócha go mbainfidh ábhar an iarratais le díospóid shubstaintiúil maidir le fíorais nó más gá nó inmhianaithe é ar shlí eile ar mhaithe leis an gceartas (agus féadfaidh an Chúirt, chun na críche sin, cibé orduithe a dhéanamh agus cibé treoracha a thabhairt i ndáil le pléadálacha nó pointí éilimh nó cosanta a mhalartú idir na páirtithe);

(f) treoracha maidir le follasú;

(g) treoracha maidir leis na páirtithe aighneachtaí scríofa a thabhairt don Chúirt agus iad a sheachadadh;

(h) treoracha maidir le malartú meamram idir na páirtithe nó ina measc chun go gcomhaontóidh na páirtithe, nó chun go socróidh an Chúirt, aon saincheisteanna maidir le fíorais nó dlí a bheidh le cinneadh sna himeachtaí ar an achomharc, nó orduithe ag socrú na saincheisteanna sin.

(2) Ar an dáta chun aon fhógra achomhairc de bhun an Ordaithe seo a thabhairt ar ais (nó aon atráthú den dáta sin) féadfaidh an Chúirt, má dhealraíonn sé di gur cóir agus gur cuí é, orduithe ar fhaoiseamh de chineál idirbhreitheach a dhéanamh cibé acu is de chineál urghaire nó eile iad.

8. Ach amháin mar a n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is ar mhionnscríbhinn a thabharfar aon fhianaise in imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo.”.

4. Ní dhéanfaidh aon ní sna Rialacha seo difear do bhailíocht aon bhirt nó aon ruda eile a dhéanfar in aon imeachtaí ar aon iarratas iomchuí de réir bhrí Ordú 64B riail 1 nó in aon imeachtaí ar aon achomharc dá dtagraítear in Ordú 64C riail 1(2), a thionscnófar roimh dháta thosach feidhme na Rialacha seo. Ach amháin sa chás go n-ordóidh an chúirt sna himeachtaí sin a mhalairt, leanfar le himeachtaí den sort sin agus tabharfar chun críche iad amhail is nach ndearnadh na Rialacha seo.

5. Déanfar Foirm Uimh. 5B a leanas a chur isteach i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda díreach i ndiaidh Foirm Uimh. 5A. Déanfar Foirmeacha Uimh. 50, 50A agus 50B a leanas a chur isteach i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda díreach i ndiaidh Foirm Uimh. 49.