Ordú 43

Díolacháin

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim43-I.R. Uimh. 155 De 2010: Na Rialacha Cúirte Cuarda (An Tacht Um Athchóiriú An Dlí Talún Agus Tíolactha 2009) 2010


1. Más léir, in aon chaingean nó ábhar i ndáil le talamh, gur gá nó gur fóirsteanach an talamh nó aon chuid di a dhíol, féadfaidh an Chúirt a ordú an céanna a dhíol agus cuirfear iallach ar aon pháirtí a bheidh faoi cheangal ag an ordú agus a bheidh i seilbh na talún, nó ag fáil chíosanna agus bhrabúis na talún, an tseilbh nó an fáltas sin a thabhairt suas don cheannaitheoir, nó do cibé duine eile a ordóidh an Chúirt.

2. I ngach cás ina n-ordófar talamh a dhíol, a mhorgáistiú, a idir-roinnt nó a mhalartú, beidh de chumhacht ag an gCúirt, i dteannta na gcumhachtaí atá ar marthain cheana féin, a údarú go ndéanfar é sin:

(a) trí thograí a leagan faoi bhráid na Cúirte lena gceadú ag an gCúirt; nó

(b) trí imeachtaí lasmuigh de Chúirt, agus íocfar isteach sa Chúirt, nó le hiontaobhaithe, aon airgead a thiocfaidh as sin, nó déileálfar leis thairis sin de réir mar a ordóidh an Chúirt;

ar choinníoll i gcónaí nach n-údaróidh an Breitheamh talamh a dhíol lasmuigh de Chúirt mura deimhin agus go dtí gur deimhin leis go bhfuil gach duine ag a bhfuil leas sna tailte a bheidh le díol, le morgáistiú, le hidir-roinnt nó le malartú os comhair na Cúirte, nó faoi cheangal ag an ordú díola, morgáistithe, idir-roinnte, nó malartaithe.

3. Nuair a ordófar aon mhaoin a dhíol, ordófar san ordú cé air a mbeidh cúram an díolacháin, agus cá háit a ndéanfar an díolachán, agus cé a ullmhóidh na coinníollacha agus na conarthaí díolacháin agus an achomaireacht teidil, más gá a leithéid. Aon uair a ordófar, i gcaingean chun eastát éagaigh a riaradh nó chun iontaobhais ionstraime scríofa a fhorghníomhú, aon mhaoin a dhíol a bheidh dílsithe d'aon seiceadóir, riarthóir nó iontaobhaí, tabharfar seoladh an díolacháin sin don seiceadóir, don riarthóir nó don iontaobhaí sin, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt.

4. Féadfaidh an Breitheamh aon ábhar a bhainfidh le himscrúdú an teidil chun aon talún, d'fhonn airgead a infheistiú ina ceannach nó ar a morgáistiú, nó d'fhonn í a dhíol, nó d'fhonn dréacht nó tíolacas, morgáiste, socraíocht nó ionstraim eile a shocrú, nó aon ábhar eile is oiriúnach leis an mBreitheamh, a tharchur chun Abhcóide a cheapfaidh sé.

5. I gcás ina n-ordófar i mbreithiúnas nó in ordú aon mhaoin a dhíol déanfar, mura n-ordófar a mhalairt, í a dhíol leis an gceannaitheoir is fearr, agus má fhormheasann an Chúirt an díolachán, beidh na páirtithe cuí uile comhpháirteach sa díolachán agus sa tíolacas de réir mar a ordóidh an Chúirt.

6. Más léir, in aon chaingean nó ábhar i ndáil le hearraí nó airnéisí, gur gá nó gur fóirsteanach na hearraí nó na hairnéisí sin, nó aon earraí nó airnéisí díobh, a dhíol, féadfaidh an Breitheamh a ordú go ndéanfaidh aon duine nó daoine a ainmneofar san ordú sin an díol sin, agus go ndéanfar sin i cibé slí agus ar cibé téarmaí is inmhianaithe leis, agus in aon chás inar earraí nó airnéisí meatacha na hearraí nó na hairnéisí sin, nó gur dóigh dóibh meathlú má choimeádtar iad, nó inarb inmhianaithe ar aon leorchúis chóir eile go ndíolfaí láithreach iad, féadfar an t-ordú díolacháin sin a dhéanamh tráth ar bith tar éis na himeachtaí a thionscnamh.