Ordú 8

Caingne ag gnólachtaí agus ag daoine a bhfuil gnó á sheoladh acu faoi ainmeacha seachas a nainmneacha féin, agus caingne ina gcoinne sin

1. Aon bheirt nó níos mó a bheidh ag éileamh nó faoi dhliteanas mar chomhpháirtithe agus ag seoladh gnó laistigh den dlínse, féadfaidh siad agra a dhéanamh, nó féadfar iad a agairt, in ainm na ngnólachtaí faoi seach, más ann, a raibh na daoine sin ina gcomhpháirtithe iontu an tráth a d'fhabhraigh an chúis chaingne agus in ainmneacha na ndaoine sin; agus i gcásanna den sórt sin féadfaidh aon pháirtí i gcaingean a iarraidh ar an gCúirt, trí fhógra foriarratais, ráiteas a chur ar fáil, arna fhíorú faoi mhionn nó ar shlí eile, de réir mar a ordóidh an Chúirt, ina mbeidh ainmneacha, tuairiscí agus áiteanna cónaithe na ndaoine a bhí, an tráth a d'fhabhraigh an chúis chaingne, ina gcomhpháirtithe in aon ghnólacht den sórt sin.

2. Nuair a eiseoidh comhpháirtithe Bille Sibhialta in ainm a ngnólachta, dearbhóidh na gearánaithe nó a n-aturnaetha i scríbhinn láithreach, ar éileamh i scríbhinn ó aon chosantóir nó thar a cheann, ainmneacha, tuairiscí agus áiteanna cónaithe na ndaoine go léir a chomhdhéanann an gnólacht ar thar a cheann atá an chaingean á tionscnamh. Mura ndéanfaidh na gearánaithe nó a n-aturnaetha de réir an éilimh sin, féadfar, ar iarratas chuige sin, gach imeacht sa chaingean a bhac ar cibé téarmaí a ordóidh an Breitheamh. Nuair a dhearbhófar amhlaidh ainmneacha na gcomhpháirtithe, rachaidh an chaingean ar aghaidh sa tslí chéanna, agus leanfaidh na hiarmhairtí céanna aisti go huile agus go hiomlán, ionann is dá mbeadh na comhpháirtithe ainmnithe mar ghearánaithe sa Bhille Sibhialta; ach, mar sin féin, is in ainm an ghnólachta a leanfar de na himeachtaí uile.
3. I gcás ina n-agrófar daoine mar chomhpháirtithe in ainm a ngnólachta faoi Riail 1 den Ordú seo, seirbheálfar an Bille Sibhialta ar aon duine nó daoine de na comhpháirtithe go pearsanta, nó seirbheálfar é i bpríomháit ghnó na comhpháirtíochta, laistigh den dlínse, ar aon duine a bheidh, tráth na seirbheála, ag rialú nó ag bainistiú ghnó na comhpháirtíochta ann; agus, faoi réir na rialacha seo, measfar an tseirbheáil sin a bheith ina seirbheáil mhaith ar an ngnólacht a agrófar amhlaidh, cibé acu a bheidh aon duine dá chomhaltaí lasmuigh den dlínse nó nach mbeidh, agus ní bheidh gá le cead chun Bille Sibhialta a eisiúint ina gcoinne; ar choinníoll, i gcás comhpháirtíochta is eol don ghearánaí a bheith díscaoilte sular tionscnaíodh an chaingean, go seirbheálfar an Bille Sibhialta ar gach duine laistigh den dlínse a bhféachtar lena chur faoi dhliteanas.
4. I gcás ina n-agrófar daoine mar chomhpháirtithe in ainm a ngnólachta, láithreoidh siad ina nduine agus ina nduine faoina n-ainmneacha féin; ach, mar sin féin, is in ainm an ghnólachta a leanfar de na himeachtaí uile ina dhiaidh sin.
5. Féadfar fiacha atá dlite de ghnólacht a bhfuil gnó á sheoladh aige laistigh den dlínse a astú faoi Ordú 38, cé go mb'fhéidir go mbeadh cónaí thar lear ar chomhalta amháin nó níos mó den ghnólacht sin, ar choinníoll go seirbheálfar an t-ordú gairnisí ar aon duine atá ag rialú nó ag bainistiú ghnó na comhpháirtíochta, nó ar aon chomhalta den ghnólacht atá laistigh den dlínse. Is láithriú leordhóthanach ag an ngnólacht aon chomhalta do láithriú de bhun ordaithe.
6. Bainfidh na Rialacha sin thuas le caingne idir gnólacht agus comhalta amháin nó níos mó den ghnólacht, agus le caingne idir gnólachtaí a bhfuil comhalta amháin nó níos mó i gcoiteannas acu, ar choinníoll go bhfuil gnó á sheoladh laistigh den dlínse ag an ngnólacht nó ag na gnólachtaí sin, ach ní eiseofar aon fhorghníomhú sna caingne sin gan cead ón mBreitheamh tar éis foriarratais iar bhfógra chun an pháirtí lena mbainfidh agus, ar iarratas a dhéanamh ar chead chun an forghníomhú sin a eisiúint, féadfar a ordú go dtógfar na cuntais sin go léir agus go ndéanfar na fiosrúcháin sin go léir agus go dtabharfar na treoracha sin go léir is cóir.
7. Aon duine a bhfuil gnó á sheoladh aige laistigh den dlínse faoi ainm nó faoi theideal seachas a ainm féin agus arb ainm nó teideal é nach bhfuil cláraithe de bhun an Achta um Chlárú Ainmneacha Gnó, 1963, féadfar é a agairt faoin ainm nó faoin teideal sin; agus féadfaidh an gearánaí sna cásanna sin iarratas a dhéanamh trí Fhógra Foriarratais chun na Cúirte ar Ordú á ordú don duine a ndealraíonn sé go bhfuil an gnó sin á rialú nó á bhainistiú aige ainm, tuairisc agus áit chónaithe an duine a raibh an gnó á sheoladh aige mar atá ráite, an tráth a d'fhabhraigh an chúis chaingne, a thabhairt, arna bhfíorú faoi mhionn nó ar shlí eile, de réir mar a ordóidh an Chúirt.
8. I ngach cás lena mbaineann Riail 7 den Ordú seo féadfar Bille Sibhialta nó aon doiciméad eile a sheirbheáil trína sheirbheáil mar a fhoráiltear leis na Rialacha seo ar an duine a bhfuil an gnó á sheoladh aige, nó ar cibé duine a ndealraíonn sé go bhfuil an gnó sin á rialú nó á bhainistiú aige tráth na seirbheála, san áit a bhfuil an gnó sin á sheoladh. Measfar gur seirbheáil mhaith ar an duine a agraítear an tseirbheáil sin cibé acu atá nó nach bhfuil an duine sin lasmuigh den dlínse agus ní bheidh gá le cead chun an Bille Sibhialta nó an doiciméad eile a eisiúint.
9. A mhéid a cheadóidh cineál an cháis é, beidh feidhm maidir le gach cás lena mbaineann Riail 7 den Ordú seo ag na rialacha go léir a bhaineann leis na himeachtaí i gcoinne gnólachtaí.