Ordú 34

Ordú i dtaobh sainsheisteanna ar leithligh a thriail

1. Más léir don Bhreitheamh go bhfuil in aon chúis nó ábhar ceist dlí ba chaoithiúil a chinneadh sula dtabharfar aon fhianaise nó sula dtriailfear aon cheist nó saincheist fíorais, féadfaidh an Breitheamh ordú a dhéanamh dá réir sin, agus féadfaidh sé a threorú an cheist dlí sin a tharraingt anuas chun tuairim na Cúirte a fháil uirthi, trí chás speisialta nó i cibé slí eile is fóirsteanach leis an mBreitheamh, agus air sin féadfar bac a chur ar gach imeacht eile a bhféadfaidh cinneadh na ceiste dlí sin a thabhairt nach mbeadh gá leis.

2. Féadfaidh an Breitheamh in aon chúis nó ábhar, tráth ar bith nó ó am go ham, a ordú go ndéanfar ceisteanna éagsúla fíorais a éireoidh sa chúis nó san ábhar sin a thriail ar mhodhanna éagsúla trialach, nó go dtriailfear ceist nó ceisteanna áirithe fíorais sula dtriailfear na cinn eile.