Ordú 57B

Ombudsman Pinsean : I.R. Uimh. 588 de 2007 & I.R. Uimh. 446 de 2010

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim57B-I.R. Uimh. 446 De 2010: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ombudsman Pinsean) 2010


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Ombudsman Pinsean) 2007, is teideal dóibh, i ngníomh an 13ú lá de Mheán Fómhair 2007.

2. Forléireofar na Rialacha seo in éineacht leis na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2007.

3. Gach iarratas arna sheirbheáil nó gach imeacht arna thionscnamh faoi ailt 137 nó 141 d’Acht na bPinsean 1990 (Uimh. 25 de 1990) sula dtiocfaidh na Rialacha seo i ngníomh ach atá de réir Rialacha agus chleachtas na Cúirte atá ann, beidh an bhailíocht chéanna acu is a bheidh ag iarratas a dhéanfar nó imeachtaí a thionscnófar de réir na Rialacha seo.

4. Leasaítear leis seo na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an Ordú seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 63D:


“Ordú 63E — Ombudsman Pinsean

1. San Ordú seo, ciallaíonn “an tAcht” Acht na bPinsean, 1990 (Uimh. 25 de 1990), agus ciallaíonn “an tOmbudsman” an tOmbudsman Pinsean ar bunaíodh a oifig le hAlt 127 den Acht agus ciallaíonn “an tAire” an tAire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh.

2. Maidir le hiarratas ón Ombudsman de bhun alt 137(5) den Acht ar ordú á cheangal ar dhuine ceanglas arna chur ar an duine sin ag an Ombudsman i bhfeidhmiú cumhachta faoi alt 137(1) nó (2) den Acht a chomhlíonadh, is i bhfoirm Fógra Foriarratais tionscnaimh a mbeidh mar fhoras leis mionnscríbhinn arna mionnú ag an Ombudsman nó ag oifigeach cuí a bheidh údaraithe go cuí ag an Ombudsman, ar mionnscríbhinn í ina mbeidh mionsonraí faoin gceanglas arna chur ar an duine lena mbaineann agus faoin mainneachtain líomhnaithe an céanna a chomhlíonadh, agus foilseánfaidh an mhionnscríbhinn aon doiciméadacht (lena n-áirítear aon chomhfhreagras nó scríbhinn) a bhaineann leis an gceanglas sin agus leis an mainneachtain líomhnaithe sin an ceanglas a chomhlíonadh.

3. Maidir le hiarratas de bhun alt 141(1) den Acht ar ordú á ordú do pháirtí cinneadh ón Ombudsman a chur i gcrích, is i bhfoirm Fógra Foriarratais tionscnaimh, a mbeidh mar fhoras leis mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí a bheidh ag iarraidh go gcuirfear an cinneadh i gcrích nó, i gcás an Aire, ag oifigeach cuí a bheidh údaraithe go cuí ag an Aire, ar mionnscríbhinn í a fhoilseánfaidh:


(a) cóip dheimhnithe den chinneadh ón Ombudsman agus

(b) cóip dheimhnithe den litir chumhdaigh ón Ombudsman a eisíodh chuig an Iarratasóir leis an gcinneadh réamhluaite ón Ombudsman agus leagfar amach inti:

(i) na fíorais go léir is iomchuí maidir leis an mainneachtain líomhnaithe an cinneadh a chur i gcrích;

(ii) cibé acu a tionscnaíodh nó nár tionscnaíodh achomharc in aghaidh an chinnidh agus, murar tionscnaíodh aon achomharc den sórt sin, go bhfuil an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh caite agus, má tionscnaíodh achomharc den sórt sin, an dáta ar ar tugadh Fógra Achomhairc mar aon le fianaise gur tréigeadh an t-achomharc sin.

4. Is trí fhógra faoi na himeachtaí (lena n-áirítear an Fógra Foriarratais agus na mionnscríbhinní forais) a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh sonraithe san Fhógra Foriarratais a thabharfar fógra i dtaobh gach iarratais faoin Ordú seo don pháirtí eile lena mbaineann, agus sin go pearsanta de réir fhorálacha Ordú 11 de na Rialacha seo nó trí chóip dhílis den chéanna a fhágáil ag áit chónaithe nó áit ghnó an pháirtí eile nó trína cur leis an bpost cláraithe réamhíoctha go dtí áit chónaithe nó áit ghnó an pháirtí eile, de réir mar is cuí.

5. Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, is ar fhianaise mhionnscríbhinne amháin a éistfear gach iarratas faoi ailt 137(5) nó 141(1) den Acht.

6. Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí a dhéanamh maidir le costais, lena n-áirítear Ordú ag tomhas na gcostas.

7. Is sa chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an bpáirtí a mbeifear ag iarraidh an ordaithe ina choinne nó ina coinne a dhéanfar iarratas dá dtagraítear i Riail 2 den Ordú seo.

8. Is sa chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcomhalta iomchuí nó, de réir mar is cuí, ar an ranníocóir iomchuí, a dhéanfar iarratas dá dtagraítear i Riail 3 den Ordú seo, de réir alt 141(4) den Acht.’’