Ordú 69

Alt 39 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994 : I.R. Uimh. 448 de 2004

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim69-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Uimh. 2) (Alt 39 den Acht um Cheartas Coiriúil 1994), 2004, is teideal dóibh, i ngníomh an 27ú lá d’Iúil 2004.

2. Cuirfear na hOrduithe dá dtagraítear sna Rialacha seo leis na hOrduithe sin atá sna Rialacha Cúirte Cuarda, 2001, arna leasú, agus forléireofar in éineacht leo iad.

ORDÚ 69 — Alt 39 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994 (An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1994) (Uimh.15 de 1994)

Riail a hAon

1. San Ordú seo, ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1994 (Uimh. 15 de 1994).

Riail a Dó

2. Gach imeacht faoi alt 39 den Acht a bheidh ar feitheamh sa Chúirt sula mbeidh na Rialacha seo tagtha i ngníomh ach atá de réir Rialacha agus chleachtas na Cúirte atá ann cheana féin, beidh an bhailíocht chéanna acu is a bheidh ag imeachtaí a thionscnófar de réir na Rialacha seo, agus leanfar leis na himeachtaí sin agus tabharfar chun críche iad amhail is nach ndearnadh na Rialacha seo.

Riail a Trí

3. Is trí Fhoriarratas tionscnaimh iar bhfógra de réir na foirme atá i gceangal leis seo a dhéanfar iarratas de bhun an Ordaithe seo. Beidh sa mhionnscríbhinn is foras don iarratas sin an fhaisnéis seo a leanas:


(a) mionsonraí faoi urghabháil agus coinneáil an airgid is ábhar don iarratas;

(b) mionsonraí faoi mhéid agus airgeadra an airgid a urghabhfar;

(c) dáta agus tráth na hurghabhála agus na coinneála lena mbaineann;

(d) mionsonraí faoi aon duine a dhéanfaidh éileamh ar leas san airgead;

(e) na forais ar a lorgaítear ordú chun an t-airgead a fhorghéilleadh de bhun alt 39 den Acht, agus

(f) aon fhaisnéis eile is iomchuí maidir leis an iarratas;


agus déanfar an t-ordú nó na horduithe ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche a fhoilseánadh inti is ordú nó orduithe arna dhéanamh nó arna ndéanamh de bhun alt 38 den Acht lena n-údaraítear an t-airgead a choinneáil níos faide.

Riail a Ceathair

4. Déanfar an t-iarratas chuig Breitheamh den Chúirt Chuarda don chuaird ina ndearnadh an urghabháil nó de réir Ordú 2(g) de na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

Riail a Cúig

5. Is iar bhfógra arna thabhairt d’aon duine ar uaidh nó uaithi a rinneadh an t-airgead a urghabháil agus d’aon duine a dhéanfaidh éileamh ar leas san airgead a dhéanfar an t-iarratas. Féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar fógra i dtaobh an iarratais a sheirbheáil ar cibé duine nó daoine eile is cuí léi i dteannta an fhreagróra/na bhfreagróirí.

Riail a Sé

6. Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí a dhéanamh maidir le costais lena n-áirítear Ordú ag tomhas na gcostas.