Ordú 21

Scor de chaingean

1. Tráth ar bith sula bhfaighidh an gearánaí Cosaint an chosantóra nó, tar éis dó í a fháil, sula dtionscnóidh sé aon imeacht eile sa chaingean (ach amháin aon iarratas idirbhreitheach), féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, scor go hiomlán dá chaingean i gcoinne gach duine nó aon duine de na cosantóirí, nó aon chuid nó aon chodanna den chúis ghearáin a bheidh líomhnaithe aige a tharraingt siar, agus air sin íocfaidh sé costais an chosantóra sin i leith na caingne nó, mura scoirfear go hiomlán den chaingean, na costais a bheidh tagtha den ábhar a bheidh tarraingthe siar amhlaidh. Déanfar na costais sin a fhómhas, agus ní bheidh an scor nó an tarraingt siar sin, de réir mar a bheidh, ina chosaint nó ina cosaint ar aon chaingean ina dhiaidh sin. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt san ordú seo, ní bheidh an gearánaí inniúil chun an chaingean a tharraingt siar nó scor di gan cead ón mBreitheamh, ach féadfaidh an Breitheamh, roimh an éisteacht nó an triail, nó lena linn nó ina diaidh, a ordú go scoirfear den chaingean, nó go scriosfar amach aon chuid den chúis ghearáin a bheidh líomhnaithe, ar cibé téarmaí maidir le costais, agus maidir le haon chaingean eile, agus eile, is cóir. Féadfaidh an Breitheamh, mar an gcéanna, agus an rogha chéanna aige maidir le téarmaí, a ordú go ndéanfar, ar iarratas ón gcosantóir, gach cuid nó aon chuid de na forais chosanta nó fhrithéilimh a bheidh líomhnaithe aige a tharraingt siar nó a scriosadh amach, ach ní bheidh cosantóir inniúil chun a Chosaint, ná aon chuid di, a tharraingt siar gan an cead sin.

2. Ar chaingean, ábhar nó imeacht a bheith taifeadta le haghaidh trialach, féadfaidh an gearánaí nó an cosantóir an chaingean, an t-ábhar nó an t-imeacht sin a tharraingt siar ar thoiliú i scríbhinn arna shíniú ag na páirtithe a thabhairt ar aird don Chláraitheoir Contae.

3. Féadfaidh aon chosantóir breithiúnas a thaifeadadh i leith chostais na caingne, má scoirtear go hiomlán den chaingean ina choinne, nó i leith na gcostas a bheidh tagtha den ábhar a bheidh tarraingthe siar, mura scoirtear go hiomlán den chaingean, i gcás nach n-íocfar na costais sin faoi seach laistigh de cheithre lá tar éis iad a fhómhas.

4. Má thionscnaítear aon chaingean iardain, sula n-íocfar costais chaingne a mbeidh scortha di, maidir leis an gcúis chéanna chaingne nó le cúis chaingne a bheidh go substainteach ar aon dul léi, féadfaidh an Breitheamh a ordú an chaingean iardain sin a bhac go dtí go mbeidh na costais sin íoctha.

5. Déanfaidh an Cláraitheoir Contae, ar iarratas ón ngearánaí nó ón gcosantóir, de réir mar a bheidh, na costais dá dtagraítear sna Rialacha roimhe seo den Ordú seo a fhómhas.