Ordú 72

Achomhairc faoin Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 (Uimh. 26 de 2005) : I.R. Uimh. 10 de 2007

1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Achomhairc Leasa Shóisialaigh) 2007, is teideal dóibh, i ngníomh an 13ú lá d’Fheabhra 2007.

2. Forléireofar na Rialacha seo in éineacht leis na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 71:


“Ordú 72

Achomhairc faoin Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 (Uimh. 26 de 2005)

1. San Ordú seo,

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 (Uimh. 26 de 2005);

tá le “Príomh-Oifigeach Achomhairc” agus “oifigeach breithiúnachta” an bhrí chéanna atá leo san Acht.

2. Déanfar achomharc chun na Cúirte faoi alt 307 den Acht a thionscnamh trí Fhógra Foriarratais tionscnaimh (dá ngairtear “an Fógra Foriarratais” anseo ina dhiaidh seo) a eisiúint de réir Fhoirm 46 de Sceideal na bhFoirmeacha agus beidh i gceangal leis (más i scríbhinn é) an t-ordachán ón bPríomh-Oifigeach Achomhairc arna eisiúint don duine a mbeidh achomharc déanta aige nó aici i gcoinne na breithe ón oifigeach breithiúnachta lena mbaineann á ordú don duine an t-achomharc a chur faoi bhráid na Cúirte, nó cóip dheimhnithe den chéanna.

3. Is é an duine a rinne achomharc i gcoinne na breithe ón oifigeach breithiúnachta an gearánaí agus is é an t-oifigeach breithiúnachta lena mbaineann an cosantóir. Is sa Chontae ina bhfuil gnáthchónaí ar an ngearánaí a dhéanfar achomhairc. Luafar san Fhógra Foriarratais an dáta ar a bhfuair an gearánaí an t-ordachán ón bPríomh-Oifigeach Achomhairc. Beidh an Fógra Foriarratais arna shíniú ag an ngearánaí nó thar ceann an ghearánaí agus luafar ann an Suí den Chúirt ag a mbeidh an t-achomharc le déanamh. Beidh mionnscríbhinn forais ina leagfar amach na fíorais ar a bhfuiltear ag seasamh san achomharc mar thaca leis an bhFógra Foriarratais.

4. Seirbheálfar cóip den Fhógra Foriarratais agus cóip den mhionnscríbhinn forais ar an gcosantóir tráth nach déanaí ná 28 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh sonraithe san Fhógra Foriarratais ar aon cheann de na modhanna ar a bhféadfar Billí Sibhialta a sheirbheáil.

5. Seachadfaidh an cosantóir mionnscríbhinn fhreagartha tráth nach déanaí ná 21 lá ó thráth mhionnscríbhinn forais an ghearánaí a sheirbheáil air gan lá na seirbheála a áireamh, nó laistigh de cibé tréimhse ama bhreise a chomhaontófar idir na páirtithe, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. Foilseánfaidh an cosantóir d’aon mhionnscríbhinn fhreagartha an fhianaise a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh a bhaineann leis an mbreith a ndéantar achomharc ina coinne a bheadh ar fáil, murach sin, don Oifigeach Achomhairc.

6. Ach amháin mar a gceadóidh an Chúirt a mhalairt, is ar fhianaise mhionnscríbhinne nó de réir mar a chinnfidh an Chúirt a éistfear gach achomharc.

7. Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí a dhéanamh maidir le costais ar aon achomharc, lena n-áirítear Ordú ag tomhas na gcostas.”

4. Cuirfear an Fhoirm atá i gceangal leis na hOrduithe seo isteach i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda mar Fhoirm 46.