Ordú 57

Fostaíocht

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim57-I.R. Uimh. 721 De 2004: Na Rialacha Cúirte Cuarda (An Tacht Um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001) 2004
Uim57-I.R. Uimh. 880 De 2004: Na Rialacha Cúirte Cuarda (An Tacht Um Chomhionannas Fostaíochta, 1998), 2004
Uim57-I.R. Uimh. 387 De 2005: Na Rialacha Cúirte Cuarda (An Tacht Um Shaoire Cúramóra, 2001), 2005
Uim57-I.R. Uimh. 275 De 2006: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Na Hachtanna Um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 Agus 2004) 2006
Uim57-I.R. Uimh. 531 De 2006: Na Rialacha Cúirte Cuarda (An Tacht Um Pá Íosta Náisiúnta) 2006
Uim57-I.R. Uimh. 532 De 2006: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Cosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe)) 2006
Uim57-I.R. Uimh. 12 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Na Hachtanna Caidrimh Thionscail) 2007
Uim57-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007
Uim57-I.R. Uimh. 132 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Seirbheáil) 2009
Uim57-I.R. Uimh. 445 De 2010: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ilghnéitheach) 2010
Uim57-I.R. Uimh. 151 De 2012: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Forghníomhú Breitheanna Áirithe Ó Choimisinéirí Um Chearta Agus Cinntí Ón Gcúirt Oibreachais Nó Ón Mbinse Achomhairc Fostaíochta) 2012
Uim57-I.R. Uimh. 284 De 2012: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Comhionannas Fostaíochta), 2012


Riail 1 — Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977-1993 (Uimh. 10 de 1977, Uimh. 5 de 1991 agus Uimh. 22 de 1993)

1. San Ordú seo, ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977-1993 (Uimh. 10 de 1977, Uimh. 5 de 1991 agus Uimh. 22 de 1993); ciallaíonn “an Binse” an Binse Achomhairc Fostaíochta, agus ciallaíonn “an tAire” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

2. Is i bhfoirm Foriarratais iar bhFógra, ina leagfar amach na forais ar a mbeidh an gearánaí ag seasamh le haghaidh na bhfaoiseamh a bheidh á lorg, a dhéanfar gach iarratas faoi Alt 10 d'Acht 1977 nó faoi Alt 11 d'Acht 1993, cibé acu i bhfoirm éilimh ar shásamh ón Aire nó i bhfoirm éilimh ar fhorfheidhmiú nó i bhfoirm achomhairc ón mBinse. Beidh na hiarratais sin de réir Fhoirm 36A de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo.

3. Is sa Chontae ina mbeidh gnáthchónaí ar an bhfostóir lena mbainfidh, nó ina mbeidh aon ghairm, gnó nó slí bheatha á seoladh nó á sheoladh aige, a dhéanfar iarratais.

4. Seirbheálfar gach iarratas tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh leagtha amach san Fhoriarratas, agus is de réir na bhforálacha maidir le Billí Sibhialta agus doiciméid eile a sheirbheáil atá in Ordú 11 de na Rialacha seo, nó trína sheachadadh nó trína sheirbheáil ar an Aturnae a bheidh, de réir thaifead an Bhinse, ag gníomhú thar ceann an duine a bheidh ainmnithe mar chosantóir os comhair na Cúirte, a sheirbheálfar é; agus measfar seirbheáil iarratais nó aon doiciméid eile ar an Aturnae sin, nó seachadadh an chéanna ag a oifig, nó cur an chéanna chuige leis an bpost réamhíoctha chun na hoifige sin, a bheith ina seirbheáil mhaith ar an bpáirtí a mbeidh an tAturnae sin ag gníomhú thar a cheann an lá a seachadfar nó a seirbheálfar an céanna amhlaidh, nó an lá a seachadfaí é i ngnáthchúrsa an phoist. Ní dhéanfar an Foriarratas a liostú ach lena lua ar an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh leagtha amach ann agus déanfaidh an Chúirt dáta le haghaidh na héisteachta a shocrú an tráth sin.

5. Tabharfar fógra faoi gach iarratas don Bhinse. Déanfar an fógra sin a chur i gcrích sula gcomhdófar an t-iarratas trí chóip den iarratas a sheachadadh ag Oifig Rúnaí an Bhinse nó tríd an gcéanna a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an Oifig sin.

6. Comhdófar na doiciméid seo a leanas i dteannta an iarratais:—

(a) cóip den Fhógra bunaidh chun Achomharc a dhéanamh chun an Bhinse;

(b) cóip den Fhógra Láithris;

(c) cóip den chinneadh ón mBinse;

(d) an litir bhunaidh ón mBinse á chur in iúl go ndearnadh an cinneadh sin a chur i bhfios;

(e) cóip d'aon sonraí a bheidh soláthraithe ag ceachtar páirtí don Bhinse.

7. Beidh ráiteas faoi na forais ar a mbeidh sé ar intinn ag an iarratasóir seasamh i ngach iarratas a dhéanfar i bhfoirm achomhairc i gcoinne cinnidh ón mBinse. Mura mian leis an ngearánaí ach achomharc a dhéanamh i gcoinne coda de chinneadh ón mBinse, sainaithneofar go soiléir san iarratas an chuid sin a mbeifear ar intinn achomharc a dhéanamh ina coinne.

8. Cuirfear an dáta ar gach iarratas, agus beidh air ainm, seoladh agus tuairisc an ghearánaí, agus síneoidh a Aturnae é, má tá Aturnae aige, nó, mura mbeidh, síneoidh sé féin é.

9. Ar iarratas iar bhfógra ó aon pháirtí féadfaidh an Breitheamh a ordú d'aon pháirtí eile sonraí iomlána agus níos fearr a sheachadadh faoi aon ábhair a bheidh luaite san iarratas, nó cóipeanna a sheachadadh d'aon doiciméid a mbeidh tagairt déanta dóibh ann.

10. Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, nó ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt chuige leis na hAchtanna, is trí fhianaise béil a éistfear gach iarratas faoi na hAchtanna.

11. Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí a dhéanamh maidir le costais, ag féachaint d'fhorálacha Alt 10 d'Acht 1977, lena n-áirítear Ordú ag tomhas na gcostas.

12. Beidh ceart rochtana ag Rúnaí an Bhinse ar an bhfaisnéis uile a bheidh ar an gcomhad a choimeádfar in Oifig an Chláraitheora Contae i leith gach iarratais agus beidh sé i dteideal, ar í a iarraidh, cóip a fháil d'aon Bhreithiúnas i scríbhinn a thabharfaidh an Breitheamh maidir leis.

Riail 2 — An tAcht um Íoc Pá, 1991

1. San Ordú seo, ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Íoc Pá, 1991 (Uimh. 25 de 1991), agus ciallaíonn “an Binse” an Binse Achomhairc Fostaíochta agus ciallaíonn “Coimisinéir” coimisinéir um chearta.

2. De bhun Alt 8 den Acht, is i bhfoirm Foriarratais iar bhFógra, de réir Fhoirm 36B de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, ina leagfar amach na forais ar a mbeidh an t-iarratasóir ag seasamh le haghaidh na bhfaoiseamh a bheidh á lorg, a dhéanfar iarratais chun breitheanna ó Choimisinéir nó cinntí ón mBinse a fhorfheidhmiú agus beidh na nithe seo a leanas i gceangal leo:—

(a) cóip dheimhnithe den bhreith bhunaidh ón gCoimisinéir nó den chinneadh bunaidh ón mBinse, agus

(b) cóip dheimhnithe den litir bhunaidh ón gCoimisinéir nó ón mBinse á chur in iúl don iarratasóir gur tugadh an bhreith sin nó go ndearnadh an cinneadh sin.

3. Is sa Chontae ina mbeidh gnáthchónaí ar an duine a mbeidh an bhreith tugtha nó an cinneadh déanta ina fhabhar a dhéanfar iarratais.

4. Seirbheálfar gach iarratas tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh leagtha amach san Fhoriarratas, agus is de réir na bhforálacha maidir le Billí Sibhialta agus doiciméid eile a sheirbheáil atá in Ordú 11 de na Rialacha seo, nó trína sheachadadh nó trína sheirbheáil ar an Aturnae a bheidh, de réir thaifead an Bhinse, ag gníomhú thar ceann an duine a bheidh ainmnithe mar chosantóir os comhair na Cúirte, a sheirbheálfar é; agus measfar seirbheáil iarratais nó aon doiciméid eile ar an Aturnae sin, nó seachadadh an chéanna ag a oifig, nó cur an chéanna chuige leis an bpost réamhíoctha chun na hoifige sin, a bheith ina seirbheáil mhaith ar an bpáirtí a mbeidh an tAturnae sin ag gníomhú thar a cheann an lá a seachadfar nó a seirbheálfar an céanna amhlaidh, nó an lá a seachadfaí é i ngnáthchúrsa an phoist. Ní dhéanfar an Foriarratas a liostú ach lena lua ar an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh leagtha amach ann agus déanfaidh an Chúirt dáta le haghaidh na héisteachta a shocrú an tráth sin.

5. Tabharfar fógra faoi gach iarratas don Bhinse agus don Choimis-inéir. Déanfar an fógra sin a chur i gcrích trí chóip den iarratas a sheachadadh ag Oifig Rúnaí an Bhinse nó Oifig Rúnaí an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais, de réir mar is cuí, nó tríd an gcéanna a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig Oifig Rúnaí an Bhinse nó Oifig Rúnaí an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais, de réir mar is cuí.

6. Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, is trí fhianaise béil nó de réir mar a chinnfidh an Chúirt a éistfear gach iarratas faoi Alt 8 den Acht.

7. Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí a dhéanamh maidir le costais.

8. Beidh ceart rochtana ag Rúnaí an Bhinse agus ag Rúnaí an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais ar an bhfaisnéis uile a bheidh ar an gcomhad a choimeádfar in Oifig an Chláraitheora Contae i leith gach iarratais agus beidh siad i dteideal, ar í a iarraidh, cóip a fháil d'aon Bhreithiúnas i scríbhinn a thabharfaidh an Breitheamh maidir leis.

Riail 3 — An tAcht um Shaoire Uchtaíoch, 1995

1. San Ordú seo, ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Shaoire Uchtaíoch, 1995 (Uimh. 2 de 1995), agus ciallaíonn “an Binse” an Binse Achomhairc Fostaíochta agus ciallaíonn “Coimisinéir” coimisinéir um chearta agus ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

2. De bhun Alt 39 den Acht, is i bhfoirm Foriarratais iar bhFógra, de réir Fhoirm 36C de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, ina leagfar amach na forais ar a mbeidh an gearánaí ag seasamh le haghaidh na bhfaoiseamh a bheidh á lorg, a dhéanfar iarratais chun breitheanna ó Choimisinéir nó cinntí ón mBinse a fhorfheidhmiú, cibé acu is é an páirtí a mbeidh na breitheanna tugtha nó na cinntí déanta ina fhabhar nó an tAire a dhéanfaidh an t-iarratas sin, agus beidh na nithe seo a leanas i gceangal leis na hiarratais sin:—

(a) cóip dheimhnithe den bhreith ón gCoimisinéir nó cóip dheimhnithe den chinneadh ón mBinse;

agus

(b) cóip dheimhnithe den litir chumhdaigh ón gCoimisinéir nó ón mBinse arna heisiúint chuig an iarratasóir leis an mbreith réamhluaite sin ón gCoimisinéir nó leis an gcinneadh réamhluaite sin ón mBinse;

(c) cóip den Fhógra Achomhairc, má bhaineann sé le hábhar;

agus leagfar amach iontu

(i) na fíorais go léir is iomchuí maidir leis an mainneachtain a bheidh á líomhain na breitheanna nó na cinntí a chur i gcrích;

(ii) cibé acu a tionscnaíodh nó nár tionscnaíodh achomharc i gcoinne na mbreitheanna nó na gcinntí agus, murar tionscnaíodh aon achomharc den sórt sin, go bhfuil an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh caite agus, má tionscnaíodh achomharc den sórt sin, an dáta ar ar tugadh Fógra Achomhairc, mar aon le fianaise gur tréigeadh an t-achomharc sin.

3. De réir alt 39(4) den Acht, is sa Chontae ina mbeidh gnáthchónaí ar an bhfostóir iomchuí, nó ina mbeidh aon ghairm, gnó nó slí bheatha á seoladh nó á sheoladh aige, a dhéanfar iarratais.

4. Seirbheálfar gach iarratas tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh leagtha amach san Fhoriarratas, agus is de réir na bhforálacha maidir le Billí Sibhialta agus doiciméid eile a sheirbheáil atá in Ordú 11 de na Rialacha seo, nó trína sheachadadh nó trína sheirbheáil ar an Aturnae a bheidh, de réir thaifead an Bhinse, ag gníomhú thar ceann an duine a bheidh ainmnithe mar chosantóir os comhair na Cúirte, a sheirbheálfar é; agus measfar seirbheáil iarratais nó aon doiciméid eile ar an Aturnae sin, nó seachadadh an chéanna ag a oifig, nó cur an chéanna chuige leis an bpost réamhíoctha chun na hoifige sin, a bheith ina seirbheáil mhaith ar an bpáirtí a mbeidh an tAturnae sin ag gníomhú thar a cheann an lá a seachadfar nó a seirbheálfar an céanna amhlaidh, nó an lá a seachadfaí é i ngnáthchúrsa an phoist. Ní dhéanfar an Foriarratas a liostú ach lena lua ar an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh leagtha amach ann agus déanfaidh an Chúirt dáta le haghaidh na héisteachta a shocrú an tráth sin.

5. Tabharfar fógra faoi gach iarratas don Bhinse agus don Choimisinéir. Déanfar an fógra sin a chur i gcrích sula gcomhdófar an t-iarratas trí chóip den iarratas a sheachadadh ag Oifig Rúnaí an Bhinse nó ar an gCoimisinéir um Chearta, an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais, de réir mar is cuí, nó tríd an gcéanna a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig Oifig Rúnaí an Bhinse nó chuig an gCoimisinéir um Chearta, an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais, de réir mar is cuí.

6. Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, is trí fhianaise béil amháin, nó de réir mar a chinnfidh an Chúirt, a éistfear gach iarratas faoi Alt 39 den Acht.

7. Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí a dhéanamh maidir le costais, lena n-áirítear Ordú ag tomhas na gcostas.

Riail 4 — An tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997

1. San Ordú seo, ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997 (Uimh. 20 de 1997); déanfar “cinneadh ón gCúirt Oibreachais” a léiriú ag féachaint d'fhorálacha Alt 29(2) den Acht agus ciallaíonn “an tAire” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

2. Is i bhfoirm Foriarratais iar bhFógra, de réir Fhoirm 36D de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, fara cibé modhnuithe is cuí, ina leagfar amach na forais ar a mbeidh an tIarratasóir ag seasamh le haghaidh na bhfaoiseamh a bheidh á lorg, a dhéanfar gach iarratas faoi Alt 29 den Acht ón Aire nó ón bhfostaí lenambaineann nó, le toiliú an fhostaí, ó aon cheardchumann ar comhalta de an fostaí, i bhfoirm éilimh chun cinntí ón gCúirt Oibreachais a fhorfheidhmiú, agus beidh na nithe seo a leanas i gceangal leis:—

(a) an cinneadh bunaidh ón gCúirt Oibreachais nó cóip dheimhnithe den chéanna, arna deimhniú ag an bhfostaí is gearánaí nó ag a cheardchumann nó thar ceann an Aire gur cóip dhílis í den chinneadh a fuarthas ón gCúirt Oibreachais agus a mbeifear a iarraidh a fhorfheidhmiú, agus luafar ann an dáta ar cuireadh an cinneadh ón gCúirt Oibreachais i bhfios don ghearánaí.

3. Is sa Chontae ina mbeidh gnáthchónaí ar an bhfostóir lena mbainfidh, nó ina mbeidh aon ghairm, gnó nó slí bheatha á seoladh nó ásheoladh aige, a dhéanfar iarratais.

4. Is trí fhógra faoi na himeachtaí (lena n-áirítear an Fógra Foriarratais agus Mionnscríbhinní forais, más ann) a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh sonraithe san Fhógra Foriarratais a thabharfar fógra faoi gach iarratas don fhostóir nó do na fostóirí a bheidh i gceist agus don Chúirt Oibreachais, i gcás ina ndéanfar an fostóir nó na fostóirí a sheirbheáil go pearsanta de réir fhorálacha Ordú 11 de na Rialacha seo, nó trí chóip dhílis den chéanna a fhágáil ag áit chónaithe nó áit ghnó an fhostóra nó trína cur leis an bpost cláraithe réamhíoctha go háit chónaithe nó áit ghnó an fhostóra agus, i gcás na Cúirte Oibreachais, trí chóip dhílis den chéanna a fhágáil ag an gCúirt Oibreachais.

5. Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, is trí fhianaise béil nó de réir mar a chinnfidh an Chúirt a éistfear gach iarratas faoi Alt 29 den Acht.

6. Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí a dhéanamh maidir le costais, lena n-áirítear Ordú ag tomhas na gcostas.

7. Beidh ceart rochtana ag Cláraitheoir na Cúirte Oibreachais ar an bhfaisnéis uile a bheidh ar an gcomhad a choimeádfar in Oifig an Chláraitheora Contae i leith gach iarratais agus beidh sé i dteideal, ar í a iarraidh, cóip a fháil d'aon Bhreithiúnas i scríbhinn a thabharfaidh an Breitheamh maidir leis.

Riail 5 — An tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998

1. San Ordú seo, ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998 (Uimh. 30 de 1998), agus ciallaíonn “an Binse” an Binse Achomhairc Fostaíochta agus ciallaíonn “Coimisinéir” coimisinéir um chearta agus ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

2. Gach iarratas a bheidh arna sheirbheáil nó gach imeacht a bheidh arna thionscnamh sula mbeidh na Rialacha seo tagtha i ngníomh ach a bheidh de réir Rialacha agus chleachtas na Cúirte a bhí nó atá ann, beidh an bhailíocht chéanna aige is a bheidh ag iarratas a dhéanfar nó imeachtaí a thionscnófar de réir na Rialacha seo.

3. De bhun alt 22 den Acht, is i bhfoirm Foriarratais iar bhFógra, a mbeidh mar fhoras leis Mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí a bheidh ag iarraidh go ndéanfar na breitheanna nó na cinntí a fhorfheidhmiú nó, i gcás an Aire, ag oifigeach cuí arna údarú go cuí ag an Aire, a dhéanfar iarratais chun breitheanna ó Choimisinéir nó cinntí ón mBinse a fhorfheidhmiú, cibé acu is é an páirtí a mbeidh na breitheanna tugtha nó na cinntí déanta ina fhabhar nó an tAire a dhéanfaidh an t-iarratas sin, agus déanfar na nithe seo a leanas a fhoilseánadh sa Mhionnscríbhinn sin:—

(a) cóip dheimhnithe den bhreith ón gCoimisinéir nó cóip dheimhnithe den chinneadh ón mBinse agus

(b) cóip dheimhnithe den litir chumhdaigh ón gCoimisinéir nó ón mBinse a eisíodh chuig an Iarratasóir leis an mbreith réamhluaite sin ón gCoimisinéir nó leis an gcinneadh réamhluaite sin ón mBinse;

(c) cóip den Fhógra Achomhairc, má bhaineann sé le hábhar;

agus leagfar amach inti

(i) na fíorais go léir is iomchuí maidir leis an mainneachtain a bheidh á líomhain na breitheanna nó na cinntí a chur i gcrích;

(ii) cibé acu a tionscnaíodh nó nár tionscnaíodh achomharc i gcoinne na mbreitheanna nó na gcinntí agus, murar tionscnaíodh aon achomharc den sórt sin, go bhfuil an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh caite agus, má tionscnaíodh achomharc den sórt sin, an dáta ar ar tugadh Fógra Achomhairc, mar aon le fianaise gur tréigeadh ant-achomharc sin.

4. De réir alt 22(4) den Acht, is sa Chontae ina mbeidh gnáthchónaí ar an bhfostóir iomchuí, nó ina mbeidh aon ghairm, gnó nó slí bheatha á seoladh nó á sheoladh aige, a dhéanfar iarratais.

5. Is trí fhógra faoi na himeachtaí (lena n-áirítear an Fógra Foriarratais agus Mionnscríbhinní forais, más ann) a sheirbheáil tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh sonraithe san Fhógra Foriarratais a thabharfar fógra faoi gach iarratas don fhostóir nó do na fostóirí a bheidh i gceist, agus don Bhinse agus don Choimisinéir, de réir mar is cuí, i gcás ina ndéanfar an fostóir nó na fostóirí a sheirbheáil go pearsanta de réir fhorálacha Ordú 10 de na Rialacha Cúirte Cuarda, 1950, arna leasú, nó trí chóip dhílis den chéanna a fhágáil ag áit chónaithe nó áit ghnó an fhostóra, nó trína cur leis an bpost cláraithe réamhíoctha go háit chónaithe nó áit ghnó an fhostóra, agus trí chóip den iarratas a sheachadadh ag Oifig Rúnaí an Bhinse nó ar an gCoimisinéir um Chearta, an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais, de réir mar is cuí, nó tríd an gcéanna a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig Oifig Rúnaí an Bhinse nó chuig an gCoimisinéir um Chearta, an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais, de réir mar is cuí.

6. Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, is trí Mhionnscríbhinn amháin a éistfear gach iarratas faoi Alt 22 den Acht.

7. Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí a dhéanamh maidir le costais.