Ordú 14A

Seirbheáil lasmuigh den Dlínse faoi na rialacháin seo a leanas: Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle (Cúrsaí Pósta agus Cúrsaí Freagrachta Tuismitheoirí) Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle (Oibleagáidí Cothabhála) : I.R. Uimh. 597 de 2014

Ordú: 14A

Seirbheáil lasmuigh den Dlínse faoi na rialacháin seo a leanas:
Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle (Cúrsaí Pósta agus Cúrsaí Freagrachta Tuismitheoirí)
Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle (Oibleagáidí Cothabhála) : I.R. Uimh. 597 de 2014 

1. Chun críche an Ordaithe seo:

tá “sainchónaí” le cinneadh de réir fhorálacha Airteagal 3(2) de Rialachán 2201/2003;

ciallaíonn “Ballstát”:

(a) i gcás imeachtaí lena mbaineann Rialachán 2201/2003, Ballstát den Aontas Eorpach seachas an Stát nó an Danmhairg, nó

(b) i gcás imeachtaí lena mbaineann an Rialachán Cothabhála, Ballstát den Aontas Eorpach seachas an Stát;

beidh “cónaí” nó “gnáthchónaí” le cinneadh, in imeachtaí lena mbaineann Rialachán 2201/2003, de réir fhorálacha Airteagal 3 de Rialachán 2201/2003 nó, in imeachtaí lena mbaineann an Rialachán Cothabhála, de réir fhorálacha Chaibidil II den Rialachán Cothabhála.

2. Tá feidhm ag forálacha an Ordaithe seo maidir le himeachtaí a rialaítear le hAirteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle nó, de réir mar a bheidh, le Caibidil II den Rialachán Cothabhála agus, a mhéid is indéanta agus is infheidhme, maidir le haon Ordú, Foriarratas, nó Fógra sna himeachtaí sin.

3. (1) Maidir le haon doiciméad tionscnaimh nó fógra fao idhoiciméad tionscnaimh is ceadmhach é a sheirbheáil in imeachtaí lena mbaineann Rialachán 2201/2003 lasmuigh den dlínse gan cead a fháil ón gCúirt más rud é, ach, más rud é amháin, go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(i) maidir leis an éileamh a dhéantar sa doiciméad tionscnaimh, gur éileamh é a bhfuil cumhacht ag an gCúirt, de bhua Rialachán 2201/2003, é a éisteacht agus a chinneadh; agus

(ii) nach bhfuil aon imeachtaí


(a) a bhaineann le colscaradh, idirscaradh dlíthiúil nó neamhniú pósta idir na páirtithe céanna nó, de réir mar a bheidh,

(b) a bhaineann le freagracht tuismitheoirí a bhaineann leis an leanbh céanna agus a bhfuil an chúis chaingne chéanna i gceist leo, ar feitheamh i mBallstát eile.

(2) Maidir le haon doiciméad tionscnaimh nó fógra faoi dhoiciméad tionscnaimh is ceadmhach é a sheirbheáil in imeachtaí lena mbaineann an Rialachán Cothabhála lasmuigh den dlínse gan cead a fháil ón gCúirt más rud é, ach más rud é amháin, go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(i) maidir leis an éileamh a dhéantar sa doiciméad tionscnaimh, gur éileamh é a bhfuil cumhacht ag an gCúirt, de bhua an Rialacháin Cothabhála, é a éisteacht agus a chinneadh; agus

(ii) nach bhfuil aon imeachtaí a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála a éiríonn as gaolmhaireacht teaghlaigh, tuismíocht, pósadh nó cleamhnas idir na páirtithe céanna agus ina bhfuil an chúis chaingne chéanna i gceist iontu ar feitheamh i mBallstát eile.

4. I gcás ina bhfuil doiciméad tionscnaimh nó fógra faoi dhoiciméad tionscnaimh le seirbheáil lasmuigh den dlínse faoi riail 3, is é an t-am a bheidh le cur isteach sa doiciméad tionscnaimh sin nó san fhógra sin faoi dhoiciméad tionscnaimh agus ar laistigh de a dhéanfaidh an Freagróir ar a seirbheáiltear an doiciméad sin Láithreas a thaifeadadh (lena n-áirítear Láithreas a thaifeadtar d’aon toisc chun dlínse a chonspóid)—

(i) cúig seachtaine tar éis an doiciméad tionscnaimh nó an fógra faoi dhoiciméad tionscnaimh a sheirbheáil, gan an lá seirbheála a áireamh i gcás ina mbeidh doiciméad tionscnaimh nó fógra faoi dhoiciméad tionscnaimh le seirbheáil i gcríoch Eorpach de chuid Ballstáit eile, nó

(ii) sé seachtaine tar éis an doiciméad tionscnaimh nó an fógra faoi dhoiciméad tionscnaimh a sheirbheáil, gan an lá seirbheála a áireamh i gcás ina mbeidh doiciméad tionscnaimh nó fógra faoi dhoiciméad tionscnaimh le seirbheáil in aon chríoch neamh-Eorpach de chuid Ballstáit.

5. I gcás ina mbeidh beirt fhreagróirí nós mó ina bpáirtithe in imeachtaí lena mbaineann Rialachán 2201/2003, ach nach mbeidh sainchónaí ar gach páirtí ar leith de na páirtithe sin i mBallstát, beidh feidhm ag na rialacha i dtaobh dlínse atá i Rialachán 2201/2003.

6. Más rud é nach saoránach d’Éirinn an Freagróir, nó nach eol nó nach gcreidtear gur saoránach d’Éirinn é, déanfar fógra faoi dhoiciméad tionscnaimh, seachas an doiciméad tionscnaimh féin, a sheirbheáil air.

7. Faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo, déanfar fógra in ionad doiciméid tionscnaimh a thabhairt ar an modh ina seirbheáiltear doiciméid tionscnaimh.

8. I gcás inar mian le Freagróir Láithreas a thaifeadadh chun dlínse na Cúirte a chonspóid, féadfaidh sé nó sí sin a dhéanamh trí Láithreas a thaifeadadh de réir fhorálacha Fhoirm 5A de Sceideal na bhFoirmeacha.

9. (1) A mhéid atá aon rialacha atá in aon Ordú eile de na Rialacha seo ar neamhréir le forálacha Rialachán 2201/2003 nó an Ordaithe seo, beidh forlámhas ag forálacha Rialachán 2201/2003 agus an Ordaithe seo i ndáil le haon imeachtaí lena mbaineann Rialachán 2201/2003.

(2) A mhéid atá rialacha atá ann in aon Ordú eile de na Rialacha seo ar neamhréir le forálacha an Rialacháin Cothabhála nó an Ordaithe seo, beidh forlámhas ag forálacha an Rialacháin Cothabhála agus an Ordaithe seo i ndáil le haon imeachtaí lena mbaineann an Rialachán Cothabhála.