Ordú 64

Foriarratais

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim64-I.R. Uimh. 542 De 2004: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Uimh. 1) (An Tacht Um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003), 2004

1. Ach amháin i gcás ina gceadaítear sin leis na Rialacha seo, ní dhéanfar aon fhoriarratas gan fógra a thabhairt do na páirtithe dá ndéanfaidh an foriarratas sin difear ach, más deimhin leis an mBreitheamh nó leis an gCláraitheoir Contae go dtiocfadh nó go bhféadfadh sé go dtiocfadh mísc dholeigheasta nó thromaí den mhoill a bhainfeadh le dul ar aghaidh sa ghnáthshlí, féadfaidh sé aon ordú a dhéanamh ex parte ar cibé téarmaí is cóir leis maidir le costais nó eile, agus faoi réir cibé gealltanais, más ann, is cóir leis. Féadfaidh aon pháirtí dá ndéanfaidh an t-ordú sin difear foriarratas a dhéanamh chun é a chur ar ceal.

2. Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt leis na Rialacha seo, nó mura dtabharfaidh an Breitheamh cead speisialta dá mhalairt, ní foláir ceithre lá glan ar a laghad a bheith idir tráth seirbheála fógra foriarratais agus an lá a bheidh ainmnithe san fhógra chun an foriarratas a éisteacht.

3. Déanfar aon mhionnscríbhinní a bheidh le húsáid mar thacaíocht le haon fhoriarratas iar bhfógra a lua san fhógra foriarratais agus seirbheálfar cóipeanna díobh ina theannta agus ní úsáidfear aon mhionnscríbhinn den sórt sin gan cead ón mBreitheamh mura rud é go mbeidh an céanna comhdaithe.