Ordú 1

Suíonna, Teanga agus Uareanta oifige

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

 

Uim1-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007

Uim1-I.R. Uimh. 235 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Suíonna) 2009

 

 

1. Cuirfear suíonna den Chúirt ar bun sna háiteanna laistigh de gach Cuaird a fhorordófar ó am go ham, cibé tráthanna a ordóidh agus a cheapfaidh Breitheamh na Cuarda sin ó am go ham. Déanfar fógra i dtaobh na suíonna sin i ngach Contae, ach amháin Contae Bhaile Átha Cliath, a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán a léitear sa Chontae tráth nach déanaí ná dhá mhí roimh dháta na suíonna; ar choinníoll go bhféadfaidh an Breitheamh nó, má tá sé as láthair, go bhféadfaidh an Cláraitheoir Contae ar ordú uaidh, aon uair nach mbeidh sé indéanta suí den Chúirt a chur ar bun mar a foilsíodh, an suí sin a chur ar atráth, d'ainneoin aon ní in aon fhógra poiblí a tugadh roimhe sin, go dtí cibé dáta eile (san áit chéanna) is cuí leis, ar cibé fógra a thabhairt is indéanta sna himthosca; ar choinníoll, más rud é gur dóigh leis an mBreitheamh in aon áit sceidealta nach féidir go caoithiúil, mar gheall ar an tréimhse ama a leithroinneadh do na suíonna nó ar aon leorchúis eile, aon chúis, caingean nó ábhar a éisteacht nó a chur de láimh ag na suíonna sin, gur dleathach don Bhreitheamh sin, ar aon iarratas chun na críche sin nó gan iarratas ar bith, éisteacht na caingne, na cúise nó an ábhair sin a chur ar atráth go dtí dáta éigin a shocróidh sé. Beidh an Riail seo faoi réir fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le Cuid III den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947, ag Uachtarán na Cúirte Cuarda.

2. Ní bhaineann an Riail seo ach le Cuaird Bhaile Átha Cliath amháin, faoi réir fhorálacha Riail 1 den Ordú seo. Is é Uachtarán na Cúirte Cuarda má shanntar do Chuaird Bhaile Átha Cliath é, nó Breitheamh Sinsearach Chuaird Bhaile Átha Cliath mura sanntar an tUachtarán don Chuaird sin, a ordóidh agus a cheapfaidh na tráthanna agus na háiteanna le haghaidh Shuíonna na Cúirte Cuarda i gCuaird Bhaile Átha Cliath. Déanfar fógra i dtaobh na Suíonna sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil tráth nach déanaí ná dhá mhí roimh dháta na Suíonna sin. Leagfar amach lá tosaithe agus lá críochnaithe gach Suí san fhógra sin. Ar choinníoll go bhféadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda, má shanntar do Chuaird Bhaile Átha Cliath é, nó Breitheamh Sinsearach Chuaird Bhaile Átha Cliath, mura sanntar Uachtarán na Cúirte Cuarda do Chuaird Bhaile Átha Cliath, le toiliú na mBreithiúna uile a bheidh buansannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath, aon Suíonna den Chúirt Chuarda i gCuaird Bhaile Átha Cliath a fhadú thar an dáta ar a raibh na Suíonna sin le críochnú. Ní bheidh sé riachtanach aon fhógra faoi fhadú den sórt sin a fhoilsiú.

 

3. Ach amháin mar a fhoráiltear san Ordú seo, ní chuirfear aon suíonna den Chúirt ar bun i rith mhí Lúnasa ná mhí Mheán Fómhair, ar Tréimhse Shaoire a bheidh sa tréimhse sin, seachas leanúint ar aghaidh le héisteacht a bheidh tionscanta roimh an gcéad lá de Lúnasa.

 

4. I rith mhí Lúnasa agus mhí Mheán Fómhair, suífidh Breitheamh nó Breithiúna den Chúirt Chuarda i mBaile Átha Cliath, ar cibé dátaí a fhógrófar, chun gach iarratas agus cás do Chuaird Bhaile Átha Cliath a éisteacht is gá a éisteacht go pras. Ina theannta sin, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda, de réir na gcumhachtaí a thugtar dó le hAlt 10 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947, suíonna a shocrú lena gcur ar bun in aon Chuaird i rith mhí Lúnasa nó mhí Mheán Fómhair má tá na suíonna breise sin riachtanach nó inmhianaithe, dar le hUachtarán na Cúirte Cuarda.

 

5. Féadfar iarratais phráinneacha, cibé acu le linn saoire nó eile, a dhéanamh chun Uachtarán na Cúirte Cuarda nó chun Breithimh arna ainmniú aige. Má táthar ar intinn aon iarratas den sórt sin a dhéanamh, tabharfar fógra don Chláraitheoir Contae agus cuirfidh seisean ant-ábhar faoi bhráid an Uachtaráin, nó Breithimh arna ainmniú aige, agus déanfar an t-iarratas sin ag am nó áit ar bith a fhormheasfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda nó Breitheamh arna ainmniú aige.

 

6. Féadfar an teanga Náisiúnta nó an Béarla a úsáid in aon doiciméad Cúirte, nó le linn éisteacht aon chúise nó ábhair.

 

7. Beidh Oifigí na Cúirte ar oscailt don phobal chun gnó a dhéanamh gach dálach idir 10 a chlog a.m. agus 4.30 a chlog p.m., ach amháin an Satharn agus cibé laethanta a fhógrófar le húdarás dleathach a bheith ina laethanta saoire poiblí.