Ordú 7

Nós imeachta tríú páirtí

1. In aon chaingean, más rud é go ndéanfaidh cosantóir éileamh i gcoinne aon duine nach páirtí cheana féin sa chaingean (dá ngairtear “an tríú páirtí” san Ordú seo)

(a) go bhfuil sé i dteideal ranníoca nó slánaíochta;

(b) go bhfuil sé i dteideal aon fhaoisimh nó leighis a bhaineann nó a ghabhann le hábhar bunaidh na caingne agus gurb ionann é go substaintiúil agus faoiseamh nó leigheas éigin a d'éiligh an gearánaí;

(c) maidir le haon cheist nó saincheist a bhaineann nó a ghabhann leis an ábhar sin, gurb ionann í go substaintiúil agus ceist nó saincheist éigin a d'éirigh idir an gearánaí agus an cosantóir agus gur chuí í a chinneadh ní amháin amhail idir an gearánaí agus an cosantóir ach amhail idir an gearánaí agus an cosantóir agus an tríú páirtí nó idir aon chinn díobh nó ceachtar acu,

féadfaidh an Chúirt a cheadú don chosantóir fógra tríú páirtí a eisiúint agus a sheirbheáil agus féadfaidh sí, an tráth céanna, más léir é a bheith inmhianaithe sin a dhéanamh, cead a thabhairt don tríú páirtí láithriú ag an triail agus cibé páirt is cóir a ghlacadh sa triail sin, agus go ginearálta féadfaidh an Chúirt cibé treoracha is cuí léi a thabhairt chun a thabhairt go ndéanfaí aon cheist, nó cearta nó dliteanais na bpáirtithe, a chinneadh agus a fhorghníomhú chomh caoithiúil agus is féidir agus maidir leis an modh agus an méid a mbeidh an tríú páirtí faoi cheangal nó faoi dhliteanas ag an gcinneadh nó ag an mbreithiúnas sa chaingean.

2. Is trí fhoriarratas iar bhfógra chun an ghearánaí, de réir Fhoirm 6C arna leagan amach i Sceideal na bhFoirmeacha atá ag gabháil leis seo, a dhéanfar an t-iarratas ar an gcead sin. Mura rud é gur mian leis an ngearánaí an tríú páirtí a chur isteach sa chaingean mar chosantóir, ní gá dó freastal ar éisteacht an fhoriarratais. Má fhreastalaíonn an gearánaí ní bheidh sé i dteideal costais a fháil i leith an fhoriarratais ach amháin le hordú speisialta ón gCúirt.

3. Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is tar éis Láithreas a sheirbheáil agus tráth ar bith roimh thriail na caingne a dhéanfar iarratas ar chead chun an fógra tríú páirtí a eisiúint.

4. Luafar san fhógra tríú páirtí cineál agus forais an éilimh nó cineál na ceiste nó na saincheiste a iarrtar a chinneadh agus gach faisnéis a cheanglaítear a leagan amach i bhformhuiniú Bille Shibhialta dá bhforáiltear sna rialacha seo agus aon treoracha ón gCúirt arna dtabhairt faoi Riail 1 den Ordú seo. Déanfar an fógra tríú páirtí a eisiúint agus a sheirbheáil sa tslí chéanna ina ndéanfaí i gcás Bille Shibhialta agus, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, seirbheálfar é laistigh de lá is fiche ó dháta déanta an Ordaithe. Déanfar cóip den Bhille Sibhialta agus den chosaint, mar aon le cóip den Ordú ag uamadh an tríú páirtí, a sheirbheáil i dteannta an fhógra tríú páirtí agus déanfar an fógra tríú páirtí sin a sheirbheáil ar an nGearánaí/ar na Gearánaithe freisin. I gcás ina ndéanfar an tríú páirtí a uamadh mar chosantóir, déanfaidh an gearánaí Bille Sibhialta leasaithe, mar aon le cóip den Ordú ag uamadh an tríú páirtí mar chosantóir, a sheirbheáil ar gach cosantóir laistigh de lá is fiche ó dháta déanta an Ordaithe, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. Déanfar aon chosaint leasaithe ó chosantóir bunaidh sna himeachtaí a sheirbheáil ar an ngearánaí laistigh de dheich lá ó dháta seirbheála an Bhille Shibhialta leasaithe.

5. Amhail ón tráth a sheirbheálfar an fógra tríú páirtí air, beidh an tríú páirtí ina pháirtí sa chaingean agus beidh na cearta céanna aige maidir le cosaint i gcoinne aon éilimh a dhéantar ina choinne agus ar shlí eile amhail is dá ndéanfadh an cosantóir é a agairt go cuí sa ghnáthshlí agus beidh sé i dteideal go ndéanfar gach pléadáil sna himeachtaí a sheirbheáil air agus is é an páirtí a mbeidh an céanna á chomhdú agus/nó á sheachadadh aige a dhéanfaidh an tseirbheáil sin.

6. Gairfidh an fógra tríú páirtí ar thríú páirtí láithreas a thaifeadadh laistigh de thréimhse ama shonraithe tar éis na seirbheála (nach lú ná deich lá nó cibé tréimhse ama eile a bheidh ceaptha don láithriú le comhaontú na bpáirtithe nó le haon ordú ón gCúirt) chun éileamh an chosantóra a fhreagairt, agus tabharfaidh sé rabhadh dó i dtaobh na n-iarmhairtí mura ndéanfaidh sé amhlaidh, ar choinníoll nach dtabharfaidh an tréimhse ama sin a bheith dulta in éag teideal don Oifig diúltú cead a thabhairt láithreas a thaifeadadh.

7. I gcás ina ndéanfaidh tríú páirtí láithreas a thaifeadadh, seachadfaidh sé a chosaint laistigh de dheich lá ó dháta a thaifeadta nó laistigh de cibé tréimhse ama bhreise a cheadóidh an Chúirt nó a dtoileoidh an cosantóir/na cosantóirí sna himeachtaí léi.

8. Tar éis don tríú páirtí láithreas a thaifeadadh, agus sula mbeidh an tréimhse ama a bheidh ceaptha chun cosaint a sheachadadh caite, féadfaidh sé, tar éis fógra i dtaobh an iarratais bheartaithe a sheirbheáil ar an ngearánaí agus ar gach cosantóir, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun aon treoracha a bheidh tugtha ag an gCúirt faoi Riail 1 den Ordú seo a athrú.

9. Féadfaidh an Chúirt gach ceist a bhaineann le costais amhail idir aon tríú páirtí agus na páirtithe eile sa chaingean a chinneadh, agus féadfaidh sí a ordú go n-íocfaidh páirtí amháin nó níos mó costais aon pháirtí nó páirtithe eile nó féadfaidh sí cibé treoracha a thabhairt, maidir le costais, is gá de réir cheartas an cháis.