Ordú 46A

An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha 2009 : I.R. Uimh. 155 de 2010

Ordú: 46A

An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha 2009 : I.R. Uimh. 155 de 2010 

1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha 2009) 2010 is teideal dóibh, i ngníomh an 13ú lá de Bhealtaine 2010.

2. Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2010.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:

.....

(v) tríd an Ordú seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 46:
“ORDÚ 46A

An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha 2009


1. San Ordú seo:

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha 2009 agus, aon tagairt san Ordú seo d’alt, measfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, gur tagairt í d’alt den Acht;

2. (1) Déanfar imeachtaí i gcomhair na bhfaoiseamh seo a leanas faoin Acht a thionscnamh trí Bhille Sibhialta Cothromais de réir Ordú 46:

(a) ordú chun díospóid a réiteach a luaitear in alt 22;

(b) ordú chun socrú a cheadú a bheidh sonraithe in iarratas faoi alt 24;

(c) ordú faoi alt 31;

(d) ordú faoi alt 50(1);

(e) ordú faoi alt 68.

(2) Féadfar na himeachtaí seo a leanas faoin Acht a thionscnamh trí Ghnáthbhille Sibhialta de réir Ordú 1, riail 2:

(a) caingean i gcomhair damáistí de réir alt 18(6);

(b) caingean ina lorgaítear ordú faoi alt 35(2);

(c) caingean i gcomhair damáistí de réir alt 60(2);

(d) iarratas ar dhamáistí de réir alt 84(8);

(e) imeachtaí ina ndéantar leigheas i ndamáistí a lorg de réir alt 105(2).

(3) Maidir le hiarratais ar na faoisimh seo a leanas faoin Acht, is trí fhoriarratas iar bhfógra sna himeachtaí os comhair na Cúirte lena mbainfidh an t-iarratas, ar foriarratas é a mbeidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscanta nó thar cheann an pháirtí sin mar fhoras leis, a dhéanfar iad:

(a) ordú faoi alt 98, i gcás ina mbeidh iarratas nó imeachtaí a bhaineann leis an maoin mhorgáistithe os comhair na Cúirte cheana féin;

(b) ordú faoi alt 112(3)(d) i gcaingean a bhaineann leis an talamh mhorgáistithe.”;