Ordú 2

Ionad

Ach amháin nuair a ordóidh an Ard-Chúirt, nó an Chúirt, a mhalairt, déanfar gach caingean, cúis nó ábhar, cibé acu a aistríodh ón Ard-Chúirt é nó a tionscnaíodh sa Chúirt é, a thriail agus a éisteacht:—

(a) na cinn a bhaineann le teideal chun talún agus ceartú an Chláir, sa Chontae ina bhfuil na tailte, nó ina bhfuil na tailte arb astu, nó ina leith, a eisíonn nó a éiríonn aon oidhreachtáin neamhchorpracha atá faoi dhíospóid, nó ina bhfuil an chuid is mó d'aon tailte den sórt sin;

(b) na cinn de chineál a shanntaí go dtí seo chun taobh an chothromais den Chúirt Chontae, sa Chontae ina n-éisteadh an Chúirt sin go dtí seo agraí agus ábhair den sórt sin;

(c) faoin dlínse maidir le probháid agus chun eastáit daoine éagtha a riaradh, sa Chontae ina raibh gnáthchónaí ar an tiomnóir nó ar an díthiomnóir tráth a bháis;

(d)  under the Assisted Decision-Making (Capacity) Act 2015 as amended, in a county in which the relevant person or person who is the subject of an application under the Act:

(i) is residing or carrying on business at the time the application is made,
(ii) has resided at any time within the period of three years immediately prior to the making of the application

(Order 2 Paragraph d, substituted by SI 201 of 2023, translation not yet available.)

(e) de rogha an ghearánaí, in aon chaingean a bheidh bunaithe ar chonradh (cibé acu is éileamh chun an conradh a chur i bhfeidhm, a chealú, a dhíscaoileadh nó a neamhniú é, nó éileamh ar dhamáistí nó faoiseamh eile i leith a sháraithe), sa Chontae ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir, nó ar aon duine de na cosantóirí, nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha, nó sa Chontae ina ndearnadh an conradh;

(f) de rogha an ghearánaí, in aon chaingean a bheidh bunaithe ar thort, sa Chontae ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir, nó ar aon duine de na cosantóirí, nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha, nó sa Chontae a líomhnaítear gurb ann a rinneadh an tort;

(g) i ngach cás eile (faoi réir fhorálacha na Rialacha seo a bhaineann le cásanna maidir le pósadh agus cásanna i dtaobh leanaí agus cásanna i dtaobh foréigin baile), sa Chontae ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir, nó ar aon duine de na cosantóirí, nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha.

(h) Faoi réir Theideal II de Choinbhinsiún 1968, is é an breitheamh den Chúirt a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir, nó ar dhuine de na cosantóirí, nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh dlínse na Cúirte i dtaca le himeachtaí a fhéadfar a thionscnamh sa Stát de bhua Airteagal 2, 8.1, 11, 14 nó 16(1)(b) den Choinbhinsiún sin;

(i) Maidir le dlínse na Cúirte Cuarda a bhaineann le himeachtaí a fhéadfaidh gearánaí a bhfuil sainchónaí air sa Stát a thionscnamh sa Stát de bhua Airteagal 8.2 nó Airteagal 14 de Choinbhinsiún 1968, féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don Chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an ngearánaí, nó ar dhuine de na gearánaithe, nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha, í a fheidhmiú;

(j) Más rud é go mbraitheann dlínse ar shainchónaí corparáide nó comhlachais, is é an Breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don Chuaird ina bhfuil a hoifig chláraithe nó a oifig chláraithe, nó seoladh oifigiúil eile, ag an gcorparáid nó ag an gcomhlachas, nó ina bhfeidhmítear bainistíocht lárnach agus rialú na corparáide, nó ina seolann an chorparáid nó an comhlachas gnó, a fheidhmeoidh an dlínse sin.

 

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo:

Uim2-I.R. Uimh. 597 De 2014: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Coinbhinsiún Lugano Agus Rialachán Cothabhála), 2014
Uim2-I.R. Uimh. 618 De 2015: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Dlínse Agus Aithint Agus Forghníomhú Breithiúnas In Ábhair Shibhialta Nó Tráchtála), 2015