Order 68B

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006 : I.R. Uimh. 596 de 2007

1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (An tAcht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006) 2007, is teideal dóibh, i ngníomh an 26ú lá de Mheán Fómhair 2007.

2. Forléireofar na Rialacha seo in éineacht leis na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 68A:


“Ordú 68B

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006 (Uimh. 11 de 2006)

1. Is i bhFoirm 48 a bheidh fógra arna thabhairt faoi alt 19(1) den tAcht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006 in aon imeachtaí a chinnfidh an Chúirt. Déanfar cóip den fhógra mar aon le cruthúnas gur seirbheáladh an fógra a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae.’’

4. Déanfar an Fhoirm atá i gceangal leis an Ordú seo a chur isteach i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Dúiche mar Fhoirm 48.