Ordú 11

Seirbheáil : I.R. Uimh. 132 de 2009

Sceideal 1
Ordú 11


Billí Sibhialta A Eisiúint
Doiciméid A Sheirbheáil


Billí Sibhialta a Eisiúint

1. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sna Rialacha seo, déanfar gach Bille Sibhialta a shíniúagus a thíolacadh i ndúblach lena eisiúint as Oifig na Cúirte i gContae ag a bhfuil dlínse de bhun na Rialacha seo (dángairtear “an Oifig”anseo ina dhiaidh seo). Is é an Bille Sibhialta a stampálfar, a shéalófar agus a eiseofar de réir mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo an Bille Sibhialta bunaidh. Déanfar a dhúblach a chomhdú san Oifig.

2. Sula n-eiseofar an Bille Sibhialta lena sheirbheáil, déanfar é a stampáil sa tsuim chuí, más ann, arna forordú le dlí agus, i gcás ina gceanglaítear le dlí stampáil a dhéanamh, mura mbeidh sé stampáilte amhlaidh, ní bheidh éifeacht ná feidhm leis an mBille Sibhialta náleis an mBille Sibhialta dúblach.

3. Déanfar an Bille Sibhialta a thíolacadh don Oifig agus a shéalú agus déanfaidh an t-oifigeach cuí é a mharcáil leis an uimhir thaifeadta agus air sin measfar é a bheith eisithe agus déanfar é a thaifeadadh ina dhiaidh sin i leabhar na gcúiseanna in ord dáta agus uimhreach a eisiúna. Tráth a eisiúna, déanfaidh an t-oifigeach cuí an dáta eisiúna, mionsonraí iomlána indáil le stampáil agus an uimhir thaifeadta a bheidh sannta don Bhille Sibhialta a mharcáil ar an mBille Sibhialta dúblach. Ní dhéanfar aon Bhille Sibhialta a sheirbheáil go dtí go mbeidh sé eisithe amhlaidh. Agus an Bille Sibhialta sin, mar aon lena dhúblach, á thíolacadh don Oifig lena eisiúint, féadfar an tíolacadh sin a dhéanamh leis an bpost nó go pearsanta. I gcás ina mbeidh an Bille Sibhialta tíolactha leis an bpost, cuirfidh an t-oifigeach cuí an Bille Sibhialta ar ais chuig an nGearánaí nó chuig aturnae an Ghearánaí, de réir mar is cuí, leis an ngnáthphost réamhíoctha.

4. Ní dhéanfar aon Bhille Sibhialta lena sheirbheáil lasmuigh den dlínse, nó a mbeidh fógra ina thaobh le tabhairt lasmuigh den dlínse, a eisiúint gan cead ón gCúirt nó ón gCláraitheoir Cúirte, ach amháin de réir fhorálacha Orduithe 13 agus 14 de na Rialacha seo.


Billí Sibhialta agus doiciméid tionscnaimh eile a sheirbheáil

5. De réir alt 7 d’Acht na gCúirteanna 1964, féadfar Bille Sibhialta nó aon doiciméad eile trína dtionscnaítear imeachtaí sa Chúirt a sheirbheáil

(a) trí chóip den Bhille Sibhialta nó den doiciméad tionscnaimh eile a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha i gclúdach a bheidh dírithe chuig an duine a mbeidh sé le seirbheáil air ag an áit chónaithe nó an áit ghnó is déanaí is eol a bheith aige sa Stát agus féadfaidh an duine ar thar a cheann a airbheartaítear an doiciméad a bheith eisithe nó duine a bheidh údaraithe aige chuige sin an doiciméad a chur;

(b) trí sheirbheáil phearsanta (trí Sheirbheálaí Toghairme nó trí dhuine eile) ar an duine ar a mbeidh sé le seirbheáil nó ar dhuine eile dá dtagraítear i riail 6 thar ceann an duine ar a mbeidh sé le seirbheáil.

6. Féadfar Bille Sibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile a sheirbheáil go pearsanta ar an gcosantóir trí chóip den Bhille Sibhialta nó den doiciméad tionscnaimh eile a sheachadadh ar an gcosantóir go pearsanta i cibé áit ina mbeidh sé le fáil laistigh den dlínse. I gcás inar dealraitheach trímhionnscríbhinn go bhfuil an cosantóir go pearsanta laistigh den dlínse agus go ndearnadh gach dícheall cuí réasúnach le linn iarracht a dhéanamh é a sheirbheáil go pearsanta, féadfar an Bille Sibhialta nó an doiciméad tionscnaimh eile a sheirbheáil trí chóip den chéanna a sheachadadh ar áit chónaithe an chosantóra laistigh den dlínse ar fhearchéile nó ar bhanchéile an chosantóra nó ar ghaol éigin de chuid an chosantóra atá os cionn sé bliana déag d'aois agus ar dealraitheach é a bheith ina chónaí ann nó ag áit ghnó nó fostaíochta nó oifig an chosantóra laistigh den dlínse ar fhostaí éigin de chuid an chosantóra atá os cionn sé bliana déag d'aois.

7. Tar éis seirbheáil a dhéanamh, déanfaidh an duine a sheirbheálann Bille Sibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile a ainm a fhormhuiniú ar an mBille Sibhialta nó ar an doiciméad bunaidh, á lua freisin an lá den tseachtain agus an dáta ar a ndearnadh, agus an tslí ina ndearnadh, agus an áit ina ndearnadh, an tseirbheáil sin agus an duine, cibé acu is fearchéile nó banchéile nó gaol nó fostaí, ar ar seirbheáladh an Bille Sibhialta nó an doiciméad tionscnaimh eile.

8. Déanfar seirbheáil de réir na Rialacha seo a fhíordheimhniú trí mhionnscríbhinn nó trí dhearbhú reachtúil ón duine a sheirbheálann an céanna. Mionnófar nó dearbhófar mionnscríbhinn nó dearbhú reachtúil seirbheála Bille Shibhialta nó doiciméid tionscnaimh eile laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an tseirbheáil a dhéanamh agus, má rinneadh an tseirbheáil leis an bpost cláraithe, tráth nach luaithe ná deich lá tar éis an dáta a cuireadh é. Féadfar an mhionnscríbhinn nó an dearbhú reachtúil sin a fhormhuiniú ar an mBille Sibhialta bunaidh nó an doiciméad tionscnaimh eile bunaidh.

9. I gcás ina líomhnaítear go ndearnadh seirbheáil phearsanta, ach nach fios as a eolas féin don duine a rinne seirbheáil gurb é an duine a seirbheáladh an duine a ainmníodh, féadfaidh sé an mhionnscríbhinn nó an dearbhú reachtúil dá dtagraítear sa Riail roimhe seo a dhéanamh, á lua sa mhionnscríbhinn nó sa dearbhú sin gur fíor an céanna de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreideann sé, ach in aon chás den sórt sin, féadfaidh an Breitheamh, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó aon duine a líomhnófar go ndearna an tseirbheáil sin difear dó, cibé fianaise eile is ceart leis a éileamh i dtaobh na seirbheála sin.

10. Is leor Bille Sibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile a sheirbheáil ar Aturnae ar choinníoll go bhformhuineoidh sé ar an mBille Sibhialta bunaidh nó an doiciméad tionscnaimh eile bunaidh, tráth na seirbheála, go bhfuil sé ag glacadh na seirbheála sin agus ag gealladh láithreas a thaifeadadh ina leith.


Seirbheáil ionadach

11. Aon uair a dhéantar ordú, de réir alt 7(5)(a) d’Acht na gCúirteanna 1964 nó ar shlí eile, le haghaidh seirbheála ionadaí nó chun fógra a thabhairt trí fhógrán in ionad seirbheáil a dhéanamh, seirbheálfar cóip den ordú sin i dteannta an Bhille Shibhialta, nó téarmaí an ordaithe sin arna lua san fhógra sin. Luafar i ngach ordú den sórt sin an tréimhse ama ar laistigh di a fhéadfaidh an cosantóir láithreas a thaifeadadh nó déanamh de réir ceanglas ordaithe den sórt sin.

12. Gach iarratas chun na Cúirte nó chun an Chláraitheora Contae ar ordú le haghaidh seirbheála ionadaí nó seirbheála eile, nó chun fógra a thabhairt in ionad seirbheáil a dhéanamh, beidh mionnscríbhinn ina leagfar amach na forais ar a ndéantar an t-iarratas mar thaca leis.

13. In aon chás, féadfaidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae a dhearbhú gur seirbheáil leormhaith an tseirbheáil a bheidh déanta iarbhír.


Seirbheáil ar chosantóiríáirithe

14. Nuair a bheidh naíon ina chosantóir i gcaingean, measfar, mura n-ordóidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae a mhalairt, gur seirbheáil mhaith ar an naíon seirbheáil ar a thuismitheoir nó ar a chaomhnóir nó, mura mbeidh tuismitheoir ná caomhnóir ann, ansin ar an duine a mbeidh an naíon ina chónaí leis nó faoina chúram; ar choinníoll go bhféadfaidh an Breitheamh a ordú go measfar gur seirbheáil mhaith seirbheáil a bheidh déanta nó le déanamh ar an naíon.

15.Service on a relevant person (within the meaning of section 2(1) of the Assisted Decision-Making (Capacity) Act 2015) who is a defendant to an action, shall be in accordance with Order 6, rule 8.”;
(Order 11 rule 15, substituted by SI 201 of 2023, translation not yet available.)  


Doiciméid eile a sheirbheáil

16. De réir alt 7 d’Acht na gCúirteanna 1964, déanfar gach fógra foriarratais agus gach fógra eile, orduithe ón gCúirt (i gcás inar gá seirbheáil a dhéanamh) agus toghairmeacha finnéithe a sheirbheáil sa tslí chéanna a sheirbheálfar Bille Sibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile.

17. Aon doiciméad nach bhforordaítear aon mhodh seirbheála ina leith le reacht nó leis na Rialacha seo, féadfar é a sheirbheáil trína sheachadadh ar an bpáirtí nó ar an duine a mbeidh sé le seirbheáil go pearsanta air, nó trína sheachadadh ag áit chónaithe nó áit ghnó an duine sin, nó trína chur leis an bpost réamhíoctha, arna dhíriú chun an pháirtí nó an duine sin ag an áit chónaithe nó an áit ghnó is déanaí is eol a bheith aige.

18. Más rud égo mbeidh páirtí nó duine ag gníomhú trí Aturnae, féadfar aon doiciméad is gá a sheachadadh nó a sheirbheáil ar an bpáirtí sin a sheachadadh nó a sheirbheáil ar an Aturnae sin, ach amháin i gcásanna ina gceanglaítear leis na Rialacha seo seirbheáil phearsanta a dhéanamh ar an bpáirtí nó ar an duine. Má dhéantar aon doiciméad den sórt sin a sheirbheáil ar an Aturnae sin, nó a sheachadadh ag a oifig nó ag a Mhalartán Doiciméad, nóa chur chuige leis an bpost réamhíoctha chuig an oifig sin, measfar gur seirbheáil mhaith an tseirbheáil sin ar an bpáirtí nó ar an duine a mbeidh an tAturnae sin ag gníomhú thar a cheann amhail ar an lá a seachadfar nó a seirbheálfar an doiciméad sin, nó a seachadfaí é i ngnáthchúrsa an phoist.

19. Is sa tslí a fhorordaítear in alt 4 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004 a dhéanfar aon fhógra a sheachadadh nó a sheirbheáil chun críocha alt 8 nó 17 den Acht sin.


Cruthúnas ar sheirbheáil

20. Aon duine a rinne doiciméad a sheirbheáil de réir an Ordaithe seo, déanfaidh sé, laistigh de cheithre lá tar éis seirbheáil a dhéanamh, an doiciméad bunaidh arna fhormhuiniú go cuí de réir mar a fhorordaítear leis na Rialacha seo a chur ar ais chuig an Aturnae nóchuig an duine eile óna bhfuarthas an céanna.

21. Is san fhoirm atá leagtha amach i bhFoirm 1B de Sceideal na bhFoirmeacha a bheidh formhuiniúna seirbheála agus an dearbhú reachtúil i dtaobh Billí Sibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile a sheirbheáil mar a fhoráiltear le hAlt 7(6)(a) d’Acht na gCúirteanna, 1964. Féadfar seirbheáil phearsanta Bille Shibhialta nó doiciméid tionscnaimh eile nó seirbheáil Bille Shibhialta nó doiciméid tionscnaimh eile leis an bpost cláraithe a fhormhuiniú ar an mBille Sibhialta nó ar an doiciméad tionscnaimh eile agus a chruthú trí dhearbhú reachtúil san fhoirm atá leagtha amach i bhFoirm 1C de Sceideal na bhFoirmeacha.

 

.................

1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Seirbheáil) 2009, is teideal dóibh, i ngníomh an 3ú lá d’Aibreán 2009.

2. Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2009.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an Ordú atá leagtha amach i Sceideal 1 a chur in ionad Ordú 11.

.................

5. Déanfar Foirm 1B i Sceideal 3 a chur in ionad na Foirme ar a bhfuil an uimhir sin i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda. Cuirfear Foirm 1C i Sceideal 3 le Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda.

.................