Ordú 3

Róbaí na mbreithiúna agus an modh chun na breithiúna a aitheasc

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim3-I.R. Uimh. 274 De 2006: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Modhanna Aithisc Breithiúna) 2006
Uim3-I.R. Uimh. 523 De 2011: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Róbaí Na Mbreithiúna), 2011

1. Le linn shuíonna na Cúirte caithfidh na Breithiúna: cóta dubh agus veist de chineál agus d'ábhar comhionann, mar a bhíodh á gcaitheamh go nuige seo ag Abhcóide Sinsir; fallaing dhubh de dhéanamh comhionann; bandaí bána mar a bhíodh á gcaitheamh go nuige seo; agus peiriúic den chineál ar a dtugtar an pheiriúic bheag nó an pheiriúic bhobáilte, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt.
2. Déanfar Breitheamh a aitheasc sa Chúirt faoina theideal, agus féadfar “An Chúirt” a ghairm de i nGaeilge nó “The Court” i mBéarla.