Order 46B

An tAcht um Fhorbairtí Ilaonad 2011 : I.R. Uimh. 153 de 2011

1. (1) Na Rialacha Cúirte Cuarda (An tAcht um Fhorbairtí Ilaonad 2011) 2011 is teideal do na Rialacha seo, a thiocfaidh i ngníomh an 14ú lá d’Aibreán 2011.

(2) Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda.

(3) Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2011 is teideal do na Rialacha Cúirte Cuarda arna leasú leis na Rialacha seo.

2. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an Ordú seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 46A:

“Ordú 46B

An tAcht um Fhorbairtí Ilaonad 2011

1 San Ordú seo, ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Fhorbairtí Ilaonad 2011 agus, aon tagairt san Ordú seo d’alt, measfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, gur tagairt í d’alt den Acht.

2 (1) Is sa Chontae ina mbeidh an fhorbairt ilaonad iomchuí, nó aon chuid di, a thionscnófar imeachtaí i gcomhair faoisimh faoi alt 24.

(2) Faoi réir fo-alt (4) a chomhlíonadh i gcás inar gá sin, is le Gnáthbhille Sibhialta de réir Ordú 1, riail 2, a thionscnófar imeachtaí i gcomhair faoisimh faoi alt 24 agus is é nó í an t-iarratasóir ar fhaoiseamh a ainmneofar mar ghearánaí ann agus déanfar gach duine a mbeidh faoiseamh á lorg ina choinne nó ina coinne a ainmniú mar chosantóir.

(3) I bhformhuiniú an éilimh sa Bhille Sibhialta:


(i) sonrófar an cháil a luaitear i míreanna (a)go(e) d’alt 25(1) ina mbeidh an t-iarratas á dhéanamh ag an ngearánaí, nó tabharfar sonraí faoi aon ordú a bheidh déanta ag tabhairt an cheada do dhuine dá dtagraítear i mír (f) d’alt 25(1) chun iarratas a dhéanamh faoi alt 24 dá dtagraítear sa mhír sin;

(ii) beidh ainm, seoladh agus tuairisc gach gearánaí agus gach cosantóra agus déanfar an fhorbairt ilaonad iomchuí, nó an chuid iomchuí di, a shainaithint cruinn go leor;

(iii) luafar na himthosca is bun leis an iarratas;

(iv) sonrófar aon cheann de na horduithe a luaitear in alt 24(5) agus aon orduithe eile dá dtagraítear in alt 24 a mbeidh an t-iarratasóir ag iarraidh ar an gCúirt iad a dhéanamh;

(v) sonrófar gach ceart a thugtar don ghearánaí leis an Acht nó le haon riail dlí a mbeifear á líomhain gur sáraíodh é;

(vi) sonrófar gach oibleagáid a fhorchuirtear ar gach cosantóir leis an Acht nó le haon riail dlí a mbeifear á líomhain gur fágadh gan chomhlíonadh í;

(vii) luafar cibé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh iarracht ar idirghabháil nó ar aon phróiseas réitithe díospóide eile;

(viii) luafar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil fógra faoi aon imeachtaí i gcomhair aon leighis a chaomhnaítear le halt 29 tugtha ag na páirtithe sna himeachtaí i ndáil leis an bhforbairt ilaonad lena mbaineann.


(4) I gcás inar mian le duine a luaitear in alt 25(1)(f) cead a iarraidh ar an gCúirt chun iarratas a dhéanamh ar ordú faoi alt 24, féadfaidh an duine sin iarratas ex parte, dar foras mionnscríbhinn, a dhéanamh chun na Cúirte ar an gcead sin. I gcás ina dtabharfar cead, is le Bille Sibhialta de réir fhoriail (3) a thionscnóidh an t-iarratasóir an t-imeacht, agus beidh an t-ordú arna dhéanamh faoi alt 25(1)(f) ag tabhairt an cheada sin i gceangal leis.

3. Féadfar iarratais ar na faoisimh seo a leanas in imeachtaí faoin Acht a dhéanamh trí fhoriarratas iar bhfógra sna himeachtaí os comhair na Cúirte lena mbainfidh an t-iarratas, agus beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscanta, nó thar ceann an pháirtí sin, mar fhoras leis:


(a) aon ordú idirbhreitheach;

(b) aon ordú coimhdeach faoi alt 24(7)(a) a bheidh á lorg tar éis na himeachtaí a thriail;

(c) aon ordú faoi alt 24(7)(b);

(d) ordú faoi alt 25 ag tabhairt ceada chun láithriú agus éisteacht a fháil ag iarratas ar ordú faoi alt 24;

(e) ordú ag ordú comhdháil idirghabhála, de réir alt 27(1);

(f) ordú ag ordú na himeachtaí a sheirbheáil ar aon duine eile nó ag ordú fógra a thabhairt in ionad seirbheála;

(g) aon ordú a lorgófar le toiliú.


4. (1) I gcás ina ndéanfar ordú ag ordú comhdháil idirghabhála—


(a) féadfaidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae, de réir mar a bheidh, fad a chur leis an tréimhse ama a bheidh ag aon pháirtí chun aon fhoráil de na Rialacha seo a chomhlíonadh;

(b) féadfaidh an Breitheamh fad a chur leis an tréimhse ama a bheidh ag aon pháirtí chun aon ordú a bheidh déanta ag an mBreitheamh sna himeachtaí a chomhlíonadh agus

(c) féadfaidh an Breitheamh nó an Cláraitheoir Contae, de réir mar a bheidh, na himeachtaí a chur ar atráth go dtí go bhfaighfear an tuarascáil a luaitear in alt 28.


(2) Más rud é, tráth ar bith, go mbeidh feidhm ag Ordú 19A maidir le himeachtaí faoin Acht, beidh tosaíocht ag forálacha alt 27 agus alt 28 ar aon fhoráil d’Ordú 19A, riail 7.”