Ordú 5

Imeachtaí a thionscnamh

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim5-I.R. Uimh. 542 De 2004: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Uimh. 1) (An Tacht Um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003), 2004
Uim5-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007
Uim5-I.R. Uimh. 597 De 2014: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Coinbhinsiún Lugano Agus Rialachán Cothabhála), 2014
Uim5-I.R. Uimh. 618 De 2015: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Dlínse Agus Aithint Agus Forghníomhú Breithiúnas In Ábhair Shibhialta Nó Tráchtála), 2015
Uim5-I.R. Uimh. 201 De 2017
Uim5-I.R. Uimh. 499 De 2017
Uim5-I.R. Uimh. 378 De 2018

1. Mura bhforáiltear a mhalairt le Reacht nó leis na Rialacha seo, is trí Bhille Sibhialta a eisiúint, a bheidh san fhoirm chuí de réir Sceideal na bhFoirmeacha a ghabhann leis na Rialacha seo (agus ar Foirmeacha 2A go 20 iad), nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is oiriúnach, a thionscnófar imeachtaí sibhialta sa Chúirt, agus luafar ann cibé fíorais is gá chun dlínse na Cúirte a thaispeáint.
2. Beidh “Dlínse Theidil” mar cheannteideal ar Bhillí Sibhialta Eisiachtana ar an teideal agus ar Bhillí Sibhialta a eiseofar chun go suífear ceisteanna faoi theideal chun talún, seachas eisiachtainí i leith rósheilbhe nó i leith neamhíoc cíosa, agus beidh iontu ráiteas i dtaobh Luacháil Dhlí na mBocht nó an chíosa (de réir mar a bheidh) chun dlínse a thaispeáint. Le linn aon chás den sórt sin á éisteacht féadfaidh sé go gceanglófar ar an ngearánaí léarscáil de na tailte a thabhairt ar aird.
3. Faoi réir Ordú 8, luafar sa Bhille Sibhialta:—
(a) ainm baiste nó céad-ainm, sloinne, slí bheatha agus áit chónaithe nó áit ghnó an ghearánaí,
(b) sloinne an chosantóra, a áit chónaithe nó a áit ghnó agus, más eol sin, a ainm baiste nó a chéad-ainm agus a shlí bheatha agus, más i gcáil ionadaí a bheidh an cosantóir á agairt, an cháil ina mbeidh sé á agairt.
4. Gairfidh an Bille Sibhialta ar chosantóir láithreas a thaifeadadh laistigh de thréimhse ama shonraithe tar éis na seirbheála (nach lú ná deich lá nó cibé tréimhse ama eile a bheidh ceaptha don láithriú le comhaontú na bpáirtithe nó le haon ordú ón gCúirt) chun éileamh anghearánaí a fhreagairt, agus tabharfaidh sé rabhadh dó i dtaobh nan-iarmhairtí mura ndéanfaidh sé amhlaidh, ar choinníoll nach dtabharfaidh an tréimhse ama sin a bheith dulta in éag teideal don Oifig diúltú cead a thabhairt láithreas a thaifeadadh.
5. Síneoidh an gearánaí, nó a Aturnae, gach Bille Sibhialta, agus formhuineofar air sonraí faoi éileamh an ghearánaí:—
(a) a luafaidh an cineál éilimh atá ann, agus méid agus forais an éilimh, sonraí iomlána faoi gach ítim de dhamáiste speisialta a bheidh á éileamh agus an faoiseamh a bheidh á lorg agus, más éileamh ar airgead é, an tsuim agus ráta agus méid an úis (más ann) a bheidh á éileamh. Más rud é, ar an gcéad ásc, gur mian leis an ngearánaí go dtógfar cuntas, luafar sin, mar aon leis an méid sonrach (más ann) a mbeidh an gearánaí ag éileamh é a bheith faoi réir an chuntais sin;
(b) i gcás níos mó ná aon éileamh amháin a bheith ann, a thabharfaidh sonraí, mar atá i mír (a), faoi gach éileamh, agus a luafaidh an faoiseamh a bheidh á éileamh i leith gach éilimh acu;
(c) a luafaidh go bhfuil aon chuid d'éileamh á tréigean, más mian leis an ngearánaí í a thréigean d'fhonn an t-éileamh a thabhairt laistigh den dlínse;
(d) más i gcáil ionadaí a bheidh an gearánaí ag agairt, a luafaidh an cháil ina mbeidh sé ag agairt; agus
(e) más mar shannaí a bheidh an gearánaí ag agairt, a luafaidh ainm, seoladh agus tuairisc an tsannóra ar dháta an tsannta, mar aon le dáta an tsannta sin.
6. Aon uair nach mbeidh in éileamh an ghearánaí ach éileamh i leith féich nó éileamh leachtaithe, luafar san fhormhuiniú, i dteannta an cineál éilimh a lua, an tsuim a bheidh á héileamh i leith féich nó i leith an éilimh sin, agus i leith costas, faoi seach, agus luafar ann thairis sin go gcuirfear bac ar a thuilleadh imeachtaí, ar an tsuim sin, mar aon le costais, a íoc laistigh de shé lá tar éis na seirbheála. Is de réir Sceidil táillí ar a gcinnfidh an Cláraitheoir Contae do Chontae Chathair Bhaile Átha Cliath ó am go ham a bheidh an tsuim a bheidh á héileamh amhlaidh i leith costas i ngach cás den sórt sin nach mbeidh aon ordú déanta chun an Bille Sibhialta, nó fógra ina thaobh, a sheirbheáil lasmuigh den dlínse, nó chun seirbheáil ionaid nó seirbheáil eile a dhéanamh, nó chun a dhearbhú gur leor an tseirbheáil a bheidh déanta, nó aon fhógra trí fhógrán gur eisíodh an Bille Sibhialta.
Má tá níos mó ná cosantóir amháin ann, féadfar na suimeanna thuas a mhéadú de shuim réasúnach in aghaidh gach cosantóra sa bhreis a sheirbheálfar.
7. Má údaraítear nó má ordaítear, le haon Reacht nach luaitear sna Rialacha seo, imeachtaí a thionscnamh sa Chúirt, tionscnófar na himeachtaí sin le Bille Sibhialta.
8. Is san fhoirm a leagtar amach i bhFoirm 1 de Sceideal na bhFoirmeacha a ghabhann leis na hOrduithe seo a bheidh an Toiliú a fhorordaítear le hAlt 48(1) den Phríomh-Acht, arna leasú, lena ndéantar socrú maidir le dlínse na Cúirte a leathnú le toiliú na bpáirtithe, agus déanfar é a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae roimh an éisteacht nó tráth ar bith lena linn.
9. Aon uair a thionscnófar caingean, cúis nó ábhar nach mbeidh dlínse ag an gcúirt í nó é a thriail agus a chinneadh, más léir ar éadan an doiciméid tionscnaimh nach bhfuil dlínse inti nó ann, déanfaidh an Chúirt an chaingean, an chúis nó an t-ábhar a scriosadh amach, maille le costais, mura mbeidh an Toiliú a fhorordaítear le hAlt 48 den Phríomh-Acht sínithe. Aon uair a thionscnófar caingean, cúis nó ábhar nach bhfuil dlínse ag an gcúirt í nó é a thriail agus a chinneadh, má bhaineann an uireasa dlínse leis an ionad agus más léir ar éadan an doiciméid tionscnaimh nach bhfuil dlínse inti nó ann, féadfaidh an Chúirt an chaingean, an chúis nó an t-ábhar a aistriú chuig an gcuaird chuí nó féadfaidh sí an chaingean, an chúis nó an t-ábhar a scriosadh amach, maille le costais, de réir mar is cuí léi.
10. Más rud é go dtionscnófar imeachtaí sa Chúirt Chuarda ar bhonn dlínse a bheidh bunaithe ar Choinbhinsiún 1968, formhuineofar na nithe seo a leanas ar an mBille Sibhialta sula n-eiseofar é:
(a) ráiteas go mbeidh de chumhacht ag an gCúirt faoi Acht 1998 an chaingean, an chúis nó an t-ábhar a éisteacht agus a chinneadh, agus ina sonrófar an fhoráil áirithe nó na forálacha áirithe de Choinbhinsiún 1968 faoinar cheart don Chúirt dlínse a ghabháil uirthi féin; agus
(b) ráiteas nach bhfuil aon imeachtaí idir na páirtithe i dtaobh na cúise céanna caingne ar feitheamh idir na páirtithe i stát conarthach eile; agus
(c) na fíorais ar a mbeifear ag seasamh chun dlínse agus ionad a thaispeáint.