Ordú 68A

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 : I.R. Uimh.169 de 2007

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim68A-I.R. Uimh. 82 Of 2010: Na Rialacha Cúirte Cuarda (An Tacht Um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008) 2010


1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006) 2007 is teideal dóibh, i ngníomh an 22 Bealtaine 2007.

2. Forléireofar na Rialacha seo in éineacht leis na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 68—


“Ordú 68A

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 (Uimh. 26 de 2006)

1. San Ordú seo, ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 (Uimh. 26 de 2006).

2. (1) I gcás ina n-éireoidh ceanglas deimhniú dá dtagraítear in alt 96(1) den Acht a eisiúint mar gheall ar chiontú duine, beidh an deimhniú sin i bhFoirm 47A agus déanfaidh an Cláraitheoir Contae é a tharchur láithreach nó déanfar é a tharchur láithreach thar ceann an Chláraitheora Contae chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear in alt 96(6) den Acht.

(2) I gcás ina n-éireoidh ceanglas deimhniú dá dtagraítear in alt 96(2) den Acht a eisiúint mar gheall ar phianbhreith a ghearradh ar dhuine, beidh an deimhniú sin i bhFoirm 47B agus déanfaidh an Cláraitheoir Contae é a tharchur láithreach nó déanfar é a tharchur láithreach thar ceann an Chláraitheora Contae chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear in alt 96(6) den Acht.

(3) I gcás ina n-éireoidh ceanglas deimhniú dá dtagraítear in alt 96(3) den Acht a eisiúint mar gheall ar ordú a dhéanamh faoi alt 89(3) den Acht nó faoi alt 95(3) den Acht, beidh an deimhniú sin i bhFoirm 47C agus déanfaidh an Cláraitheoir Contae é a tharchur láithreach nó déanfar é a tharchur láithreach thar ceann an Chláraitheora Contae chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear in alt 96(6) den Acht.

(4) Beidh na fógraí dá dtagraítear in ailt 99(15), 100(5) agus 100(8) den Acht i bhFoirmeacha 47D, 47E agus 47F faoi seach.”

4. Déanfar na Foirmeacha atá i gceangal leis seo a chur isteach i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda mar Fhoirmeacha 47A, 47B, 47C, 47D, 47E agus 47F.