Ordú 35A

Orduithe Forfheidhmithe Eorpacha : I.R. Uimh. 1 de 2006

1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Orduithe Forfheidhmithe Eorpacha) 2006, is teideal dóibh, i ngníomh an 7ú lá d’Fheabhra 2006.

2. Leasaítear leis seo na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 35 de na Rialacha sin:


‘‘Ordú 35A

Orduithe Forfheidhmithe Eorpacha

1. San Ordú seo:—

ciallaíonn ‘‘Rialachán Uimh. 805/2004’’ Rialachán (CE) Uimh.805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmithe Eorpach maidir le héilimh neamhchonspóidithe, OJ L 143/15, an 30 Aibreán 2004;

ciallaíonn ‘‘Rialachán Uimh. 1869/2005’’ Rialachán (CE) Uimh. 1869/2005 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2005 lena ndéantar athsholáthar ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmithe Eorpach maidir le héilimh neamhchonspóidithe, OJ L 300/6, an 17 Samhain 2005;

ciallaíonn ‘‘breithiúnas baile’’


(a) aon bhreithiúnas ón gCúirt le haghaidh aon suime airgid nó aon ordú (lena n-áirítear ordú arna dhéanamh trí thoiliú, socraíocht a ndéanfar riail chúirte di nó díbhe) ón gCúirt lena gceanglaítear aon suim airgid a íoc, nó

(b) aon bhreithiúnas arna thaifeadadh san Oifig de bhun na Rialacha seo,

lena mbaineann Rialachán 805/2004.


2. (1) I gcás inar thug nó ina ndearna an Chúirt breithiúnas baile, féadfar iarratas chun an breithiúnas baile sin a dheimhniú mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach a dhéanamh ex parte chun na Cúirte ag an éisteacht ag a dtugtar nó a ndéantar an breithiúnas baile sin, nó mura ndéanfar é ag an éisteacht sin, féadfar é a dhéanamh ex parte de réir fho-riail (2) den riail seo.

(2) I gcás aon bhreithiúnais baile ón gCúirt seachas breithiúnas baile a dheimhneofar mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach ag an éisteacht de réir fho-riail (1) den riail seo, is ex parte chun an Chláraitheora Contae a dhéanfar aon iarratas chun an breithiúnas baile sin a dheimhniú mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach.

3. (1) Beidh iarratas ar bhreithiúnas baile a dheimhniú mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach, mura n-ordóidh nó mura gceadóidh an Cláraitheoir Contae nó an Chúirt (de réir mar a bheidh) a mhalairt, forasaithe ar mhionnscríbhinn a bheidh mionnaithe ag an bpáirtí tionscnaimh, nó thar ceann an pháirtí sin, i bhFoirm Uimh. 19A de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis an Ordú seo nó ina gcorpraítear na nithe atá i míreanna 2 go 5 den Fhoirm sin.

(2) Is san fhoirm atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh.1869/2005 a bheidh deimhniú arna eisiúint ar scór iarratais de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán Uimh. 805/2004.

4. (1) I gcás ina dtabharfar breithiúnas nó ina ndéanfar ordú nó rialú go bhfuil breithiúnas baile arna dheimhniú mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach tar éis scor de bheith in-fhorfheidhmithe nó go bhfuil nó go raibh a in-fhorfheidhmitheacht fionraithe nó teoranta, féadfaidh ceachtar pairtí sna himeachtaí inar tugadh an breithiúnas baile iarratas faoi Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004 a dhéanamh ex parte chun na Cúirte ar dheimhniú a eisiúint ina léireofar easpa nó teorainn in-fhorfheidhmitheachta an bhreithiúnais baile sin ag an éisteacht ag a dtugtar an breithiúnas is déanaí nó ag a ndéantar an t-ordú nó an rialú is déanaí.

(2) Mura ndéanfar é ag an éisteacht dá dtagraítear i bhfo-riail (1), féadfar iarratas chun na Cúirte faoi Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh.805/2004 a dhéanamh de réir riail 6 ar dheimhniú a eisiúint ina léireofar easpa nó teorainn in-fhorfheidhmitheachta breithiúnais baile.

(3) Is san fhoirm atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005 a bheidh deimhniú arna eisiúint ar scór iarratais de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004.

5. (1) Más rud é, ar aon achomharc chun na Cúirte, go dtabharfar breithiúnas nó go ndéanfar ordú, rialú no cinneadh maidir le breithiúnas baile a bheidh deimhnithe mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach, féadfaidh ceachtar pairtí san achomharc sin iarratas faoi Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004 a dhéanamh ex parte chun na Cúirte ar dheimhniú ionaid a eisiúint ag éisteacht an achomhairc sin, nó ar an mbreithiúnas ar an achomharc sin a thabhairt.

(2) Mura ndéanfar é an tráth dá dtagraítear i bhforiail (1), féadfar iarratas faoi Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004 a dhéanamh de réir riail 6 ar dheimhniú ionaid a eisiúint.

(3) Is san fhoirm atá in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005 a bheidh deimhniú ionaid arna eisiúint ar scór iarratais de bhun Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004.

6. Mura ndéanfar é de réir riail 4(1) nó (de réir mar a bheidh) riail 5(1) den Ordú seo, is trí fhoriarratas chun an Chláraitheora Contae iar bhfógra don chreidiúnaí breithiúnais nó don fhéichiúnaí breithiúnais agus é forasaithe, más gá, ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí sin, a dhéanfar iarratas faoi Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004 ar dheimhniú a eisiúint ina léireofar easpa nó teorainn in-fhorfheidhmitheachta breithiúnais baile nó iarratas faoi Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004 ar dheimhniú ionaid a eisiúint, agus beidh feidhm ag forálacha Ordú 64 de na Rialacha seo maidir le haon fhoriarratas den sórt sin. Déanfar dréacht comhlánaithe den fhoirm den deimhniú a bheidh á lorg a fhoilseánadh d’aon mhionnscríbhinn forais in aon iarratas den sórt sin agus fíorófar ábhar an dréachtdeimhnithe sin sa mhionnscríbhinn forais.

7. (1) Is chun na Cúirte a dheimhnigh gur Ordú Forfheidhmithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann a dhéanfar iarratas faoi Airteagal 10(1) de Rialachán 805/2004 chun deimhniú Ordaithe Forfheidhmithe Eorpaigh a cheartú nó a aistarraingt nó, i gcás inar dheimhnigh an Cláraitheoir Contae an breithiúnas baile amhlaidh, chun an Chláraitheora Contae. Sula ndéanfaidh sé nó sí an t-iarratas sin, comhlánóidh an páirtí tionscnaimh an fhoirm iarratais atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005 agus déanfaidh sé nó sí an fhoirm iarratais chomhlánaithe sin a sheachadadh ar an Oifig agus sannfaidh an Oifig dáta chun an t-iarratas sin a chur ar ais. Seirbheálfaidh an páirtí tionscnaimh cóip den fhoirm iarratais chomhlánaithe sin ar an gcreidiúnaí breithiúnais nó (de réir mar a bheidh) ar an bhféichiúnaí breithiúnais, mar aon le cóip d’aon mhionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar ceann an pháirtí sin chun an t-iarratas a fhorasú. I gcás go lorgaítear ceartú, déanfar cóip den fhoirm den deimhniú Ordaithe Forfheidhmithe Eorpaigh a eisíodh roimhe sin a fhoilseánadh d’aon mhionnscríbhinn forais in aon iarratas den sórt sin agus é marcáilte leis an gceartú a bheidh á lorg agus déanfar ábhar an deimhnithe mharcáilte sin a fhíorú sa mhionnscríbhinn forais. Déileálfar le fógra iarratais san fhoirm sin chun gach críche amhail is dá gur foriarratas chun na Cúirte nó (de réir mar a bheidh) chun an Chláraitheora Contae é agus beidh feidhm ag forálacha Ordú 64 de na Rialacha seo maidir le haon iarratas den sórt sin.

(2) Más rud é, ar aon iarratas faoin riail seo, go gcinnfear gur chóir an deimhniú Ordaithe Forfheidhmithe Eorpaigh i leith an bhreithiúnais baile lena mbaineann a cheartú nó a aistarraingt, déanfaidh an duine ar ar iarratas uaidh nó uaithi a deimhníodh gur Ordú Forfheidhmithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann, laistigh de sheacht lá ón gcinneadh sin, an deimhniú Ordaithe Forfheidhmithe Eorpaigh bunaidh maidir leis an breithiúnas baile lena mbaineann a thaisceadh san Oifig. I gcás ceartú, ceartóidh an Cláraitheoir Contae an deimhniú sin agus déanfaidh sé nó sí an deimhniú ceartaithe sin a athshíniú, a athshéalú agus, faoi réir aon ordacháin arna dhéanamh ina leith sin, a atheisiúint chuig an duine ar ar iarratas uaidh nó uaithi a deimhníodh gur Ordú Forfheidhmithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann. I gcás aistarraingthe, déanfaidh an Cláraitheoir Contae an deimhniú sin a chealú.

(3) Más rud é go mainneoidh an duine ar ar iarratas uaidh nó uaithi a deimhníodh gur Ordú Forfheidhmithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann, an deimhniú Ordaithe Forfheidhmithe Eorpaigh bunaidh a thaisceadh de réir fho-riail (2) laistigh de sheacht lá ó chinneadh, déanfaidh an Cláraitheoir Contae, ar iarraidh ón iarratasóir, deimhniú faoi shéala na Cúirte a sholáthar don iarratasóir á dheimhniú gur ceartaíodh nó (de réir mar a bheidh) gur aistarraingíodh an deimhniú Ordaithe Forfheidhmithe Eorpaigh. Is i bhFoirm Uimh. 19B de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha seo a bheidh an deimhniú sin.

8. (1) Féadfaidh an Cláraitheoir Contae na deimhnithe seo a leanas a shíniú agus a shéalú:


(i) deimhniú Ordaithe Forfheidhmithe Eorpaigh

— breithiúnas (Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005) (lena n-áirítear, chun amhras a sheachaint, an deimhniú sin arna cheartú de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán Uimh. 805/2004 agus de réir riail 7(2) den Ordú seo);

(ii) deimhniú maidir le heaspa nó teorainn infhorfheidhmitheachta, (Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005) de bhun Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004;

(iii) deimhniú Ordaithe Forfheidhmithe Eorpaigh ionaid, (Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005) de bhun Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004;

(iv) aon deimhniú a mheasfar is gá de réir riail 7(3) den Ordú seo.


(2) Féadfaidh an Cláraitheoir Contae, ar iarraidh ón iarratasóir chuige sin, dúblach d’aon cheann de na deimhnithe dá dtagraítear i bhfo-riail (1) a eisiúint.

(3) Féadfaidh an Cláraitheoir Contae nó an Chúirt a ordú don iarratasóir dréacht den fhoirm chomhlánaithe de dheimhniú a thaisceadh, i gcás nach mbeidh an dréachtdeimhniú sin arna fhoilseánadh cheana féin do mhionnscríbhinn ag forasú an iarratais ar an deimhniú.

.....
4. Déanfar Foirmeacha 19A agus 19B atá sa Sceideal a ghabhann leis na Rialacha seo a chur isteach sa Sceideal a ghabhann leis na Rialacha Cúirte Cuarda, díreach i ndiaidh Fhoirm 19.