Ordú 47A

Meabhair-Shláinte : I.R. Uimh. 11 de 2007

1. iocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Meabhair-Shláinte) 2007 is teideal dóibh, i ngníomh an 13ú lá d’Fheabhra 2007.

2. Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

3. easaítear na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 47— 


“Ordú 47A

An tAcht Meabhair-Shláinte 2001 (Uimh. 25 de 2001)

1. an Ordú seo,

iallaíonn “an tAcht” an tAcht Meabhair-Shláinte 2001 (Uimh. 25 de 2001);

iallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún Meabhair-Shláinte a bunaíodh le halt 32 den Acht, agus

orléireofar “binse” de réir alt 48 den Acht.

2. Tionscnófar achomharc chun na Cúirte faoi alt 19 den Acht trí Fhógra Foriarratais tionscnaimh a eisiúint (dá ngairtear “an Fógra Foriarratas” sa riail seo agus i rialacha 3 go 5) de réir Fhoirm 45 de Sceideal na bhFoirmeacha agus beidh i gceangal leis an bhfógra sin (a) an tuarascáil ó shíciatraí sainchomhairleach arna hullmhú de réir alt 17(1)(c) den Acht, agus (b) an fógra i dtaobh a bhreithe arna tabhairt ag an mbinse don othar nó dá ionadaí dlíthiúil nó dá hionadaí dlíthiúil faoi alt 18 (5) den Acht nó cóip dheimhnithe den chéanna, agus luafar ann an dáta ar a bhfuair an t-othar nó a ionadaí dlíthiúil nó a hionadaí dlíthiúil an fógra faoi bhreith an bhinse.

3. Is é nó is í an t-othar an t-achomharcóir agus is é an binse lena mbaineann an freagróir. Tionscnófar achomhairc sa Chontae ina bhfuil an t-ionad ceadaithe lena mbaineann suite nó ina bhfuil gnáthchónaí ar an achomharcóir. Is é an t-achomharcóir a shíneoidh an Fógra Foriarratais nó síneofar thar ceann an achomharcóra é agus luafar ann an Suí den Chúirt ag a mbeidh an t-achomharc le déanamh.

4. Seirbheálfar cóip den Fhógra Foriarratais ar gach duine de na daoine dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d’alt 19(6) den Acht tráth nach déanaí ná 4 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh sonraithe san Fhógra Foriarratais ar aon cheann de na slite a shonraítear in alt 19(15) den Acht.

5. Féadfaidh an Chúirt, aon tráth, a ordú cóip den Fhógra Foriarratais a sheirbheáil ar aon duine eile de réir mhír (d) d’alt 19(6) den Acht nó de réir alt 19(7) den Acht.

6. I gcás inar mian le haon duine a d’eisiafaí as an gCúirt faoi alt 19(8) den Acht le linn achomharc a éisteacht a bheith i láthair le linn achomharc a éisteacht, beidh an duine sin freagrach as an méid sin a chur in iúl don Chúirt roimh éisteacht an achomhairc nó ar thosach di agus as iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar chead chun fanacht sa Chúirt chun na críche sin. Féadfaidh an Chúirt, tar éis éisteacht a thabhairt do na páirtithe san achomharc, cibé ordú a dhéanamh nó cibé ordacháin a thabhairt maidir le hiarratas an duine sin is cuí léi.

7. Maidir le hiarratas chun na Cúirte ón gCoimisiún faoi alt 66(4) den Acht tionscnófar é trí Fhógra Foriarratais tionscnaimh (dá ngairtear “an Fógra Foriarratais” sa riail seo agus i riail 9) a eisiúint ina n-ainmneofar an Coimisiún mar an t-iarratasóir agus inarb é nó í an duine a bheidh ciontaithe sa chion lena mbaineann an freagróir. Luafar san Fhógra Foriarratais tionscnaimh na forais ar a ndéantar an t-iarratas agus luafar ann an dáta ar ar ciontaíodh an freagróir sa chion lena mbaineann (nó i gcás ina ndearnadh achomharc i gcoinne an chiontaithe lena mbaineann, dáta an t-achomharc sin nó aon achomharc breise a chinneadh go críochnaitheach (más cinneadh é lena ndaingnítear an ciontú) nó an dáta a ndearnadh aon achomharc den sórt sin a tharraingt siar). Luafar san Fhógra Foriarratais tionscnaimh an Suí den Chúirt ag a mbeidh an t-iarratas le déanamh.

8. Déanfar iarratas faoi alt 66(4) den Acht sa Chontae ina bhfuil an t-ionad ceadaithe lena mbaineann suite.

9. Seirbheálfar cóip den Fhógra Foriarratais faoi alt 66(4) den Acht ar an gcosantóir tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais a bheidh sonraithe san Fhógra Foriarratais ar aon cheann de na slite ina bhféadfar Billí Sibhialta a sheirbheáil.

10. (a) Déanfar achomharc faoi alt 19 den Acht a éisteacht ar fhianaise ó bhéal nó, i gcásanna cuí, ar cibé slí eile a chinnfidh an Chúirt ach ní chuirfidh aon ní sa Riail seo isteach ar thuarascálacha arna n-ullmhú de bhun alt 17 den Acht a bheith inghlactha de bhun alt 19(14) den Acht.

(b) Déanfar iarratas faoi alt 66(4) den Acht a éisteacht ar fhianaise ó bhéal.

11. Féadfaidh an Chúirt cibé Ordú a dhéanamh is cuí maidir le costais ar aon achomharc faoi alt 19 den Acht nó ar iarratas faoi alt 66(4) den Acht, lena n-áirítear Ordú ag tomhas na gcostas.”

4. Cuirfear an Fhoirm atá i gceangal leis seo isteach i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda mar Fhoirm 45.