Ordú 40

Idirphléadáil

1. Féadfar faoiseamh i bhfoirm idirphléadála a thabhairt:—

(a) i gcás an duine a bheidh ag lorg faoisimh (dá ngairtear “ant-iarratasóir” san Ordú seo) a bheith faoi dhliteanas i leith aon fhéich, airgid, earraí nó airnéisí a mbeidh, nó ar dóigh leis go mbeidh, dhá pháirtí nó níos mó (dá ngairtear “na héilitheoirí” san Ordú seo), a mbeidh éilimh chodarsna á ndéanamh acu i leith an chéanna, á agairt ina leith;

(b) más rud é gur Sirriam, nó oifigeach eile a mbeidh forghníomhú próise curtha de chúram air ag an gCúirt nó faoi údarás na Cúirte, an t-iarratasóir, agus go mbeidh éileamh ar aon airgead, earraí nó airnéisí a tógadh nó a bheartófar a thógáil i bhforghníomhú faoi aon phróis, nó ar na fáltais as aon earraí nó airnéisí den sórt sin, nó ar a luach, á dhéanamh ag aon duine seachas an duine ar ina choinne a eisíodh an phróis.

2. Ní foláir don iarratasóir an Chúirt a shásamh le mionnscríbhinn nó ar shlí eile:—

(a) nach bhfuil aon leas san ábhar a bheidh faoi dhíospóid á éileamh ag an iarratasóir, ach amháin i leith muirear nó costas; agus

(b) nach bhfuil an t-iarratasóir claonpháirteach le haon duine de na héilitheoirí; agus

(c) go bhfuil an t-iarratasóir toilteanach íocaíocht a dhéanamh nó an t-ábhar a aistriú isteach sa Chúirt nó é a chur de láimh de réir mar a ordóidh an Breitheamh.

3. Ní bheidh an t-iarratasóir ó theideal chun faoisimh de bhíthin amháin nach ionann bunadh do theidil na n-éilitheoirí, ach go bhfuil siad i gcodarsna lena chéile agus neamhspleách ar a chéile.

4. Más rud é gur cosantóir an t-iarratasóir, féadfar iarratas ar fhaoiseamh a dhéanamh tráth ar bith tar éis an Bille Sibhialta a sheirbheáil.

5. Féadfaidh an t-iarratasóir Iarratas Idirphléadála de réir Fhoirm 3 i Sceideal na bhFoirmeacha atá ag gabháil leis seo a eisiúint ag fógairt ar na héilitheoirí láithriú agus cineál agus sonraí a n-éileamh a lua, agus na héilimh sin a shuíomh nó scaradh leo.

6. Más cosantóir i gcaingean a dhéanfaidh an t-iarratas, féadfaidh an Breitheamh gach imeacht eile sa chaingean a bhac.

7. Má láithríonn na héilitheoirí de bhun an iarratais, féadfaidh anBreitheamh a ordú go ndéanfar cosantóir d'aon éilitheoir in aon chaingean a tionscnaíodh cheana féin i leith an ábhair a bheidh faoi dhíospóid in ionad nó i dteannta an iarratasóra, nó go ndéanfar saincheist idir na héilitheoirí a shonrú agus a thriail, agus sa chás deiridh sin féadfaidh sé a ordú cé acu de na héilitheoirí atá le bheith ina ghearánaí agus cé acu atá le bheith ina chosantóir.

8. Féadfaidh an Breitheamh, le toiliú na n-éilitheoirí araon, a n-éilimh a chinneadh go hachomair, agus ar cibé téarmaí is cóir.

9. Más rud é gur ceist dlí an cheist, agus nach mbeidh na fíorais faoi dhíospóid, féadfaidh an Breitheamh an cheist a chinneadh gan a ordú saincheist a thriail.

10. Más rud é, ar iarratas a sheirbheáil go cuí ar éilitheoir ag fógairt air láithriú agus a éileamh a shuíomh nó scaradh leis, nach láithreoidh sé de bhun an iarratais, nó, tar éis dó láithriú, go bhfailleoidh nó go ndiúltóidh sé aon ordú a dhéanfar tar éis dó láithriú a chomhlíonadh, féadfaidh an Breitheamh ordú a dhéanamh á dhearbhú go mbeidh sé féin, agus gach duine a bheidh ag éileamh faoi, urchoiscthe go deo i gcoinne an iarratasóra agus daoine a bheidh ag éileamh faoi, ach ní dhéanfaidh an t-ordú difear do chearta na n-éilitheoirí amhail eatarthu féin.

11. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le reacht, is breithiúnas críochnaitheach dochloíte i gcoinne na n-éilitheoirí, agus i gcoinne gach duine a bheidh ag éileamh fúthu, an breithiúnas in aon chaingean nó in aon saincheist a ordófar a thriail nó a shonrú in imeacht idirphléadála, agus cinneadh an Bhreithimh ar mhodh achomair faoi Riail 8 den Ordú seo.

12. I gcás earraí nó airnéisí a bheith urghafa i bhforghníomhú ag sirriam, nó ag oifigeach eile a mbeidh forghníomhú próise de chuid na Cúirte curtha de chúram air, agus go líomhnóidh aon éilitheoir go bhfuil teideal aige faoi bhille díola nó ar shlí eile chun na n-earraí nó nan-airnéisí mar urrús ar fhiach, féadfaidh an Breitheamh a ordú iad go léir nó cuid díobh a dhíol, agus a ordú fáltais an díola a chur chun feidhme i cibé slí agus ar cibé téarmaí is cóir.

13. Beidh feidhm ag na rialacha a bhaineann le follasú, fara na modhnuithe is gá, maidir le himeachtaí idirphléadála.

14. Féadfaidh an Breitheamh, in aon imeachtaí idirphléadála nó chun críocha aon imeachtaí idirphléadála, gach ordú is cóir agus is réasúnach a dhéanamh maidir le costais agus maidir le gach ní eile.

15. Is i scríbhinn a dhéanfar éileamh ar aon earraí nó airnéisí a tógadh, nó a bheifear ar tí a thógáil, i bhforghníomhú faoi phróis na Cúirte, nó aon éileamh ina leith sin. Ar an éileamh a fháil, déanfaidh an Sirriam nó an t-oifigeach eile sin fógra ina thaobh a thabhairt láithreach don chreidiúnaí forghníomhaithe de réir Fhoirm 29 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó i bhfoirm a mbeidh an éifeacht chéanna léi, agus déanfaidh an creidiúnaí forghníomhaithe, laistigh de cheithre lá tar éis dó an fógra a fháil, fógra a thabhairt don Sirriam nó don oifigeach eile sin, de réir Fhoirm 30 de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, á rá go ngéilleann sé don éileamh nó go ndíospóideann sé é, san fhoirm atá sa Sceideal sin, nó i bhfoirm a mbeidh an éifeacht chéanna léi. Más rud é go ngéillfidh an creidiúnaí forghníomhaithe do theideal an éilitheora, agus go dtabharfaidh sé fógra mar a ordaítear leis an riail seo, ní bheidh sé faoi dhliteanas ag an Sirriam nó ag an oifigeach eile sin ach i leith aon táillí agus caiteachas a tabhaíodh sula bhfuarthas an fógra ag géilleadh don éileamh.

16. Más rud é nach ngéillfidh an creidiúnaí forghníomhaithe do theideal an éilitheora chun na n-earraí nó na n-airnéisí, nó nach ndéanfaidh sé an teideal sin a dhíospóid, i dtráth cuí, mar a ordaítear leis an riail deiridh roimhe seo, agus nach ndéanfaidh an t-éilitheoir a éileamh orthu a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn don Sirriam nó don oifigeach sin, féadfaidh an Sirriam nó an t-oifigeach sin iarratas idirphléadála a eisiúint, agus má dhéanann an t-éilitheoir a éileamh a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn don sirriam nó don oifigeach sin, nó má dhéanann an creidiúnaí forghníomhaithe géilleadh do theideal an éilitheora a sheirbheáil ar an gcuma chéanna roimh lá fillte an iarratais sin, agus fógra i dtaobh an ghéillte sin a thabhairt san am céanna don éilitheoir, féadfaidh an Breitheamh, sna himeachtaí idirphléadála agus chun críocha na n-imeachtaí sin, gach ordú is cóir a dhéanamh maidir le costais, táillí, muirir agus caiteachais.