Ordú 72A

Iarratais faoin Acht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006 (Uimh. 17 de 2006) : I.R. Uimh. 446 de 2007

1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (An tAcht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006) 2007, is teideal dóibh, i ngníomh an 6ú lá de Lúnasa 2007.

2. Forléireofar na Rialacha seo in éineacht leis na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh Ordú 72:


“Ordú 72A

Iarratais faoin Acht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006 (Uimh. 17 de 2006)

1. San Ordú seo,

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006 (Uimh. 17 de 2006);

tá le “sealbhóir cuntais”, “duine bainteach”, “Feidhmeannacht”, “aisíocaíocht fhorordaithe” agus “duine iomchuí” an bhrí chéanna atá le gach ceann acu san Acht.

2. Is i bhFoirm 49 de Sceideal na bhFoirmeacha a bheidh an fógra a bheidh le foilsiú de réir alt 9(4)(b) den Acht. I gcás go mbíonn níos mó ná iarratas amháin arna dhéanamh ag an bhFeidhmeannacht faoi alt 9(2)(c)le cur ar ais os comhair na Cúirte don lá céanna, féadfar na fógraí le haghaidh na n-iarratas lena mbaineann a áireamh le chéile san fhoirm chéanna.

3. Is trí Fhógra Foriarratais tionscnaimh a eisiúint a thionscnófar iarratas chun na Cúirte ón bhFeidhmeannacht ar ordacháin faoi alt 9(2)(c) den Acht agus teideal air maidir le hiarratas faoi alt 9(2)(c) den Acht ón bhFeidhmeannacht agus maidir le sealbhóirí cuntais áirithe atá ina gcónaí san ospidéal nó san fhoras eile lena mbaineann. Beidh an Fógra Foriarratais tionscnaimh sínithe ag an bhFeidhmeannacht nó thar a ceann agus luafar ann an Suí den Chúirt ag mbeidh an t-iarratas le déanamh.

4. I gcás ina n-eisítear Fógra Foriarratais tionscnaimh faoi riail 3, taiscfidh an Fheidhmeannacht leis an gCláraitheoir Contae, tráth nach déanaí ná lá is fiche ón dáta a mbeidh an Fógra Foriarratais tioscnaimh le cur ar ais, ráiteas arna shíniú ag duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an bhFeidhmeannacht ina leagfar amach ar leithligh, i leith gach duine de na sealbhóirí cuntais atá ina gcónaí san ospidéal nó san fhoras eile lena mbaineann an t-iarratas, an fhaisnéis seo a leanas:


(i) sonraí faoin sealbhóir cuntais;

(ii) imthosca agus riachtanais an tsealbhóra cuntais sin a bheadh iomchuí chun críocha an iarratais faoi alt 9(2)(c), agus

(iii) moltaí na Feidhmeannachta i dtaobh conas an t-airgead breise (dá dtagraítear in alt 9(2)(c) den Acht) a úsáid chun sochair an tsealbhóra cuntais sin.


5. Maidir le hoibleagáid na Feidhmeannachta fógra i scríbhinn a thabhairt faoi alt 9(4)(a) den Acht do na sealbhóirí cuntais lena mbaineann an t-iarratas á rá go bhfuil sé ar intinn aici iarratas a dhéanamh, comhlíonfar é trí chóip den Fhógra Foriarratais tionscnaimh agus cóip den chuid sin den ráiteas dá dtagraítear i riail 4 ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i riail 4 maidir leis an sealbhóir cuntais sin a sheachadadh ar gach sealbhóir cuntais tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh an dáta a mbeidh an Fógra Foriarratais tioscnaimh le cur ar ais.

6. Comhdóidh an Fheidhmeannacht san Oifig Chúirte Cuarda, tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta a mbeidh an Fógra Foriarratais tioscnaimh le cur ar ais, mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní á chruthú go ndearnadh fógra i scríbhinn á rá go bhfuil sé ar intinn aici an t-iarratas a dhéanamh a thabhairt do na sealbhóirí cuntais lena mbaineann an t-iarratas de réir alt 9(4)(a) den Acht, á dheimhniú gur foilsíodh an fógra de réir alt 9(4)(b) den Acht agus ag fíorú an ráitis a taisceadh de réir riail 4.

7. Féadfaidh an Chúirt, ar an dáta a mbeidh an Fógra Foriarratais tionscnaimh a eisíodh faoi riail 3 le cur ar ais, i dteannta aon ordaithe eile a dhéanfaidh sí nó aon ordacháin eile a thabharfaidh sí:


(a) iarratas ó aon duine leasmhar ar éisteacht a fháil ar an iarratas a mhéid a fhearann sé ar shealbhóir cuntais sonraithe a éisteacht agus a chinneadh, agus a ordú nó a cheadú d’aon duine den sórt sin mionnscríbhinn a chomhdú mar fhreagra ar an iarratas agus cóip den mhionnscríbhinn sin a sheachadadh ar an bhFeidhmeannacht;

(b) a ordú go ndéanfar cóip den chuid sin den ráiteas a taisceadh de réir riail 4 maidir le sealbhóir cuntais sonraithe nó sealbhóirí cuntais sonraithe a thabhairt do dhuine a chéannófar san ordachán sin;

(c) a iarraidh ar an bhFeidhmeannacht cibé faisnéis a bheidh ina seilbh nó faoina hurláimh a sholáthar nó fiosrúcháin a dhéanamh maidir le céannacht neasghaol aon sealbhóra cuntais lena mbaineann agus tuarascáil a thabhairt don Chúirt ar an gcéanna.


8. Is trí Fhógra Foriarratais tionscnaimh a eisiúint a thionscnóidh an Fheidhmeannacht nó duine leasmhar eile iarratas chun na Cúirte faoi alt 9(6) den Acht ar ordacháin faoi alt 9(7) den Acht.

9. (1) I gcás iarratais faoi alt 9(6) den Acht maidir le sealbhóir cuntais lena mbaineann alt 9(3)(a) den Acht, is í an Fheidhmeannacht nó is é nó is í an duine leasmhar eile an t-iarratasóir agus is é nó is í an sealbhóir cuntais lena mbaineann an freagróir. Más rud é nach é nó í an t-iarratasóir an duine bainteach dá dtagraítear in alt 9(3)(a) a rinne an t-iarratas ar aisíocaíocht fhorordaithe thar ceann an duine iomchuí lena mbaineann, beidh an duine bainteach sin ina fhógra-pháirtí freisin.

(2) I gcás iarratais faoi alt 9(6) den Acht maidir le sealbhóir cuntais lena mbaineann alt 9(3)(b) den Acht, más rud é gur duine leasmhar eile seachas an Fheidhmeannacht a dhéanfaidh an t-iarratas, is é nó í an duine leasmhar an t-iarratasóir agus beidh an Fheidhmeannacht ina fógra-pháirtí.

(3) I gcás iarratais faoi alt 9(6) den Acht maidir le sealbhóir cuntais lena mbaineann alt 9(3)(b) den Acht, más rud é gurb í an Fheidhmeannacht a dhéanfaidh an t-iarratas, ní ainmneofar aon fhreagróir san Fhógra Foriarratais tionscnaimh agus beidh teideal air maidir le hiarratas faoi alt 9(6) den Acht ón bhFeidhmeannacht.

10. Beidh an Fógra Foriarratais tionscnaimh arna eisiúint faoi riail 8 sínithe ag an iarratasóir nó thar ceann an iarratasóra agus luafar ann an Suí den Chúirt ag a mbeidh an t-iarratas le déanamh. Beidh mionnscríbhinn forais ina leagfar amach na fiorais ar a mbeifear ag seasamh san iarratas mar thaca leis an bhFógra Foriarratais tionscnaimh. I gcás iarratais maidir le sealbhóir cuntais lena mbaineann alt 9(3)(b) den Acht déanfar cóip den deimhniú dá dtagraítear in alt 9(3)(b) den Acht a fhoilseánadh don mhionnscríbhinn sin.

11. Déanfar cóip den Fhógra Foriarratais tionscnaimh arna eisiúint faoi riail 8 agus cóip den mhionnscríbhinn forais agus aon fhoilseáin don mhionnscríbhinn sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir (más ann) agus ar an bhfógra-pháirtí (más ann) tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh an dáta a mbeidh an Fógra Foriarratais tioscnaimh le cur ar ais ar dáta é a bheidh sonraithe san Fhógra Foriarratais tioscnaimh ar aon cheann de na modhanna ar a bhféadfar Billí Sibhialta a sheirbheáil.

12. Féadfaidh an freagróir (más ann) agus an fógra-pháirtí (más ann) mionnscríbhinn fhreagartha a sheachadadh tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta a mbeidh an Fógra Foriarratais tioscnaimh le cur ar ais nó laistigh de cibé tréimhse bhreise ama a chomhaontóidh na páirtithe mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

13. Féadfaidh an Chúirt, ar an dáta a mbeidh an Fógra Foriarratais tionscnaimh arna eisiúint faoi riail 8 le cur ar ais nó ar aon atráthú ar an dáta sin, i dteannta aon ordaithe eile a dhéanfaidh sí nó aon ordacháin eile a thabharfaidh sí, a ordú go ndéanfar fógra-pháirtí san iarratas d’aon duine (lena n-áirítear an Fheidhmeannacht) a mheasfaidh an Chúirt ba chóir a bheith iar bhfógra maidir leis an iarratas, a ordú go ndéanfar cóipeanna den Fhógra Foriarratais tionscnaimh agus den mhionnscríbhinn forais agus de na foilseáin a sheirbheáil ar an bhfógra-pháirtí sin agus orduithe a dhéanamh chun aon mhionnscríbhinn ó aon fhógra-pháirtí den sórt sin a sheachadadh.

14. Ach amháin mar a gceadóidh an Chúirt a mhalairt, is ar fhianaise mhionnscríbhinne a éistfear gach iarratas faoi alt 9(2)(c) nó alt 9(6) den Acht.

15. (1) Faoi réir fho-riail (2), féadfaidh an Chúirt cibé Ordú is cuí léi a dhéanamh maidir le costais ar aon iarratas, lena n-áirítear Ordú ag tomhas na gcostas.

(2) In aon iarratas arna dhéanamh ag an bhFeidhmeannacht faoin Ordú seo nó a ndéanfar fógra-pháirtí den Fheidhmeannacht ina leith de réir an Ordaithe seo, déanfaidh an Fheidhmeannacht a cuid costais féin a iompar.”

4. Déanfar an Fhoirm atá i gceangal leis an Ordú seo a chur isteach i Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na Rialacha Cúirte Cuarda, san ord cuí, mar Fhoirm 49.