Ordú 51

Tiarnaí talún agus tionóntaí

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:


Uim51-I.R. Uimh. 312 De 2007: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta) 2007


Riail 1 — Eisiachtainí

1. I ngach caingean chun talamh a aisghabháil tabharfar sa Bhille Sibhialta leorthuairisc ar an maoin a mbeifear ag iarraidh í a aisghabháil, agus ar an áit ina mbeidh sí.

2. I ngach eisiachtain i leith neamhíoc cíosa nó i leith rósheilbhe, sonróidh an Bille Sibhialta ainmneacha an tiarna talún agus an léasóra, agus an tionónta nó na dtionóntaí, faoi seach, an cineál tionóntachta, agus an cíos ar a mbeidh sí in alt na huaire, nó ar a raibh sí go deireanach, á teachtadh, agus, i gcásanna arb é is foras do na himeachtaí an tionóntacht a bheith foirceanta, sonrófar go bhfuil an tionóntacht sin foirceanta agus na modhanna ar ar foirceannadh í, agus, i gcásanna arb é neamhíoc cíosa is foras do na himeachtaí, sonrófar an méid den chíos a bheidh dlite tar éis gach liúntas cóir cothrom a thabhairt, agus sonrófar an lá gála ar go dtí é a bheidh sé dlite.

3. In imeachtaí eisiachtana i leith neamhíoc cíosa nó i leith rósheilbhe, ní gá an Bille Sibhialta a sheirbheáil ar aon duine seachas an duine nó na daoine a bheidh iarbhír i seilbh na dtailte, nó aon choda díobh, mar thionónta nó fothionónta, ach i ngach caingean eile chun talamh a aisghabháil seirbheálfar gach duine a bheidh iarbhír i seilbh na dtailte nó aon choda díobh, nó ag fáil chíosanna agus bhrabús na dtailte, nó aon choda díobh, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

4. In aon chaingean chun talamh a aisghabháil féadfar, i gcás seilbh ghlan a bheith i gceist, an Bille Sibhialta a sheirbheáil trí chóip de a ghreamú de dhoras an tí chónaithe nó de chuid fheiceálach éigin eile den mhaoin, mura féidir é a sheirbheáil in aon slí eile; ar choinníoll, áfach, nach foláir, sula dtabharfar breithiúnas i leith seilbhe i gcásanna den sórt sin, go mbeidh an Breitheamh deimhin de nach raibh aon duine ann a bhí i seilbh iarbhír, nó ag fáil na gcíosanna nó na mbrabús, agus a bhféadfaí seirbheáil eile a dhéanamh air.

5. In aon eisiachtain i leith neamhíoc cíosa, féadfaidh an cosantóir nó aon duine ag a mbeidh leas sonrach sa chonradh tionóntachta, tráth ar bith sula ndéanfar an fhoraithne sheilbhe a fhorghníomhú, an cíos agus na riaráistí cíosa go léir a bhí dlite an tráth a seirbheáladh an Bille Sibhialta, mar aon le suim is leor faoi chomhair chostais an ghearánaí, a íoc leis an ngearánaí nó lena Aturnae, nó féadfaidh sé an céanna a thairisc-int, agus, má dhiúltaítear don tairiscint sin, féadfaidh sé é a thaisceadh sa Chúirt agus fógra i dtaobh an taiscthe sin a thabhairt don ghearánaí nó dá Aturnae, agus air sin féadfaidh an Breitheamh a ordú gach imeacht eile a bhac ar cibé costais a íoc a tabhaíodh suas go dtí dáta na tairisceana agus a mheasfaidh sé a bheith réasúnach, agus déanfar an t-airgead a bheidh taiscthe amhlaidh, nó leorchuid de, a íoc leis an ngearánaí nó lena Aturnae.

6. Nuair a fhógróidh an Breitheamh foraithne in aon eisiachtain ina mbeidh níos mó ná cosantóir amháin, féadfaidh sé a ordú go mbeidh costais na heisiachtana sin le híoc ag duine amháin nó níos mó de na cosantóirí sin, agus nach mbeidh ag an duine nó ag na daoine eile díobh.

7. Luafaidh gach ordú forghníomhaithe i leith seilbhe in eisiachtain i leith neamhíoc cíosa an tsuim a bheidh dlite in alt na huaire i leith cíosa agus costas. Más rud é, tráth ar bith tar éis an t-ordú sin a sheachadadh ar an Sirriam, ach sula ndéanfar é a fhorghníomhú, go n-íocfaidh an cosantóir leis an Sirriam an tsuim a bheidh luaite amhlaidh i leith cíosa agus costas, mar aon le méid na gcaiteachas a bheidh tabhaithe go cuí ag an Sirriam chun an t-ordú sin a fhorghníomhú, air sin, bacfaidh an Sirriam an forghníomhú.

8. Tar éis forghníomhú i gcás eisiachtana i leith neamhíoc cíosa, féadfaidh an Chúirt ordú aisig a dheonú, nó aon fhaoiseamh eile cothromais a thabhairt, ar iarratas ón gcosantóir nó ó aon duine eile ag a mbeidh leas sonrach sa chonradh tionóntachta, agus ar an méid a bheidh dlite i leith cíosa, riaráistí cíosa agus costas a íoc leis an ngearánaí nó a thaisceadh sa Chúirt, laistigh de shé mhí tar éis an fhorghníomhaithe mar a fhoráiltear le hAilt 70 agus 71 den Landlord and Tenant Law Amendment Act (Ireland), 1860.

Riail 2 — An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980

1. San Ordú seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980 (Uimh. 10 de 1980).

2. Is le Bille Sibhialta, ar Bille Sibhialta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí é, de réir Fhoirm 2I i Sceideal na bhFoirmeacha, nó de réir cibé modhnuithe ar an bhfoirm sin is cuí, a dhéanfar gach iarratas.

3. Cuirfear an dáta ar gach Bille Sibhialta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, agus beidh air ainm, seoladh agus tuairisc an ghearánaí, mar aon le seoladh i gcomhair imeachtaí a sheirbheáil, agus déanfaidh Aturnae an pháirtí, más ann, é a shíniú, nó mura mbeidh Aturnae ag an ngearánaí, síneoidh an páirtí sin féin é.

4. Ar Bhille Sibhialta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí a eisiúint, beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha mar atá leagtha síos in Ordú 11 de na Rialacha seo.

5. Más mian le freagróir éileamh an ghearánaí a dhíospóid go hiomlán nó go páirteach, déanfaidh sé, laistigh de dheich lá tar éis an Bille Sibhialta a sheirbheáil air, Láithreas a thaifeadadh agus laistigh de dheich lá eile dá éis sin déanfaidh sé Cosaint de réir Fhoirm 6A i Sceideal na bhFoirmeacha, nó chomh gar di sin agus is féidir sna himthosca, a sheachadadh ar an ngearánaí agus ar aon pháirtithe eile.

6. Beidh ag gabháil le gach Bille Sibhialta den sórt sin, agus seirbheálfar agus comhdófar ina theannta, aon doiciméid a luafar ann iad a bheith i gceangal leis.

7. Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, is trí fhianaise béil a éistfear gach imeacht faoin Acht.

8. Féadfar aon iarratas faoi Acht 1980 a dhéanamh i dteannta aon iarratais nó iarratas eile ar an mBille Sibhialta céanna.

9. Ar iarratas iar bhfógra ó aon pháirtí, féadfaidh an Breitheamh a ordú d'aon pháirtí eile sonraí níos iomláine agus níos fearr a sheachadadh faoi aon ábhair a luaitear sa Bhille Sibhialta nó sa Chosaint, nó cóipeanna a sheachadadh d'aon doiciméid dá dtagraítear sa chéanna. Is de rogha an Bhreithimh a bheidh na costais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le haon iarratas den sórt sin. I gcás nach gcomhlíonfar aon ordú den sórt sin féadfaidh an Breitheamh déileáil leis an ábhar de réir mar is ceart leis.

10. Aon duine ar mian leis airgead a íoc isteach sa Chúirt de bhun Alt 61 nó Alt 62 den Acht beidh sé i dteideal ionpháirteacht chuige sin a fháil ón gCláraitheoir Contae, agus íocfar isteach an t-airgead sin ar an ionpháirteacht sin a fháil.

11. Nuair a bheidh airgead íoctha isteach sa Chúirt amhlaidh ag duine seirbheálfaidh sé láithreach ar an tionónta fógra gur íocadh é, más de bhun Alt 61 den Acht a íocadh é, agus ar an tionónta agus an morgáistí líomhnaithe, más de bhun Alt 62 den Acht a íocadh é. Luafar san fhógra faoina íoc litir agus uimhir aitheantais na hionpháirteachta.

Riail 3 — An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967

1. San Ordú seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967.

2. Tionscnófar achomharc chun na Cúirte faoi Alt 22 (1) den Acht trí Fhógra Foriarratais a eisiúint, a bheidh de réir Fhoirm 32A de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is cuí, agus gairfear caingean de.

3. Is é an t-achomharcóir a bheidh ina ghearánaí agus is é an páirtí eile san eadráin faoin Acht a bheidh ina chosantóir.

4. Luafar san Fhógra Foriarratais an achomharc é i gcoinne iomlán na dámhachtana, an ordaithe nó an chinnidh eile ón gCláraitheoir Contae, nó i gcoinne coda den chéanna, agus más i gcoinne coda den chéanna amháin é sonrófar an chuid sin ann.

5. Tionscnófar iarratas chun na Cúirte faoi Alt 22(3) den Acht ar chead chun an dámhachtain nó an t-ordú ón gCláraitheoir Contae a chur i bhfeidhm trí Fhógra Foriarratais a eisiúint, a bheidh de réir Fhoirm 32B de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is cuí, agus gairfear caingean de.

6. Is é an t-iarratasóir a bheidh ina ghearánaí agus is é an páirtí eile san eadráin a bheidh ina chosantóir.

7. I ngach caingean seirbheálfar an Fógra Foriarratais de réir fhorálacha Ordú 11 de na Rialacha seo. Déanfar an Fógra Foriarratais igcaingean i bhfoirm achomhairc chun na Cúirte Cuarda faoi Alt 22 (1) den Acht a sheirbheáil laistigh de shé sheachtain tar éis dháta nadámhachtana, an ordaithe nó an chinnidh ón gCláraitheoir Contae.

8. Ní bhainfidh an Riail seo le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Luafar i ngach Fógra Foriarratais dáta tosaithe na Suíonna ag a mbeartófar an chaingean a liostú lena héisteacht, agus comhdófar é san Oifig tráth nach déanaí nó lá is fiche roimh thosach na Suíonna sin.

9. Ní bhainfidh an Riail seo ach le Cuaird Bhaile Átha Cliath. Luafar i ngach Fógra Foriarratais an dáta arb inmhianaithe an chaingean a liostú lena héisteacht air, agus comhdófar é san Oifig tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh an dáta sin.

10. Ar an bhFógra Foriarratais a chomhdú de réir na Rialacha seo, taifeadfaidh an Cláraitheoir Contae é lena éisteacht.

11. Comhdófar gach Fógra Foriarratais laistigh de sheacht lá tar éis é a sheirbheáil ar an bhfreagróir, nó, má tá níos mó ná freagróir amháin ann, laistigh de sheacht lá tar éis é a sheirbheáil ar an bhfreagróir is déanaí a seirbheáladh. D'éagmais an chomhdaithe sin, féadfaidh freagróir ar bith an céanna a chomhdú é féin, agus air sin, nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, féadfaidh an Breitheamh cibé ordú is ceart leis a dhéanamh.

12. Más mian le freagróir éileamh an ghearánaí a dhíospóid go hiomlán nó go páirteach, déanfaidh sé, laistigh de dheich lá tar éis an Fógra Foriarratais a sheirbheáil air, Cosaint a sheirbheáil ar an ngearánaí agus ar aon pháirtithe eile, a bheidh de réir Fhoirm 6A de Sceideal na bhFoirmeacha atá i gceangal leis na hOrduithe seo, nó de réir cibé modhnaithe ar an bhfoirm sin is cuí, agus déanfar an Chosaint sin a sheachadadh ar an ngearánaí laistigh de sheacht lá tar éis an dáta is déanaí ar seirbheáladh í.

13. Cuirfear an dáta ar gach Fógra Foriarratais, agus beidh air ainm, seoladh agus tuairisc an ghearánaí, agus déanfaidh a Aturnae, más ann, é a shíniú, nó mura mbeidh aon Aturnae aige, síneoidh sé féin é.

14. Ach amháin le cead speisialta ón gCúirt, is trí fhianaise béil a éistfear gach caingean faoin Acht.

15. Tabharfaidh an gearánaí ar aird don Chúirt le linn éisteacht na caingne cóip arna deimhniú ag an gCláraitheoir Contae den dámhachtain, den ordú nó den chinneadh a mbeidh achomharc á dhéanamh ina coinne nó ina choinne nó iarratas á dhéanamh ina leith.

16. I ngach caingean lena mbaineann an tOrdú seo féadfaidh an Breitheamh gach ordú is cóir agus is réasúnach a dhéanamh maidir le costais.