Ordú 2A

Dlínse agus Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta nó Tráchtala : I.R. Uimh. 882 de 2004

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:




1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Dlínse agus Aithint agus Forghníomhú Breithiúnasin Ábhair Shibhialta nó Tráchtála), 2004 is teideal dóibh, i ngníomh an 23ú lá de Nollaig, 2004.

2. Cuirfear an tOrdú dá dtagraítear sna Rialacha seo leis na hOrduithe sin atá sna Rialacha Cúirte Cuarda, 2001, arna leasú, agus forléireofar in éineacht leo é.


ORDÚ 2A

Riail a hAon

1. Leasófar na forálacha a bhaineann le Léiriú Téarmaí atá sna Rialacha Cúirte Cuarda, 2001 tríd an méid seo a leanas a chur isteach

‘‘24. Ciallaíonn ‘‘Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle’’ Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 an 22 Nollaig 2000 ón gComhairle maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála.’’

Riail a Dó

2. Scoirfidh Ordú 2(h) agus (i) d’fheidhm a bheith acu ach amháin i ndáil le Ríocht na Danmhairge agus déanfar na forálacha seo a leanas a chur isteach a mbeidh feidhm acu maidir le gach Ballstát eile den Chomhphobal Eorpach:

Ordú 2(j) Faoi réir Chaibidil 11 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle, maidir le dlínse na Cúirte in imeachtaí a fhéadfar a thionscnamh sa Stát de bhua Airteagal 2, 9 (1)(a), 12, 16, 19 (1) nó 20 nó an choinníll a ghabhann le hAirteagal 22(1) den Rialachán sin, beidh sí á feidhmiú ag breitheamh den Chúirt a bheidh de thuras na huaire sannta don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha.

Ordú 2(k) Maidir le dlínse na Cúirte Cuarda i ndáil le himeachtaí a fhéadfaidh gearánaí a mbeidh sainchónaí air nó uirthi sa Stát a thionscnamh sa Stát de bhua Airteagal 9(1)(b) nó 16 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle, féadfaidh breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an ngearánaí nó ar dhuine de na gearánaithe nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, í a fheidhmiú.

Riail a Trí

3. Déanfar na focail seo a leanas a chur isteach in ordú 5, riail 10 i ndiaidh na bhfocal ‘‘Choinbhinsiún 1968’’:


‘‘nó ar Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle’’ agus cuirfear an méid seo a leanas isteach ag deireadh mhír (a) den riail sin, i ndiaidh na bhfocal ‘‘faoinar cheart don Chúirt dlínse a ghabháil uirthi féin’’:

‘‘nó ráiteas go mbeidh de chumhacht ag an gCúirt faoi Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an chaingean, an chúis nó an t-ábhar a éisteacht agus a chinneadh, agus ina sonrófar an fhoráil áirithe nó na forálacha áirithe den Rialachán sin faoinar cheart don Chúirt dlínse a ghabháil uirthi féin’’.


Riail a Ceathair

4. Déanfar na breiseanna seo a leanas a chur isteach in Ordú 14:


(a) Leasófar an teideal atá ar Ordú 14 trí na focail seo a leanas ‘‘nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle’’ a chur isteach i ndiaidh na bhfocal ‘‘faoin Acht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas (Na Comhphobail Eorpacha), 1998’’.

(b) Leasófar Riail 1 (i) trí na focail seo a leanas ‘‘nó Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle’’ a chur isteach i ndiaidh na bhfocal ‘‘de bhua Acht 1998’’.

(c Leasófar Riail 1 (iii)(b) trí na focail seo a leanas ‘‘nó Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle’’ a chur isteach i ndiaidh na bhfocal ‘‘Airteagal 16 de Choinbhinsiún 1968’’.

(d) Leasófar Riail 1 (iii)(c) trí na focail seo a leanas ‘‘nó Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle’’ a chur isteach i ndiaidh na bhfocal ‘‘Airteagal 17 de Choinbhinsiún 1968’’.

(e) Leasófar Riail 5 (i) trí na focail seo a leanas ‘‘nó Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle’’ a chur isteach i ndiaidh na bhfocal ‘‘faoi fhorálacha Choinbhinsiún 1968’’.

(f) Leasófar Riail 5 (ii) trí na focail seo a leanas ‘‘nó Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle’’ a chur isteach i ndiaidh na bhfocal ‘‘faoi fhorálacha Choinbhinsiún 1968’’ agus trí na focail seo a leanas ‘‘nó Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle’’ a chur isteach i ndiaidh na bhfocal ‘‘Airteagal 18 den Choinbhinsiún’’.

....