I.R. Uimh. 585 de 2008
FOIRM 36J

AN CHÚIRT CHUARDA

CUAIRD

CONTAE

MAIDIR LE hALT 9 DEN ACHT UM THÉARMAÍ FOSTAÍOCHTA (FAISNÉIS) 1994, ARNA CHUR CHUN FEIDHME AGUS ARNA MHODHNÚ LE hALT 87 AGUS SCEIDEAL 6 DEN ACHT UM CHOSAINT TOMHALTÓIRÍ 2007

FÓGRA FORIARRATAIS TIONSCNAIMH

 

IDIR

Iarratasóir

AGUS

Freagróir

 

BÍODH SEO INA FHÓGRA go ndéanfar iarratas chun na Cúirte an .... lá de ....., 20.. , nó a luaithe a bheidh caoi ann chuige sin dá éis sin ar an méid seo a leanas:

Ordú faoi alt 9 den Acht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994, arna chur chun feidhme agus arna mhodhnú le halt 87 agus Sceideal 6 den Acht um Chosaint Tomhaltóirí 2007, á ordú don Fhreagróir déanamh de réir Cinnidh ón mBinse Achomhairc Fostaíochta de bhun alt 8 den Acht sin arna dhéanamh an .... lá de ....., 20.. maidir le hachomharc (uimhir thagartha .....) i gcoinne an mholta ó choimisinéir um chearta maidir leis an ngearán ón iarratasóir thuasluaite i gcoinne an Fhreagróra.

*[Ordú go n-íocfaidh an Freagróir ús ar an gcúiteamh de réir an ráta dá dtagraítear in Alt 22 d’Acht na gCúirteanna 1981, ar feadh cibé tréimhse a ordófar].

*[Cuir isteach anseo mionsonraí faoi aon fhaoiseamh eile a lorgaítear ar mhodh forghníomhaithe].

AGUS BÍODH SEO INA FHÓGRA THAIRIS SIN gur ar an méid seo a leanas a bheidh an t-iarratas sin forasaithe:

1. [Cuir isteach anseo na forais ar a bhfuil an Gearánaí ag seasamh le haghaidh na bhfaoiseamh atá á lorg, lena n-áireofar na fíorais go léir is iomchuí maidir leis an mainneachtain atá á líomhain an bhreith a chur i gcrích nó breith nó cinneadh lena mbaineann a chur i gcrích de réir a téarmaí nó a téarmaí].
2. [Cuir isteach anseo bonn na dlínse].
3. [Cuir isteach anseo ainm, seoladh agus tuairisc an Iarratasóra].
4. *[Cuireadh an cinneadh sin ón mBinse in iúl don Iarratasóir an ... lá de ..., 20.. agus chuaigh an tréimhse le haghaidh achomhairc i
5. Tá an cinneadh bunaidh ón mBinse, nó cóip den chéanna, arna dheimhniú ag an Iarratasóir nó thar a cheann mar chóip dhílis den chinneadh a fuarthas ón mBinse, i gceangal leis an bhFógra Foriarratais seo.

 

Arna dhátú an .... lá de ...,20 .
Arna shíniú: ................
Iarratasóir/Aturnae don Iarratasóir
Do: .................
An Freagróir/Aturnae don Fhreagróir
Agus
Do: An Binse Achomhairc Fostaíochta
Agus
Do: An Cláraitheoir Contae.
*scrios mar is cuí

 

Foirm 36J arna cur isteach ag S.I. 585 de 2008, le héifeacht an 19 Eanáir 2009.