HC117

Cúirt an Mháistir

Eisíonn Uachtarán na hArd-Chúirte leis seo an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

Réamhrá

  1. Tá an Treoir Chleachtais seo beartaithe le feidhm a bheith aici maidir le hiarratais a bhfuil dlínse nó cumhacht ag Máistir nó ag Leas-Mháistir na hArd-Chúirte éisteacht leo faoi Rialacha na nUaschúirteanna (“RU”) nó faoi reacht agus tá sé beartaithe an cleachtas a ghlacfar agus a chuirfear i bhfeidhm maidir leis na hiarratais sin le héifeacht ón 5 Nollaig 2022 a leagan amach. 
  2. Is iad na hiarratais lena mbaineann an Treoir Chleachtais seo go príomha (a) iarratais ar chead chun breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh (O. 37, r. 1 RU), (b) iarratais ar orduithe chun agarcheisteanna a fhollasú nó a iniúchadh nó a sheachadadh (O. 63, r 1(6) RU), agus (c) toghairmeacha speisialta an dlí teaghlaigh. Dírítear aird na gcleachtóirí freisin ar alt 10 den Treoir Chleachtais seo.

Na Treoracha Cleachtais Reatha AC 84 agus AC 106 a chúlghairm

  1. Déantar Treoir Chleachtais HC 84 (foriarratais i gcomhair breithiúnais in imeachtaí toghairme achoimre) dar dáta an 23 Eanáir, 2019, lenar foráladh, le héifeacht ón 4 Feabhra, 2019, gur ghá gach foriarratas a lorgaíonn cead chun breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh de bhun O. 37, r. 1 RU a leagan síos lena n-éisteacht os comhair breithimh den Ard-Chúirt, in ionad iad a leagan síos lena n-éisteacht os comhair Mháistir na hArd-Chúirte, le héifeacht ón 5 Nollaig, 2022, a chúlghairm agus ní bheidh sí i bhfeidhm nó infheidhme a thuilleadh le héifeacht ón dáta sin. Beidh forálacha na Treorach Cleachtais seo maidir le hiarratais den sórt sin i bhfeidhm le héifeacht ón 5 Nollaig 2022.
  2. Déantar Treoir Chleachtais HC 106 (Cúirt an Mháistir) dar dáta an 30 Aibreán 2021, lena leagtar amach nósanna imeachta áirithe is infheidhme maidir le héisteachtaí i gCúirt an Mháistir, le héifeacht ón 5 Nollaig 2022, a chúlghairm agus, le héifeacht ón dáta sin, cuirfear na nósanna imeachta agus na ceanglais atá leagtha amach sa Treoir Chleachtais seo ina hionad

Athrú ar an gCleachtas Reatha chun Iarratais ar Fhollasú a éisteacht

  1. Le héifeacht ón 5 Nollaig 2022, athrófar an cleachtas a bhí i bhfeidhm le déanaí, is é sin (a) go ndearnadh iarratais ar fhollasú nó iniúchadh nó cead chun agarcheisteanna a sheachadadh inchurtha ar ais chuig Liosta Foriarratais Dlí Coitinn na hArd-Chúirte, agus (b) go ndearnadh Toghairmeacha Speisialta Dlí Teaghlaigh de chuid na hArd-Chúirte inchurtha ar ais ar Liosta Dlí Teaghlaigh na hArd-Chúirte, in ionad, i ngach cás, chuig Cúirt an Mháistir. Le héifeacht ón 5 Nollaig 2022, beidh an cleachtas a leanfar maidir leis na hiarratais seo mar a leagtar amach sa Treoir Chleachtais seo.

Iarratais ar Bhreithiúnas Achomair

  1. Le héifeacht ón 5 Nollaig 2022, déanfaidh an gearánaí gach toghairm achomair arna formhuiniú le héileamh (seachas ar chuntas) faoi O. 2 RU a mbeidh láithreas taifeadta ann a leagan síos os comhair Leas-Mháistir na hArd-Chúirte mar fhoriarratas chun cead chun breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh mar a cheanglaítear le hOrdú 37, r. 1 RU agus ní leagfar síos í os comhair breithimh den Ard-Chúirt trí iarratas ar bhreithiúnas achomair.
  2. I gcás aon iarratas ar bhreithiúnas achomair atá liostaithe faoi láthair os comhair na hArd-Chúirte ar an Liosta Breithiúnais Achomair nó ar an Liosta Foriarratais faoin Dlí Coiteann atá á chur ar atráth trí thoiliú nó ar iarratas ó cheann amháin nó níos mó de na páirtithe, agus nach bhfuil tús curtha le héisteacht an iarratais fós ag an Ard-Chúirt, déanfaidh an Ard-Chúirt, má dheonaítear an t-iarratas a chur ar atráth, é a chur ar atráth agus a aistriú chuig an Leas-Mháistir chun é a éisteacht mar iarratas ar chead chun breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh, mura gcinnfidh an Chúirt gur cuí go gcoimeádfaidh an Chúirt seisin don iarratas áirithe agus, sa chás sin, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas a chur ar atráth agus an seisin a choinneáil. Leagtar béim air nach bhfuil sé i gceist leis an Treoir Chleachtais seo cur isteach ar rogha na hArd-Chúirte an t-iarratas áirithe a éisteacht nó aon atráthú den iarratas a cheadú nó a dhiúltú má mheasann an Chúirt gur gá sin a dhéanamh ar mhaithe leis an gceartas. 

Follasú

  1. Le héifeacht ón 5 Nollaig 2022, déanfar gach iarratas a lorgóidh ordú ar fhollasú nó ar iniúchadh ar dhoiciméid nó maoin réadach nó phearsanta nó ar agarcheisteanna a sheachadadh a eisiúint ar dháta is inchurtha ar ais os comhair Leas-Mháistir na hArd-Chúirte agus ní chuig Liosta Foriarratais Dlí Coitinn na hArd-Chúirte.
  2. Aon iarratas ar ordú le haghaidh follasaithe nó iniúchta nó le haghaidh seachadadh agarcheisteanna atá liostaithe faoi láthair os comhair na hArd-Chúirte ar an Liosta Foriarratais faoin Dlí Coiteann atá á chur ar atráth ar thoiliú nó ar iarratas ó cheann amháin nó níos mó de na páirtithe agus nach bhfuil tús curtha le héisteacht an fhoriarratais fós, déanfaidh an Ard-Chúirt é a chur ar atráth agus aistreofar é chuig an Leas-Mháistir, mura gcinnfidh an Chúirt gur cuí seisin an iarratais áirithe a choimeád ag an gCúirt, agus sa chás sin féadfaidh an Chúirt an seisin a choinneáil agus an t-iarratas a chur ar atráth go dtí dáta a shocróidh sí. Arís, leagtar béim air nach bhfuil sé i gceist leis an Treoir Chleachtais seo cur isteach ar rogha na hArd-Chúirte an t-iarratas áirithe a éisteacht nó aon atráthú den iarratas a cheadú nó a dhiúltú má mheasann an Chúirt gur gá sin a dhéanamh ar mhaithe leis an gceartas.

Toghairmeacha Speisialta an Dlí Teaghlaigh

  1. Le héifeacht ón 5 Nollaig 2022, eiseofar gach toghairm speisialta faoin dlí teaghlaigh ar dháta a bheidh inchurtha ar ais os comhair Leas-Mháistir na hArd-Chúirte agus ní chuig an Liosta Dlí Teaghlaigh. 
  2. Leanfaidh aon Toghairm Dlí Teaghlaigh Speisialta atá liostaithe faoi láthair os comhair na hArd-Chúirte ar an Liosta Dlí Teaghlaigh de bheith faoi chásbhainistiú agus éisteoidh an Ard-Chúirt iad ar an Liosta Dlí Teaghlaigh.

Iarratais Eile a bhfuil Dlínse ag an Máistir ina leith

  1. Gach iarratas ar ordú nó ar fhaoiseamh a bhfuil dlínse ag an Máistir nó ag Leas-Mháistir na hArd-Chúirte chun é a éisteacht faoi aon cheann d’fhorálacha RU, eiseofar é ar dháta is inchurtha ar ais os comhair an Leas-Mháistir agus ní os comhair na hArd-Chúirte. Chun amhras a sheachaint, beidh feidhm fós ag forálacha O. 63, r. 9 RU a thugann ceart achomhairc chun na hArd-Chúirte do na páirtithe i gcoinne ordú ón Máistir nó ó Leas-Mháistir na hArd-Chúirte.

Forálacha ginearálta maidir le héisteachtaí i gCúirt an Mháistir

  1. Le héifeacht ón 5 Nollaig 2022, agus go dtí go bhfógrófar a mhalairt, suífidh an Leas-Mháistir i gCúirt an Mháistir ó Mháirt go hAoine le linn na dtéarmaí dlí dar tosach 10:30rn gach lá.
  2. Éistfidh an Leas-Mháistir le gach iarratas le héisteacht fhisiciúil/phearsanta go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
  3. Meabhraítear do chleachtóirí go bhfuil roinnt teorainneacha fós ar líon na ndaoine ar féidir leo freastal go pearsanta sa Chúirt. Tá áit i gCúirt an Mháistir do sheisear déag (16) faoi láthair. Coinneofar an teorainn seo faoi athbhreithniú agus ba chóir go mbeadh cleachtóirí eolach ar an teorainn reatha. Meabhraítear do chleachtóirí nach féidir an teorainn seo a shárú. Áiritheoidh an Leas-Mháistir go gcloífear go docht le teorainn na ndaoine. Beidh gá le comhoibriú idir na cleachtóirí agus na dlíthithe go léir chun a chinntiú gur féidir le héisteachtaí os comhair an Leas-Mháistir dul ar aghaidh ar mhodh éifeachtach agus ar bhealach atá sábháilte dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le riaradh an cheartais. I gcás deacrachtaí suntasacha maidir le héisteachtaí fisiceacha/i bpearsa a riaradh i gCúirt an Mháistir, déanfaidh mé athbhreithniú agus leasú ar na socruithe seo ar ghearrfhógra agus féadfaidh mé, más gá, filleadh ar na socruithe a bhí i bhfeidhm faoi Threoir Chleachtais HC 106.

David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
29 Samhain, 2022

High court