HC51

Imeachtaí Dlí Teaghlaigh

  1. Is é cuspóir na Treorach Cleachtais seo a chinntiú go gcinnfear na himeachtaí lena mbaineann sé ar bhealach atá cóir, éifeachtúil agus ar an mbealach is costéifeachtaí agus, go háirithe (i) ach amháin in imthosca eisceachtúla, ba cheart éisteacht na n-imeachtaí sin a thabhairt chun críche sa Chúirt seo laistigh de bhliain amháin ón dáta tosaithe nó níos luaithe i gcásanna iomchuí agus (ii) ba cheart go mbeadh deis ag na páirtithe dul i mbun plé tairbheach a luaithe is féidir.
     
  2. (1)Baineann an Treoir Chleachtais seo leis an méid seo a leanas:-
  1. Imeachtaí i gcúiseanna maidir le pósadh agus in ábhair lena mbaineann Ordú 70 de Rialacha na nUaschúirteanna (“na Rialacha”);
  2. Imeachtaí dlí teaghlaigh lena mbaineann Ordú 70A de na Rialacha;
  3. Imeachtaí lena mbaineann Ordú 71 de na Rialacha;
  4. Aon imeachtaí eile, is iomchuí don nós imeachta atá leagtha amach sa Treoir Chleachtais seo, a d’fhéadfaí a chur lena raon feidhme trí Threoir Chleachtais bhreise.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Treoir Chleachtais seo, ach amháin i gcás na fomhíre seo agus i gcás mhír 28, maidir le hachomhairc ón gCúirt Chuarda chun na hArd-Chúirte a bheidh le héisteacht i mBaile Átha Cliath. Beidh na hachomhairc sin le feiceáil i dtosach ar an Liosta Treoracha, áfach, ar cibé dáta a shocróidh an Cláraitheoir um an Dlí Teaghlaigh, agus ag an am sin eiseoidh an Chúirt cibé treoracha agus déanfaidh sí cibé orduithe maidir le héisteacht an Achomhairc lena n-áirítear de réir mar is cuí: -

  1. dáta a thabhairt chun an t-achomharc a éisteacht;
  2. an t-achomharc a chur ar an gcéad liosta eile chun dátaí a shocrú;
  3. a ordú go mbeidh feidhm ag forálacha na Treorach Cleachtais seo, nó ag cibé forálacha di a shonróidh an chúirt, maidir le héisteacht an achomhairc;
  4. an t-achomharc a chur ar atráth le haghaidh éisteacht bhreise ar an Liosta Treoracha.
  1. (1) I gcás ina dtionscnaítear imeachtaí le Toghairm Speisialta, socrófar dáta tuairisceáin na Toghairme Speisialta do Liosta Dlí Teaghlaigh Mháistir na hArd-Chúirte a bheidh ar siúl 21 lá ó dháta eisiúna na toghairme, nó ina dhiaidh sin. Déanfaidh an t-iarratasóir faoin dáta tuairisceáin an Toghairm Speisialta agus an mhionnscríbhinn fhíoraithe a sheirbheáil ar gach duine ar gá agus, más cuí, Mionnscríbhinn(í) Acmhainne agus Leasa a sheirbheáil orthu, mar aon leis na foilseáin, na deimhnithe agus na doiciméid eile go léir a theastaíonn nó a bhfuiltear ag brath orthu.

 (2) Ar an dáta tuairisceáin sin, i gcás na huastréimhse atrátha a dheonóidh an Máistir de ghnáth, chun go bhféadfar láithreas a thaifeadadh (más gá), an Mhionnscríbhinn/na Mionnscríbhinní Freagartha a sheirbheáil agus, más cuí, an Mhionnscríbhinn/na Mionnscríbhinní Acmhainne agus Leasa a sheirbheáil mar aon leis na foilseáin, na deimhnithe agus na doiciméid eile go léir dá dtagraítear nó ar a bhfuiltear ag brath, ní rachaidh sí thar shé seachtaine.

(3) Faoi dháta an chéad liostála eile os comhair an Mháistir, ba cheart go mbeadh na doiciméid thuasluaite malartaithe, agus de ghnáth aistreoidh an Máistir na himeachtaí chuig Liosta na dTreoracha Cúirte ar an Aoine tráth nach déanaí ná sé seachtaine ina dhiaidh sin.

(4)(i) Más rud é, faoi dháta tuairisceáin na toghairme nó laistigh den tréimhse a cheadaítear faoi fho-alt (2) den mhír seo, nach mbeidh an doiciméadacht go léir a gceanglaítear air a sheirbheáil seirbheáilte ag an iarratasóir nó ag an bhfreagróir, de réir mar is cuí, aistreoidh an Máistir de ghnáth, ar iarratas ó cheachtar páirtí, na himeachtaí go dtí an chéad Liosta Treoracha eile a bheidh ar fáil láithreach bonn.

(ii) Mura mbeidh aon iarratas déanta ar atráthú ar an dáta tuairisceáin don Toghairm Speisialta de réir fhomhír (2) thuas, aistreofar na himeachtaí go dtí an chéad Liosta Treoracha eile a bheidh ar fáil láithreach bonn.

(5) Ní dhéanfar na teorainneacha ama thuas a shíneadh ach amháin ar chúis shubstaintiúil fhíorláidir.

  1. Sula n-éistfear cás ar an Liosta Treoracha den chéad uair, déanfaidh gach páirtí, mura scaoilfidh an páirtí freasúra go sonrach i scríbhinn leis nó léi amhlaidh a dhéanamh, gach mír ina Mhionnscríbhinn Acmhainne a dheimhniú go cuí don pháirtí sin.
     
  2. Braithfidh cineál agus méid an deimhnithe a theastaíonn chun an ceanglas i mír 4 a chomhlíonadh ar imthosca an cháis, ach de ghnáth áireofar na nithe seo a leanas, cé nach mbeidh sé teoranta dóibh:
  1. Ráitis, lena n-áirítear ráitis cárta creidmheasa ó gach aon bhanc, nó ó institiúid airgeadais eile ag a bhfuil cuntas á chothabháil nó cistí á sealbhú ar shlí eile, leis an ordú nó chun tairbhe an pháirtí lena mbaineann, cibé acu má tá siad in ainm an pháirtí sin nó in ainm eile, ar feadh tréimhse trí bliana roimh dháta tosaithe na n-imeachtaí (“an tréimhse trí bliana”);
  2. Sonraí mionsonraithe ar shócmhainní agus dliteanais gach páirtí (lena n-áirítear sochair a fhabhraítear agus dliteanais a eascraíonn faoi aon teagmhas) atá ar marthain ag tús na tréimhse trí bliana, nó a fuarthas nó a tabhaíodh i rith na tréimhse trí bliana mar aon le cóipeanna de cibé doiciméid den sórt sin a bheidh riachtanach chun na sonraí sin a fhíorú;
  3. Cóipeanna d’aon ráthaíochtaí/slánaíochtaí tugtha ag ceachtar páirtí nó atá i bhfabhar ceachtar páirtí;
  4. Cóipeanna de na tuairisceáin chánach go léir a sheol an páirtí lena mbaineann, agus de mheasúnuithe cánach ar bith a rinneadh ar an bpáirtí lena mbaineann, mar aon le doiciméid tacaíochta agus ráitis chomhardaithe don tréimhse trí bliana;
  5. P60anna don tréimhse trí bliana mar aon le duillíní pá a thaispeánann an t-ioncam cothrom le dáta agus aon asbhaintí ag an bhfoinse uathu;
  6. Tacair de chuntais bhliantúla iomlána don tréimhse trí bliana d’aon chuideachta, comhpháirtíocht, gairm nó gnó ina bhfuil scairsheilbh nó leas ag páirtí ar bith, seachas cuideachta a luaitear go poiblí i malartán aitheanta;
  7. Sonraí mionsonraithe maidir le haon deontas, fóirdheontas, íocaíochtaí ó aon chiste poiblí nó gníomhaireacht phoiblí, nó sochar dá shamhail don tréimhse trí bliana mar aon le cóipeanna de cibé doiciméid a bheidh riachtanach chun na sonraí sin a fhíorú
  8. Sonraí mionsonraithe ar aon teidlíochtaí pinsin nó a gcomhionann mar aon le cóipeanna d’aon ghníomhas iontaobhais, rialacha, nó ráitis de réir mar is gá chun na sonraí sin a fhíorú;
  9. Sonraí mionsonraithe ar aon teidlíochtaí árachais mar aon le cóipeanna d’aon bheartais, luachálacha nó ráitis teidlíochtaí de réir mar is gá chun na sonraí sin a fhíorú;
  10. Sonraí mionsonraithe maidir le haon socraíocht, iontaobhas nó ionstraim eile chomhéifeachta arb é an páirtí lena mbaineann an Socraitheoir, Cosantóir, nó ar dá mbun a bhfuil/a bhí sé nó sí, nó a bhfuil/a bhí a c(h)éile nó a leanaí, ina t(h)airbhí nó ina dtairbhithe ionchasacha, nó má tá nó más féidir leo sochar a fháil, mar aon le cóipeanna de cibé ionstraimí is gá chun na sonraí sin a fhíorú;
  11. Sonraí mionsonraithe ar aon sochar a fuarthas faoi aon cheann de na hionstraimí a luaitear ag (x) mar aon le cóipeanna d’aon chuntais agus ráitis a coinníodh i leith cistí arna sealbhú de bhun na n-ionstraimí sin ar feadh tréimhse trí bliana roimh dháta tosaithe na n-imeachtaí.
  1. Ag an gcéad éisteacht ar an Liosta Treoracha: -
  1. Déanfaidh an tIarratasóir Leabhar Pléadálacha (lena n-áirítear mionnscríbhinní, Tuairisceáin Treoraithe comhlánaithe agus doiciméadacht eile a mhalartófar idir na páirtithe) a chur ar fáil don Chúirt agus taiscfear an leabhrán sin leis an gCláraitheoir um an Dlí Teaghlaigh trí lá roimh an gcéad éisteacht treoracha;
  2. Beidh an t-aturnae (agus i gcás ina bhfuil Abhcóide áirithithe, Abhcóide) do gach ceann de na páirtithe nó, i gcás nach bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil á déanamh ar pháirtí, an páirtí é nó í féin, i láthair;
  3. I gcás ina measann an Chúirt gur gá nó go bhfuil sé inmhianaithe, féadfaidh sí a ordú go bhfreastalóidh páirtí ar an éisteacht, d’ainneoin go bhféadfaidh aturnae ionadaíocht a dhéanamh ar an bpáirtí;
  4. Cinnteoidh an t-aturnae agus an tAbhcóide a bheidh i láthair ag an éisteacht go bhfuil:
    (a) a dhóthain eolais aige nó aici ar na himeachtaí chun go mbeidh sé nó sí in ann gach gné iomchuí de na himeachtaí (agus go háirithe na hábhair atá leagtha amach i Sceideal I den Treoir Chleachtais seo) a chur in iúl don Chúirt go hiomlán, agus
    (b) údarás aige nó aici ón bpáirtí a ndéanann sé nó sí ionadaíocht air nó uirthi déileáil le haon nithe ar dóigh go ndéileálfar leo ag an éisteacht;
  5. I gcás ina ndéanann Abhcóide ionadaíocht ar pháirtí, ní cheadófar ach d’Abhcóide amháin den sórt sin freastal ar chánachas nó ar shocrú na gcostas.
  1. Déanfaidh gach páirtí nó a n-ionadaí dlíthiúil tráth nach déanaí ná seacht lá roimh chéad éisteacht an cháis ar an Liosta Treoracha an fhaisnéis atá sa Tuairisceán Liosta Treoracha, arna chomhlánú san fhoirm atá leagtha amach i Sceideal I, a thabhairt don pháirtí nó do na páirtithe eile. Comhdófar an Tuairisceán comhlánaithe sin freisin sa Phríomh-Oifig agus seolfar cóip chuig an gCláraitheoir um an Dlí Teaghlaigh
  1.  trí ríomhphost chuig highcourtfamilylaw@courts.ie nó
  2. i gcóip chrua chuig Oifig Chláraitheoir um an Dlí Teaghlaigh san Ard-Chúirt, Áras Uí Dhálaigh, Cé na nÓstaí, Baile Átha Cliath 7

tráth nach déanaí ná cúig lá oibre roimh dháta na héisteachta atá beartaithe. Déanfaidh na páirtithe a ndícheall chun comhaontú a dhéanamh ar a bhfuil sna freagraí sin nuair is féidir sin a dhéanamh.

  1. Ag an gcéad éisteacht ar an Liosta Treoracha, déanfaidh an Chúirt an méid seo a leanas, tar éis ábhair an Tuairisceáin Liosta Treoracha, nó na dTuairisceán, a bhreithniú, agus ar iarratas ó cheann de na páirtithe nó as a treoir féin:-
  1. cibé orduithe a mheasfar a bheith cuí a dhéanamh agus cibé treoracha a mheasfar a bheith cuí a eisiúint agus féadfaidh sí nóta a dhéanamh d'aon chomhaontú ar thángthas air idir na páirtithe;
  2. atráth na héisteachta a dheonú chun go bhféadfar aon orduithe, treoracha nó comhaontuithe den sórt sin a chur chun feidhme, chun réiteach aon ábhair bhreise a eascróidh uathu a éascú agus chun a chumasú do na páirtithe ullmhú go hiomlán le haghaidh trialach ar shlí eile. Ní rachaidh an t-atráth sin thar 12 sheachtain, ach amháin ar chúis shubstaintiúil fhíorláidir;
  3. mura ndéantar iarratas ar atráth, déileáil leis na nithe ábhartha go léir, ar an mbealach is fearr chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 den Treoir Chleachtais seo a bhaint amach; agus
  4. ansin nó ag am ar bith ina dhiaidh sin, breithniú a dhéanamh ar na cineálacha Réiteach Malartach Díospóidí sin a d’fhéadfadh a bheith ina gcuidiú chun na saincheisteanna atá faoi dhíospóid idir na páirtithe a réiteach nó a laghdú, agus moladh a dhéanamh i ndáil leis sin.  D’fhéadfadh go n-áireofaí ar na cineálacha Réiteach Malartach Aighnis sin, inter alia, idir-réiteach, idirghabháil nó eadráin maidir le cuid de na saincheisteanna nó na saincheisteanna go léir a eascraíonn as na himeachtaí.
  1. (1) Más rud é, le linn na tréimhse is déanaí dá bhforáiltear, go suífear faoi threoir an mhéid a dúradh roimhe, nó má tá údar maith agus riachtanach ann ar shlí eile, go bhfuil gá le tuilleadh orduithe nó treoracha sonracha, tabharfaidh ceachtar páirtí an foriarratas/na foriarratais iomchuí agus seirbheálfaidh siad an doiciméadacht iomchuí in am trátha chun go bhféadfar déileáil leis agus chun go bhféadfar é a chur de láimh ar an gcéad dáta atrátha eile, agus is é an dáta sin an dáta fillte le haghaidh aon fhoriarratais den sórt sin freisin, agus

            (2) ach amháin i gcás go n-éilíonn an ceartas a mhalairt,

níor cheart go n-eiseofar foriarratais ar fhollasú inter partes ar shlí seachas i gcomhréir leis an sceideal ama réamhráite.

  1. Leanfaidh forálacha mhír 6 agus mhír 8, i gcás inarb iomchuí, d'fheidhm a bheith acu maidir le gach éisteacht de na himeachtaí fad a bheidh sé ar an Liosta Treoracha. 
     
  2. Cuirfidh na páirtithe in iúl, ag aon atráthú den éisteacht sa Liosta Treoracha, cibé acu an bhfuil gá le leasú nó nuashonrú ar bith ar an Tuairisceán Liosta Treoracha.  
     
  3. (1) Ní dhéanfar imeachtaí a aistriú ón Liosta Treoracha go liosta chun dátaí a shocrú ach amháin sna cásanna seo a leanas: -

 (a) tá an Chúirt sásta, ag féachaint d’uiríll na bpáirtithe agus a mhéid a dhéantar dul chun cinn sna himeachtaí, go bhfuil a dhóthain dul chun cinn déanta sna himeachtaí ionas go bhfuil sé iomchuí dáta éisteachta a leithdháileadh orthu;

 (b) rinne gach páirtí mionnscríbhinn a mhionnú agus a sheirbheáil, san fhoirm atá leagtha amach i Sceideal III a ghabhann leis seo, ag fíorú fhírinne agus chruinneas na n-ábhar a tugadh chun a Mionnscríbhinní Acmhainne faoi seach a dheimhniú agus ag fíorú aon sonraí a thug an páirtí lena mbaineann de bhun an Achta um an Dlí Teaghlaigh, 1995, nó an Achta um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996, nó eile.

(2) D’ainneoin an méid thuas, féadfaidh an Chúirt, ar chúiseanna substaintiúla agus fíorláidre, imeachtaí a aistriú ón Liosta Treoracha go Liosta chun Dátaí a Shocrú tráth ar bith.

  1. Agus na n-imeachtaí ar an liosta chun dátaí a shocrú á n-éisteacht, ní mór do gach páirtí:-

(i) aon ní a d’fhéadfadh moill a chur ar an triail nó a chuirfeadh fad leis an triail a chur in iúl don Chúirt;
(ii) sceideal réalaíoch a sholáthar don Chúirt chun an chaingean a éisteacht, bunaithe ar dhearcadh réasúnaithe feasach.

  1. Ag éisteacht na n-imeachtaí sa liosta chun dátaí a shocrú, sannfaidh an Chúirt de ghnáth dáta chun an chaingean a éisteacht seachas mura deimhin léi go bhfuil na himeachtaí réidh go substaintiúil lena n-éisteacht, agus sa chás sin féadfaidh sí na himeachtaí a tharchur chuig an Liosta Treoracha, nó cibé ordú eile a dhéanamh is cuí.
     
  2. (1) Beidh glao rolla réamhthrialach ar an Aoine trí seachtaine roimh dháta na héisteachta (an "Glaoch Rolla Trí Seachtaine"). 
    (2) Beidh an t-aturnae (agus i gcás ina bhfuil Abhcóide in áirithithe, Abhcóide) do gach ceann de na páirtithe nó, i gcás nach bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil á déanamh ar pháirtí, an páirtí é nó í féin, i láthair.
    (3) I gcás ina measann an Chúirt gur gá nó go bhfuil sé inmhianaithe, féadfaidh sí a ordú go bhfreastalóidh páirtí ar an nGlaoch Rolla, d’ainneoin go bhféadfaidh aturnae ionadaíocht a dhéanamh ar an bpáirtí.
    (4) Cinnteoidh an t-aturnae nó an tAbhcóide a bheidh i láthair ag an éisteacht:—
    (a) go bhfuil a dhóthain eolais aige nó aici ar na himeachtaí chun go mbeidh sé in ann gach gné iomchuí de na himeachtaí a chur in iúl go hiomlán don Chúirt (agus go háirithe na nithe atá leagtha amach san fhoirm Tuairisceáin Glaoch Rolla atá leagtha amach i Sceideal II den Treoir Chleachtais seo, agus
    (b) go bhfuil údarás aige nó aici ón bpáirtí a ndéanann sé nó sí ionadaíocht air nó uirthi déileáil le haon nithe ar dóigh go ndéileálfar leo ag an nGlaoch Rolla.
    (5) I gcás ina ndéanann Abhcóide ionadaíocht ar pháirtí, ní cheadófar ach d’Abhcóide amháin den sórt sin freastal ar chánachas nó ar shocrú na gcostas.
     
  3. Déanfaidh gach páirtí, tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an nGlaoch Rolla Trí Seachtaine, Tuairisceán Glaoch Rolla a thabhairt don Pháirtí eile arna chomhlánú san fhoirm atá leagtha amach i Sceideal II a ghabhann leis seo. Comhdófar an Tuairisceán comhlánaithe sin freisin sa Phríomh-Oifig agus seolfar cóip chuig an gCláraitheoir um an Dlí Teaghlaigh

(a) trí ríomhphost chuig highcourtfamilylaw@courts.ie nó
(b) i gcóip chrua chuig Oifig Chláraitheoir um an Dlí Teaghlaigh san Ard-Chúirt, Áras Uí Dhálaigh, Cé na nÓstaí, Baile Átha Cliath 7

tráth nach déanaí ná cúig lá oibre roimh dháta an Ghlaoigh Rolla Trí Seachtaine sin. Déanfaidh na páirtithe a ndícheall chun comhaontú a dhéanamh ar a bhfuil sna freagraí sin nuair is féidir sin a dhéanamh.

  1. Tar éis na himeachtaí a éisteacht sa Ghlaoch Rolla Trí Seachtaine, deimhneoidh an Abhcóide nó an tAturnae thar ceann gach ceann de na páirtithe don Chúirt go bhfuil na himeachtaí ullamh lena n-éisteacht amhail ar an dáta sin agus gur comhlíonadh na Treoracha go léir a thug an Chúirt. Féadfaidh an Chúirt ag an nGlaoch Rolla Trí Seachtaine, tar éis na páirtithe a éisteacht, cibé Orduithe a dhéanamh go heisceachtúil nó cibé Treoracha is cuí a thabhairt, lena n-áirítear na himeachtaí a chur ar atráth go héisteacht Glaoigh Rolla eile, dáta na héisteachta a fhágáil agus an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig an Liosta Treoracha nó dáta éisteachta nua a dheonú.
     
  2. (1) Beidh oibleagáid agus dualgas leanúnach ar gach páirtí aon ábhar a d’fhéadfadh moill a ghiorrú nó fad a chur le triail na n-imeachtaí a thabhairt faoi bhráid na Cúirte a luaithe is féidir.
    (2) Beidh oibleagáid agus dualgas leanúnach ar gach páirtí an cláraitheoir a chur ar an eolas faoi aon socraíocht nó páirtshocraíocht aon imeachtaí
  1. (1) In imeachtaí inar fógra foriarratais nó fógra athiontrála an doiciméad tionscnaimh, beidh an fógra sin inchurtha ar ais chuig an Liosta Treoracha agus, ina dhiaidh sin, beidh feidhm, más cuí agus fara cibé modhnuithe a ordóidh an Chúirt, ag an nós imeachta a shonraítear sa Treoir Chleachtais seo mar nós imeachta a bhaineann le himeachtaí a thaifeadtar ar an Liosta sin.

(2) In imeachtaí a aistríodh chuig an gCúirt seo ón gCúirt Chuarda, tar éis Ordú 70A, riail 18 de na Rialacha, más infheidhme, a chomhlíonadh go cuí, beidh imeachtaí den sórt sin le feiceáil sa Liosta Treoracha is déanaí a bheidh ar fáil agus, ina dhiaidh sin, beidh feidhm, más cuí agus fara cibé modhnuithe a ordóidh an Chúirt, ag an nós imeachta a shonraítear sa Treoir Chleachtais seo mar nós imeachta a bhaineann le himeachtaí a thaifeadtar ar an Liosta sin.

(3) In imeachtaí inar achainí an doiciméad tionscnaimh, beidh na himeachtaí, tar éis iad a thaifeadadh chun a dtrialach, le feiceáil sa chéad Liosta Treoracha eile atá ar fáil agus, ina dhiaidh sin, beidh feidhm, más cuí agus fara cibé modhnuithe a ordóidh an Chúirt, ag an nós imeachta a shonraítear sa Treoir Chleachtais seo mar nós imeachta a bhaineann le himeachtaí a thaifeadtar ar an Liosta sin.

  1. (1) Féadfaidh an Chúirt, mar gheall ar chastacht na n-imeachtaí, ábhar, líon na bpáirtithe nó eile, tráth ar bith, tar éis iarratas ó cheann de na páirtithe nó as a treoir féin, a chinneadh gur cheart imeachtaí áirithe a bheith faoi réir tuilleadh bainistíocht mhionsonraithe, agus sa chás sin féadfaidh sé dáta a cheapadh le haghaidh éisteacht bainistíochta cáis.  

 (2)  I gcás ina mbeidh cinneadh den sórt sin déanta maidir le haon imeachtaí, déanfaidh an Chúirt an méid seo a leanas:

(i) féadfaidh sé a ordú d’aon pháirtí agus do gach páirtí leabhar pléadálacha, leabhar tuarascálacha saineolaithe, ráitis finnéithe agus aon doiciméid nó faisnéis eile a shonrófar a ullmhú agus a mhalartú eatarthu, agus a chur faoi bhráid na Cúirte, agus
(ii) féadfaidh an Chúirt a ordú do na páirtithe agus/nó d’ionadaí dlíthiúil thar ceann gach duine acu freastal ar an éisteacht sin agus an seasamh cothrom le dáta a chur in iúl don chúirt maidir le malartú faisnéise idir na páirtithe, lena n-áirítear sonraí aon fhaisnéise nó doiciméid atá fós gan réiteach a lorgaíonn páirtí ó aon pháirtí eile.

(3)  Mar chuid den bhainistíocht sin féadfaidh an Chúirt aon saincheist áirithe, fíorais nó dlí, a shainaithint, cé nach bhfuil sé oiriúnach lena triail mar réamhábhar, is dóigh léi, mar sin féin, go bhfuil sí oiriúnach do dhíospóireacht nó do mhalartú neamhfhoirmiúil idir na páirtithe.

(4) Chun na críche sin, féadfaidh an Chúirt:-

(i) comhdháil cáis ar leith a shannadh chun déileáil leis an gceist sin;
(ii) cibé aighneachtaí agus faisnéis is cuí a fháil ag an gcomhdháil sin agus
(iii) tuairim a thabhairt ar an tsaincheist/na saincheisteanna ábhartha, agus beidh an tuairim sin neamhcheangailteach agus tabharfaidh breitheamh nach breitheamh na trialach iad an tuairim sin.

  1. Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó pháirtí nó as a treoir féin, ar chúis mhaith shubstaintiúil, aon imeachtaí a dhíolmhú ó aon fhoráil den Treoir Chleachtais seo.
     
  2. Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó pháirtí nó as a treoir féin, a ordú, roimh nó ag tosach na trialach, go ndéanfaidh na páirtithe ráitis tosaigh, agus féadfaidh sí tráth ar bith le linn na trialach a ordú go ndéanfaidh aon cheann de na páirtithe ráiteas ar aon ábhar nó saincheist.
     
  3. (1) I gcás ina gcinnfidh an Chúirt, ar iarratas ó pháirtí nó as a treoir féin

(i) gur mhainnigh páirtí ar bith aon cheann d’fhorálacha na Treorach Cleachtais seo a chomhlíonadh,
(ii) gur mhainnigh páirtí ar bith aon orduithe nó treoracha arna dtabhairt ag an gCúirt nó aon chomhaontú arna dhéanamh ag na páirtithe i gcúrsa na n-imeachtaí agus i dtaca leis na himeachtaí a chomhlíonadh nó a urramú,
(iii) go raibh aon pháirtí ciontach i bhfaillí nó i moill ina leith,
(iv) go bhfuil páirtí ar bith tar éis láithris nach bhfuil gá leo sa chúirt, obair nó cruthú ábhar doiciméadach a chúisiú nó
(v) go raibh aon pháirtí ciontach ar shlí eile in iompar míchuí trí ghníomh nó neamhghníomh,

as a d’eascair costais a bheith tabhaithe gan ghá, féadfaidh sí, ag aon chéim de na himeachtaí, dámhachtain a dhéanamh i dtaobh na gcostas sin agus a ordú go n-íocfar iad le haon pháirtí dá ndéanfaidh sé difear.

(2) I gcás ina gcinnfidh an Chúirt aon iarratas de chineál idirbhreitheach de ghnáth, cinnfidh sí, ag féachaint don ábhar go cóir, ceist na gcostas a bhaineann leis an ábhar sin. 

  1. Le linn don Chúirt a chinneadh cibé acu an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí dámhachtain maidir le costais na n-imeachtaí agus má dhéantar amhlaidh le linn di an modh a chinneadh ar cheart di a rogha féin a fheidhmiú ina leith sin, déanfaidh sí, gan dochar, inter alia, d'Ordú 99 de na Rialacha, na nithe seo a leanas a chur san áireamh agus aird chuí a thabhairt orthu:

(i) aon tairiscint arna déanamh ag an bhfreagróir i gcúirt oscailte nó arna marcáil “gan dochar ach amháin maidir le costais”;
(ii) aon éileamh nó friththairiscint arna déanamh ag an iarratasóir atá ar oscailt don Chúirt nó arna marcáil “gan dochar ach amháin maidir le costais”;
(iii) má tá aird á tabhairt ar fhorálacha na Treorach Cleachtais seo nó má tá na páirtithe á gcomhlíonadh agus á gcur chun feidhme; agus
(iv) réasúntacht ghinearálta iompar gach páirtí i seoladh na dlíthíochta atá i gceist.
(v) A mhéid a bhí an faoiseamh substainteach arna dhámhachtain ag an gCúirt beartaithe chun na páirtithe a chur sa riocht go nglanfadh siad a gcostas féin.

  1. Déileálfar, faoi réir aon treorú contrártha, mar a rinneadh go dtí seo le hiarratais ar fhaoiseamh eatramhach, le hábhair phráinneacha agus le horduithe toilithe nó le horduithe faoi réir ceadú.
     
  2. Dírítear aird dlíthithe agus cleachtóirí ar fhorálacha Ordú 70A, riail 29(3) de na Rialacha (I.R. Uimh. 247 de 2005), a rialaíonn an nós imeachta chun iarratais ar chead a bheith ag gabháil leo faoi alt 40(5) den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004.
     
  3. (1) Faoi réir mhír (2), rachaidh an Treoir Chleachtais seo in ionad na Treorach Cleachtais ar an 6ú lá de Dheireadh Fómhair 2005 (“Treoir Chleachtais AC 40”) agus cuirfear ina ionad í. Tiocfaidh sé i ngníomh le héifeacht ón 5ú lá de Dheireadh Fómhair 2009 agus beidh feidhm aige maidir le haon imeachtaí dá dtagraítear i mír 2 a thiocfaidh ar an Liosta Treoracha den chéad uair ar an dáta sin nó dá éis.

(2) Leanfaidh Treoir Chleachtais AC 40 d’fheidhm a bheith aige maidir le haon imeachtaí eile a bheidh ar feitheamh os comhair na hArd-Chúirte an tráth sin ar an Liosta Dlí Teaghlaigh agus ní bheidh feidhm ag an Treoir Chleachtais seo maidir le haon imeachtaí den sórt sin ach amháin mar a chinnfidh an Chúirt sna himeachtaí aonair lena mbaineann.

Arna dhátú an 16ú lá seo d’Iúil 2009
Richard Johnson
Uachtarán na hArd-Chúirte

 

 

Féach leagan Word den treo cleachtais seo tríd an nasc seo a oscailt  -->  HC51 - Imeachtaí Dlí Teaghlaigh
Féach sceideal na treorach cleachtais seo tríd an nasc doiciméid seo a oscailt --> HC51 - Sceidil - Dlí Teaghlaigh

High court