HC97

Aighneachtaí Scríofa agus Páipéir na Saincheisteanna

Aighneachtaí Scríofa agus Páipéir na Saincheisteanna

Leis seo eisím, Mary Irvine, Uachtarán na hArd-Chúirte, an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

  1. Beidh feidhm ag an Treoir Chleachtais seo maidir le gach imeacht sibhialta i leith na n-aighneachtaí scríofa dá bhforáiltear i Rialacha na nUas-Chúirteanna nó sa treoir chleachtais ábhartha, lena n-áirítear cásanna sa liosta um Pleanáil Tráchtála agus Forbairt Bonneagair Straitéisigh ach gan imeachtaí eile os comhair na Cúirte Tráchtála lena bhfuil feidhm ag AC93 a áireamh.
  2. Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm ar an 5 Deireadh Fómhair 2020, agus cúlghairtear leis Treoir Chleachtais AC68 de Mheán Fómhair 2016 ach amháin a mhéid a bhaineann an Treoir Chleachtais sin le himeachtaí os comhair na Cúirte Tráchtála lena mbaineann Treoir Chleachtais A93.
  3. Formáid agus ábhar aighneachtaí scríofa
  1. Ba cheart go mbeidh teideal agus uimhir thaifid an cháis ar gach aighneacht scríofa agus ba cheart go léireofaí orthu an duine a gcuirtear i láthair thar a gceann iad. Ba cheart go gcuirfí dáta ar na haighneachtaí agus i gcásanna ina bhfuil siad socraithe ag abhcóide, ba cheart go mbeadh ainmneacha na n-abhcóidí le feiceáil ag bun na n-aighneachtaí sin.
  2. Ba cheart go ndéanfaí aighneachtaí scríofa a leagan amach go loighciúil le ceannteidil chuí agus ba cheart go mbeadh siad ina n-achoimre ghonta ar na haighneachtaí atá le forbairt in argóint ó bhéal. Ba cheart nach mbeadh aon ábhar neamhábhartha, neamhthábhachtach ná scannalach iontu. Ba cheart go ndéanfaí tagairt iontu do gach údarás ábhartha ar a mbeifear ag brath.
  3. Ba cheart aighneachtaí a chur i láthair san fhormáid seo a leanas:
  1. Leathanach sa mhéid A4 clóite ar thaobh amháin;
  2. Clómhéid 12, Times New Roman nó cló cosúil;
  3. Spásáil línte 1.5;
  4. Imill 3.25cm ar gach taobh agus 2.5cm ag an mbarr agus ag an mbun;
  5. Ach amháin le cead na Cúirte, níor cheart go mbeadh níos mó ná 5,000 focal san iomlán in aighneachtaí (an líon focal le nótáil ar dhoiciméad na n-aighneachtaí).
  6. Níor cheart go mbeadh aon fhonótaí.
  1. Ba cheart go leanfaí an teimpléad seo a leanas sna haighneachtaí:
  1. Réamhrá (nár cheart a bheith níos faide ná dhá leathanach) lena ndéantar achoimre ar an gcúlra fíorasach,
  2. Na saincheisteanna is mó sa chás,
  3. Na haighneachtaí a bhaineann leis na saincheisteanna sin,Conclúidí agus léiriú ar na horduithe atá le lorg.
  1. Ba cheart a aithint sna haighneachtaí na prionsabail dhlíthiúla a bhaineann leis an gcás arna phléadáil agus/nó an fhianaise atá le tabhairt ar aird. Ba cheart díriú ar na hábhair sin iontu agus ní cheadaítear aighneachtaí ginearálaithe.
  1. Croineolaíocht d'Fhíorais Ábhartha agus de Stair Nós Imeachta
    Ba cheart don ghearánaí/iarratasóir croineolaíocht iomlán de na fíorais ábhartha go léir agus de stair nós imeachta na n-imeachtaí (lena n-áirítear dátaí comhdaithe na mbunphléadálacha) a áireamh mar fhoscríbhinn leis na haighneachtaí. Ba cheart don chosantóir/ fhreagróir/ pháirtí tionscanta a chur in iúl ina chuid aighneachtaí má chomhaontaítear an chroineolaíocht. I gcás nach gcomhaontaítear an chroineolaíocht, ba cheart don chosantóir/ fhreagróir/ pháirtí tionscanta a c(h)roineolaíocht féin a thabhairt ina sainaithnítear na pointí difríochta go soiléir, i gcló trom más féidir. Ní gá an chroineolaíocht a chur sa líon focal, ach ní cheart í a úsáid chun dul timpeall ar an líon focal.
  2.  Leabhair Údarás
  1. Tá a Leabhar Údarás féin ag an gCúirt le haghaidh na n-iarratas seo a leanas:
  1. iarratais ar dhíbhe mar gheall ar uireasa ionchúisimh agus/nó moill agus/nó mí-úsáid próisis;
  2. iarratais ar fhollasú;
  3. iarratais chun iallach a chur ar fhreagraí ar shonraí áirithe;
  4. iarratais ar chead chun breithiúnas deiridh a thaifeadadh;
  5.  iarratais ar urrús i leith costas
  6. iarratais ar bhac; 
  7. iarratais chun an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh a shíneadh;
  8. iarratais chun lis pendens a bhaint;
  9. iarratais chun glacadóir a cheapadh;
  10. iarratais ar urghairí eatramhacha agus idirbhreitheacha
  11. iarratais ar chostais agus
  12. ábhair/iarratais eile de réir mar a bheidh siad liostaithe ó am go ham ar shuíomh gréasáin na Cúirte
  1. Beidh liosta de na húdaráis atá i Leabhar Údarás na Cúirte féin ar fáil ar shuíomh gréasáin na Cúirte ón 18 Meán Fómhair, 2020 agus coimeádfar é suas le dáta.
  2. Níor cheart go n-áireofaí sna Leabhair Údarás sna hiarratais thuasluaite ach údaráis nach bhfuil sainaitheanta i leabhar na Cúirte féin agus níor cheart go n-áireofaí na húdaráis sin ach má tá baint ar leith ag údaráis den sórt sin leis an iarratas. I gcás go bhfuiltear ag brath ar údarás nó ar fhoráil reachtúil nach bhfuil i Leabhar Údarás na Cúirte, ba cheart go n-aibhseofaí an chuid ábhartha sa Leabhar Údarás sula gcuirtear isteach é.
  3. Mura n-ordaítear a mhalairt, ba cheart leabhair údarás a chur ar fáil san fhormáid agus san ord seo a leanas:
  1. Aon fhorálacha ábhartha ón mBunreacht
  2. Aon fhorálacha nó rialacháin reachtúla ábhartha,
  3. Aon riail ábhartha na cúirte
  4. Údaráis Éireannacha,
  5. Údaráis an AE,
  6. Údaráis idirnáisiúnta,
  7. Ábhair eile lena n-áirítear sleachta ó théacsleabhair nó ó irisleabhair.
  1. I gcás inar tuairiscíodh cás sna tuarascálacha oifigiúla, is í an tuarascáil sin an t-aon cheann amháin ba cheart a chuimsiú sa Leabhar Údarás.
  2. Níor cheart ach na húdaráis a ndéanfar tagairt dóibh san argóint ó bhéal a chur san áireamh.
  3. Ach amháin má tá cead faighte ón gCúirt, níor cheart go mbeadh níos mó ná 8 gcás in aon Leabhar Údarás.
  4. Tá sé d'fhreagracht ar na páirtithe Comhleabhar Údarás a aontú.  Tráth nach déanaí ná dáta seachadta aighneachtaí scríofa an ghearánaí/achomharcóra, ba cheart don pháirtí sin liosta de na húdaráis a mbeifear ag brath orthu a sheachadadh don chosantóir/fhreagróir agus d'aon pháirtí eile sna himeachtaí. Tráth nach déanaí ná dáta seachadta na n-aighneachtaí freagartha, déanfaidh an cosantóir/freagróir agus páirtí ar bith eile liosta de na húdaráis a mbeidh siad ag brath orthu a sheachadadh don ghearánaí/iarratasóir.
  1. Páipéir na Saincheisteanna
  1. Seachas nuair atá saincheist amháin nó dhá shaincheist soiléir in iarratas nó i ngníomh (e.g. iarratas ar dhíbhe mar gheall ar ionchúiseamh/moill) ba cheart do na páirtithe páipéar saincheiste a aontú lena luaitear go gonta na saincheisteanna atá le breithniú.
  2. I gcás nach n-aontaítear nó go n-aontaítear na saincheisteanna go pointe, ba cheart do gach páirtí páipéar saincheiste a chur isteach lena leagtar amach go gonta cad a mheasann siad atá ina saincheisteanna. Níor cheart go mbeadh níos mó ná 1,000 focal i bpáipéir na saincheisteanna.
  1. Aighneachtaí Scríofa agus Páipéir Saincheisteanna a Chomhdú
  1. Seolfar cóip leictreonach d'aighneachtaí scríofa agus páipéir saincheisteanna i bhformáid doiciméad Word trí ríomhphost chuig highcourtsubmissions@courts.ie (mar aon leis an gcóip chrua) laistigh den am socraithe do sholáthar fisiciúil doiciméid den sórt sin. Ba cheart teideal an ríomhphoist ina gcuimseofar na haighneachtaí a chur san fhormáid seo a leanas: Teideal agus Uimhir Thaifid (le spásanna idir gach focal nó uimhir, e.g. bliain (spás) uimhir (spás) JR), dáta na héisteachta agus an páirtí a dtaisctear na haighneachtaí thar a cheann.
  2. Ba cheart go mbeadh formáidiú soiléir in úsáid i Word a oiread agus is féidir.  Is fearr cló trom nó folínte a úsáid seachas "ceannteidil", a oiread agus is féidir. 
  1. Iarmhairtí an neamh-chomhlíonta
    I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag an gcúirt i dtaobh aon ordú le haghaidh costas in imeachtaí lena mbaineann an treoir chleachtais seo, is faoin bpáirtí a bhfuil aighneacht seolta acu atá de shárú ar spriocdháta a socraíodh le Treoir Chleachtais nó treorú cúirte ábhartha, a bheidh sé an chúis nár cheart an aighneacht sin a dhícheadú a léiriú.

 

Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte
11 Meán Fómhair, 2020

Leabhar Údarás na Cúirte d'Aighneachtaí AC97 agus do Pháipéir Saincheisteanna (PDF)

High court